Síoghra Dubh.
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
III.
23. Gluaisid na sluaigh iar sin fón oiléan agus do bhádar ag
cur óir agus ionnmhasa 'na longaibh. Agus ní cian go gcuala-
dar guth glórach gliadhfhaoidheach 'san oiléan aniar gach ndíreach
aga n-ionnsaighe, agus do chonnarcadar uatha an dúil adhuathmhar
urghránna i ndeilbh mídhéanmhasach mná, .i. cailleach dhocrach
dhoidhealbhdha chaolghránna chruaidhreangach, agus meadhón crapach
cruadhchuisleannach aice, agus ingne aithghéara intseabhaic uirre.
Agus do labhair an bhean go gliadhfhaoidheach gráineamhail, gur
ba clos fá na sluaghaibh uile í, agus iseadh adubhairt:
"A Shíoghra Dhuibh," ar sí, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos
riot 'san mbliadhain-se fa deara dhuit an cobhlach mór so do
thabhairt chugam do bhreith mo choda óir uaim?"
"Ní bhfuilim-se ag breith óir uait," ar Síoghra, "agus ní mó
bhacfad díot a ndíoghailt ar an muinntir atá dá bhreith uait."
"Má 'seadh," ar an chailleach, "dígheolad-sa mo chuid óir ar
na sluaghaibh."
Agus do chuaidh an chailleach fá na sluaghaibh annsin, agus
dobheir fobha frithir fíor-nimhneach do bharraibh a méar mór-
ingneach i mullach aighthe agus éadain gach aoin dá dteangmhadh
chuice, go nach fágbhadh feóil ná finnleathar forra, agus go
mbeireadh a n-abach agus a n-ionathar asda go lár agus go lán-
talmhain. Agus do ghabh aga n-oirleach agus aga n-athchumadh
fón ionnus sin, agus ní dhéandaois airm ioná iolfhaobhair urchóid
di, agus do sgeinnidís di amhail doghéandaois do chloich nó do
charraig. Do thimcheall an chailleach muinntir Ríogh Lochlann fán
gcuma sin, ionnus nach deachaidh fear dearmaid uaithe do lucht
an dá fhichid long gan bás obann d'imirt orra. Go ndubhairt
Rí Lochlann:
"A Shíoghra," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn,
agus is éagcóir do ráidhis rinn nach raibhe cóiméad ar an
oiléan."
"Ní dubhairt mé bréag riot," ar Síoghra, "óir iseadh
adubhart nach raibh fear d'fhearaibh an talmhan aga choimeád,
agus ní fear do mharbh do mhuinntearsa acht bean."
24. Do fógair Rí Lochlann don mhéid do mhair dá mhuinntir
an t-oiléan d'fhágbháil, agus iompódh tar ais go críochaibh
Lochlann, agus do aontuigh an cobhlach an chomhairle sin. "Agus
ní heolas cóir do rinnis dúinn, a Shíoghra," ar an Rí.
"Gion gurab aidhbhseach libhse é," ar Síoghra, "is blogh do
díoghailt na huinge dh'ór é." Agus adubhairt fós: "Ní mise is
cionntach ribh," ar sé; "doghéanainn an t-eolás díbh mar do
gheallas."
Agus adubhradar a mhuinntear fris an Rígh gan leanmhain
d'eolas Shíoghra Dhuibh ní badh mhó iná a ndearnaidh, agus dá
ndéineadh, go madh aithreach leis.
"A Shíoghra," ar an Rí, "cá fad uainn dighinn an eolais do
gheallais?"
"Ní fada uainn anois é," ar Síoghra.
"Má 'seadh," ar an Rí, "rachad féin lat."
Adubhradar a mhuinntear nach rachadaois féin leis. Adubhairt
an Rí nach léamhadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí do fhillfeadh
uadha, agus adubhairt re Síoghra go rachadh féin leis, giodh nach
fuigheadh lais acht é féin. Agus adubhairt Síoghra:
"Is olc do mhuinntear, a Rí Lochlann, óir is íseal a n-aig-
eanta, agus ní mór a meanma, agus ní hárd a n-intinne, agus
is mílaochdha iad. Óir is minic do díothuigheadh deaghdhaoine
agus do leadradh curadha, agus do goineadh tréinmhílidh, ag cos-
namh ríghe go ró-chalma dá dtighearna tairise féin."
"Is fíor a n-abra uile," ar an Rí, "agus gluais romhainn."
Do ghluais Síoghra Dubh roimhe ar mearthonnaibh na fairrge
fíordhoimhne. Ó 'dchonnarcadar a mhuinntear a dtriath agus a
dtighearna ag imtheacht uatha, do leanadar go héasgaidh ainmhear
é. Agus do ghluaiseadar an cobhlach uile ar aon-rian annsin,
agus do bhádar ag luath-imtheacht na mara, go nach facadar
trácht tíre ná talmhan go ceann cian-chaecighis ar mhíosa. Agus
do bhádar ag aithbhear ar an Rígh ar a mhéid ba doiligh leo teacht
isan turas sin, go ndubhairt Síoghra Dubh:
"Is mairg darab muinntearsa, a Rí Lochlainn, óir níor
chleachtadar siubhal cuan na caladhphort ná críoch gcoimhightheach,
acht bheith ar faithche na Beirbe ag feitheamh aonach agus oireachtas
agus ag éisdeacht cheoil agus chaoimhealadhan, agus ní lucht
feadhma ná fíorchalmachta fós iad."
25. Do éirigh Síoghra ina luing iar sin do luaithfhéachain na
néal ina thimcheall, agus ní fada do bhí amhlaidh in tan adubhairt:
"Dochím féin oiléan i bhfogas dúinn," ar sé.
"Is mór do riocfamuis-ne a leas sin," ar an Rí, "óir atáid
ar muinntear i ngeall re furtacht d'fhagháil."
Agus i ndiaidh na hagallmha sin do rángadar i ngar don
oiléan.
"Cá hainm an toiléan úd?" ar an Rí.
"Ní fhaca riamh eolach is measa ar do dhúthaigh féin ná thú," ar
Síoghra.
"Atáim i n-ainbhfios an oiléin úd, má's dom dhúthaigh é."
"Oiléan an Bhuabhaill súd," ar Síoghra.
"Créad uime a ngoirthear sin de?" ar an Rí.
"Cathair álainn oireaghdha atá annsúd," ar Síoghra, "agus
búird órdha iongantacha innte, agus buabhall binnghothach ar
ceartlár an bhúird; agus dá suidhidís fir an domhain ar an mbórd
sin agus buille do bhualadh ar an mbuabhall, do ghéabhdaois
a lórdhaoithin bídh agus dighe. Agus isé sin adhbhar fá ngoirthear
Oiléan an Bhuabhaill de."
26. Do ghluaiseadar dronga dí-áirmhe do mhuinntir an Ríogh
d'ionnsaighe an oiléin sin, agus do chuadar isteach san chathraigh,
agus do suidheadar ar an mbórd. Agus do bhuail fear díobh
buille ar an mbuabhall, agus ní raibh neach dhíobh nach fuair a
lórdhaoithin pruinne agus tomhaltais ar an mbórd, agus do ghab
iongantas mór iad fá cheann an bhuabhaill. Agus níor chian
dóibh ann in tan do chonnarcadar sgarbhchailleach ghruama
dhrothdhathach chuca, agus ba hadhbhal a hurghráin rena féachain.
Agus do labhair go borb braisbhriathrach, agus adubhairt:
"Is dóigh liom, a Shíoghra," ar sí, "nach é (a) olcas do íoc mé
do chíos riot ris an mbliadhain-se anall fa deara dhuit an cobhlach
mór so do thabhairt do chaitheamh mo choda bídh."
Agus, ar na rádh sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus níor
thualaing aon acu é féin d'anacal uirre, nó gur thuiteadar uile
leis an gcailligh. Agus mar do chualaidh an Rí a mhuinntear
uile do thuitim, iseadh adubhairt:
"Ní maith an séan le dtángamair ar h-eolas, a Shíoghra, ar
dtuitim ar muinntire lat ón oiléan go aroile."
"Ní cóir a n-abrann tú," ar Síoghra, "óir ní mise do mharbh
do mhuinntear, agus ní bhacfainn díotsa a dhíoghailt ar an
muinntir do mharbh iad."
"Ní dhígheolad-sa sin ortsa," ar an Rí, "agus ní mó rachad
ar h-eolas ní bhus faide."
"Ní h-olc liomsa sin," ar Síoghra, "óir ní mé féin do bhris
ort, agus doghéanainn an t-eolas do gheallas."
"Dá ndeachainn lat," ar an Rí, "mar nach rachad, cá fad
uainn bunadh dighinn an eolais sin?"
"Ní fada anois uainn é," ar Síoghra, "agus ní dá iarraidh
ort teacht atáimse."
"Rachadsa lat," ar an Rí, "nó go bhfaicthear an rí úd
adubhrais do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann, nach
samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san
mbliadhain tú, acht gé shamhluigheas-sa thú re haon-uinge."
Agus do bhádar an méid do mhair do mhuinntir an Ríogh ag
toirmeasg an turais sin air, agus níor gabhadh sin uatha.
27. Do ghluaiseadar ón oiléan sin, agus do bhádar ag
imtheacht na mara mórghuirme go ceann cian-chaecighis tar mhíosa,
agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar oiléan uatha. Agus is
amhlaidh do bhí an t-oiléan sin, agus lubhghort fá lántoradh ann
ba mó agus ba háille dá bhfacadar riamh. Agus d'fhiafruigh an
Rí cia hé an t-oiléan sin.
"Ní fearrde dh'eolach ar do dhúthaigh thú a fhad ataoi aga
taisdeal."
"Ní bhfuil eolas agam ar an oiléan úd," ar an Rí.
"Oiléan an Lubhghuirt súd," ar Síoghra, "agus isé súd
lubhghort an ríogh chum ar thriallais-se; agus an áil libhse dul do
chaitheamh a thoraidh?"
"Ní racham," ar an Rí.
Ó 'dchualaidh Síoghra sin, do éirigh féin agus do ghoir sé
Earc Astalla leis, agus do chuadar chum an lubhghuirt. Agus
ar ndul go doras an lubhghuirt dóibh, is amhlaidh do bhádar
triúr athach aga choiméad, agus do ghabh gráin agus eagla
Earca rompa, óir do shaoil nachar chonair dóibh dul d'ionnsaighe
na n-athach n-adhbhalmhór sin. Agus ní hamhlaidh tárlaidh
dóibh, acht do fhearsad fáilte go mín muinnteardha ria Síoghra,
agus do leigeadar slighe fhairsing dóibh chum an lubhghuirt.
Agus do ghabh Síoghra agus Earca ag caitheamh thoraidh an
lubhghuirt, agus gér mhian le hEarc bheith ag caitheamh an toraidh,
ba luinne leis bheith ag feitheamh an lubhghuirt ina thimcheall, óir
fa hiomdha crann álainn anaithnidh do bhí ann.
28. Agus an tan fa sáitheach iad, do chuaidh Síoghra d'ionn-
saighe chroinn chombláith chumhra, do chuaidh os crannaibh an
lubhghuirt ar áille agus ar aoirde, agus níor mhó ceann mic
míodh-aoise ná gach ubhall dá raibh fair. Agus do bhean Síoghra
lán a ochta do na hubhlaibh, agus rug leis d'ionnsaighe an Ríogh
iad, agus mar do chuaidh do láthair, do theilg i n-ucht an Ríogh
iad. Agus do ith ubhall díobh, agus comhluath is do chaith an Rí
é, do rinne lobhar gráineamhail de, ionnus nach raibhe folt
ná fionnfadh fair. Agus do bhíodhgastar cách uile ar na fhaicsin
amhlaidh sin, agus do aithin an Rí féin gurab do chaitheamh
na n-ubhall do rinneadh an t-aidhmhilleadh sin air, agus adubhairt:
"A Shíoghra," ar sé, "ní maith do rinnis na hubhla do thabhairt
damh dhom mhilleadh."
"Ní thugassa ubhla dhuit acht na hubhla is mó 's is áille
fuaras," ar Síoghra; "agus má do bhí olc nó urbhaidh i ndán
duit féin, ná bí aga aithbhear ormsa."
Do iarradar a mhuinntear ar an Rígh annsin filleadh tar ais
go críochaibh Lochlann. Adubhairt an Rí nach fhillfeadh go brách,
acht muna bhfaghadh aithearrach crotha.
"Is mór do chuir do dhrochchomhairle do díth ort féin agus
orainne riamh," ar siad, "agus do b'oircheasa dhuit, dá olcas
cruth dá bhfuil ort, filleadh tar ais 'ná dul ar eolas Shíoghra
Dhuibh."
"Ní meisde liomsa bhur bhfilleadh," ar Síoghra, "óir do rinne
mé an t-eolas mar do gheallas acht beagán, agus doghéanainn
an beagán sin, leis, dá madh toil libhse é."
"Is toil, go deimhin," ar an Rí, "óir is fearr linn bheith i
n-ionad éigin oile iná filleadh go críochaibh Lochlann isan riocht
so."
29. Do ghluais roimhe, agus do lean an Rí é, go na
bheagán muinntire, agus do chuadar ar formna fíor-dhomhain na
fairrge. Agus do bhádar athaidh fhada gan iath ná innse ná
oiléan d'fhaicsin, agus fá dheireadh do chonnarcadar imdhéanamh
oiléin uatha.
"Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí.
"Oiléan na Tiobraide an t-oiléan úd," ar sé.
"Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.
"Tiobraid atá ann súd ar lármheadhón an oiléin," ar sé,
"agus dá madh anbhfann nó éagcruaidh neach, agus dá mhéid a
ghalar nó a threabhlaid, acht go n-óladh sé deoch dhon tiobraid,
do bhiadh sé sleamhain slánchréachtach; agus ón tiobraid sin
ainmnighthear an t-oiléan."
"Do riocfainnse a leas dul d'ionnsaighe na tiobraide sin,"
ar an Rí; "agus atá dho olcas do chuaidh dom mhuinntir do
sgéalasa do chreideamhain, nach rachad féin ná neach oile dhíobh
leatsa chum na tiobraide úd."
30. Ó nár fhaomh an Rí dul don oiléan, do éirigh Síoghra agus
do ghoir sé Earca Astalla lais, agus do chuadar d'ionnsaighe na
tiobraide. Agus is amhlaidh do bhí an tiobraid sin, agus
trí dóirse uirre, agus triar athach ar gach doras díobh, agus trí
coin ghéara ghlasa ghairbhfhionnacha acu. Agus do chuadarsan go
doras na tiobraide mar a rabhadar na hathaigh, agus do ghráin
Earca ar na bhfaicsin; agus do léigeadar slighe agus conair
choitcheann do Shíoghra Dhubh chum an dorais agus chum na
tiobraide. Agus do bhádar ag ól agus ag aoibhneas, nó gur
sháthach iad ionnus go ndeachaidh a meirtnighe agus a mórsgíos
díobh. Agus ag imtheacht ón tiobraid dóibh, do fhan Earca tar
éis tSíoghra Duibh, agus tug buidéal beag leis óna chuim, agus
líonas é gan fhios do Shíoghra, agus cuireas an buidéal fóna
chuim, agus leanas Síoghra ón doras amach. Dearcas Síoghra
fair, agus airigheas an t-árd fána osgail, agus féachas é, agus
fuair an buidéal, agus beanas as a láimh é, agus buaileas fán
gcáirthe gcloiche do bhí ina fharradh é, agus do rinne mionchoda
dhe. Agus tug sidhe dian dásachtach d'ionnsaighe Earca, agus do
thógaibh os cleith a ghualann é, agus do bhuail fé leacaibh loma na
talmhan é, gur léigh Earca osna éagcaointeach as, adubhairt go
hanbhfann éagcruaidh:
"Is olc do rinnis mo mhilleadh ar son mo theacht leat im
aonar," ar sé.
(Ní críoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11