Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Log na gCeathramhan.
Title
Log na gCeathramhan.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Log na gCeathramhan. [Tá ceapaithe againn beagán slighe d'fhágáil gach mí ag na filidhibh i slighe ná tiocfaidh meirg ar a bpeannaibh, acht go bhfaighidh Gaedhil sult agus caitheamh aimsire as a gceapadóireacht. Do cheathramhnaibh amháin an cúinne seo, .i. ceathramha amháin ó dhuine ar cheist. Is iomdha rud gur féidir ceathramha a cheapadh air. Má's maith le duine é, féadfaidh freagra a thabhairt ar cheath- ramhain dá bhfuil i gcló cheana. Athchuinghmíd ar an ndáimhéigse teacht dár gcabhair, agus mara mbeidh spórt againn ní lá go headarshuth é. Taitnid na Ceathramhna le gach aon duine. Táimíd buidheach desna filidhibh de bhárr a gconganta. Beidh fáilte roimh an uile dhuine. Tabhair-se iarracht.] DÍLSEACHT GRÁDHA. Má leathann mo cháil i láthair barrfionn mar scéal Is atharrach mná go ngrádhaim gach seachtmhaine is lae, Ní heagal dam Cáit ná Máire dhom bhearradh san mhaéil; Ní mhaireann an grádh age báib chomh fada son féin. LIÚDUIDHE ÓG. FREAGRA. Do b'fhearra dhot cháil dá mb'áil liot tarraing go réidh; Ní malairt is fearr - ní ceárd é thaitneann le cléir; Seachain-se Cáit is Máire 'en aicme tá claon, Is ceangail le mánla bhádhach de shleachtaibh na nGaedheal. SEAN-LIÚDAIDHE. CLUAIN MEALA. I gCluain Meala, an lá fé dheireadh, do chaith Bord Chosantóirí na mBocht amach rún do cuireadh as a gcomhair, ag deaghGhaedheal, i bhfábhar na Gaedhilge san Iolscoil. A Chluain Meala na nGallasheóinín, A Chluain Meala lér geal an stróinseacht; A Chluain Meala tá balaith im shróin uait, 'S a Chluain Meala seo speach sa tóin duit. DHÁ CHÍCH DHANANN. FREAGRA. Éireóghaidh Cluain Meala na bhfeara bhfóghanta Ag cur abhfad ar an speachadh gleóite, Nuair dhéanfar stad den ngaisce mhóirnirt Beidh Cluain Meala glan gan seóinín. FEAR GAN CLEITE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services