AN EITINN:
CÉARD IS FÉIDIR LE OIDÍBH SGOILE A DHÉANAMH LE
CONGNAMH A THABHAIRT CHUN AN GALAR A RUAIG-
EADH AS AN TÍR.
Is iomdha ceist dá chur tré n-a chéile agus dá phléidhe ag
muinntir na hÉireann le beagán bliadhanta. Tá gach aon
dream dá bhfuil sa tír ag obair go dicheallach ag iarraidh ceart
is cóir a bhaint amach dóibh féin. Tá na tunóntaí ag iarraidh
ceart is cóir a bhaint amach de na tighearnaíbh talmhan; tá
Connradh na Gaedhilge ag iarraidh ceart is cóir a bhaint amach
don Ghaedhilg ins an Ollsgoil nuadh agus ins 'chuile sgoil eile
nuadh agus sean ar fud na tíre; tá na hoidí sgoile ag iarraidh
ceart is cóir a bhaint amach dóibh féin agus dá gcuid sgoláirí
de lucht Ceannais an Oideachais Náisiúnta agus de Chisdeóir
Shasana, cé bí cé hé, nó céard é sin, agus tá feisirí na hÉireann
ag iarraidh ceart is cóir a bhaint do Éirinn uile de Riaghaltais
Shasana thall i dtigh féise na tíre sin.
Tá gach aon dream ag dul chun cinn; acht 'na dhiaidh sin is
uilig is deacair dhuit do chroidhe a choinneáilt dóchasach agus
a rádh leat féin go mbeidh saoghal maith againn i nÉirinn ar ball
le congnamh Dé, an fhad is fheiceas tú an t-éirleach atá dhá
dhéanamh i measg aos óg na tíre ag an dá sgriosadóir millteach
sin: an Imirce agus an Eitinn. B'fhéidir dá mbeadh ceist na
talmhan socruighthe agus an talamh roinnte ar na ndaoinibh
bochta go gcuirfidhe beagán staonadh leis an Imirce; acht tá
eagla orm nach gcuirfidh aon tsocrughadh cosg ar an Eitinn mar
a dtoilighid na daoine féin leis agus athrughadh a chuir ar a gcóir
maireachtála. Le mo chuimhne fén is mór an t-iongnadh a chuir-
feadh sé ar dhaoinibh a chloisteál go bhfuair duine óg bás; anois
níl pioc suime dá chuir ann, mar is sgéal é atá dhá chloisteál
'chuile lá. Siad na daoine óga atá ag imtheacht uilig ar an
aimsir seo - an chuid aca nach bhfuil buailte ag an Eitinn, tá
siad buailte ag an bhfiabhras cléibh no ag galar eicínt eile dá
shóirt, galraí nár chualaidh ár n-aithreacha trácht ariamh ortha.
Ní féidir nó tá fáth eicínt leis seo! Agus má tá fáth leis,
ní féidir nó tá leigheas eicínt n-a chionn! Deir na dochtúirí go
bhfuil. Tá fhios againn uilig gur bh'é tuairim 'chuile dhuine roimhe
seo ná raibh aon leigheas i gcionn fear eitinne, agus duine bocht
ar bith a mbíodh an galar sin air ní deintí pioc dhó acht é fhágáil
a chaitheamh an tsaoghail leis go gcuirfeadh Dia fios air. Acht
anois, míle buidheachas le Dia! tá athrughadh tuairime ag na
daoinibh - tá an sgéal níos feárr ag an bhfear eitinne, mar tá
leigheas i ndán dó acht a dhul roimh an ngalar i n-am.
Tá obair mhaith déanta ag an Dochtúr Ó Beirn do Chonnradh
na Gaedhilge agus dá gcáirde siar fá Chuan na Mara, ar fhios
an leighis sin a thabhairt do na daoinibh bochta; agus tá foireann
na trucaille ag dul anonn agus anall ar fud na tíre ag teag-
asg na ndaoine agus dá chraobhsgaoileadh dhóibh céard atá aca
le déanamh chun an ruaig a chur ar an ngalar uathbhásach sin amach
as an tír; agus ar ndóigh tá Cumann na mBan ar son Sláinte
na hÉireann ag déanamh toghadh oibre ag sgaipeadh eolais i
measg an phobail.
Acht tá eagla orm gur beag an toradh a bheas i ndiaidh saoth-
air na "ndaoine móra". B'fhéidir go n-éistfidhe leo fá láthair,
agus go dtabharfaidhe geallamhna dhóibh, acht sin a mbeidh ann.
Le aon toradh seasmhach tábhachtach a bheith de bhárr an tsaothair,
siad na daoine bochta féin a chaithfeas an chuid is mó den obair
a dhéanamh. Dá ndeintí tighthe dhóibh a bheadh sé stóir ar áirde
agus dá gcuirtí míle fuinneóg ar 'chuile theach, is beag an mhaith
é muna ndéantar na daoine féin a bhrosdughadh agus a
spreagadh chun oibre.
"Cé an chaoi?" arsa tusa. "Céard is féidir le na daoinibh
bochta a dhéanamh?" Admhuighim nach féidir leo mórán a dhéanamh
ar mhodh; acht is féidir leo cuid mhaith a dhéanamh ar mhodh eile.
Ní féidir leo tighthe a thógáil; acht is féidir leo iad féin agus
na tighthe atá aca a choinneáilt níos glaine ar bheagán costais.
Acht cé bí céard is féidir leo a dhéanamh ná nach féidir, deirim
aríst nach mbeidh aon toradh seasmhach i ndiaidh saothar na
"ndaoine móra," agus seo á an fáth: Ins an gcéad áit, ní
thuigeann siad na daoine bochta - ins an nGaedhealtacht ar chuma
ar bith. Ins an dara áit, choinnigheadar an cuibhreach ró-fháisgithe
ortha an fhad is bhíodar fá n-a smacht, agus choinnigheadar an chos
fó-fhada ar an muineál aca, le aon bháidh bheith aca leo anois.
Agus, ins an treas áit, tá siad a stealladh Béarla leo chomh
maith is nach bhfuil ár ndóthain cheana againn de. Is fada ó n-a
daoine bochta d'fhanadar nuair bhíodar i ngéarcháll, agus is
deacair dearmad a dhéanamh gur bh'iad na "daoine móra" bun
agus ughdar an mhí-ádh ar dtús. Má tá fonn ar na "daoine
móra" nó má's mian leo cúitiughadh le na daoine bochta agus
láimh a bheith aca ins an obair seo, tugaidís cuid de'n airgead
atá ar spáráilte aca, agus atá a déanamh caonnach liath ortha, dho
Chonnradh na Gaedhilge nó dho na Coisdíbh Ceanntair, agus lean-
aidís-sean den obair atá dhá dhéanamh ag an Dochtúr Ó Beirn.
Tuigeann an dochtúr na daoine, is duine aca féin é, agus ní
Béarla bheas aige dá spreagadh leo nuair bheas sé dá dteag-
asg. Acht, ar ndóigh, ní dho léim a féadfar an obair seo a
dhéanamh, ná ní dho léim a feicfear toradh na hoibre; ní dho léim
a tháinig an galar, ná ní dho léim a féadfar a dhíbirt.
Anois céard é an leigheas iongantach seo chor ar bith atá
i n-ann díbirt agus ruaig a chuir ar an sgriosadóir millteach
seo amach as an measg? Tá; biadh folláin, substainteamhail a
chaitheamh; neart aéir ar fud an tighe; agus glaineacht. Sin iad
na trí neithe atá riachtanach agus atá ar chumas 'chuile dhuine má
thogrann sé féin é, go mór mhór an dá nídh dheiridh. Níl pioc ar
aon duine i ndiaidh neart aéir a staoileadh isteach ar fud
an tighe; níl aon cheo air i ndiaidh an uisge - fá'n tuaith go
haithrid; agus tá gallaoireach saor. Acht sé an biadh is measa!
Tá na daoine bochta chomh tugtha dho bheith ag ól an taé mio-
ádhsach sin is nach bhfuil déanamh dá uireasbha aca. Agus ba mhaith
sin tae, acht ní tae ólann a bhfurmhór acht nimh! Taé bhíos
ar tarraint agus ar bogadh ar feadh cúpla uair a chluig go
minic, b'fhéidir; mar má bhíonn éinne amuigh ón mbéile fágfar
pota an tae chois na teine dhó-san, nó dho cé bí uair a thiocfas
sé isteach. Nó go n-iompóchaidh na daoine bochta ar a bheith ag
caitheamh malairt bídh, biadh a dhéanfas cnáimh agus fuil, agus a
chuirfeas spreachadh agus neart ionnta, tá eagla orm nach bhfuil
mórán maitheasa a bheith ag cainnt ar na neithibh eile.
Is deacair le muinntir na tuaithe athrughadh ar mhalairt
béasa ná ar mhalairt gnáthais. Ar an ádhbhar sin ní gan
duadh agus trioblóid agus aimsir a fhéadfas an mhuinntir
seo a thóigfeas, nó tá a tógáil, an obair eidir lámhaibh
iachall a chuir ortha an t-athrughadh a dhéanamh. Is iomdha
teagasg agus comhairle a bhéarfaidh siad dóibh; agus is
iomdha casaoid agus clamhsán a dhéanfaidh siad ortha.
Acht ná bíodh drochmhisneach ortha - "I leabaidh a chéile a
déantar na caisleáin." Ní maith le na daoinibh sgaramhaint leis
an ngnás bhí ag a sinsir rompa. Má deireann tú leo nach
ceart dóibh muca a choinneáilt istigh ins an tigh comhnuidhthe, nó
nach ceart dóibh an t-eallach a bheith istigh ins an oidhche aca - gur
adhbhar tinnis dhóibh é. Déarfaidh siad leat go rabhadar istigh ag
a n-aithreachaibh 'chuile lá riamh 's gur beag a mhairg a chuir
sé ortha; ná raibh lá tinnis ariamh ortha gur cailleadh iad; no go
rabhadar an aois seo nuair fuaireadar bás agus ná raibh
ribe liath n-a gceann ná fiacail as a ndrad. "Agus," arsa
siadsan, "an rud a bhí sáthach maith aca-san 'chiall nach bhfuil sé
sáthach maith againn-ne?" B'fhéidir é; acht tá aon dearmad
amháin ortha, ámh: ní ar thaé ón tSín ná ó na hIndiachaibh, ná ar
phlúr geal ón Oileán Úr a chothuigheadh a gcuid aithreacha ina
dtigheacht suas; dá mbadh eadh ba beag aca a bheadh ann indiu le
"pension" fhágháil ó Riaghaltas Shasana. Ní headh acht ar mhin
choirce agus ar mhin chruithneacht na hÉireann; ar leamhnacht, ar
im, ar uibheachaibh, ar fhátaíbh 's ar iasg; agus, b'fhéidir, cuid aca
a mharbhuigheadh muc nó mart dóibh féin corruair (ní raibh mórán
trácht aca ar mhuicfheoil 'Mheiriocá). Bhí a shliocht ortha, badh
aca a bhí an coimpléasc, an fhulaing, agus an seasamh leis
an anró; badh bheag é a mbeann ar fhearthainn ná ar bháisdigh; ar
ghaoith ná ar ghála, ar shioc ná ar shneachta; badh ionnta a bhí an
bhrígh agus an spreacadh, an fuinneamh agus an neart. Ní
hionnann sin agus an dream atá ag éirighe suas fá láthair
cothuighthe ar thaé agus ar phlúr geal mín an Oileáin Úir, agus
ag Dia tá fhios cé an chaoi a bheas ar an nglúin a thiocfas in a
ndiaidh muna ndéantar athrughadh bídh a chaitheamh.
Níl fhios agam-sa cé an fáth ar ionntuigh na daoine chomh mór
ar a bheith ag ól taé, ná cé an fáth bhí leis ar dtús, ná a raibh
aon fháth leis (muna ag aithris ar na daoine móra é) acht tá fhios
agam go bhfuil áiteacha ann agus dá n-éireochadh leat a dhul
isteach i dteach agus an comhluadar ag a mbéile, go mbeadh
náire ortha muran taé bheidís a chaitheamh. Is minic a dubhairt
mná tighe liom, nuair bhínn a casaoid ortha fá bheith a tabhairt
an iomarca taé dá gcloinn, nach gcaithfidís aon cheó eile uatha.
cé ba cionntach leis sin acht na máithreacha fhéin a thug an
cleachtadh dóibh ar d'tus? Is áthas liom a rádh ar chaoi ar bith go
bhfuil corrdhuine ann a ghlac mo chomhairle agus a thugas níos mó
bainne le n-ól dóibh anois, nuair bhíonn an bainne aca; agus
a thugas níos mó min choirce dhóibh freisin.
Anois i dtaobh na glaineachta; sé an chéad rud a thugas
taistealaidhe fá deara ar a dhul thríd an tír dhó a shailighe is
bhíos na daoine bochta agus a gcuid tighthe. Má theigheann tú a
gabháil a leith-sgéil ní glacfar an leith-sgéal uait; déarfar
leat, mar dubhairt bean as Nua Eabhrac liomsa anuraidh; go
bhfuil uisge fairsing, nach bhfuil aon áit ar fud na hÉireann
a ngabhaidh tú nach bhfuil lochanna is aibhneacha, srutháin agus
toibreacha, acht le corp leisge nach nglanfaidh na daoine iad
féin ná a gcuid tighthe. Anois ní thiubhrain pioc milleáin don
Mheiriocánach fá chainnt den tsórt sin a rádh; acht nuair
a thiocfas an Sasanach go leitheadach agus ghlaodhas sé "na
Gaedhil shalacha" orainn a bhfuil aon Ghaedheal a chloiseas na
focla sin nach gcuipfidh agus nach bhfiuchfaidh a chuid fola le
teann feirge? Má tá na Gaedhil salach cé is cionntach leis?
Cé an uair a thosuigh na Gaedhil (na daoine bochta, na fíor-
Ghaedhil) a chur neamh-shuim ionnta féin agus i na gcuid tighthibh?
Thosuigh nuair a bhí réim na dtighearnaí talmhan ann - nó a
bhfir ionaid agus a mbuachaillí badh chirte dhom a rádh mar ba
bheag de na tighearnaibh a chómhnuigh ar a gcuid dúthaighe. Dá
mbeadh lánamhain bhocht ann a choinneóchadh iad fhéin agus a
gcomhluadar go deas glan, agus choinneóchadh a dteach mar
a gcéadna, mar a mbeadh an cíos aca d'fhear ionad an tighearna
nuair thiocfadh sé dá éileamh bheidís amuigh ar thaobh an bhóthair;
nó dá n-éireochadh leo go mbeadh an cíos aca déarfadh an
buachaill leis an bhfear ionad: "tá teach breagh ghlan ag an
bhfear seo. Tá togha an éadaigh air féin agus ar a chomhluadar
'chuile Dhomhnach. Tá sé i n-ann tuilleadh cíosa a íoc." Bheadh
an cíos árduighthe ar an bhfear bocht sin an chéad uair eile.
Is minic a chualaidh mé daoine 'gá rádh ins an oileán a bhfuil
mé mo chomhnuidhe ann, go dtéigheadh duine de na buachaillibh
báire seo suas ar bhárr na dtighthe a breathnughadh síos thríd an
simléar féachaint cia'n chóir shuipéir a bhíodh muinntir an tighe
a chur ortha féin. Dá bhfeiceadh sé cuid nuaidheacht ar bith aca
agus mar a mbeadh an cíos aca an chéad uair eile, amuigh
bhíodar; nó, mar a mbéidís amuigh bheadh an cíos árduighthe ortha.
Badh é an sgéal céadna é in 'chuile áit eile. Níor bh'aon bhréag
a sgríobh Cathal Cicham i dtaobh Cnoc na nGabha. Níor deineadh
i gCnoc na nGabha acht an rud a dheineah ins 'chuile bhaile agus
chnoc dá shóirt ar fud na hÉireann acht ní raibh aon Chathal
Cicham ionnta le cur síos a dhéanamh air.
Bhí na daoine bochta cráidhte, céasta. Bhíodar buailte síos
fá shálaibh na dtíoránach. Níor fágadh meabhair ná árann ionnta.
Brúghadh agus dingeadh isteach i na n-aignibh ó thárla ná raibh
ionnta acht Gaedhil, agus ó thárla ná raibh aca acht Gaedhilg gur
cheart dóibh a bheith bocht; agus ó bhíodar bocht gur cheart dóibh a
bheith salach; agus ó bhíodar 'na nGaedhilgeóirí bochta, salacha ná
raibh aon ghnó ar an saoghal aca acht le bheith ag saothrughadh
airgid le tabhairt do na tighearnaíbh talmhain le caitheamh thall i
Londuin Shasana nó i bPáruis na Fraince. Mar dubhairt mé, bhí
na daoine bochta cráidhte, céasta. Bhíodar a fulaing an oiread
tarcuisne agus géarleanamhaint gur thosuigheadar a rádh leo
féin gur mar gheall ar a nGaedhilg a bhíodar mar bhíodar.
Thosuigheadar, in a n-aignibh féin, agus gan bhuidheachas dóibh féin,
a chur na Gaedhilge, bochtaineacht, agus sailigheacht ar thaobh;
agus a chur an Bhéarla, saidhbhreas, agus glaineacht ar an taobh
eile. Badh gheárr gur cheapadar nár cheart dóibh iad fhéin a
ghlanadh chor ar bith, gur le lucht an Bhéarla, le na boicínibh a
bhain an obair sin. Thosuigheadar a leagan 'chuile mhilleáin ar an
nGaedhilg agus a rádh gur bh'í ba bhun agus údhdar 'chuile mhí-ádh
dá dtáinig ortha. Agus cé d'fhéadfadh milleán a thabhairt dóibh
mar gheall air? Ní fhéadfainn-se ar chuma ar bith. Cé againn-ne,
a ghabhfadh thríd an oiread is chuadar, a sheasfadh mar sheasadar-
san? Ní raibh sé ann an té a shínfeadh lámh chonganta chuca.
Cá raibh na "Daoine Móra" an uair sin? Á! bhíodar i bhfad as
láthair; súbhach, sáthach ar shaothar na ndaoine bochta, agus ar
ndóigh níor airigheadar a n-anshógh ná a ngéarchrádh.
Thríd an ngéarleanamhain, thríd an tarcuisne, agus tríd
'cuile mhí-ádh eile dar fhulaingeadar, coinnigheadar an Ghaedhilg,
acht, faraor! thosuigh cuid aca dá ceilt ar a gcloinn. Ná
tabhair aon mhilleán dóibh mar gheall air. Bhíodar ag iarraidh a
gclann a chosaint ar an ngéalreanamhain, ar an tarcuisne,
agus ar 'chuile mhíádh eile dá ndeachadar féin thríd. Bhíodar ag
iarraidh iad a shábháilt ón ngéarchrádh agus ón mbochtaineacht,
agus shíleadar ná raibh aon chaoi le é sin a dhéanamh acht an
Ghaedhilg a cheilt ortha agus iad a chur ag foghluim Béarla. Ní
raibh neart air!
Acht níor thréig Dia iad, ná níor thug Sé chúl dóibh. Thosuigh
an dorchadas agus an ceó a sgaipeadh. Gheal an oidhche agus
d'fháinn an lá, acht níor mhothuigheadar-san é. Tháinig Connradh
na Gaedhilge ag fuagairt ortha a gcinn a thógáilt, go raibh an
Ghaedhilg fá mheas aríst; gur bh'iad na Ghaedhil bhochta, shuaracha,
shalacha, a bí uasal anois, mar gur choinnigheadar a n-oighreacht
d'aimhdeóin an tíoránaigh; an oighreacht sin nach féidir le
náisiún a bheith ann dá uireasbha: a dteanga dhúthcais.
Acht bhíodar chomh domhain sin i n-umar na haimléise nár
airigheadar an fhuagairt go dtáinig An Claidheamh Soluis agus
gur thosuigh sé a sgairteadh ortha. B'in é bheodhuigh agus a
dhúisigh iad fá dheireadh. Thosuigheadar thógáil a gcinn; thosuigh
misneach agus dóchas a thigheacht ina gcroidhthibh; acht bhíodar
sioncuighthe, spionnta; ní raibh níos mó troda ina bhfurmhór.
Bhíodar ar nós Cloinne Israel tar éis Maoise dhá dtabhairt
saor ó smacht thíoránaigh na hÉigipte. Bhíodar-san muinghineach,
dóchasach, ag triall ar Thír Thairngire; acht nuair chualadar go
raibh tuilleadh troda le déanamh aca sul shroichfadh siad í
d'iarradar a dhul ar ais aríst go hÉigipt. B'fheárr leo fanacht
choidhche mar bhíodar fá smacht an thíoránaigh ná níos mó troda a
dhéanamh ar son a saorsacht. Acht níor leigeadh ar ais iad.
D'fhanadar ins an bhfásach gur fhás "clann óg" suas. "Clann
óg" a raibh fuinneamh, agus misneach agus troid ionnta.
"Clann óg" a chualaidh céard a chuaidh a n-aithreacha thríd acht
nár fhulaing aon phioc géarleanamhna iad fhéin. Ní raibh aon
eagla ortha-san roimh throid nuair tháinig lá an áir ná níor
iarradar a dhul ar ais.
Is mar sin linn-ne - is as an aos óg a chaitheas ár ndóchas a
bheith. Tá sé chomh maith leigint do na seanndaoine an chuid eile
dá saoghal a chaitheamh sa bhfásach; acht faighmís uatha stair a
mbeatha sul leigfeas sinn uainn iad. Agus le go mbeidh "clann
óg gan baoghal" a fás suas againn-ne - "clann óg" a throid-
feas go misneamhail cródha - faighidís eolas ar stair na beatha
sin a sinsir. Innsithear dhóibh cé mar gheall air na tighthe bochta
suaracha. Innsithear dhóibh cé mar gheall ar na fuinneoga beaga
nár bh'fhéidir osgailt leis an aér breágh folláin a sgaoileadh
isteach ar fud an tighe. Innsithear dhóibh cé mar gheall air ar
ceileadh an Ghaedhilg ortha, agus cé mar gheall ar an neamhshuim
a bhí ag a n-aithreacha ins 'chuile rud a bhain le na dtír dhúthchais.
Innsithear dhóibh má tá na daoine móra ag tabhairt congnamh
dhóibh anois, nach aon déirc é. Nach bhfuil siad acht ag aisioc.
Nach bhfuil siad acht a tógáil cuid den ualach dá gcoinsias, agus
is trom trom is ceart don ualach sin a bheith, má tá coisias ar
bith ionnta.
Seo é an áit ar féidir leis an oide sgoile congnamh a
thabhairt, agus congnamh ar foghnamh, don mhuinntir seo atá ag
iarraidh an eitinn a ruaigeadh as an tír. Is féidir le múin-
teóirí Connradh na Gaedhilge, agus le 'chuile mhúinteóir eile a
bhfuil meas aige ar a thír nó aon tsuim aige innti an congnamh
céadna a thabhairt uatha. Tá ar 'chuile oide sgoile Sláinteachas
(Health and Habits) a mhúnadh ar a sgoil anois, agus nuair a
beas sé dá mhúnadh sin, 'seadh tá aige stair a sinsir a chraobh-
scaoileadh dhóibh (.i. do na páisdíbh). Sin é an uair atá aige na
neithe a bhfuil tráchttha agam cheana ortha a chur i n-umhail dóibh;
agus má tá braon d'fhuil na nGaedheal ag rith 'n-a gcuisleachaibh,
nó má tá tíoramhlacht nó fearamhlacht ar bith ionnta, spreagfaidh
an t-eolas sin iad chun oibriughadh go dícheallach le toradh
na géarleanamhna agus na tarcuisne a ruaigeadh agus a
chaitheamh uatha agus toradh na saorsachta a chur ina ionad;
spreagfaidh sé iad chun congnamh a thabhairt is a gcuid tighthe a
choinneáilt mar ba cheart do theach Críostaidhe a bheith agus ní ar
nós stábla beithidheach; spreagfaidh sé iad chun rian deiridh an
tíoránaigh a ghlanadh amach as an tír. Níor dhual do na Gaedhil
a bheith salach agus ní bheidh nuair gheobhaidh siad eolas agus
teagasg.
Is ar an gcuma seo tá luaidhte agam is feárr Sláinteachas
a mhúnadh dho na páisdíbh ar sgoil. Maidir le go ndéanfadh sé
pioc maitheasa dhóibh a bheith a léigheadh as leabhar gur cheart dóibh
seo is siúd a dhéanamh, ní dhéanfadh. Gan aimhreas múinfidh sé
dhóibh leis an rud a dhéanamh acht ní chuirfidh sé dá dhéanamh iad;
tá an gnás sa mbaile i gcoinne an leabhair, acht nuair cuirfear
i n-umhal dóibh cé an fáth a bhí leis an ngnás sin ar dtús,
beidh fhios aca annsin nach gnás nádúrtha é agus dá luaithe
dá ndíbreóchar é gur b'amhlaidh is feárr é.
ÚNA NIC FHUALÁIN.