Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fraoch agus Fionnabhair.
Title
Fraoch agus Fionnabhair.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Mag Uidhir, Art
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fraoch agus Fionnabhair. ART MAG UIDHIR d'atharruigh as an SeanGhaedhilg. Bhí fear i gCúige Chonnacht fadó agus sé b'ainm dó Fraoch mac Iodhaigh. Bean sídhe dar bh'ainm Béibhinn ba mháthair dó, agus bhí deirbhshiúr aici sin dar bh'ainm Bóinn. Ní raibh i nÉirinn ná i nAlbain fear do b'fhearr sgéimh 'ná Fraoch. Níor bhuainide a shaoghal é sin, ámhthach. Thug a mháthair dhá cheann déag de bha chuige as cnoc na sidhe: ba bána agus cluasa dearga ortha. Bhí tigheas agus talamh annsoin aige go ceann ochd mbliadhan gan bean do thabhairt chuige féin. Deichneabhar is dathad de mhacaibh ríogh, b'in é líon an teaghlaigh a bhí aige, agus iadsan uile ar chothrom aoise agus fionachruth leis féin. Thug Fionnabhair, inghean Ríogh Chonnacht, grádh dhó ar a thuair- isg, óir ba lán Éire agus Alba dá cháil agus dá sgéala. Do hinnseadh dhósan agá theigh go raibh grádh ag inghin an ríogh dhó, agus do hiarradh air dol chun cainte leis an óigbhean. Chuir sé an dáil i gcomhairle a chompánach.
"Téightear uait," ar siadsan, "go dtí deirbhshiúr do mháthair, go dtugtar roinnt d'éadach iongantach agus de bhronntanasaí sídhe chughat uaithi." Chuaidh sé 'na dhiaidh soin go dtí deirbhshiúr a mháthar, go Bóinn an tsidhe-bhean, go dtí n-a hárus i Maigh Breagh. Fuair uaithi deich mbrat gorm is dathad agus míleach deargóir le gach brat, agus léintreacha bána geala agus tuaghmhíolta oir agus airgid umpa. Fuair caoga sgiath airgid agus caoga claidheamh glac- óir. Fuair capall glas fé gach fear, agus béalbhaighe óir leótha. Caoga fuip fionndruine agus bacáin óir ar cheann gach fuipe. Fuair seachd ngadhair fiadhaigh fé shlabhraidhe airgid, agus ubhall óir idir gach ceann acu. Fuair mórsheisear trúmpairí le trúmpaí óir agus airgid, fé éadaighe go raibh malairt gach dath ortha. Bhí triúr draoithe rompa le cróinneacha airgid. Triúr cruitirí ar dheallramh ríghthe le cois gach nduine. Gluaisid as go Cruachain fén maise sin. Mar do bhuaileadar machaire Chruachna, do chonnaic an fear faire dhen dún iad. "Mathshluagh chímse chun an dúna! Ó thóg Oilioll agus Meadhbh an ríoghacht níor tháinig agus ní thiucfaidh mathshluagh is breághtha ná is suairce. Níor bh'fheárr lium mo cheann do bheith i ndaibhigh fhíona 'ná é bheith leis an ngaoith do thagann thórsa-san. An cleas agus an gníomh do dhineann an t-óigfhear atá ann ní fheachaidheas-sa riamh a choimhmeas. Caitheann sé a bhúnsach faid urchair uaidh, agus, sola mbuaileann talamh, gabhann na seachd ngadhair é isna seachd slabhraidhe airgid." Leis sin, do ruith na slóighte as Dún Chruacha amach dhá bhfeicsint, agus bhíodar ag brúdh ar a chéile go bhfuair sé fir déag bás ann. Thúirling an mathshluagh i ndorus an dúna. Sguirid a gcapaill agus sgaoilid a ngadhair. Amach leis na gadhair, agus do chasadar seachd gcinn d'fhiadhna allta go Ráith Chruachan leótha, agus seachd gcinn de mhadaraí ruadha, agus seachd gcinn de ghioraithe, agus seachd gcinn de mhucaibh allta, agus do mharbhuigh na buachaillí an fiadhach i ndorus an dúna. Annsoin do léim na gadhair isteach san abhainn, agus do ghabhadar seachd gcinn de mhadraí uisge, agus do rugadar leótha suas go dtí dorus an phríomh-rátha iad. Do shuidh an sluagh. Táinitheas ón rígh chun cainte leótha. Do
fiafraigheadh díobhtha cad as iad. Do shluinnigheadar iad féin do réir a sloinnte fíre. "Seo hé Fraoch mac Iodhaigh," ar siad. Dubhairt an reachdaire an méid sin leis an rígh agus leis an mbannríoghain. "Sé bhur mbeatha," arsa Oilioll agus Meadhbh. "Is óigfhear uasal atá ann," ars' Oilioll; "tagaidh sé isteach sa lios." Do fágadh ceathramha dhen teigh acu. De ghiúis a bhí an teigh déanta, agus ceann slinne leasamuich air. Bhí sé fuinneoga déag insa teigh agus comhla umha ar gach fuinneóg. Seacht n-iomdhaí ó theine go balla insa teigh máguaird, agus iomdha Oileanna agus Mheidhbhe ar cheartlár an tighe. Do chrochadar a guic airm i n-árda insa teigh sin. Do shuidheadar agus do cuireadh fáilte rompa. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services