Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Peata an Ríogh. (ar leanmhaint).
Title
Peata an Ríogh. (ar leanmhaint).
Author(s)
Ní Shíthigh, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Peata an Ríogh. (Sgéal Gearmánach is bun leis an sgéal so) MÁIRE NÍ SHÍTHIGH do scríobh. AN CHÉAD CHAIBIDIOL (ar leanmhaint). An fhaid a bhí an rí ag caint mar seo, thuig an dochtúir an sgéal níos fearr, agus dubhairt sé leis féin má b'é an sórd san dochtúra a theasduigh ón rígh, go ndéanfadh sé féin an gnó chomh maith le héinne eile, agus gur mhaith an post é; agus, ambasa, d'umhluigh sé go múinte don rígh, agus dubhairt sé go raibh sé ana-bhuidheach dhe i dtaobh an phost do thabhairt do féin. B'in deire an chéad comhrádha. An fhaid a bhí an bheirt i láthair a chéile, badh dhóigh leat ortha go rabhadar araon sásta; acht daoine macánta b'eadh iad, agus thuig an rí, cé go raibh sé féin ag coimhlíonadh a gheallamhaint don fhear tighis, bhí sé ag tosnughadh ar chleas d'imirt air san am chéadna. Má bhí sé macánta, bhí sé ceanndána chomh maith, agus ba mhaith leis a thoil féin do bheith aige. I dtaobh an doch- túra, ní raibh a leithéid de náire agus de cheann-fé riamh air is bhí air agus é ag fágaint na cúirte i dtaobh na haimsire a bhí caithte gan tairbhe aige. Dá mbeadh aon eolas aige ar a chéird, do b'fhearr leis míle uair imtheacht leis féin agus cur fé san bhaile beag ba bhoichte san ríoghacht 'ná fanmhaint mar shúmaire na cúirte. Acht ní raibh aon eolas aige, agus is anois a thuig sé a dhíomhahoine is bhí a shaoghal caithte aige, agus d'fhiafruigh sé dhe féin cionus a mhairfeadh sé agus dhéanfadh sé a shlighe bheathadh a bhaint amach mara mbeadh an rí do ghlaodhach air; agus do shocruigh sé a aigne ar a mhalairt de shaoghal do chaitheamh ar soin amach, mar dubhairt sé leis féin gur mhór an náire do dhuine gan eolas bheith ina leithéid de phost, agus, ar shon gur dhuine gan eolas é féin, go gcaithfeadh sé an post do chimeád. Acht bhí sé féin agus an rí ar aon aigne san nídh seo, ámhthach, gan inn- sint d'éinne eile cionus a bhí an sgéal eatortha.
Thosnuigh an dochtúir ar a chuaird laetheamhail ar an gcúirt. Ní raibh puinn taithighe aige ar nósaibh cúirte, acht do chuimhnigh sé ar sheanfhocal a chuala sé fadó ag tagairt dá leithéid: "Kommst du in des Königs Haus, Geh blind hinein und stumm heraus." = "Ar dhul isteach i gcúirt an rí duit, cimeád do shúile dúnta; ar theacht amach, cimeád do bhéal dúnta"; nó "Ní hionann dul go cúirt an rí agus teacht as." Dhein sé amhlaidh. Thagadh sé gach maidin ar a hocht a chlog go seomra oibre an rí. Is minic a bhíodh an rí ann ó bhreacadh an lae, ag sgrúdughadh leabhar agus achtanna. Caithfeadh gach éinne dá lucht timthireachta an seomra d'fhágaint ar theacht an dochtúra. B'in é seannós na cúirte, agus lean an rí dhe. Bhí a fhios aige féin cad n-a thaobh; ba mhaith leis a sheirbhísigh, agus go mór mór an fear tighis d'fhágaint i n-ainbhfios ar obair an dochtúra. Mar sin de, nuair thagadh an dochtúir agus nuair dhúntaí an dorus ar na seirbhíseachaibh, d'fhiafruigheadh an rí dhe cad é an sórd aimsire a bhíodh ann agus cionnus a bhíodh a shláinte. Ní hé an freagra céadna a oirfeadh don chéad cheist gach lá. Bhíodh sé fuar lá, bhíodh sé fliuich lá eile, nó bhíodh sneachta ann. Acht is é an freagra céadna a thugadh an dochtúir ar an dara ceist gach lá. Bhíodh sé féin 'na shláinte mhaith i gcomhnuidhe. Ní chuirfeadh an rí aon cheist eile, acht leanmhaint de pé obair a bíodh idir lámhaibh aige, agus leigeadh sé don dochtúir fanmhaint sa tseomra ar feadh leathuaire an chluig nó mar sin sara dtugadh sé cead imtheachta dho. Ní baoghal, ámhthach, go gcuirfeadh an dochtúir aon cheist ar an rígh; chuimhneóchadh sé ar an órdughadh a tugadh do gan labhairt go labharfaidhe leis, agus dhein sé amh- laidh. D'fhanadh sé annsan, gan cor do chur de, ag féachaint ar an bhfalla go leigfaidhe dhó imtheacht. Bhí an fiafrachas ag dul sa mbeo i ngach seirbhíseach sa chúirt. Ba mhaith leó go léir a fhios do bheith aca cad a bhíodh ar siubhal gach lá ag an righ agus ag an dochtúir. Bhídís ag éisteacht ag poll na heochrach, acht focal ní airighdís. Deiridís go mbíodh rúin éigin iongantacha eatortha, agus fé dheire bhíodar go léir cinnte gur b'amhlaidh a bhí an dochtúir mar pheata agus mar chomhairleóir ag an rígh, agus é ag leigint air don tsaoghal mór ná raibh sé acht ina dhochtúir aige.
Ba ghearr, ambasa, go mbídís ag maoidheamh a shaoghail ar an dochtúir féin agus a d'iarraidh rún an sgéil do tharraing uaidh le plámás nó le bladaireacht nó le clistseacht, acht focal amháin ní fhéadfaidís a bhaint as, cé go mbíodh cainnt a dhóthain aige roimis seo, badh dhóigh leat anois, adeireadh na daoine, gur gobán a bhíodh ar a bhéal aige. D'inneosadh sé an fhírinne dhóibh, ámhthach. Déaradh leo ná bíodh aon chainnt ag an rígh agus aige féin le n-a chéile acht cainnt ar a shláinte nó ar an aimsir, agus go raibh dearmad mór ortha má mheasadar go raibh sé féin mar pheata nó mar chomhairleoir ag an rígh, nó go raibh aon chomh- acht i n-aon chor aige air. Acht ní chreidfeadh éinne é. "Huth!" déaradaís, "bárr- ghliocas é seo." Cúirtéir dáiríribh do b'eadh é, dar leo, agus bhí ionghadh ortha nár thugadar an tréith sin fé ndeara ann roimis seo. Dheineadh an fiafrachas so na ndaoine sult mór don doch- túir. Acht má ba mhaith leo-san fios an rúin do bheith aca, ba mhó 'ná san ba mhaith leis an dochtúir fios aigne an rí do bheith aige féin. Ní fheadar sé ó thalamh an domhan cad n-a thaobh gur thug sé le rádh do na daoinibh go léir go raibh árdmheas aige air, agus, san am gcéadna, ná raibh aige air acht drochmheas. Acht bhí an dochtúir ciallmhar a dhóthain agus a fhiafrachas do chimeád chuige féin, agus leigint don aimsir an bheart do réidhteach. AN DARA CAIBIDIL. Ba ghearr go raibh leathta ar fuid na tíre go léir an chomhacht a bhí ag an dochtúir nua ar an rígh. Dá chomhartha san, tháinig litir ag triall ar an dochtúir ó dhuine muinnteardha dho a bhí 'na chomh- nuidhe i mbaile beag ar theorainn na ríoghachta. Bhí siopa ag an bhfear so agus a lán rudaí dá ndíol ann; acht do theasduigh uaidh cead d'fhagháil chun éadach do dhíol leis. Ní thabharfadh giuistís an bhaile bhig an cead do, mar bhí éadach dá dhíol ag cara don ghiuistís féin. 'Sé an fáth gur sgríobh an fear chun an dochtúra 'ná chun iarraidh air labhairt leis an rí agus innsint do cionnus a bhí an giuistís a' déanamh a ghnótha go héagcórach, agus iarraidh air stad do chur leis an sórd san oibre.
Chuir an dochtúir freagra chun a charad, gá rádh ná raibh aon bhaint ag an rígh leis an sórd san oibre, agus, dá mbeadh féin, ná raibh aon chomhacht aige féin air, ná aon toradh ag an rígh ar a chainnt. Acht, féach! i gcionn coithcighis, cad é an iongna a bhí air nuair fuair sé litir eile ó n-a charaid ag gabháil a bhuidheachais leis agus bronntanas sé púnt cáise n-a theannta. Bhí an cead aige; agus shaoil sé - nídh nach iongna - gur ar an dochtúir ba cheart a bhuidheachas do bheith, acht gur le gliocas a chuir sé an litir chuige ag leigint air ná raibh aon bhaint aige leis an sgéal. Do b'fhíor, ámhthach, gur b'é an dochtúir fé ndeara é; acht, má seadh, ní le n-a thoil féin é. Bhíodh a chara ag maoidheamh as an dochtúir agus as an gcomhacht a bhí aige, agus nuair airigh an giuistís an maoidheamh go léir, thug sé an cead do gan mhoill ar eagla go mbainfeadh an rí a oifig de féin dá labharfadh an doch- túir leis mar gheall air. Do sgríobh an giuistís féin litir chun an dochtúra, á rádh go ndéanfadh sé aon nídh bheadh ar a chumas d'aon chara don dochtúir as so amach, agus á iarraidih air an fhaillighe a bhí déanta aige go dtí so do mhaitheamh do. D'ith an dochtúir a sé phuint cáise go ciuin blasta, agus d'fhéach sé ar an dá litir a bhí aige mar dearbhughadh gur deineadh peata an rí dhe mar deineadh dochtúir an rí de, dá indeoin féin. Nuair a leath an sgéal ar fuid na tíre ar cad a dhein sé ar son a charad san mbaile beag tuaithe, bhí gach duine ag cur beagán leis i gcomhnaidhe, i gcás gur deineadh sgéal iongantach de nuair innseadh sa chathair é i ndeire na dála. Do chreid gach éinne gur peata dáiríribh é,agus go bhféadfadh sé a rogha rud do dhéanamh leis an rígh. An coithcigheas n-a dhiaidh, níor iarr éinne acht a cháirde féin aon athcuinge ar an ndochtúir; acht ar feadh na tríomhadh seachtmhaine, bhí litreacha ag teacht i n-aghaidh 'n lae ag triall air ag iarraidh so nó súd, agus san cheathramhadh seachtmhain tháinig Sparánaidhe an Rí ag triall air. Ba mhian leis an bhfear so cáin na tíre do mhéadughadh, agus d'iarr sé ar an dochtúir focal do labhairt leis an rígh ar a shon. "Go deimhin féin," arsa an dochtúir, "níl aon chomhacht agam-sa air." "Acht," arsa an sparánaidhe, agus é ag gáiridhe, "tuigimíd go léir cionnus tá an sgéal agaibh."
"Agus dá mbeadh féin," arsa an dochtúir, "ní dóigh liom go ndéanfadh sé rud orm sa ghnó so, mar tá a fhios agam gur b'amhlaidh is mian leis an cháin do laighdiughadh i n-ionad é mhéad- ughadh - tuigeann gach éinne é sin." B'é an dochtúir an t-aon fhear amháin a innis an fhírinne so don sparánaidhe. Bhí na daoine eile ag plámás leis, agus gá rádh leis go raibh an ceart aige agus ná raibh baoghal air 'ná go n-éireochadh leis. Dá bhrígh sin, nuair airigh sé cainnt an doch- túra, bhí sé ar buile. "Á!" ar seisean, le n-a cháirdíbh, "seachanaidh sibh féin an lúbaire san - lúbaire críochnuighthe iseadh é, a oibrigheann ar son a dhaoine muinnteardha féin; acht tá a fhios agam anois go cinnte go bhfuil fios aige ar gach nídh is mian leis an rígh do dhéanamh, agus is fiú an méid sin feasa an drochmheas a bhí aige orm." Sin mar a bhí an sgéal ag an dochtúir, agus sin mar ar shaoil na daoine gur peata don rígh é. Bhí muinntir na cathrach n-a dhá gcuid anois - cuid aca ar thaobh an dochtúra agus cuid aca n-a choinnibh, cé ná leigfeadh an t-eagla dhóibh so a bhí n-a choinnibh puinn do rádh. Is iad na daoine uaisle a bhí ar a thaobh - cé gur bheag den uaisleacht a bhí ag baint leis an dochtúir agus ba lugha 'ná san an lorg a bhí aige ar rudaí uaisle - acht bhí éad ortha leis i dtaobh an rí bheith chomh mór san leis agus gan aon bheann aige ar a gcloinn féin. Bhí éad ar shean-cháirdibh agus compánachaibh an dochtúra anois, nuair ná bíodh sé n-a gcomh- luadar mar ba ghnáth leis roimis seo. Dubhradar gur b'amhlaidh a bhí an iomad éirghe-in-áirde air; acht ní mar sin a bhí an sgéal aige i n-aon chor. Is amhlaidh a bhí náire ar an dochtúir ar luigh- ead an eolais a bhí aige, agus, nuair shaoiledh cách gur ag plámás agus ag cadaráil leis an rígh a bhíodh sé, is amhlaildh a bhíodh a leabhair aige, agus é ag foghluim ar a chroidhe-dhithchioll na rudaí ba cheart dó fhoghluim an fhaid a bhí sé go díomhaoin agus go haorach ar sgoil. Ní fheadar sé an lá ina mbeadh an rí corrtha dhe, agus ba mhian leis bheith abálta ar rud éigin do dhéanamh a chimeádfadh n-a bheathaidh é, dá dtabharfadh an rí an bóthar dó. Sin mar a bhí ansgéal ar fuid na cathrach; acht fiú aon fhocail amháin de níor airigh an rí. Ní leigfeadh an eagla
d'éinne labhairt leis mar gheall ar an dochtúir, agus níor bh'aon iongna mar sin gur shaoil cách go rabhadar go mór le n-a chéile, go mór mór ó bhí an dochtúir féin chomh ciuin anois agus go raibh a fhios ag an saoghal go léir chomh béalsgaoilteach as bhíodh sé roimis seo. Acht ba ghearr gur cuireadh deireadh leis an measgán mear- aidhe go léir, agus is í an bhean uasal a bhí geallta don dochtúir fé ndeara é. AN TREAS CAIBIDIOL. Anna von Lehberg a b'ainm don mhnaoi uasal a bhí geallta do Dhochtúir Müller. D'uaislibh na tíre a b'eadh í. Bhí a túis- mightheoirí marbh, agus bhí sí 'na comhnaidhe i dteannta drithár a hathar. Ní nach iongna, níor thaitn sé le n-a gaoltaibh a rádh go bpósfadh sí Dochtúir Müller, agus ní raibh aon fháilte aca roimis ar dtúis; acht, ó thárla go raibh sé i seirbhís an rí anois, ambasa ba sgéal eile ar fad é sin, agus ní raibh cur n-a choinnibh aca anois pé uair ba mhaith leis teacht agus Anna do phósadh. "Á!" arsa an Dochtúir leis féin, "is olc an ghaoth ná séid- eann maith do dhuine éigin. Féach mise anois! Dá mbeadh aon eolas agam, ní déanfaidhe dochtúir an rí dhíom agus bheadh a gaolta a d'iarraidh an bhean uasal so agus mé féin do sgaradh; acht féach mar tá an sgéal aca anois. Is éachtach an saoghal é." Níor thug sé aon eolas d'Anna ar a chúrsaidhe i seirbhís an rí acht chomh beag is thug sé d'éinne eile, agus bhí iongna a croidhe uirthi n-a thaobh. Bhíodh litir fhada aici uaidh gach Satharn ag cur síos ar gach aon rud eile acht ar gnó na cúirte amháin. D'innis sé an fhírinne dhí, fé mar innis sé do gach éinne eile é, acht ní shásóchadh so Anna. Bhíodh sí a d'iarraidh cúntas níos cruinne d'fhaghál uaidh i ngach litir, agus fé deire sgríobh sé chúiche a rádh ná oirfeadh sgéalta ar ghnó na cúirte do chailín óg i n-aon chor. "Á!" ar sise léi féin, "tá rún éigin nách maith leis innsint dam, agus ní bhead sásta go mbeidh fios an rúin sin agam." Thug sé fé ndeara, leis, ná bíodh focal mar gheall ar a bpósadh i n-aon litir uaidh le déidheannaighe, cé go raibh a gaolta go léir lántoilteanach anois. Roimis sin, agus nuair
ná raibh aon bheann aca air, dheineadh sé tagairt don phósadh i ngach litir, á rádh gur fada leis an t-am go mbeidís pósta, nó cainnt éigin mar é. Acht is é an fáth ná déarfadh an dochtúir focal mar gheall ar anois, thuig sé go dianmhaith ná raibh aon cheárd aige bo bhféad- fadh slighe bheatha do dhéanamh as, cé go raibh ainm dochtúra air. Níor dhein sé aon mhachtnamh ar an sgéla nuair a bhí sé ag suirighe le Anna ar dtúis ná nuair iarr sé uirthi bheith mar mhnaoi aige. Níor shaoil Anna gur mar seo a bhí an sgéal aige i n-aon chor, agus bhí sí ró-bhanamhail chun aon cheist do chur air mar gheall air. Bhí sí ag déanamh machtnaimh ar feadh tamaill, agus fé dheire cheap sí dá mbeadh sí sa chathair inar chomhnuigh an rí agus an dochtúir go mbeadh caoi aici ar an sgéal do réidhteach, agus d'áiteamh sí ar a honcail dul léi ar cuaird go dtí an chathair. Nuair a chonnaic an dochtúir Anna sa chathair, bhí áthas agus uathbhás i dteannta a chéile air. Thug Anna so fé ndeara, acht níor leig sí aon nidh uirthi. Bhí sí chomh grádhmhar is bhí sí riamh, agus ní raibh sí ag cur aon cheisteanna ar an dochtúir ná taitn- feadh leis freagra do thabhairt ortha; acht thug sí gach aon rud fé ndeara, agus chuir sí i n-iúil do go raibh a fhios aici go raibh rún éigin aige dá chimeád uaithe, agus nách ceart dó san do dhéanamh ag cur bróin uirthi; acht bhí an oiread san foidhne aici leis, gur sgian tré chroidhe an dochtúra bheith ag féachaint uirthi chomh ciúin agus chomh foidhneach san. Do shlemahnuigh seachtmhain uatha ar an gcuma san. Aon lá amháin bhí Anna agus a honcail agus an dochtúir ag spaisdeoir- eacht i bpáirc na cúirte. Bhí an lá go háluinn. Acht bhí an oiread san buairt aigne ar an dochtúir go raibh sé ar tí gach rud d'innsint d'Anna; acht ná leigfeadh an náire dhó é i láthair a honcail, acht bhí a aigne socair aige an fhírinne ghlan d'innsint di um thráthnóna. Ar an nóimit céadna, cé bhuailfeadh umpa acht an rí féin. Thug sé súilfhéachaint géar ortha, agus d'imthigh leis; acht ba ghearr gur bhuail sé umpa arís ar chasán eile. Shaoil an dochtúir gur d'aon ghnó a dhein sé é chun féachaint eile do bheith aige ortha. Nuair a bhíodar ag fágaint na páirce, bhuail sé umpa an tríomhadh uair agus é ag cur na súl tríotha.
Dá bhfeicfeadh an dochtúir sprid, ní chuirfeadh sé leath an oiread eagla air is chuir radharc an rí air. Acht ní mar sin d'Anna. Bhí áthas uirthi an rí d'fheicsint, agus bhí sí ag cainnt go meidhreach agus ag cur ceist éigin ar an dochtúir mar gheall ar gnó na cúirte. Chuir an freagra a fuair sí uaidh iongna uirthi. "Tá a fhios agam," ar seisean, "gur féidir do dhuine an fhírinne ghlan d'innsint agus daoine do mhealladh san am céadna leis an gcainnt céadna - 'sé sin, má bhaineann daoine brigh eile as an gcainnt agus go leigeann an té a labhair leo an bhrígh sin do bhreith leo. Sin mar a dheineas leat-sa agus leis an saoghal go léir; acht 'neosfad duit i gcionn cúpla lá eile cionnus tá an sgéal idir an rí agus mé féin." Níor chuir Anna aon cheist eile air nuair thuig sí an bhuairt a chuir a ceist air; acht, i n-ionad aon sólás fhagháil as a chainnt, is amhlaidh a chuir sé tuilleadh measgán mearaidhe uirthi. Acht b'éigin di foidhne bheith aici. Ar maidin lá ar na bhárach, agus an dochtúir ag dul fé dhéin na cúirte, bhuail an fear tighis uime, agus dó labhair sé leis go cáirdeamhail agus dubhairt leis go raibh an bhainprionnsa, deirbhshiúr an rí, tagaithe ar cuaird chúcha, agus gur cheart anois labhairt leis an rígh agus a rádh leis gur cheart dó fleadh agus cuirm ceoil do thabhairt n-a honóir. Bean uasal mheidhreach aorach do b'eadh í, agus dhein sí iarracht ar an rígh do bhogadh chun pléaráca éigin do chur ar siubhal, acht níor b'aon mhaitheas di é. D'innis sí don fhear tighis cad a dhein sí agus cad ba mhaith léi. Bheadh áthas croidhe air aon rud do dhéanamh a chuirfeadh pléisiúr uirthi agus a chuirfeadh an sean-nós ar siubhal arís sa chúirt. Mar sin de, dubhairt sé leis an dochtúir gur fearra dhóibh oibriughadh as lámhaibh a chéile chun a chur d'fhiachaibh ar an rígh géilleadh don bhain-prionnsa. "Féadfair-se a rádh leis," ar seisean, "gur ceart dó cuid- eachta éigin meidhreach do bheith aige anois 's arís ar mhaithe le n-a shláinte, agus, gan bac leis sin i n-aon chor, gur ceart dó rinnce nó aeridheacht do chur ar siubhal an fhaid a bheidh a dheirbhsiur annso agus gan leigint don ghalar dubhach deire chur léi." Dubhairt an dochtúir, mar ba ghnáth leis, nár b'aon mhaitheas
dó bheith ag brath air féin chun aon nídh do dhéanamh sa sgéal. Bhí an fear tighis ar buile, cé nár leig sé pioc air. "Ách!" ar seisean leis féin, "nára fada go dtabharfar an bóthar amach don súmaire lúbach so, dá mba rud é go gcuirfidhe chun siubhail mé féin chomh maith leis." B'in í an ghuidhe a tugadh dó, agus é ag gabháil isteach go dtí an chúirt. Nuair tháinig sé i láthair an rí, níor fhiafruigh an rí dhe cad é an sórd aimsire a bhí ann, nó cionnus a bhí sé. "Chad is ainm don chailín aimsire a bhí led' chois indé sa pháirc?" ar seisean go mear. "Tá an ghaoth anoir adtuaidh, a dhuine uasail, agus tá beagán sneachta ann," arsa an dochtúir. "Cad is ainm don cailín aimsire a bhí id' theannta indé?" arsa an rí arís, agus fearg n-a ghlór. Nuair thuig an dochtúir an cheist, tháinig critheagla air, agus d'innis sé dho ainm an chailín, acht ní dubhairt sé focal mar gheall ar an ngeallamhaint pósta. Níor airigh an rí pioc mar gheall ar shuirighe an dochtúra. Ní bhíodh éinne ag innsint aon sgéalta dhó, mar nár theasduigheadar uaidh. Acht anois d'fhiaf- ruigh sé an fada a bhí sí sa chathair, agus cé'r bh'é an seanduine a bhí léi, agus ceisteanna den tsaghas san. D'fhreagair an doch- túir é mar a dhéanfadh príosúnach i láthair an bhreithimh. "Cad n-a thaobh," arsa an rí, "ná tagann an Barún Lehberg im' fheicsint mar is ceart do? Ní leogfad-sa d'uaislibh mo thíre gabháil tar mo thigh gan teacht isteach chugham. Cad n-a thaobh ná tagann na mná uaisle go dtí mo chúirt? Acht, dar ndóigh, ní thugaim cuireadh dhóibh! Acht ní mar sin a bheidh an sgéal as so amach, ámhthach; anois, ó tá mo dheirbhshiúr tagaithe ar cuaird chugham, is maith an t-am chun tosnughadh do dhéanamh. Beidh rinnce agus pléaráca anois agus arís againn. Beidh an chéad cheann againn an tseachtmhain seo chughainn." Thuig an dochtúir gur b'é an t-amharc a fuair an rí ar Anna a chuir an t-atharrughadh iongantach so ann, agus tháinig brón agus briseadh croidhe air, agus níor chuimhnigh sé ar an órdughadh a thug an rí dho an chéad lá gan labhairt go labharfaidhe leis, ná níor chuimhnigh sé ar an bhfear-tighis ná ar an impidhe a iarr sé air acht chomh beag; agus, mar sin de, do chrom sé ar chomhairle do thabhairt don rígh ar mhaithe le n-a shláinte, á rádh go mb'fhéidir
go ndéanfadh an plearáca agus an rí-rá díoghbháil sláinte dho nuair ná raibh taithighe aige ar a leithéid. "Éist do bhéal go labharfad leat," arsa an rí go feargach, agus do chuir sé chun siubhail é gan focal eile. Tráthnóna an lae chéadna tháinig an fear-tighis ag triall ar an dochtúir ag gabháil a bhuidheachais agus buidheachais na bain- prionnsa leis i dtaobh labhairt leis an rígh agus a n-impidhe do chur i n-iúil do chomh mear san, agus gá rádh go raibh áthas ortha mar ar éirigh leis chomh maith san agus gur air nár thóg sé mórán aimsire! "Maise, go bhfóiridh Dia orm!" arsa an dochtúir leis féin, nuair airigh sé an chainnt seo; "is cuma liom cad a dheinim, acht is dócha go bhfuil sé i ndán dam ainm peata an rí bheith orm ag na daoine, agus dar ndóigh ní haon iongna é agus an cuma ina bhfuil rudaí ag tuitim amach." Thug an Barún Lehberg cuaird ar an rí, agus fuair sé féin agus Anna cuireadh go dtí an rinnce. Chuadar araon ann, agus bhí éad ar uaislibh na cathrach nuair chonnacadar an tsuím a bhí ag an rígh dá chur ins an óg-mhnaoi áluinn ón dtuaith. Is ar éigin labharfadh sé le héinne eile, ná fiú amháin féachaint ortha. Mheas cuid aca gur mar gheall ar an dochtúir a bhí sé chomh cáirdeamhail léi. Acht thug tuilleadh aca fé ndeara nár tháinig focal mar gheall ar an dochtúir amach a béal an rí ar feadh na hoidhche, agus dubhradar leo féin gur gearr go mbeadh an bheirt i bpéacal a chéile mar gheall ar Anna. Bhí an ceart aca so, mar, nuair airigh an dochtúir cad a bhí ar siubhal oidhche an rinnce, thuig sé go maith gur b'amhlaidh a bhí an rí i ngrádh le Anna. Chuir an smaoine sin éad buile air, agus dubhairt sé leis féin ná beadh sé féin n-a thost a thuilleadh. Dá gcaillfeadh sé a phost féin, ba chuma leis. B'fhearr leis Anna bheith aige 'ná an saoghal go léir n-a héagmais. Chuaidh sé ag triall uirthi gan moill, agus bhí iongna a croidhe uirthi nuair airigh sí an sgéal agus nuair thuig sí an deithneas a bhí air anois chun í phósadh. Dubhairt sé gur mór an iongna mara leigfeadh an rí dá sheirbhíseachaibh pósadh, cé ná raibh aon fhonn pósadh air féin, aagus gur fuath leis na mná go léir. "Ó!" arsa Anna leis, "ní dóigh liom-sa go bhfuil fuath aige ar na mnáibh. Bhí sé ana-mhuinnteardha liom-sa, pé sgéal é."
Níor thuig an cailín mánla macánta go raibh tuilleadh den éad aici dá chur ar an dochtúir leis an gcainnt seo. Bhí buairt aigne ar an dochtúir ar maidin lá ar na bhárach, agus é dul fé dhéin na cúirte; acht, nuair tháinig sé i láthair an rí, tháinig a mhisneach dó arís, agus, nuair a thug sé freagra ar cheist an rí mar ba ghnáth, d'iarr sé cead cainnte ar feadh cupla nóimeat air, agus bhí sé ag gabháil a leath-sgéil leis nuair nár chuir sé a athcuinge chuige i litir mar ba ghnáth le lucht na cúirte. "Ná bac aon roimh-rádh," arsa an rí leis, "acht abair an rud tá uait." "Táim ag cuimhneamh ar phósadh," arsa an dochtúir. "Cé leis?" arsa an rí go muinnteardha. "Le Anna von Lehberg," arsa an dochtúir. Dhé! nuair airigh an rí ainm an chailín, tháinig fearg agus iongna air. Shiubhal sé anonn 's anall ar feadh tamaill, agus é ag cur na súl tríd an dochtúir. Nuair labhair sé, ní ró-chneasta a fhiafruigh sé dhe an raibh an cailín agus a muinntir toilteanach dá leithéid de chleamhnas, agus, nuair dubhairt an dochtúir go rabhadar, is mó 'ná san an iongna a bhí air. D'fhan sé n-a thost tamall eile; agus, nuair labhair sé arís, bhí fearg n-a ghlór a chuir crith-eagla ar an dochtúir. "Ní thuigim-se cead d'éinne dem' sheirbhíseachaibh pósadh," ar seisean. "Fanfadaís singil, má's maith leo fanmhaint im' sheirbhís. Rud eile, ní leogfad-sa dom' uaislibh cleamhnas do dhéanamh acht le daoine uaisle eile. Dá réir sin, má's maith leat-sa pósadh, déin é; acht faigh bean éigin eile seachas Anna von Lebherg. Agus, rud eile, ní gádh dhuit teacht annso aon lá eile go gcuirfead-sa iarraidh ort arís." AN CEATHRAMHADH CAIBIDIOL. Ní fheadair an dochtúir cionnus a bhí ann dul abhaile tar éis an chomhrádha so. Peata an rí b'eadh é, dar le gach éinne. Acht féach cad é an drochmheas agus an tarcuisne a bhí ag an rígh air. B'é an lá ba bhrónaighe dá shaoghal é agus an uair ba bhrónaighe nuair a chaith sé innsint d'Anna cionnus ar éirigh leis. Ba gheall le breitheamhnas aithrighe air é mar gheall ar ar chaith sé dá shaoghal go díomhaoin roimis seo.
Ba ghearr go raibh sé ar fuid na cathrach gur thuit an rí amach leis. Bhí áthas ar a namhdaibh agus sgannramh ar a cháirdibh, acht, ó ná raibh aon nídh le cailleamhaint aca so, níor ghoill sé ró-mhór ortha. Níor leig an eagla d'éinne focal i gcoinnibh an dochtúra do rádh leis an rígh an fhaid a bhíodar chomh mór san le chéile, dar le cáth; acht bhí a mhalairt de sgéal aca anois, agus ní hé an deaghfhocal a bhí ag éinne n-a thaobh, acht iad go léir ag trom- aidheacht ar an bhfear bocht. "An té tá síos buailtear cos air." Is í a dheirbhshiúr an chéad duine a labhair leis an rígh n-a thaobh. Dubhairt sí go raibh áthas uirthi gur réidhtigh sé é féin ó chleasaibh agus ó smacht an dochtúra, agus go raibh an t-áthas céadna ar na daoinibh go léir. Dubhairt sí, n-a theannta san, go raibh iongna agus fearg ar na righthibh mórdtimcheall, á rádh go mbeadh a leithéid sin de chaidreamh agus de mhuinnteardhas idir rí uasal agus dochtúir bocht, agus, dá leanfadh an sgéal mar a bhí sé, gur gearr go dtabharfaidís druim láimhe do Chasaimir dá dheasgaibh. Ní fhacaís riamh acht an iongna a bhí ar an rígh nuair thuig sé brígh na cainnte seo - an dochtúir ag leigint air do na daoinibh go raibh smacht agus comhacht aige air féin, agus go raibh dlúth- mhuinnteardhas gan teora eatortha - ambasa! thuig sé anois go soiléir sgéal an chleamhnais. Chuir sé fios láithreach ar an bhfear- tighis, agus d'fhiafruigh de cionnus ar thárla go raibh daoine chomh huaibhreach le muinntir Lehberg toilteanach chun cleamhnais do dhéanamh le duine chomh beag le rádh leis an dochtúir. "Ach!" arsa an fear-tighis, "is dócha gur bhrughadar fútha a gcuid uabhair nuair thugadar fé ndeara go rabhabhar chomh mór san le chéile, agus go ndubhradar le féin, mara rabhair-se ró- uaibhreach chun cara agus peata do dhéanamh de, nár cheart dóibh féin bheith níos uaibhrighe 'ná t'onóir." Bhí an rí ar buile. Dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé sompla den rógaire lúbaire so an dochtúir. Níor dhein sé aon mhoill. Thug sé órdughadh é ghabháil, agus é thabhairt n-a láthair. Gabhadh an dochtúir. Ní dubhairt sé focal acht dul leo go ciuin brónach. Cé go raibh an rí cruaidh, níor thioránach críochnuighthe é; agus, nuair a dhein sé machtnamh ar an sgéal, bhí náire ag teacht air.
Thuig sé go maith gur mó d'éad a bhí air leis an dochtúir mar gheall ar Anna von Lehberg 'ná bhí d'fheirg air mar gheall ar an dochtúir a leigint air gur peata dó féin é. Thuig sé nár ró- ónórach an rud do rí díoghaltas do dhéanamh ar fhear chun é chur as a shlighe féin. Mheas sé, leis, gur thuig sé cad é an saghas dine an dochtúir, agus go raibh sé meallta go mór má ba róg- aire sgéiméir é agus a leitheid de dheallramh macánta as bhí air. Dubhairt sé go raghadh sé cruaidh go leor air féin mara gcuir- feadh sé d'fhiacaibh ar an dochtúir an fhírinne ghlan d'innsint. D'órduigh sé an dochtúir do thabhairt n-a láthair. Do tugadh, agus do fágadh an bheirt i n-aonar ar aghaidh a chéile amach, agus d'fhéach an rí idir an dá shúil ar an dochtúir, agus dubhairt leis a imtheachta go léir d'innsint dó ón chéad lá inar tháinig sé don chúirt. Níor theasduigh ón dochtúir acht gaoth an fhocail. D'innis sé an sgéal go léir tríd síos gan focal do chur leis ná focal do bhaint uaidh. Bhí amhras ar an rí ar dtúis; acht, ambasa! nuair a bhí an sgéal go léir aige, do chreid sé é, agus ba dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as le neart gáiridhe. "Ach!" arsa an dochtúir, ag críochnughadh a sgéil, "sin mar tá an saoghal i gcomhnuidhe. Deireann daoine gur duine comh- achtach éinne go mbíonn aon chomhluadar aige le rígh. Cuirtear míle rud i leith rí ná bíonn aon fhios i n-aon chor aige ortha. Má's rí maith é, deirtear go mbeadh sé níos fearr mara mbeadh an lucht timthireachta atá aige. Má's droch-rí é, deirtear ná beadh sé chomh holc mara mbeadh na droch-chomhairleoirí atá aige. Is cuma cad a dheineann siad, bíonn an ainm amuigh ortha go mbíonn comhacht aca ar an rígh. Sin mar tá an sgéal agam-sa. Má tá an t-ainm amuigh orm go bhfuil comhacht agam ort, ní lem' thoil atá sé orm; agus ná tóg orm é, má deirim gur tú féin fé ndeara é nuair a thugais oifig chomh rúndiamhrach san dam agus bheith mar dhochtúir agat féin." Bhí áthas an domhain ar an rí nuair a fuair sé amach go raibh an dochtúir chomh macánta chomh fearamhail san. "Mo ghraidhn mo shúil!" ar seisean leis féin. Do labhair sé go cneasda cáirdeamhail leis an dochtúir agus dubhairt leis dul abhaile dho féin go ceann cúpla lá agus gan a thuilleadh buartha do bheith air, acht gan pioc do rádh. Chuir an rí fios ar daoinibh eile, agus cheisdigh sé iad go
géar; agus, cé go raibh a fhurmhór aca ag tromaidheacht ar an dochtúir, fuair an rí amach go raibh an fhírinne ag an dochtúir dá innsint. I gcionn cúpla lá chuir sé fios air arís, agus dubhairt leis, ó fuair sé amach go raibh sé chomh cúthail agus chomh fírinn- each san, agus fios aige cionnus sgéal do chimeád chuige féin, agus nár theasduigh uaidh acht toil an rí do choimhlíonadh, agus go raibh fios a ghnó aige chomh glic le sean-chomhairleoir, agus ó bhí an ainm amuigh air gur peata agus comhairleoir dó féin é agus gan é amhlaidh, go ndéanfadh sé a chomhairleoir féin do as soin amach, agus go mbeadh breall ar an saoghal arís n-a thaobh. Agus sin mar a bhí an sgéal feasda. Nuair thiocfadh an dochtúir gach maidin as san amach, ní ar an aimsir ná ar a shláinte a cheisteochadh an rí é, acht bhíodh comhairle aca le n-a chéile ar gach ceist a bhain le riaghlughadh na tíre ar an gcuma is fearr. Chaith an dochtúir a leabhair leighis i leath-taoibh go deo agus chrom sé ar gach a bhain le dlighthibh na tíre agus le poilitigheacht na tíre d'fhoghluim agus do chleachtadh. Tar éis roinnt bliadhan, do deineadh príomh-oifigeach na tíre dhe. Anois a bhí an iongna dáiríribh ar na daoinibh go léir. Ba ghearr n-a dhiaidh gur phós sé Anna von Lehberg le lán-toil an rí. Bhí sé n-a chara di i gcomh- naidhe nuair thuig sé gur bh'é an doctúir a togha agus a rogha. Níor thug an dochtúir rún an sgéil d'éinne, agus níl baoghal gur thug an rí dhóibh é acht chomh beag. Chreid gach éinne gur peata an dochtúir ón chéad lá, agus is mó éad a bhí aca leis an uair sin 'ná bhí nuair a bhí sé n-a pheata dáiríribh aige. Sin mar a bhíonn an saoghal i gcomhnaidhe. (Críoch). FÓGRA. Bhí uireasbha slighe orainn an taca so, agus do brughadh amach an cuid deiridh de "Shíoghra Dubh", maraon lena thagra, agus "Clódhanna Nua". Tá súil againn ná beifar ró-dhian orainn n-a thaobh. F. an I.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services