Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Peata an Ríogh. (ar leanmhaint).

Title
Peata an Ríogh. (ar leanmhaint).
Author(s)
Ní Shíthigh, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Peata an Ríogh.
(Sgéal Gearmánach is bun leis an sgéal so)



MÁIRE NÍ SHÍTHIGH do scríobh.



AN CHÉAD CHAIBIDIOL (ar leanmhaint).



An fhaid a bhí an rí ag caint mar seo, thuig an dochtúir an
sgéal níos fearr, agus dubhairt sé leis féin má b'é an sórd san
dochtúra a theasduigh ón rígh, go ndéanfadh sé féin an gnó chomh
maith le héinne eile, agus gur mhaith an post é; agus, ambasa,
d'umhluigh sé go múinte don rígh, agus dubhairt sé go raibh sé
ana-bhuidheach dhe i dtaobh an phost do thabhairt do féin. B'in
deire an chéad comhrádha.



An fhaid a bhí an bheirt i láthair a chéile, badh dhóigh leat ortha
go rabhadar araon sásta; acht daoine macánta b'eadh iad, agus
thuig an rí, cé go raibh sé féin ag coimhlíonadh a gheallamhaint
don fhear tighis, bhí sé ag tosnughadh ar chleas d'imirt air san
am chéadna. Má bhí sé macánta, bhí sé ceanndána chomh maith,
agus ba mhaith leis a thoil féin do bheith aige. I dtaobh an doch-
túra, ní raibh a leithéid de náire agus de cheann-fé riamh air is
bhí air agus é ag fágaint na cúirte i dtaobh na haimsire a bhí
caithte gan tairbhe aige. Dá mbeadh aon eolas aige ar a chéird,
do b'fhearr leis míle uair imtheacht leis féin agus cur fé san
bhaile beag ba bhoichte san ríoghacht 'ná fanmhaint mar shúmaire
na cúirte. Acht ní raibh aon eolas aige, agus is anois a thuig
sé a dhíomhahoine is bhí a shaoghal caithte aige, agus d'fhiafruigh sé
dhe féin cionus a mhairfeadh sé agus dhéanfadh sé a shlighe bheathadh
a bhaint amach mara mbeadh an rí do ghlaodhach air; agus do
shocruigh sé a aigne ar a mhalairt de shaoghal do chaitheamh ar soin
amach, mar dubhairt sé leis féin gur mhór an náire do dhuine
gan eolas bheith ina leithéid de phost, agus, ar shon gur dhuine
gan eolas é féin, go gcaithfeadh sé an post do chimeád. Acht bhí
sé féin agus an rí ar aon aigne san nídh seo, ámhthach, gan inn-
sint d'éinne eile cionus a bhí an sgéal eatortha.


L. 269


Thosnuigh an dochtúir ar a chuaird laetheamhail ar an gcúirt.
Ní raibh puinn taithighe aige ar nósaibh cúirte, acht do chuimhnigh sé
ar sheanfhocal a chuala sé fadó ag tagairt dá leithéid:



"Kommst du in des Königs Haus,
Geh blind hinein und stumm heraus."



= "Ar dhul isteach i gcúirt an rí duit, cimeád do shúile dúnta;
ar theacht amach, cimeád do bhéal dúnta"; nó "Ní hionann dul
go cúirt an rí agus teacht as." Dhein sé amhlaidh. Thagadh sé gach
maidin ar a hocht a chlog go seomra oibre an rí. Is minic a
bhíodh an rí ann ó bhreacadh an lae, ag sgrúdughadh leabhar agus
achtanna. Caithfeadh gach éinne dá lucht timthireachta an seomra
d'fhágaint ar theacht an dochtúra. B'in é seannós na cúirte,
agus lean an rí dhe. Bhí a fhios aige féin cad n-a thaobh; ba mhaith
leis a sheirbhísigh, agus go mór mór an fear tighis d'fhágaint i
n-ainbhfios ar obair an dochtúra.



Mar sin de, nuair thagadh an dochtúir agus nuair dhúntaí an
dorus ar na seirbhíseachaibh, d'fhiafruigheadh an rí dhe cad é an
sórd aimsire a bhíodh ann agus cionnus a bhíodh a shláinte. Ní hé
an freagra céadna a oirfeadh don chéad cheist gach lá. Bhíodh sé
fuar lá, bhíodh sé fliuich lá eile, nó bhíodh sneachta ann. Acht is é
an freagra céadna a thugadh an dochtúir ar an dara ceist gach
lá. Bhíodh sé féin 'na shláinte mhaith i gcomhnuidhe. Ní chuirfeadh
an rí aon cheist eile, acht leanmhaint de pé obair a bíodh idir
lámhaibh aige, agus leigeadh sé don dochtúir fanmhaint sa
tseomra ar feadh leathuaire an chluig nó mar sin sara dtugadh
sé cead imtheachta dho. Ní baoghal, ámhthach, go gcuirfeadh an
dochtúir aon cheist ar an rígh; chuimhneóchadh sé ar an órdughadh a
tugadh do gan labhairt go labharfaidhe leis, agus dhein sé amh-
laidh. D'fhanadh sé annsan, gan cor do chur de, ag féachaint ar
an bhfalla go leigfaidhe dhó imtheacht.



Bhí an fiafrachas ag dul sa mbeo i ngach seirbhíseach sa chúirt.
Ba mhaith leó go léir a fhios do bheith aca cad a bhíodh ar siubhal
gach lá ag an righ agus ag an dochtúir. Bhídís ag éisteacht ag
poll na heochrach, acht focal ní airighdís. Deiridís go mbíodh
rúin éigin iongantacha eatortha, agus fé dheire bhíodar go léir
cinnte gur b'amhlaidh a bhí an dochtúir mar pheata agus mar
chomhairleóir ag an rígh, agus é ag leigint air don tsaoghal mór
ná raibh sé acht ina dhochtúir aige.


L. 270


Ba ghearr, ambasa, go mbídís ag maoidheamh a shaoghail ar an
dochtúir féin agus a d'iarraidh rún an sgéil do tharraing uaidh
le plámás nó le bladaireacht nó le clistseacht, acht focal
amháin ní fhéadfaidís a bhaint as, cé go mbíodh cainnt a dhóthain
aige roimis seo, badh dhóigh leat anois, adeireadh na daoine, gur
gobán a bhíodh ar a bhéal aige. D'inneosadh sé an fhírinne dhóibh,
ámhthach. Déaradh leo ná bíodh aon chainnt ag an rígh agus
aige féin le n-a chéile acht cainnt ar a shláinte nó ar an aimsir,
agus go raibh dearmad mór ortha má mheasadar go raibh sé féin
mar pheata nó mar chomhairleoir ag an rígh, nó go raibh aon chomh-
acht i n-aon chor aige air.



Acht ní chreidfeadh éinne é. "Huth!" déaradaís, "bárr-
ghliocas é seo." Cúirtéir dáiríribh do b'eadh é, dar leo, agus bhí
ionghadh ortha nár thugadar an tréith sin fé ndeara ann roimis
seo.



Dheineadh an fiafrachas so na ndaoine sult mór don doch-
túir. Acht má ba mhaith leo-san fios an rúin do bheith aca, ba
mhó 'ná san ba mhaith leis an dochtúir fios aigne an rí do bheith
aige féin. Ní fheadar sé ó thalamh an domhan cad n-a thaobh gur
thug sé le rádh do na daoinibh go léir go raibh árdmheas aige air,
agus, san am gcéadna, ná raibh aige air acht drochmheas. Acht bhí
an dochtúir ciallmhar a dhóthain agus a fhiafrachas do chimeád
chuige féin, agus leigint don aimsir an bheart do réidhteach.



AN DARA CAIBIDIL.



Ba ghearr go raibh leathta ar fuid na tíre go léir an chomhacht
a bhí ag an dochtúir nua ar an rígh. Dá chomhartha san, tháinig litir
ag triall ar an dochtúir ó dhuine muinnteardha dho a bhí 'na chomh-
nuidhe i mbaile beag ar theorainn na ríoghachta. Bhí siopa ag an
bhfear so agus a lán rudaí dá ndíol ann; acht do theasduigh
uaidh cead d'fhagháil chun éadach do dhíol leis. Ní thabharfadh
giuistís an bhaile bhig an cead do, mar bhí éadach dá dhíol ag
cara don ghiuistís féin. 'Sé an fáth gur sgríobh an fear chun an
dochtúra 'ná chun iarraidh air labhairt leis an rí agus innsint do
cionnus a bhí an giuistís a' déanamh a ghnótha go héagcórach,
agus iarraidh air stad do chur leis an sórd san oibre.


L. 271


Chuir an dochtúir freagra chun a charad, gá rádh ná raibh aon
bhaint ag an rígh leis an sórd san oibre, agus, dá mbeadh féin,
ná raibh aon chomhacht aige féin air, ná aon toradh ag an rígh ar a
chainnt. Acht, féach! i gcionn coithcighis, cad é an iongna a bhí air
nuair fuair sé litir eile ó n-a charaid ag gabháil a bhuidheachais
leis agus bronntanas sé púnt cáise n-a theannta. Bhí an cead
aige; agus shaoil sé - nídh nach iongna - gur ar an dochtúir ba
cheart a bhuidheachas do bheith, acht gur le gliocas a chuir sé an
litir chuige ag leigint air ná raibh aon bhaint aige leis an sgéal.



Do b'fhíor, ámhthach, gur b'é an dochtúir fé ndeara é; acht, má
seadh, ní le n-a thoil féin é. Bhíodh a chara ag maoidheamh as an
dochtúir agus as an gcomhacht a bhí aige, agus nuair airigh an
giuistís an maoidheamh go léir, thug sé an cead do gan mhoill ar
eagla go mbainfeadh an rí a oifig de féin dá labharfadh an doch-
túir leis mar gheall air. Do sgríobh an giuistís féin litir chun
an dochtúra, á rádh go ndéanfadh sé aon nídh bheadh ar a chumas
d'aon chara don dochtúir as so amach, agus á iarraidih air an
fhaillighe a bhí déanta aige go dtí so do mhaitheamh do.



D'ith an dochtúir a sé phuint cáise go ciuin blasta, agus
d'fhéach sé ar an dá litir a bhí aige mar dearbhughadh gur deineadh
peata an rí dhe mar deineadh dochtúir an rí de, dá indeoin féin.



Nuair a leath an sgéal ar fuid na tíre ar cad a dhein sé ar
son a charad san mbaile beag tuaithe, bhí gach duine ag cur
beagán leis i gcomhnaidhe, i gcás gur deineadh sgéal iongantach
de nuair innseadh sa chathair é i ndeire na dála. Do chreid gach
éinne gur peata dáiríribh é,agus go bhféadfadh sé a rogha rud
do dhéanamh leis an rígh.



An coithcigheas n-a dhiaidh, níor iarr éinne acht a cháirde féin
aon athcuinge ar an ndochtúir; acht ar feadh na tríomhadh
seachtmhaine, bhí litreacha ag teacht i n-aghaidh 'n lae ag triall air
ag iarraidh so nó súd, agus san cheathramhadh seachtmhain tháinig
Sparánaidhe an Rí ag triall air. Ba mhian leis an bhfear so cáin
na tíre do mhéadughadh, agus d'iarr sé ar an dochtúir focal do
labhairt leis an rígh ar a shon.



"Go deimhin féin," arsa an dochtúir, "níl aon chomhacht
agam-sa air."



"Acht," arsa an sparánaidhe, agus é ag gáiridhe, "tuigimíd
go léir cionnus tá an sgéal agaibh."


L. 272


"Agus dá mbeadh féin," arsa an dochtúir, "ní dóigh liom go
ndéanfadh sé rud orm sa ghnó so, mar tá a fhios agam gur
b'amhlaidh is mian leis an cháin do laighdiughadh i n-ionad é mhéad-
ughadh - tuigeann gach éinne é sin."



B'é an dochtúir an t-aon fhear amháin a innis an fhírinne so
don sparánaidhe. Bhí na daoine eile ag plámás leis, agus gá
rádh leis go raibh an ceart aige agus ná raibh baoghal air 'ná go
n-éireochadh leis. Dá bhrígh sin, nuair airigh sé cainnt an doch-
túra, bhí sé ar buile.



"Á!" ar seisean, le n-a cháirdíbh, "seachanaidh sibh féin an
lúbaire san - lúbaire críochnuighthe iseadh é, a oibrigheann ar
son a dhaoine muinnteardha féin; acht tá a fhios agam anois go
cinnte go bhfuil fios aige ar gach nídh is mian leis an rígh do
dhéanamh, agus is fiú an méid sin feasa an drochmheas a bhí aige
orm."



Sin mar a bhí an sgéal ag an dochtúir, agus sin mar ar shaoil
na daoine gur peata don rígh é. Bhí muinntir na cathrach n-a dhá
gcuid anois - cuid aca ar thaobh an dochtúra agus cuid aca n-a
choinnibh, cé ná leigfeadh an t-eagla dhóibh so a bhí n-a choinnibh
puinn do rádh. Is iad na daoine uaisle a bhí ar a thaobh - cé gur
bheag den uaisleacht a bhí ag baint leis an dochtúir agus ba
lugha 'ná san an lorg a bhí aige ar rudaí uaisle - acht bhí éad
ortha leis i dtaobh an rí bheith chomh mór san leis agus gan aon
bheann aige ar a gcloinn féin. Bhí éad ar shean-cháirdibh agus
compánachaibh an dochtúra anois, nuair ná bíodh sé n-a gcomh-
luadar mar ba ghnáth leis roimis seo. Dubhradar gur b'amhlaidh
a bhí an iomad éirghe-in-áirde air; acht ní mar sin a bhí an sgéal
aige i n-aon chor. Is amhlaidh a bhí náire ar an dochtúir ar luigh-
ead an eolais a bhí aige, agus, nuair shaoiledh cách gur ag
plámás agus ag cadaráil leis an rígh a bhíodh sé, is amhlaildh a
bhíodh a leabhair aige, agus é ag foghluim ar a chroidhe-dhithchioll na
rudaí ba cheart dó fhoghluim an fhaid a bhí sé go díomhaoin agus
go haorach ar sgoil. Ní fheadar sé an lá ina mbeadh an rí
corrtha dhe, agus ba mhian leis bheith abálta ar rud éigin do
dhéanamh a chimeádfadh n-a bheathaidh é, dá dtabharfadh an rí an
bóthar dó.



Sin mar a bhí ansgéal ar fuid na cathrach; acht fiú aon
fhocail amháin de níor airigh an rí. Ní leigfeadh an eagla


L. 273


d'éinne labhairt leis mar gheall ar an dochtúir, agus níor bh'aon
iongna mar sin gur shaoil cách go rabhadar go mór le n-a chéile,
go mór mór ó bhí an dochtúir féin chomh ciuin anois agus go raibh
a fhios ag an saoghal go léir chomh béalsgaoilteach as bhíodh sé
roimis seo.



Acht ba ghearr gur cuireadh deireadh leis an measgán mear-
aidhe go léir, agus is í an bhean uasal a bhí geallta don dochtúir
fé ndeara é.



AN TREAS CAIBIDIOL.



Anna von Lehberg a b'ainm don mhnaoi uasal a bhí geallta
do Dhochtúir Müller. D'uaislibh na tíre a b'eadh í. Bhí a túis-
mightheoirí marbh, agus bhí sí 'na comhnaidhe i dteannta drithár a
hathar. Ní nach iongna, níor thaitn sé le n-a gaoltaibh a rádh go
bpósfadh sí Dochtúir Müller, agus ní raibh aon fháilte aca
roimis ar dtúis; acht, ó thárla go raibh sé i seirbhís an rí anois,
ambasa ba sgéal eile ar fad é sin, agus ní raibh cur n-a choinnibh
aca anois pé uair ba mhaith leis teacht agus Anna do phósadh.



"Á!" arsa an Dochtúir leis féin, "is olc an ghaoth ná séid-
eann maith do dhuine éigin. Féach mise anois! Dá mbeadh aon
eolas agam, ní déanfaidhe dochtúir an rí dhíom agus bheadh a
gaolta a d'iarraidh an bhean uasal so agus mé féin do sgaradh;
acht féach mar tá an sgéal aca anois. Is éachtach an saoghal é."



Níor thug sé aon eolas d'Anna ar a chúrsaidhe i seirbhís an
rí acht chomh beag is thug sé d'éinne eile, agus bhí iongna a
croidhe uirthi n-a thaobh. Bhíodh litir fhada aici uaidh gach Satharn
ag cur síos ar gach aon rud eile acht ar gnó na cúirte amháin.
D'innis sé an fhírinne dhí, fé mar innis sé do gach éinne eile é,
acht ní shásóchadh so Anna. Bhíodh sí a d'iarraidh cúntas níos
cruinne d'fhaghál uaidh i ngach litir, agus fé deire sgríobh sé
chúiche a rádh ná oirfeadh sgéalta ar ghnó na cúirte do chailín óg
i n-aon chor.



"Á!" ar sise léi féin, "tá rún éigin nách maith leis innsint
dam, agus ní bhead sásta go mbeidh fios an rúin sin agam."



Thug sé fé ndeara, leis, ná bíodh focal mar gheall ar a
bpósadh i n-aon litir uaidh le déidheannaighe, cé go raibh a
gaolta go léir lántoilteanach anois. Roimis sin, agus nuair


L. 274


ná raibh aon bheann aca air, dheineadh sé tagairt don phósadh i
ngach litir, á rádh gur fada leis an t-am go mbeidís pósta, nó
cainnt éigin mar é.



Acht is é an fáth ná déarfadh an dochtúir focal mar gheall ar
anois, thuig sé go dianmhaith ná raibh aon cheárd aige bo bhféad-
fadh slighe bheatha do dhéanamh as, cé go raibh ainm dochtúra air.
Níor dhein sé aon mhachtnamh ar an sgéla nuair a bhí sé ag
suirighe le Anna ar dtúis ná nuair iarr sé uirthi bheith mar
mhnaoi aige.



Níor shaoil Anna gur mar seo a bhí an sgéal aige i n-aon
chor, agus bhí sí ró-bhanamhail chun aon cheist do chur air mar
gheall air. Bhí sí ag déanamh machtnaimh ar feadh tamaill, agus
fé dheire cheap sí dá mbeadh sí sa chathair inar chomhnuigh an rí
agus an dochtúir go mbeadh caoi aici ar an sgéal do réidhteach,
agus d'áiteamh sí ar a honcail dul léi ar cuaird go dtí an
chathair.



Nuair a chonnaic an dochtúir Anna sa chathair, bhí áthas agus
uathbhás i dteannta a chéile air. Thug Anna so fé ndeara, acht
níor leig sí aon nidh uirthi. Bhí sí chomh grádhmhar is bhí sí riamh,
agus ní raibh sí ag cur aon cheisteanna ar an dochtúir ná taitn-
feadh leis freagra do thabhairt ortha; acht thug sí gach aon rud
fé ndeara, agus chuir sí i n-iúil do go raibh a fhios aici go raibh
rún éigin aige dá chimeád uaithe, agus nách ceart dó san do
dhéanamh ag cur bróin uirthi; acht bhí an oiread san foidhne aici
leis, gur sgian tré chroidhe an dochtúra bheith ag féachaint uirthi
chomh ciúin agus chomh foidhneach san.



Do shlemahnuigh seachtmhain uatha ar an gcuma san. Aon lá
amháin bhí Anna agus a honcail agus an dochtúir ag spaisdeoir-
eacht i bpáirc na cúirte. Bhí an lá go háluinn. Acht bhí an
oiread san buairt aigne ar an dochtúir go raibh sé ar tí gach
rud d'innsint d'Anna; acht ná leigfeadh an náire dhó é i láthair
a honcail, acht bhí a aigne socair aige an fhírinne ghlan d'innsint
di um thráthnóna.



Ar an nóimit céadna, cé bhuailfeadh umpa acht an rí féin.
Thug sé súilfhéachaint géar ortha, agus d'imthigh leis; acht ba
ghearr gur bhuail sé umpa arís ar chasán eile. Shaoil an dochtúir
gur d'aon ghnó a dhein sé é chun féachaint eile do bheith aige
ortha. Nuair a bhíodar ag fágaint na páirce, bhuail sé umpa an
tríomhadh uair agus é ag cur na súl tríotha.


L. 275


Dá bhfeicfeadh an dochtúir sprid, ní chuirfeadh sé leath an
oiread eagla air is chuir radharc an rí air. Acht ní mar sin
d'Anna. Bhí áthas uirthi an rí d'fheicsint, agus bhí sí ag cainnt
go meidhreach agus ag cur ceist éigin ar an dochtúir mar gheall
ar gnó na cúirte. Chuir an freagra a fuair sí uaidh iongna
uirthi.



"Tá a fhios agam," ar seisean, "gur féidir do dhuine an
fhírinne ghlan d'innsint agus daoine do mhealladh san am
céadna leis an gcainnt céadna - 'sé sin, má bhaineann daoine
brigh eile as an gcainnt agus go leigeann an té a labhair leo
an bhrígh sin do bhreith leo. Sin mar a dheineas leat-sa agus leis
an saoghal go léir; acht 'neosfad duit i gcionn cúpla lá eile
cionnus tá an sgéal idir an rí agus mé féin."



Níor chuir Anna aon cheist eile air nuair thuig sí an bhuairt a
chuir a ceist air; acht, i n-ionad aon sólás fhagháil as a chainnt,
is amhlaidh a chuir sé tuilleadh measgán mearaidhe uirthi. Acht
b'éigin di foidhne bheith aici.



Ar maidin lá ar na bhárach, agus an dochtúir ag dul fé dhéin
na cúirte, bhuail an fear tighis uime, agus dó labhair sé leis go
cáirdeamhail agus dubhairt leis go raibh an bhainprionnsa,
deirbhshiúr an rí, tagaithe ar cuaird chúcha, agus gur cheart anois
labhairt leis an rígh agus a rádh leis gur cheart dó fleadh agus
cuirm ceoil do thabhairt n-a honóir. Bean uasal mheidhreach
aorach do b'eadh í, agus dhein sí iarracht ar an rígh do bhogadh chun
pléaráca éigin do chur ar siubhal, acht níor b'aon mhaitheas di é.
D'innis sí don fhear tighis cad a dhein sí agus cad ba mhaith léi.
Bheadh áthas croidhe air aon rud do dhéanamh a chuirfeadh pléisiúr
uirthi agus a chuirfeadh an sean-nós ar siubhal arís sa chúirt.
Mar sin de, dubhairt sé leis an dochtúir gur fearra dhóibh
oibriughadh as lámhaibh a chéile chun a chur d'fhiachaibh ar an rígh
géilleadh don bhain-prionnsa.



"Féadfair-se a rádh leis," ar seisean, "gur ceart dó cuid-
eachta éigin meidhreach do bheith aige anois 's arís ar mhaithe le
n-a shláinte, agus, gan bac leis sin i n-aon chor, gur ceart dó
rinnce nó aeridheacht do chur ar siubhal an fhaid a bheidh a
dheirbhsiur annso agus gan leigint don ghalar dubhach deire chur
léi."



Dubhairt an dochtúir, mar ba ghnáth leis, nár b'aon mhaitheas


L. 276


dó bheith ag brath air féin chun aon nídh do dhéanamh sa sgéal. Bhí
an fear tighis ar buile, cé nár leig sé pioc air.



"Ách!" ar seisean leis féin, "nára fada go dtabharfar an
bóthar amach don súmaire lúbach so, dá mba rud é go gcuirfidhe
chun siubhail mé féin chomh maith leis."



B'in í an ghuidhe a tugadh dó, agus é ag gabháil isteach go dtí
an chúirt. Nuair tháinig sé i láthair an rí, níor fhiafruigh an rí dhe
cad é an sórd aimsire a bhí ann, nó cionnus a bhí sé.



"Chad is ainm don chailín aimsire a bhí led' chois indé sa
pháirc?" ar seisean go mear.



"Tá an ghaoth anoir adtuaidh, a dhuine uasail, agus tá
beagán sneachta ann," arsa an dochtúir.



"Cad is ainm don cailín aimsire a bhí id' theannta indé?"
arsa an rí arís, agus fearg n-a ghlór.



Nuair thuig an dochtúir an cheist, tháinig critheagla air, agus
d'innis sé dho ainm an chailín, acht ní dubhairt sé focal mar
gheall ar an ngeallamhaint pósta. Níor airigh an rí pioc mar
gheall ar shuirighe an dochtúra. Ní bhíodh éinne ag innsint aon
sgéalta dhó, mar nár theasduigheadar uaidh. Acht anois d'fhiaf-
ruigh sé an fada a bhí sí sa chathair, agus cé'r bh'é an seanduine a
bhí léi, agus ceisteanna den tsaghas san. D'fhreagair an doch-
túir é mar a dhéanfadh príosúnach i láthair an bhreithimh.



"Cad n-a thaobh," arsa an rí, "ná tagann an Barún Lehberg
im' fheicsint mar is ceart do? Ní leogfad-sa d'uaislibh mo
thíre gabháil tar mo thigh gan teacht isteach chugham. Cad n-a thaobh
ná tagann na mná uaisle go dtí mo chúirt? Acht, dar ndóigh,
ní thugaim cuireadh dhóibh! Acht ní mar sin a bheidh an sgéal as
so amach, ámhthach; anois, ó tá mo dheirbhshiúr tagaithe ar cuaird
chugham, is maith an t-am chun tosnughadh do dhéanamh. Beidh
rinnce agus pléaráca anois agus arís againn. Beidh an chéad
cheann againn an tseachtmhain seo chughainn."



Thuig an dochtúir gur b'é an t-amharc a fuair an rí ar Anna
a chuir an t-atharrughadh iongantach so ann, agus tháinig brón
agus briseadh croidhe air, agus níor chuimhnigh sé ar an órdughadh
a thug an rí dho an chéad lá gan labhairt go labharfaidhe leis, ná
níor chuimhnigh sé ar an bhfear-tighis ná ar an impidhe a iarr sé
air acht chomh beag; agus, mar sin de, do chrom sé ar chomhairle
do thabhairt don rígh ar mhaithe le n-a shláinte, á rádh go mb'fhéidir


L. 277


go ndéanfadh an plearáca agus an rí-rá díoghbháil sláinte dho
nuair ná raibh taithighe aige ar a leithéid.



"Éist do bhéal go labharfad leat," arsa an rí go feargach,
agus do chuir sé chun siubhail é gan focal eile.



Tráthnóna an lae chéadna tháinig an fear-tighis ag triall ar
an dochtúir ag gabháil a bhuidheachais agus buidheachais na bain-
prionnsa leis i dtaobh labhairt leis an rígh agus a n-impidhe do
chur i n-iúil do chomh mear san, agus gá rádh go raibh áthas ortha
mar ar éirigh leis chomh maith san agus gur air nár thóg sé mórán
aimsire!



"Maise, go bhfóiridh Dia orm!" arsa an dochtúir leis féin,
nuair airigh sé an chainnt seo; "is cuma liom cad a dheinim,
acht is dócha go bhfuil sé i ndán dam ainm peata an rí bheith orm
ag na daoine, agus dar ndóigh ní haon iongna é agus an cuma
ina bhfuil rudaí ag tuitim amach."



Thug an Barún Lehberg cuaird ar an rí, agus fuair sé féin
agus Anna cuireadh go dtí an rinnce. Chuadar araon ann, agus
bhí éad ar uaislibh na cathrach nuair chonnacadar an tsuím a bhí ag
an rígh dá chur ins an óg-mhnaoi áluinn ón dtuaith. Is ar éigin
labharfadh sé le héinne eile, ná fiú amháin féachaint ortha. Mheas
cuid aca gur mar gheall ar an dochtúir a bhí sé chomh cáirdeamhail
léi. Acht thug tuilleadh aca fé ndeara nár tháinig focal mar
gheall ar an dochtúir amach a béal an rí ar feadh na hoidhche,
agus dubhradar leo féin gur gearr go mbeadh an bheirt i
bpéacal a chéile mar gheall ar Anna. Bhí an ceart aca so, mar,
nuair airigh an dochtúir cad a bhí ar siubhal oidhche an rinnce,
thuig sé go maith gur b'amhlaidh a bhí an rí i ngrádh le Anna. Chuir
an smaoine sin éad buile air, agus dubhairt sé leis féin ná
beadh sé féin n-a thost a thuilleadh. Dá gcaillfeadh sé a phost
féin, ba chuma leis. B'fhearr leis Anna bheith aige 'ná an saoghal
go léir n-a héagmais.



Chuaidh sé ag triall uirthi gan moill, agus bhí iongna a croidhe
uirthi nuair airigh sí an sgéal agus nuair thuig sí an deithneas a
bhí air anois chun í phósadh. Dubhairt sé gur mór an iongna mara
leigfeadh an rí dá sheirbhíseachaibh pósadh, cé ná raibh aon fhonn
pósadh air féin, aagus gur fuath leis na mná go léir.



"Ó!" arsa Anna leis, "ní dóigh liom-sa go bhfuil fuath aige
ar na mnáibh. Bhí sé ana-mhuinnteardha liom-sa, pé sgéal é."


L. 278


Níor thuig an cailín mánla macánta go raibh tuilleadh den
éad aici dá chur ar an dochtúir leis an gcainnt seo.



Bhí buairt aigne ar an dochtúir ar maidin lá ar na bhárach,
agus é dul fé dhéin na cúirte; acht, nuair tháinig sé i láthair an
rí, tháinig a mhisneach dó arís, agus, nuair a thug sé freagra ar
cheist an rí mar ba ghnáth, d'iarr sé cead cainnte ar feadh cupla
nóimeat air, agus bhí sé ag gabháil a leath-sgéil leis nuair nár
chuir sé a athcuinge chuige i litir mar ba ghnáth le lucht na
cúirte.



"Ná bac aon roimh-rádh," arsa an rí leis, "acht abair an rud
tá uait."



"Táim ag cuimhneamh ar phósadh," arsa an dochtúir.



"Cé leis?" arsa an rí go muinnteardha.



"Le Anna von Lehberg," arsa an dochtúir.



Dhé! nuair airigh an rí ainm an chailín, tháinig fearg agus
iongna air. Shiubhal sé anonn 's anall ar feadh tamaill, agus é
ag cur na súl tríd an dochtúir. Nuair labhair sé, ní ró-chneasta
a fhiafruigh sé dhe an raibh an cailín agus a muinntir toilteanach
dá leithéid de chleamhnas, agus, nuair dubhairt an dochtúir go
rabhadar, is mó 'ná san an iongna a bhí air. D'fhan sé n-a thost
tamall eile; agus, nuair labhair sé arís, bhí fearg n-a ghlór a
chuir crith-eagla ar an dochtúir.



"Ní thuigim-se cead d'éinne dem' sheirbhíseachaibh pósadh," ar
seisean. "Fanfadaís singil, má's maith leo fanmhaint im'
sheirbhís. Rud eile, ní leogfad-sa dom' uaislibh cleamhnas do
dhéanamh acht le daoine uaisle eile. Dá réir sin, má's maith
leat-sa pósadh, déin é; acht faigh bean éigin eile seachas Anna
von Lebherg. Agus, rud eile, ní gádh dhuit teacht annso aon
lá eile go gcuirfead-sa iarraidh ort arís."



AN CEATHRAMHADH CAIBIDIOL.



Ní fheadair an dochtúir cionnus a bhí ann dul abhaile tar éis an
chomhrádha so. Peata an rí b'eadh é, dar le gach éinne. Acht
féach cad é an drochmheas agus an tarcuisne a bhí ag an rígh air.
B'é an lá ba bhrónaighe dá shaoghal é agus an uair ba bhrónaighe
nuair a chaith sé innsint d'Anna cionnus ar éirigh leis. Ba gheall
le breitheamhnas aithrighe air é mar gheall ar ar chaith sé dá
shaoghal go díomhaoin roimis seo.


L. 279


Ba ghearr go raibh sé ar fuid na cathrach gur thuit an rí amach
leis. Bhí áthas ar a namhdaibh agus sgannramh ar a cháirdibh, acht,
ó ná raibh aon nídh le cailleamhaint aca so, níor ghoill sé ró-mhór
ortha.



Níor leig an eagla d'éinne focal i gcoinnibh an dochtúra
do rádh leis an rígh an fhaid a bhíodar chomh mór san le chéile, dar
le cáth; acht bhí a mhalairt de sgéal aca anois, agus ní hé an
deaghfhocal a bhí ag éinne n-a thaobh, acht iad go léir ag trom-
aidheacht ar an bhfear bocht. "An té tá síos buailtear cos air."



Is í a dheirbhshiúr an chéad duine a labhair leis an rígh n-a
thaobh. Dubhairt sí go raibh áthas uirthi gur réidhtigh sé é féin ó
chleasaibh agus ó smacht an dochtúra, agus go raibh an t-áthas
céadna ar na daoinibh go léir. Dubhairt sí, n-a theannta san, go
raibh iongna agus fearg ar na righthibh mórdtimcheall, á rádh go
mbeadh a leithéid sin de chaidreamh agus de mhuinnteardhas idir
rí uasal agus dochtúir bocht, agus, dá leanfadh an sgéal mar a
bhí sé, gur gearr go dtabharfaidís druim láimhe do Chasaimir dá
dheasgaibh.



Ní fhacaís riamh acht an iongna a bhí ar an rígh nuair thuig sé
brígh na cainnte seo - an dochtúir ag leigint air do na daoinibh
go raibh smacht agus comhacht aige air féin, agus go raibh dlúth-
mhuinnteardhas gan teora eatortha - ambasa! thuig sé anois go
soiléir sgéal an chleamhnais. Chuir sé fios láithreach ar an bhfear-
tighis, agus d'fhiafruigh de cionnus ar thárla go raibh daoine chomh
huaibhreach le muinntir Lehberg toilteanach chun cleamhnais do
dhéanamh le duine chomh beag le rádh leis an dochtúir.



"Ach!" arsa an fear-tighis, "is dócha gur bhrughadar fútha a
gcuid uabhair nuair thugadar fé ndeara go rabhabhar chomh mór
san le chéile, agus go ndubhradar le féin, mara rabhair-se ró-
uaibhreach chun cara agus peata do dhéanamh de, nár cheart dóibh
féin bheith níos uaibhrighe 'ná t'onóir."



Bhí an rí ar buile. Dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé
sompla den rógaire lúbaire so an dochtúir. Níor dhein sé aon
mhoill. Thug sé órdughadh é ghabháil, agus é thabhairt n-a láthair.
Gabhadh an dochtúir. Ní dubhairt sé focal acht dul leo go ciuin
brónach.



Cé go raibh an rí cruaidh, níor thioránach críochnuighthe é; agus,
nuair a dhein sé machtnamh ar an sgéal, bhí náire ag teacht air.


L. 280


Thuig sé go maith gur mó d'éad a bhí air leis an dochtúir mar
gheall ar Anna von Lehberg 'ná bhí d'fheirg air mar gheall ar an
dochtúir a leigint air gur peata dó féin é. Thuig sé nár ró-
ónórach an rud do rí díoghaltas do dhéanamh ar fhear chun é chur
as a shlighe féin. Mheas sé, leis, gur thuig sé cad é an saghas
dine an dochtúir, agus go raibh sé meallta go mór má ba róg-
aire sgéiméir é agus a leitheid de dheallramh macánta as bhí air.
Dubhairt sé go raghadh sé cruaidh go leor air féin mara gcuir-
feadh sé d'fhiacaibh ar an dochtúir an fhírinne ghlan d'innsint.



D'órduigh sé an dochtúir do thabhairt n-a láthair. Do tugadh,
agus do fágadh an bheirt i n-aonar ar aghaidh a chéile amach, agus
d'fhéach an rí idir an dá shúil ar an dochtúir, agus dubhairt leis
a imtheachta go léir d'innsint dó ón chéad lá inar tháinig sé don
chúirt. Níor theasduigh ón dochtúir acht gaoth an fhocail. D'innis
sé an sgéal go léir tríd síos gan focal do chur leis ná focal
do bhaint uaidh. Bhí amhras ar an rí ar dtúis; acht, ambasa!
nuair a bhí an sgéal go léir aige, do chreid sé é, agus ba dhóigh
leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as le neart gáiridhe.



"Ach!" arsa an dochtúir, ag críochnughadh a sgéil, "sin mar
tá an saoghal i gcomhnuidhe. Deireann daoine gur duine comh-
achtach éinne go mbíonn aon chomhluadar aige le rígh. Cuirtear
míle rud i leith rí ná bíonn aon fhios i n-aon chor aige ortha.
Má's rí maith é, deirtear go mbeadh sé níos fearr mara mbeadh
an lucht timthireachta atá aige. Má's droch-rí é, deirtear ná
beadh sé chomh holc mara mbeadh na droch-chomhairleoirí atá
aige. Is cuma cad a dheineann siad, bíonn an ainm amuigh
ortha go mbíonn comhacht aca ar an rígh. Sin mar tá an sgéal
agam-sa. Má tá an t-ainm amuigh orm go bhfuil comhacht agam
ort, ní lem' thoil atá sé orm; agus ná tóg orm é, má deirim
gur tú féin fé ndeara é nuair a thugais oifig chomh rúndiamhrach
san dam agus bheith mar dhochtúir agat féin."



Bhí áthas an domhain ar an rí nuair a fuair sé amach go raibh
an dochtúir chomh macánta chomh fearamhail san.



"Mo ghraidhn mo shúil!" ar seisean leis féin.



Do labhair sé go cneasda cáirdeamhail leis an dochtúir agus
dubhairt leis dul abhaile dho féin go ceann cúpla lá agus gan
a thuilleadh buartha do bheith air, acht gan pioc do rádh.



Chuir an rí fios ar daoinibh eile, agus cheisdigh sé iad go


L. 281


géar; agus, cé go raibh a fhurmhór aca ag tromaidheacht ar an
dochtúir, fuair an rí amach go raibh an fhírinne ag an dochtúir dá
innsint. I gcionn cúpla lá chuir sé fios air arís, agus dubhairt
leis, ó fuair sé amach go raibh sé chomh cúthail agus chomh fírinn-
each san, agus fios aige cionnus sgéal do chimeád chuige féin,
agus nár theasduigh uaidh acht toil an rí do choimhlíonadh, agus
go raibh fios a ghnó aige chomh glic le sean-chomhairleoir, agus ó
bhí an ainm amuigh air gur peata agus comhairleoir dó féin é
agus gan é amhlaidh, go ndéanfadh sé a chomhairleoir féin do as
soin amach, agus go mbeadh breall ar an saoghal arís n-a thaobh.
Agus sin mar a bhí an sgéal feasda. Nuair thiocfadh an dochtúir
gach maidin as san amach, ní ar an aimsir ná ar a shláinte a
cheisteochadh an rí é, acht bhíodh comhairle aca le n-a chéile ar gach
ceist a bhain le riaghlughadh na tíre ar an gcuma is fearr. Chaith
an dochtúir a leabhair leighis i leath-taoibh go deo agus chrom sé
ar gach a bhain le dlighthibh na tíre agus le poilitigheacht na tíre
d'fhoghluim agus do chleachtadh. Tar éis roinnt bliadhan, do
deineadh príomh-oifigeach na tíre dhe. Anois a bhí an iongna
dáiríribh ar na daoinibh go léir. Ba ghearr n-a dhiaidh gur phós sé
Anna von Lehberg le lán-toil an rí. Bhí sé n-a chara di i gcomh-
naidhe nuair thuig sé gur bh'é an doctúir a togha agus a rogha.



Níor thug an dochtúir rún an sgéil d'éinne, agus níl baoghal
gur thug an rí dhóibh é acht chomh beag. Chreid gach éinne gur
peata an dochtúir ón chéad lá, agus is mó éad a bhí aca leis an
uair sin 'ná bhí nuair a bhí sé n-a pheata dáiríribh aige. Sin mar
a bhíonn an saoghal i gcomhnaidhe.



(Críoch).



FÓGRA.



Bhí uireasbha slighe orainn an taca so, agus do brughadh amach
an cuid deiridh de "Shíoghra Dubh", maraon lena thagra, agus
"Clódhanna Nua". Tá súil againn ná beifar ró-dhian orainn
n-a thaobh.



F. an I.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services