Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Log na gCeathramhan.

Title
Log na gCeathramhan.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Log na gCeathramhan.



[Tá ceapaithe againn beagán slighe d'fhágáil gach mí ag na filidhibh i slighe
ná tiocfaidh meirg ar a bpeannaibh, acht go bhfaighidh Gaedhil sult agus caitheamh
aimsire as a gceapadóireacht. Do cheathramhnaibh amháin an cúinne seo, .i.
ceathramha amháin ó dhuine ar cheist. Is iomdha rud gur féidir ceathramha a
cheapadh air. Má's maith le duine é, féadfaidh freagra a thabhairt ar cheath-
ramhain dá bhfuil i gcló cheana. Athchuinghmíd ar an ndáimhéigse teacht dár
gcabhair, agus mara mbeidh spórt againn ní lá go headarshuth é.



Taitnid na Ceathramhna le gach aon duine. Táimíd buidheach desna filidhibh
de bhárr a gconganta. Beidh fáilte roimh an uile dhuine. Tabhair-se iarracht.]




DÍLSEACHT GRÁDHA.



Má leathann mo cháil i láthair barrfionn mar scéal
Is atharrach mná go ngrádhaim gach seachtmhaine is lae,
Ní heagal dam Cáit ná Máire dhom bhearradh san mhaéil;
Ní mhaireann an grádh age báib chomh fada son féin.



LIÚDUIDHE ÓG.



FREAGRA.



Do b'fhearra dhot cháil dá mb'áil liot tarraing go réidh;
Ní malairt is fearr - ní ceárd é thaitneann le cléir;
Seachain-se Cáit is Máire 'en aicme tá claon,
Is ceangail le mánla bhádhach de shleachtaibh na nGaedheal.



SEAN-LIÚDAIDHE.



CLUAIN MEALA.



I gCluain Meala, an lá fé dheireadh, do chaith Bord Chosantóirí na mBocht
amach rún do cuireadh as a gcomhair, ag deaghGhaedheal, i bhfábhar na Gaedhilge
san Iolscoil.



A Chluain Meala na nGallasheóinín,
A Chluain Meala lér geal an stróinseacht;
A Chluain Meala tá balaith im shróin uait,
'S a Chluain Meala seo speach sa tóin duit.



DHÁ CHÍCH DHANANN.



FREAGRA.



Éireóghaidh Cluain Meala na bhfeara bhfóghanta
Ag cur abhfad ar an speachadh gleóite,
Nuair dhéanfar stad den ngaisce mhóirnirt
Beidh Cluain Meala glan gan seóinín.



FEAR GAN CLEITE.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services