Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Ní bhfuil mí ghabhann tharainn ná go gcloisimíd rud éigin a bheith ag dul amudha i gceann éigin de Thighthibh na mBocht. Is fada an léim é ó Bhéal Feirsde go Cill Rúis. Sin iad an dá Theach is déidheanaighe bhí i gclampar. Rug cuid d'oifigibh an Tighe i mBéal Feirsde céad go leith súsa agus dhá mhála bróg an geata amach leo 'na gcuid agus 'na gcuid. Cuireadh an sgéal amach annsain gur daoine éigin d'éalaigh isteach is toidhche agus do ghoid iad. Nuair théidheadh an saoghal chum suaimhnis agus na daoine bochta a chodladh bhailigheadh na buachaillí seo i bhfochair a chéile, agus bhídís go meidhreach ag ól as sain go dtí glaodh an choilligh. Briseadh amach ceathrar acu, agus tá tuilleadh acu nár socruigheadh cúntas fós leo. D'órduigh Bórd an Riaghaltais Áiteamhla do mháighis- dir an Tighe i gCill Ruis £28 d'aiseag i ngioll le ceathrar bochtán a bhí is na leabharthaibh aige agus ná raibh sa Tigh le breis is bliadhain. D'oídigh árd-sheiriam Chontae Dhúin-na-nGall é féin an t-ochtmhadh lá fichead de Lughnasa. Sinclair dob ainm do. Grása na foidne chughainn, dá ndearnadh sé siúd foidne leath lae ní bheadh aon chúrsaidhe bróin aige. Telegram a fuair sé dhá rádh go raibh Rós marbh. Bhí inghean aige de'n ainm chéadna, agus bhí sí as baile. Shaoil sé dar ndóigh gur bh'í a Rós féin a cailleadh, acht is amhlaidh mar bhí nár dho féin an teachtaireacht acht do mhach leis, agus bean mhuinteardha éigin do'n mhac a b'eadh an Rós a fuair bás. Chaill an duine bocht a chiall, agus ní raibh an sgéal leath-uair faghálta aige nuair sguab sé leath an phlaoisg de féin le gunna. Bhí fear im' dhuthaigh féin uair, agus ní fada ó shoin é do réir mar chuala an sgeul. Ní aithneochadh sé aon chárta amháin thar a chéile, acht mar sin féin ní fhaca sé aon aiteas riamh acht bheith ag féachaint ar chártaibh dhá n-imirt. Bhí sé uair ag dul abhaile le luidhe na h-oidhche an taca so dhe bhliadhain as garrdha a bhí blúire maith ó'n tigh aige, agus bhí cliabh prátaidhe aige ar a dhruim. Sul ar shroich sé an baile thuit cioth trom báistighe, agus nidh nar locht air, theith sé ó'n mbáistigh isteach i dtigh chomharsain i mbéal an bhóthair. Cad do beadh annsain acht seisear cearrbhach timcheall an bhúird agus iad ag imirt chártaidhe ar a gcroidhe díchill. "Táir fliuch a Mhícil a bhráthair" ar siadsan, "bain díot an cliabh agus suidh go fóill." "Ní fiú dham é" arsa Micil "beidh mé ag imtheacht chomh luath agus staon- faidh sé," agus dhruid sé aníos le ceann an bhúird. Ní fada gur buaileadh pléasg thall agus pléasg abhus ar an mbórd i gur éirigh an chaint - "Cad is mádh?" "Liom-sa an bheart sain." "Cheilis é sin ar an gcuir- eata, táir crochta." "Áirighidh an imirt." D'éirigh a chroidhe ar Mhicil bhocht. "Fanfad le cluithche eile" ar seisean leis fein. D'fhan agus le seacht gcluithche. "A Mhicil arú" arsa fear an tighe "ná leagfhá an cliabh agus tú féin a thiormughadh." Beidh mé sa tsiubhal láithreach, cad is fiú dham é "adeireadh Micil." Sé críoch is rádh an sgéil é, gur fhan sé sa tseasamh sain go maidin ghil an lae, ag sughadh na báistighe as a chuid balcaisidhe, agus an chliabh prátaidhe anuas ar a dhá shleanán. Sí rud a chuireann an sgéilín seo i gcuimhne dham anois na litreacha bhí i bpáipéaraibh na seachtmhaine seo thart ó na Feisiribh seo againn atá ag imirt i gcoinne a chéile. Tá an cluithche ar siubhal anois le h-ocht mbliadhnaibh acu, agus is amhlaidh tá muintir na hÉireann ó shoin na seasamh ar dtaobh thiar díobh, mar bheadh cúl-chearrbhach ag faire ar an imirt. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services