Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Eitinn: Céard is féidir le oidíbh sgoile a dhéanamh le congnamh a thabhairt chun an galar a ruaigeadh as an tír.
Title
An Eitinn: Céard is féidir le oidíbh sgoile a dhéanamh le congnamh a thabhairt chun an galar a ruaigeadh as an tír.
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN EITINN: CÉARD IS FÉIDIR LE OIDÍBH SGOILE A DHÉANAMH LE CONGNAMH A THABHAIRT CHUN AN GALAR A RUAIG- EADH AS AN TÍR. Is iomdha ceist dá chur tré n-a chéile agus dá phléidhe ag muinntir na hÉireann le beagán bliadhanta. Tá gach aon dream dá bhfuil sa tír ag obair go dicheallach ag iarraidh ceart is cóir a bhaint amach dóibh féin. Tá na tunóntaí ag iarraidh ceart is cóir a bhaint amach de na tighearnaíbh talmhan; tá Connradh na Gaedhilge ag iarraidh ceart is cóir a bhaint amach don Ghaedhilg ins an Ollsgoil nuadh agus ins 'chuile sgoil eile nuadh agus sean ar fud na tíre; tá na hoidí sgoile ag iarraidh ceart is cóir a bhaint amach dóibh féin agus dá gcuid sgoláirí de lucht Ceannais an Oideachais Náisiúnta agus de Chisdeóir Shasana, cé bí cé hé, nó céard é sin, agus tá feisirí na hÉireann ag iarraidh ceart is cóir a bhaint do Éirinn uile de Riaghaltais Shasana thall i dtigh féise na tíre sin. Tá gach aon dream ag dul chun cinn; acht 'na dhiaidh sin is uilig is deacair dhuit do chroidhe a choinneáilt dóchasach agus a rádh leat féin go mbeidh saoghal maith againn i nÉirinn ar ball le congnamh Dé, an fhad is fheiceas tú an t-éirleach atá dhá dhéanamh i measg aos óg na tíre ag an dá sgriosadóir millteach sin: an Imirce agus an Eitinn. B'fhéidir dá mbeadh ceist na talmhan socruighthe agus an talamh roinnte ar na ndaoinibh bochta go gcuirfidhe beagán staonadh leis an Imirce; acht tá eagla orm nach gcuirfidh aon tsocrughadh cosg ar an Eitinn mar a dtoilighid na daoine féin leis agus athrughadh a chuir ar a gcóir maireachtála. Le mo chuimhne fén is mór an t-iongnadh a chuir- feadh sé ar dhaoinibh a chloisteál go bhfuair duine óg bás; anois níl pioc suime dá chuir ann, mar is sgéal é atá dhá chloisteál 'chuile lá. Siad na daoine óga atá ag imtheacht uilig ar an aimsir seo - an chuid aca nach bhfuil buailte ag an Eitinn, tá
siad buailte ag an bhfiabhras cléibh no ag galar eicínt eile dá shóirt, galraí nár chualaidh ár n-aithreacha trácht ariamh ortha. Ní féidir nó tá fáth eicínt leis seo! Agus má tá fáth leis, ní féidir nó tá leigheas eicínt n-a chionn! Deir na dochtúirí go bhfuil. Tá fhios againn uilig gur bh'é tuairim 'chuile dhuine roimhe seo ná raibh aon leigheas i gcionn fear eitinne, agus duine bocht ar bith a mbíodh an galar sin air ní deintí pioc dhó acht é fhágáil a chaitheamh an tsaoghail leis go gcuirfeadh Dia fios air. Acht anois, míle buidheachas le Dia! tá athrughadh tuairime ag na daoinibh - tá an sgéal níos feárr ag an bhfear eitinne, mar tá leigheas i ndán dó acht a dhul roimh an ngalar i n-am. Tá obair mhaith déanta ag an Dochtúr Ó Beirn do Chonnradh na Gaedhilge agus dá gcáirde siar fá Chuan na Mara, ar fhios an leighis sin a thabhairt do na daoinibh bochta; agus tá foireann na trucaille ag dul anonn agus anall ar fud na tíre ag teag- asg na ndaoine agus dá chraobhsgaoileadh dhóibh céard atá aca le déanamh chun an ruaig a chur ar an ngalar uathbhásach sin amach as an tír; agus ar ndóigh tá Cumann na mBan ar son Sláinte na hÉireann ag déanamh toghadh oibre ag sgaipeadh eolais i measg an phobail. Acht tá eagla orm gur beag an toradh a bheas i ndiaidh saoth- air na "ndaoine móra". B'fhéidir go n-éistfidhe leo fá láthair, agus go dtabharfaidhe geallamhna dhóibh, acht sin a mbeidh ann. Le aon toradh seasmhach tábhachtach a bheith de bhárr an tsaothair, siad na daoine bochta féin a chaithfeas an chuid is mó den obair a dhéanamh. Dá ndeintí tighthe dhóibh a bheadh sé stóir ar áirde agus dá gcuirtí míle fuinneóg ar 'chuile theach, is beag an mhaith é muna ndéantar na daoine féin a bhrosdughadh agus a spreagadh chun oibre. "Cé an chaoi?" arsa tusa. "Céard is féidir le na daoinibh bochta a dhéanamh?" Admhuighim nach féidir leo mórán a dhéanamh ar mhodh; acht is féidir leo cuid mhaith a dhéanamh ar mhodh eile. Ní féidir leo tighthe a thógáil; acht is féidir leo iad féin agus na tighthe atá aca a choinneáilt níos glaine ar bheagán costais. Acht cé bí céard is féidir leo a dhéanamh ná nach féidir, deirim aríst nach mbeidh aon toradh seasmhach i ndiaidh saothar na "ndaoine móra," agus seo á an fáth: Ins an gcéad áit, ní thuigeann siad na daoine bochta - ins an nGaedhealtacht ar chuma
ar bith. Ins an dara áit, choinnigheadar an cuibhreach ró-fháisgithe ortha an fhad is bhíodar fá n-a smacht, agus choinnigheadar an chos fó-fhada ar an muineál aca, le aon bháidh bheith aca leo anois. Agus, ins an treas áit, tá siad a stealladh Béarla leo chomh maith is nach bhfuil ár ndóthain cheana againn de. Is fada ó n-a daoine bochta d'fhanadar nuair bhíodar i ngéarcháll, agus is deacair dearmad a dhéanamh gur bh'iad na "daoine móra" bun agus ughdar an mhí-ádh ar dtús. Má tá fonn ar na "daoine móra" nó má's mian leo cúitiughadh le na daoine bochta agus láimh a bheith aca ins an obair seo, tugaidís cuid de'n airgead atá ar spáráilte aca, agus atá a déanamh caonnach liath ortha, dho Chonnradh na Gaedhilge nó dho na Coisdíbh Ceanntair, agus lean- aidís-sean den obair atá dhá dhéanamh ag an Dochtúr Ó Beirn. Tuigeann an dochtúr na daoine, is duine aca féin é, agus ní Béarla bheas aige dá spreagadh leo nuair bheas sé dá dteag- asg. Acht, ar ndóigh, ní dho léim a féadfar an obair seo a dhéanamh, ná ní dho léim a feicfear toradh na hoibre; ní dho léim a tháinig an galar, ná ní dho léim a féadfar a dhíbirt. Anois céard é an leigheas iongantach seo chor ar bith atá i n-ann díbirt agus ruaig a chuir ar an sgriosadóir millteach seo amach as an measg? Tá; biadh folláin, substainteamhail a chaitheamh; neart aéir ar fud an tighe; agus glaineacht. Sin iad na trí neithe atá riachtanach agus atá ar chumas 'chuile dhuine má thogrann sé féin é, go mór mhór an dá nídh dheiridh. Níl pioc ar aon duine i ndiaidh neart aéir a staoileadh isteach ar fud an tighe; níl aon cheo air i ndiaidh an uisge - fá'n tuaith go haithrid; agus tá gallaoireach saor. Acht sé an biadh is measa! Tá na daoine bochta chomh tugtha dho bheith ag ól an taé mio- ádhsach sin is nach bhfuil déanamh dá uireasbha aca. Agus ba mhaith sin tae, acht ní tae ólann a bhfurmhór acht nimh! Taé bhíos ar tarraint agus ar bogadh ar feadh cúpla uair a chluig go minic, b'fhéidir; mar má bhíonn éinne amuigh ón mbéile fágfar pota an tae chois na teine dhó-san, nó dho cé bí uair a thiocfas sé isteach. Nó go n-iompóchaidh na daoine bochta ar a bheith ag caitheamh malairt bídh, biadh a dhéanfas cnáimh agus fuil, agus a chuirfeas spreachadh agus neart ionnta, tá eagla orm nach bhfuil mórán maitheasa a bheith ag cainnt ar na neithibh eile. Is deacair le muinntir na tuaithe athrughadh ar mhalairt
béasa ná ar mhalairt gnáthais. Ar an ádhbhar sin ní gan duadh agus trioblóid agus aimsir a fhéadfas an mhuinntir seo a thóigfeas, nó tá a tógáil, an obair eidir lámhaibh iachall a chuir ortha an t-athrughadh a dhéanamh. Is iomdha teagasg agus comhairle a bhéarfaidh siad dóibh; agus is iomdha casaoid agus clamhsán a dhéanfaidh siad ortha. Acht ná bíodh drochmhisneach ortha - "I leabaidh a chéile a déantar na caisleáin." Ní maith le na daoinibh sgaramhaint leis an ngnás bhí ag a sinsir rompa. Má deireann tú leo nach ceart dóibh muca a choinneáilt istigh ins an tigh comhnuidhthe, nó nach ceart dóibh an t-eallach a bheith istigh ins an oidhche aca - gur adhbhar tinnis dhóibh é. Déarfaidh siad leat go rabhadar istigh ag a n-aithreachaibh 'chuile lá riamh 's gur beag a mhairg a chuir sé ortha; ná raibh lá tinnis ariamh ortha gur cailleadh iad; no go rabhadar an aois seo nuair fuaireadar bás agus ná raibh ribe liath n-a gceann ná fiacail as a ndrad. "Agus," arsa siadsan, "an rud a bhí sáthach maith aca-san 'chiall nach bhfuil sé sáthach maith againn-ne?" B'fhéidir é; acht tá aon dearmad amháin ortha, ámh: ní ar thaé ón tSín ná ó na hIndiachaibh, ná ar phlúr geal ón Oileán Úr a chothuigheadh a gcuid aithreacha ina dtigheacht suas; dá mbadh eadh ba beag aca a bheadh ann indiu le "pension" fhágháil ó Riaghaltas Shasana. Ní headh acht ar mhin choirce agus ar mhin chruithneacht na hÉireann; ar leamhnacht, ar im, ar uibheachaibh, ar fhátaíbh 's ar iasg; agus, b'fhéidir, cuid aca a mharbhuigheadh muc nó mart dóibh féin corruair (ní raibh mórán trácht aca ar mhuicfheoil 'Mheiriocá). Bhí a shliocht ortha, badh aca a bhí an coimpléasc, an fhulaing, agus an seasamh leis an anró; badh bheag é a mbeann ar fhearthainn ná ar bháisdigh; ar ghaoith ná ar ghála, ar shioc ná ar shneachta; badh ionnta a bhí an bhrígh agus an spreacadh, an fuinneamh agus an neart. Ní hionnann sin agus an dream atá ag éirighe suas fá láthair cothuighthe ar thaé agus ar phlúr geal mín an Oileáin Úir, agus ag Dia tá fhios cé an chaoi a bheas ar an nglúin a thiocfas in a ndiaidh muna ndéantar athrughadh bídh a chaitheamh. Níl fhios agam-sa cé an fáth ar ionntuigh na daoine chomh mór ar a bheith ag ól taé, ná cé an fáth bhí leis ar dtús, ná a raibh aon fháth leis (muna ag aithris ar na daoine móra é) acht tá fhios
agam go bhfuil áiteacha ann agus dá n-éireochadh leat a dhul isteach i dteach agus an comhluadar ag a mbéile, go mbeadh náire ortha muran taé bheidís a chaitheamh. Is minic a dubhairt mná tighe liom, nuair bhínn a casaoid ortha fá bheith a tabhairt an iomarca taé dá gcloinn, nach gcaithfidís aon cheó eile uatha. cé ba cionntach leis sin acht na máithreacha fhéin a thug an cleachtadh dóibh ar d'tus? Is áthas liom a rádh ar chaoi ar bith go bhfuil corrdhuine ann a ghlac mo chomhairle agus a thugas níos mó bainne le n-ól dóibh anois, nuair bhíonn an bainne aca; agus a thugas níos mó min choirce dhóibh freisin. Anois i dtaobh na glaineachta; sé an chéad rud a thugas taistealaidhe fá deara ar a dhul thríd an tír dhó a shailighe is bhíos na daoine bochta agus a gcuid tighthe. Má theigheann tú a gabháil a leith-sgéil ní glacfar an leith-sgéal uait; déarfar leat, mar dubhairt bean as Nua Eabhrac liomsa anuraidh; go bhfuil uisge fairsing, nach bhfuil aon áit ar fud na hÉireann a ngabhaidh tú nach bhfuil lochanna is aibhneacha, srutháin agus toibreacha, acht le corp leisge nach nglanfaidh na daoine iad féin ná a gcuid tighthe. Anois ní thiubhrain pioc milleáin don Mheiriocánach fá chainnt den tsórt sin a rádh; acht nuair a thiocfas an Sasanach go leitheadach agus ghlaodhas sé "na Gaedhil shalacha" orainn a bhfuil aon Ghaedheal a chloiseas na focla sin nach gcuipfidh agus nach bhfiuchfaidh a chuid fola le teann feirge? Má tá na Gaedhil salach cé is cionntach leis? Cé an uair a thosuigh na Gaedhil (na daoine bochta, na fíor- Ghaedhil) a chur neamh-shuim ionnta féin agus i na gcuid tighthibh? Thosuigh nuair a bhí réim na dtighearnaí talmhan ann - nó a bhfir ionaid agus a mbuachaillí badh chirte dhom a rádh mar ba bheag de na tighearnaibh a chómhnuigh ar a gcuid dúthaighe. Dá mbeadh lánamhain bhocht ann a choinneóchadh iad fhéin agus a gcomhluadar go deas glan, agus choinneóchadh a dteach mar a gcéadna, mar a mbeadh an cíos aca d'fhear ionad an tighearna nuair thiocfadh sé dá éileamh bheidís amuigh ar thaobh an bhóthair; nó dá n-éireochadh leo go mbeadh an cíos aca déarfadh an buachaill leis an bhfear ionad: "tá teach breagh ghlan ag an bhfear seo. Tá togha an éadaigh air féin agus ar a chomhluadar 'chuile Dhomhnach. Tá sé i n-ann tuilleadh cíosa a íoc." Bheadh an cíos árduighthe ar an bhfear bocht sin an chéad uair eile.
Is minic a chualaidh mé daoine 'gá rádh ins an oileán a bhfuil mé mo chomhnuidhe ann, go dtéigheadh duine de na buachaillibh báire seo suas ar bhárr na dtighthe a breathnughadh síos thríd an simléar féachaint cia'n chóir shuipéir a bhíodh muinntir an tighe a chur ortha féin. Dá bhfeiceadh sé cuid nuaidheacht ar bith aca agus mar a mbeadh an cíos aca an chéad uair eile, amuigh bhíodar; nó, mar a mbéidís amuigh bheadh an cíos árduighthe ortha. Badh é an sgéal céadna é in 'chuile áit eile. Níor bh'aon bhréag a sgríobh Cathal Cicham i dtaobh Cnoc na nGabha. Níor deineadh i gCnoc na nGabha acht an rud a dheineah ins 'chuile bhaile agus chnoc dá shóirt ar fud na hÉireann acht ní raibh aon Chathal Cicham ionnta le cur síos a dhéanamh air. Bhí na daoine bochta cráidhte, céasta. Bhíodar buailte síos fá shálaibh na dtíoránach. Níor fágadh meabhair ná árann ionnta. Brúghadh agus dingeadh isteach i na n-aignibh ó thárla ná raibh ionnta acht Gaedhil, agus ó thárla ná raibh aca acht Gaedhilg gur cheart dóibh a bheith bocht; agus ó bhíodar bocht gur cheart dóibh a bheith salach; agus ó bhíodar 'na nGaedhilgeóirí bochta, salacha ná raibh aon ghnó ar an saoghal aca acht le bheith ag saothrughadh airgid le tabhairt do na tighearnaíbh talmhain le caitheamh thall i Londuin Shasana nó i bPáruis na Fraince. Mar dubhairt mé, bhí na daoine bochta cráidhte, céasta. Bhíodar a fulaing an oiread tarcuisne agus géarleanamhaint gur thosuigheadar a rádh leo féin gur mar gheall ar a nGaedhilg a bhíodar mar bhíodar. Thosuigheadar, in a n-aignibh féin, agus gan bhuidheachas dóibh féin, a chur na Gaedhilge, bochtaineacht, agus sailigheacht ar thaobh; agus a chur an Bhéarla, saidhbhreas, agus glaineacht ar an taobh eile. Badh gheárr gur cheapadar nár cheart dóibh iad fhéin a ghlanadh chor ar bith, gur le lucht an Bhéarla, le na boicínibh a bhain an obair sin. Thosuigheadar a leagan 'chuile mhilleáin ar an nGaedhilg agus a rádh gur bh'í ba bhun agus údhdar 'chuile mhí-ádh dá dtáinig ortha. Agus cé d'fhéadfadh milleán a thabhairt dóibh mar gheall air? Ní fhéadfainn-se ar chuma ar bith. Cé againn-ne, a ghabhfadh thríd an oiread is chuadar, a sheasfadh mar sheasadar- san? Ní raibh sé ann an té a shínfeadh lámh chonganta chuca. Cá raibh na "Daoine Móra" an uair sin? Á! bhíodar i bhfad as láthair; súbhach, sáthach ar shaothar na ndaoine bochta, agus ar ndóigh níor airigheadar a n-anshógh ná a ngéarchrádh.
Thríd an ngéarleanamhain, thríd an tarcuisne, agus tríd 'cuile mhí-ádh eile dar fhulaingeadar, coinnigheadar an Ghaedhilg, acht, faraor! thosuigh cuid aca dá ceilt ar a gcloinn. Ná tabhair aon mhilleán dóibh mar gheall air. Bhíodar ag iarraidh a gclann a chosaint ar an ngéalreanamhain, ar an tarcuisne, agus ar 'chuile mhíádh eile dá ndeachadar féin thríd. Bhíodar ag iarraidh iad a shábháilt ón ngéarchrádh agus ón mbochtaineacht, agus shíleadar ná raibh aon chaoi le é sin a dhéanamh acht an Ghaedhilg a cheilt ortha agus iad a chur ag foghluim Béarla. Ní raibh neart air! Acht níor thréig Dia iad, ná níor thug Sé chúl dóibh. Thosuigh an dorchadas agus an ceó a sgaipeadh. Gheal an oidhche agus d'fháinn an lá, acht níor mhothuigheadar-san é. Tháinig Connradh na Gaedhilge ag fuagairt ortha a gcinn a thógáilt, go raibh an Ghaedhilg fá mheas aríst; gur bh'iad na Ghaedhil bhochta, shuaracha, shalacha, a bí uasal anois, mar gur choinnigheadar a n-oighreacht d'aimhdeóin an tíoránaigh; an oighreacht sin nach féidir le náisiún a bheith ann dá uireasbha: a dteanga dhúthcais. Acht bhíodar chomh domhain sin i n-umar na haimléise nár airigheadar an fhuagairt go dtáinig An Claidheamh Soluis agus gur thosuigh sé a sgairteadh ortha. B'in é bheodhuigh agus a dhúisigh iad fá dheireadh. Thosuigheadar thógáil a gcinn; thosuigh misneach agus dóchas a thigheacht ina gcroidhthibh; acht bhíodar sioncuighthe, spionnta; ní raibh níos mó troda ina bhfurmhór. Bhíodar ar nós Cloinne Israel tar éis Maoise dhá dtabhairt saor ó smacht thíoránaigh na hÉigipte. Bhíodar-san muinghineach, dóchasach, ag triall ar Thír Thairngire; acht nuair chualadar go raibh tuilleadh troda le déanamh aca sul shroichfadh siad í d'iarradar a dhul ar ais aríst go hÉigipt. B'fheárr leo fanacht choidhche mar bhíodar fá smacht an thíoránaigh ná níos mó troda a dhéanamh ar son a saorsacht. Acht níor leigeadh ar ais iad. D'fhanadar ins an bhfásach gur fhás "clann óg" suas. "Clann óg" a raibh fuinneamh, agus misneach agus troid ionnta. "Clann óg" a chualaidh céard a chuaidh a n-aithreacha thríd acht nár fhulaing aon phioc géarleanamhna iad fhéin. Ní raibh aon eagla ortha-san roimh throid nuair tháinig lá an áir ná níor iarradar a dhul ar ais. Is mar sin linn-ne - is as an aos óg a chaitheas ár ndóchas a
bheith. Tá sé chomh maith leigint do na seanndaoine an chuid eile dá saoghal a chaitheamh sa bhfásach; acht faighmís uatha stair a mbeatha sul leigfeas sinn uainn iad. Agus le go mbeidh "clann óg gan baoghal" a fás suas againn-ne - "clann óg" a throid- feas go misneamhail cródha - faighidís eolas ar stair na beatha sin a sinsir. Innsithear dhóibh cé mar gheall air na tighthe bochta suaracha. Innsithear dhóibh cé mar gheall ar na fuinneoga beaga nár bh'fhéidir osgailt leis an aér breágh folláin a sgaoileadh isteach ar fud an tighe. Innsithear dhóibh cé mar gheall air ar ceileadh an Ghaedhilg ortha, agus cé mar gheall ar an neamhshuim a bhí ag a n-aithreacha ins 'chuile rud a bhain le na dtír dhúthchais. Innsithear dhóibh má tá na daoine móra ag tabhairt congnamh dhóibh anois, nach aon déirc é. Nach bhfuil siad acht ag aisioc. Nach bhfuil siad acht a tógáil cuid den ualach dá gcoinsias, agus is trom trom is ceart don ualach sin a bheith, má tá coisias ar bith ionnta. Seo é an áit ar féidir leis an oide sgoile congnamh a thabhairt, agus congnamh ar foghnamh, don mhuinntir seo atá ag iarraidh an eitinn a ruaigeadh as an tír. Is féidir le múin- teóirí Connradh na Gaedhilge, agus le 'chuile mhúinteóir eile a bhfuil meas aige ar a thír nó aon tsuim aige innti an congnamh céadna a thabhairt uatha. Tá ar 'chuile oide sgoile Sláinteachas (Health and Habits) a mhúnadh ar a sgoil anois, agus nuair a beas sé dá mhúnadh sin, 'seadh tá aige stair a sinsir a chraobh- scaoileadh dhóibh (.i. do na páisdíbh). Sin é an uair atá aige na neithe a bhfuil tráchttha agam cheana ortha a chur i n-umhail dóibh; agus má tá braon d'fhuil na nGaedheal ag rith 'n-a gcuisleachaibh, nó má tá tíoramhlacht nó fearamhlacht ar bith ionnta, spreagfaidh an t-eolas sin iad chun oibriughadh go dícheallach le toradh na géarleanamhna agus na tarcuisne a ruaigeadh agus a chaitheamh uatha agus toradh na saorsachta a chur ina ionad; spreagfaidh sé iad chun congnamh a thabhairt is a gcuid tighthe a choinneáilt mar ba cheart do theach Críostaidhe a bheith agus ní ar nós stábla beithidheach; spreagfaidh sé iad chun rian deiridh an tíoránaigh a ghlanadh amach as an tír. Níor dhual do na Gaedhil a bheith salach agus ní bheidh nuair gheobhaidh siad eolas agus teagasg. Is ar an gcuma seo tá luaidhte agam is feárr Sláinteachas
a mhúnadh dho na páisdíbh ar sgoil. Maidir le go ndéanfadh sé pioc maitheasa dhóibh a bheith a léigheadh as leabhar gur cheart dóibh seo is siúd a dhéanamh, ní dhéanfadh. Gan aimhreas múinfidh sé dhóibh leis an rud a dhéanamh acht ní chuirfidh sé dá dhéanamh iad; tá an gnás sa mbaile i gcoinne an leabhair, acht nuair cuirfear i n-umhal dóibh cé an fáth a bhí leis an ngnás sin ar dtús, beidh fhios aca annsin nach gnás nádúrtha é agus dá luaithe dá ndíbreóchar é gur b'amhlaidh is feárr é. ÚNA NIC FHUALÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services