Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Síoghra Dubh. III.
Title
Síoghra Dubh. III.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Rathaille, Tomás
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Síoghra Dubh. Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. III. 23. Gluaisid na sluaigh iar sin fón oiléan agus do bhádar ag cur óir agus ionnmhasa 'na longaibh. Agus ní cian go gcuala- dar guth glórach gliadhfhaoidheach 'san oiléan aniar gach ndíreach aga n-ionnsaighe, agus do chonnarcadar uatha an dúil adhuathmhar urghránna i ndeilbh mídhéanmhasach mná, .i. cailleach dhocrach dhoidhealbhdha chaolghránna chruaidhreangach, agus meadhón crapach cruadhchuisleannach aice, agus ingne aithghéara intseabhaic uirre. Agus do labhair an bhean go gliadhfhaoidheach gráineamhail, gur ba clos fá na sluaghaibh uile í, agus iseadh adubhairt: "A Shíoghra Dhuibh," ar sí, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos riot 'san mbliadhain-se fa deara dhuit an cobhlach mór so do thabhairt chugam do bhreith mo choda óir uaim?" "Ní bhfuilim-se ag breith óir uait," ar Síoghra, "agus ní mó bhacfad díot a ndíoghailt ar an muinntir atá dá bhreith uait." "Má 'seadh," ar an chailleach, "dígheolad-sa mo chuid óir ar na sluaghaibh." Agus do chuaidh an chailleach fá na sluaghaibh annsin, agus dobheir fobha frithir fíor-nimhneach do bharraibh a méar mór- ingneach i mullach aighthe agus éadain gach aoin dá dteangmhadh chuice, go nach fágbhadh feóil ná finnleathar forra, agus go mbeireadh a n-abach agus a n-ionathar asda go lár agus go lán- talmhain. Agus do ghabh aga n-oirleach agus aga n-athchumadh fón ionnus sin, agus ní dhéandaois airm ioná iolfhaobhair urchóid di, agus do sgeinnidís di amhail doghéandaois do chloich nó do charraig. Do thimcheall an chailleach muinntir Ríogh Lochlann fán gcuma sin, ionnus nach deachaidh fear dearmaid uaithe do lucht an dá fhichid long gan bás obann d'imirt orra. Go ndubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn, agus is éagcóir do ráidhis rinn nach raibhe cóiméad ar an oiléan."
"Ní dubhairt mé bréag riot," ar Síoghra, "óir iseadh adubhart nach raibh fear d'fhearaibh an talmhan aga choimeád, agus ní fear do mharbh do mhuinntearsa acht bean." 24. Do fógair Rí Lochlann don mhéid do mhair dá mhuinntir an t-oiléan d'fhágbháil, agus iompódh tar ais go críochaibh Lochlann, agus do aontuigh an cobhlach an chomhairle sin. "Agus ní heolas cóir do rinnis dúinn, a Shíoghra," ar an Rí. "Gion gurab aidhbhseach libhse é," ar Síoghra, "is blogh do díoghailt na huinge dh'ór é." Agus adubhairt fós: "Ní mise is cionntach ribh," ar sé; "doghéanainn an t-eolás díbh mar do gheallas." Agus adubhradar a mhuinntear fris an Rígh gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh ní badh mhó iná a ndearnaidh, agus dá ndéineadh, go madh aithreach leis. "A Shíoghra," ar an Rí, "cá fad uainn dighinn an eolais do gheallais?" "Ní fada uainn anois é," ar Síoghra. "Má 'seadh," ar an Rí, "rachad féin lat." Adubhradar a mhuinntear nach rachadaois féin leis. Adubhairt an Rí nach léamhadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí do fhillfeadh uadha, agus adubhairt re Síoghra go rachadh féin leis, giodh nach fuigheadh lais acht é féin. Agus adubhairt Síoghra: "Is olc do mhuinntear, a Rí Lochlann, óir is íseal a n-aig- eanta, agus ní mór a meanma, agus ní hárd a n-intinne, agus is mílaochdha iad. Óir is minic do díothuigheadh deaghdhaoine agus do leadradh curadha, agus do goineadh tréinmhílidh, ag cos- namh ríghe go ró-chalma dá dtighearna tairise féin." "Is fíor a n-abra uile," ar an Rí, "agus gluais romhainn." Do ghluais Síoghra Dubh roimhe ar mearthonnaibh na fairrge fíordhoimhne. Ó 'dchonnarcadar a mhuinntear a dtriath agus a dtighearna ag imtheacht uatha, do leanadar go héasgaidh ainmhear é. Agus do ghluaiseadar an cobhlach uile ar aon-rian annsin, agus do bhádar ag luath-imtheacht na mara, go nach facadar trácht tíre ná talmhan go ceann cian-chaecighis ar mhíosa. Agus do bhádar ag aithbhear ar an Rígh ar a mhéid ba doiligh leo teacht isan turas sin, go ndubhairt Síoghra Dubh: "Is mairg darab muinntearsa, a Rí Lochlainn, óir níor chleachtadar siubhal cuan na caladhphort ná críoch gcoimhightheach,
acht bheith ar faithche na Beirbe ag feitheamh aonach agus oireachtas agus ag éisdeacht cheoil agus chaoimhealadhan, agus ní lucht feadhma ná fíorchalmachta fós iad." 25. Do éirigh Síoghra ina luing iar sin do luaithfhéachain na néal ina thimcheall, agus ní fada do bhí amhlaidh in tan adubhairt: "Dochím féin oiléan i bhfogas dúinn," ar sé. "Is mór do riocfamuis-ne a leas sin," ar an Rí, "óir atáid ar muinntear i ngeall re furtacht d'fhagháil." Agus i ndiaidh na hagallmha sin do rángadar i ngar don oiléan. "Cá hainm an toiléan úd?" ar an Rí. "Ní fhaca riamh eolach is measa ar do dhúthaigh féin ná thú," ar Síoghra. "Atáim i n-ainbhfios an oiléin úd, má's dom dhúthaigh é." "Oiléan an Bhuabhaill súd," ar Síoghra. "Créad uime a ngoirthear sin de?" ar an Rí. "Cathair álainn oireaghdha atá annsúd," ar Síoghra, "agus búird órdha iongantacha innte, agus buabhall binnghothach ar ceartlár an bhúird; agus dá suidhidís fir an domhain ar an mbórd sin agus buille do bhualadh ar an mbuabhall, do ghéabhdaois a lórdhaoithin bídh agus dighe. Agus isé sin adhbhar fá ngoirthear Oiléan an Bhuabhaill de." 26. Do ghluaiseadar dronga dí-áirmhe do mhuinntir an Ríogh d'ionnsaighe an oiléin sin, agus do chuadar isteach san chathraigh, agus do suidheadar ar an mbórd. Agus do bhuail fear díobh buille ar an mbuabhall, agus ní raibh neach dhíobh nach fuair a lórdhaoithin pruinne agus tomhaltais ar an mbórd, agus do ghab iongantas mór iad fá cheann an bhuabhaill. Agus níor chian dóibh ann in tan do chonnarcadar sgarbhchailleach ghruama dhrothdhathach chuca, agus ba hadhbhal a hurghráin rena féachain. Agus do labhair go borb braisbhriathrach, agus adubhairt: "Is dóigh liom, a Shíoghra," ar sí, "nach é (a) olcas do íoc mé do chíos riot ris an mbliadhain-se anall fa deara dhuit an cobhlach mór so do thabhairt do chaitheamh mo choda bídh." Agus, ar na rádh sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus níor thualaing aon acu é féin d'anacal uirre, nó gur thuiteadar uile leis an gcailligh. Agus mar do chualaidh an Rí a mhuinntear uile do thuitim, iseadh adubhairt:
"Ní maith an séan le dtángamair ar h-eolas, a Shíoghra, ar dtuitim ar muinntire lat ón oiléan go aroile." "Ní cóir a n-abrann tú," ar Síoghra, "óir ní mise do mharbh do mhuinntear, agus ní bhacfainn díotsa a dhíoghailt ar an muinntir do mharbh iad." "Ní dhígheolad-sa sin ortsa," ar an Rí, "agus ní mó rachad ar h-eolas ní bhus faide." "Ní h-olc liomsa sin," ar Síoghra, "óir ní mé féin do bhris ort, agus doghéanainn an t-eolas do gheallas." "Dá ndeachainn lat," ar an Rí, "mar nach rachad, cá fad uainn bunadh dighinn an eolais sin?" "Ní fada anois uainn é," ar Síoghra, "agus ní dá iarraidh ort teacht atáimse." "Rachadsa lat," ar an Rí, "nó go bhfaicthear an rí úd adubhrais do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann, nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain tú, acht gé shamhluigheas-sa thú re haon-uinge." Agus do bhádar an méid do mhair do mhuinntir an Ríogh ag toirmeasg an turais sin air, agus níor gabhadh sin uatha. 27. Do ghluaiseadar ón oiléan sin, agus do bhádar ag imtheacht na mara mórghuirme go ceann cian-chaecighis tar mhíosa, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar oiléan uatha. Agus is amhlaidh do bhí an t-oiléan sin, agus lubhghort fá lántoradh ann ba mó agus ba háille dá bhfacadar riamh. Agus d'fhiafruigh an Rí cia hé an t-oiléan sin. "Ní fearrde dh'eolach ar do dhúthaigh thú a fhad ataoi aga taisdeal." "Ní bhfuil eolas agam ar an oiléan úd," ar an Rí. "Oiléan an Lubhghuirt súd," ar Síoghra, "agus isé súd lubhghort an ríogh chum ar thriallais-se; agus an áil libhse dul do chaitheamh a thoraidh?" "Ní racham," ar an Rí. Ó 'dchualaidh Síoghra sin, do éirigh féin agus do ghoir sé Earc Astalla leis, agus do chuadar chum an lubhghuirt. Agus ar ndul go doras an lubhghuirt dóibh, is amhlaidh do bhádar triúr athach aga choiméad, agus do ghabh gráin agus eagla Earca rompa, óir do shaoil nachar chonair dóibh dul d'ionnsaighe na n-athach n-adhbhalmhór sin. Agus ní hamhlaidh tárlaidh
dóibh, acht do fhearsad fáilte go mín muinnteardha ria Síoghra, agus do leigeadar slighe fhairsing dóibh chum an lubhghuirt. Agus do ghabh Síoghra agus Earca ag caitheamh thoraidh an lubhghuirt, agus gér mhian le hEarc bheith ag caitheamh an toraidh, ba luinne leis bheith ag feitheamh an lubhghuirt ina thimcheall, óir fa hiomdha crann álainn anaithnidh do bhí ann. 28. Agus an tan fa sáitheach iad, do chuaidh Síoghra d'ionn- saighe chroinn chombláith chumhra, do chuaidh os crannaibh an lubhghuirt ar áille agus ar aoirde, agus níor mhó ceann mic míodh-aoise ná gach ubhall dá raibh fair. Agus do bhean Síoghra lán a ochta do na hubhlaibh, agus rug leis d'ionnsaighe an Ríogh iad, agus mar do chuaidh do láthair, do theilg i n-ucht an Ríogh iad. Agus do ith ubhall díobh, agus comhluath is do chaith an Rí é, do rinne lobhar gráineamhail de, ionnus nach raibhe folt ná fionnfadh fair. Agus do bhíodhgastar cách uile ar na fhaicsin amhlaidh sin, agus do aithin an Rí féin gurab do chaitheamh na n-ubhall do rinneadh an t-aidhmhilleadh sin air, agus adubhairt: "A Shíoghra," ar sé, "ní maith do rinnis na hubhla do thabhairt damh dhom mhilleadh." "Ní thugassa ubhla dhuit acht na hubhla is mó 's is áille fuaras," ar Síoghra; "agus má do bhí olc nó urbhaidh i ndán duit féin, ná bí aga aithbhear ormsa." Do iarradar a mhuinntear ar an Rígh annsin filleadh tar ais go críochaibh Lochlann. Adubhairt an Rí nach fhillfeadh go brách, acht muna bhfaghadh aithearrach crotha. "Is mór do chuir do dhrochchomhairle do díth ort féin agus orainne riamh," ar siad, "agus do b'oircheasa dhuit, dá olcas cruth dá bhfuil ort, filleadh tar ais 'ná dul ar eolas Shíoghra Dhuibh." "Ní meisde liomsa bhur bhfilleadh," ar Síoghra, "óir do rinne mé an t-eolas mar do gheallas acht beagán, agus doghéanainn an beagán sin, leis, dá madh toil libhse é." "Is toil, go deimhin," ar an Rí, "óir is fearr linn bheith i n-ionad éigin oile iná filleadh go críochaibh Lochlann isan riocht so." 29. Do ghluais roimhe, agus do lean an Rí é, go na bheagán muinntire, agus do chuadar ar formna fíor-dhomhain na fairrge. Agus do bhádar athaidh fhada gan iath ná innse ná
oiléan d'fhaicsin, agus fá dheireadh do chonnarcadar imdhéanamh oiléin uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí. "Oiléan na Tiobraide an t-oiléan úd," ar sé. "Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Tiobraid atá ann súd ar lármheadhón an oiléin," ar sé, "agus dá madh anbhfann nó éagcruaidh neach, agus dá mhéid a ghalar nó a threabhlaid, acht go n-óladh sé deoch dhon tiobraid, do bhiadh sé sleamhain slánchréachtach; agus ón tiobraid sin ainmnighthear an t-oiléan." "Do riocfainnse a leas dul d'ionnsaighe na tiobraide sin," ar an Rí; "agus atá dho olcas do chuaidh dom mhuinntir do sgéalasa do chreideamhain, nach rachad féin ná neach oile dhíobh leatsa chum na tiobraide úd." 30. Ó nár fhaomh an Rí dul don oiléan, do éirigh Síoghra agus do ghoir sé Earca Astalla lais, agus do chuadar d'ionnsaighe na tiobraide. Agus is amhlaidh do bhí an tiobraid sin, agus trí dóirse uirre, agus triar athach ar gach doras díobh, agus trí coin ghéara ghlasa ghairbhfhionnacha acu. Agus do chuadarsan go doras na tiobraide mar a rabhadar na hathaigh, agus do ghráin Earca ar na bhfaicsin; agus do léigeadar slighe agus conair choitcheann do Shíoghra Dhubh chum an dorais agus chum na tiobraide. Agus do bhádar ag ól agus ag aoibhneas, nó gur sháthach iad ionnus go ndeachaidh a meirtnighe agus a mórsgíos díobh. Agus ag imtheacht ón tiobraid dóibh, do fhan Earca tar éis tSíoghra Duibh, agus tug buidéal beag leis óna chuim, agus líonas é gan fhios do Shíoghra, agus cuireas an buidéal fóna chuim, agus leanas Síoghra ón doras amach. Dearcas Síoghra fair, agus airigheas an t-árd fána osgail, agus féachas é, agus fuair an buidéal, agus beanas as a láimh é, agus buaileas fán gcáirthe gcloiche do bhí ina fharradh é, agus do rinne mionchoda dhe. Agus tug sidhe dian dásachtach d'ionnsaighe Earca, agus do thógaibh os cleith a ghualann é, agus do bhuail fé leacaibh loma na talmhan é, gur léigh Earca osna éagcaointeach as, adubhairt go hanbhfann éagcruaidh: "Is olc do rinnis mo mhilleadh ar son mo theacht leat im aonar," ar sé. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services