Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fraoch agus Fionnabhair.

Title
Fraoch agus Fionnabhair.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Mag Uidhir, Art
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Fraoch agus Fionnabhair.



ART MAG UIDHIR d'atharruigh as an SeanGhaedhilg.



Bhí fear i gCúige Chonnacht fadó agus sé b'ainm dó Fraoch
mac Iodhaigh. Bean sídhe dar bh'ainm Béibhinn ba mháthair dó,
agus bhí deirbhshiúr aici sin dar bh'ainm Bóinn. Ní raibh i nÉirinn
ná i nAlbain fear do b'fhearr sgéimh 'ná Fraoch. Níor bhuainide
a shaoghal é sin, ámhthach.



Thug a mháthair dhá cheann déag de bha chuige as cnoc na sidhe:
ba bána agus cluasa dearga ortha. Bhí tigheas agus talamh
annsoin aige go ceann ochd mbliadhan gan bean do thabhairt
chuige féin. Deichneabhar is dathad de mhacaibh ríogh, b'in é líon
an teaghlaigh a bhí aige, agus iadsan uile ar chothrom aoise agus
fionachruth leis féin.



Thug Fionnabhair, inghean Ríogh Chonnacht, grádh dhó ar a thuair-
isg, óir ba lán Éire agus Alba dá cháil agus dá sgéala. Do
hinnseadh dhósan agá theigh go raibh grádh ag inghin an ríogh dhó,
agus do hiarradh air dol chun cainte leis an óigbhean. Chuir sé
an dáil i gcomhairle a chompánach.


L. 188


"Téightear uait," ar siadsan, "go dtí deirbhshiúr do mháthair,
go dtugtar roinnt d'éadach iongantach agus de bhronntanasaí
sídhe chughat uaithi."



Chuaidh sé 'na dhiaidh soin go dtí deirbhshiúr a mháthar, go Bóinn
an tsidhe-bhean, go dtí n-a hárus i Maigh Breagh. Fuair uaithi
deich mbrat gorm is dathad agus míleach deargóir le gach brat,
agus léintreacha bána geala agus tuaghmhíolta oir agus airgid
umpa. Fuair caoga sgiath airgid agus caoga claidheamh glac-
óir. Fuair capall glas fé gach fear, agus béalbhaighe óir leótha.
Caoga fuip fionndruine agus bacáin óir ar cheann gach fuipe.
Fuair seachd ngadhair fiadhaigh fé shlabhraidhe airgid, agus ubhall
óir idir gach ceann acu. Fuair mórsheisear trúmpairí le
trúmpaí óir agus airgid, fé éadaighe go raibh malairt gach dath
ortha. Bhí triúr draoithe rompa le cróinneacha airgid. Triúr
cruitirí ar dheallramh ríghthe le cois gach nduine.



Gluaisid as go Cruachain fén maise sin. Mar do bhuaileadar
machaire Chruachna, do chonnaic an fear faire dhen dún iad.



"Mathshluagh chímse chun an dúna! Ó thóg Oilioll agus
Meadhbh an ríoghacht níor tháinig agus ní thiucfaidh mathshluagh is
breághtha ná is suairce. Níor bh'fheárr lium mo cheann do bheith i
ndaibhigh fhíona 'ná é bheith leis an ngaoith do thagann thórsa-san.
An cleas agus an gníomh do dhineann an t-óigfhear atá ann ní
fheachaidheas-sa riamh a choimhmeas. Caitheann sé a bhúnsach faid
urchair uaidh, agus, sola mbuaileann talamh, gabhann na seachd
ngadhair é isna seachd slabhraidhe airgid."



Leis sin, do ruith na slóighte as Dún Chruacha amach dhá
bhfeicsint, agus bhíodar ag brúdh ar a chéile go bhfuair sé fir
déag bás ann.



Thúirling an mathshluagh i ndorus an dúna. Sguirid a
gcapaill agus sgaoilid a ngadhair. Amach leis na gadhair, agus
do chasadar seachd gcinn d'fhiadhna allta go Ráith Chruachan
leótha, agus seachd gcinn de mhadaraí ruadha, agus seachd gcinn
de ghioraithe, agus seachd gcinn de mhucaibh allta, agus do
mharbhuigh na buachaillí an fiadhach i ndorus an dúna. Annsoin do
léim na gadhair isteach san abhainn, agus do ghabhadar seachd
gcinn de mhadraí uisge, agus do rugadar leótha suas go dtí
dorus an phríomh-rátha iad.



Do shuidh an sluagh. Táinitheas ón rígh chun cainte leótha. Do


L. 189


fiafraigheadh díobhtha cad as iad. Do shluinnigheadar iad féin do
réir a sloinnte fíre.



"Seo hé Fraoch mac Iodhaigh," ar siad.



Dubhairt an reachdaire an méid sin leis an rígh agus leis an
mbannríoghain.



"Sé bhur mbeatha," arsa Oilioll agus Meadhbh.



"Is óigfhear uasal atá ann," ars' Oilioll; "tagaidh sé
isteach sa lios."



Do fágadh ceathramha dhen teigh acu. De ghiúis a bhí an teigh
déanta, agus ceann slinne leasamuich air. Bhí sé fuinneoga
déag insa teigh agus comhla umha ar gach fuinneóg. Seacht
n-iomdhaí ó theine go balla insa teigh máguaird, agus iomdha
Oileanna agus Mheidhbhe ar cheartlár an tighe. Do chrochadar a
guic airm i n-árda insa teigh sin. Do shuidheadar agus do
cuireadh fáilte rompa.



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services