Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Ní bhfuil mí ghabhann tharainn ná go gcloisimíd rud
éigin a bheith ag dul amudha i gceann éigin de Thighthibh
na mBocht. Is fada an léim é ó Bhéal Feirsde go
Cill Rúis. Sin iad an dá Theach is déidheanaighe bhí i
gclampar. Rug cuid d'oifigibh an Tighe i mBéal
Feirsde céad go leith súsa agus dhá mhála bróg an
geata amach leo 'na gcuid agus 'na gcuid. Cuireadh an
sgéal amach annsain gur daoine éigin d'éalaigh isteach
is toidhche agus do ghoid iad. Nuair théidheadh an saoghal
chum suaimhnis agus na daoine bochta a chodladh bhailigheadh
na buachaillí seo i bhfochair a chéile, agus bhídís go
meidhreach ag ól as sain go dtí glaodh an choilligh.
Briseadh amach ceathrar acu, agus tá tuilleadh acu nár
socruigheadh cúntas fós leo.



D'órduigh Bórd an Riaghaltais Áiteamhla do mháighis-
dir an Tighe i gCill Ruis £28 d'aiseag i ngioll le
ceathrar bochtán a bhí is na leabharthaibh aige agus ná
raibh sa Tigh le breis is bliadhain.



D'oídigh árd-sheiriam Chontae Dhúin-na-nGall é féin
an t-ochtmhadh lá fichead de Lughnasa. Sinclair dob ainm
do. Grása na foidne chughainn, dá ndearnadh sé siúd
foidne leath lae ní bheadh aon chúrsaidhe bróin aige.
Telegram a fuair sé dhá rádh go raibh Rós marbh. Bhí
inghean aige de'n ainm chéadna, agus bhí sí as baile.
Shaoil sé dar ndóigh gur bh'í a Rós féin a cailleadh,
acht is amhlaidh mar bhí nár dho féin an teachtaireacht
acht do mhach leis, agus bean mhuinteardha éigin do'n
mhac a b'eadh an Rós a fuair bás. Chaill an duine bocht
a chiall, agus ní raibh an sgéal leath-uair faghálta
aige nuair sguab sé leath an phlaoisg de féin le gunna.



Bhí fear im' dhuthaigh féin uair, agus ní fada ó shoin é do
réir mar chuala an sgeul. Ní aithneochadh sé aon chárta
amháin thar a chéile, acht mar sin féin ní fhaca sé aon
aiteas riamh acht bheith ag féachaint ar chártaibh dhá
n-imirt. Bhí sé uair ag dul abhaile le luidhe na h-oidhche
an taca so dhe bhliadhain as garrdha a bhí blúire maith
ó'n tigh aige, agus bhí cliabh prátaidhe aige ar a dhruim.
Sul ar shroich sé an baile thuit cioth trom báistighe,
agus nidh nar locht air, theith sé ó'n mbáistigh isteach
i dtigh chomharsain i mbéal an bhóthair. Cad do beadh
annsain acht seisear cearrbhach timcheall an bhúird agus
iad ag imirt chártaidhe ar a gcroidhe díchill. "Táir
fliuch a Mhícil a bhráthair" ar siadsan, "bain díot an
cliabh agus suidh go fóill." "Ní fiú dham é" arsa
Micil "beidh mé ag imtheacht chomh luath agus staon-
faidh sé," agus dhruid sé aníos le ceann an bhúird.
Ní fada gur buaileadh pléasg thall agus pléasg abhus
ar an mbórd i gur éirigh an chaint - "Cad is mádh?"
"Liom-sa an bheart sain." "Cheilis é sin ar an gcuir-
eata, táir crochta." "Áirighidh an imirt." D'éirigh a
chroidhe ar Mhicil bhocht. "Fanfad le cluithche eile" ar
seisean leis fein. D'fhan agus le seacht gcluithche.
"A Mhicil arú" arsa fear an tighe "ná leagfhá an
cliabh agus tú féin a thiormughadh." Beidh mé sa
tsiubhal láithreach, cad is fiú dham é "adeireadh Micil."
Sé críoch is rádh an sgéil é, gur fhan sé sa tseasamh
sain go maidin ghil an lae, ag sughadh na báistighe
as a chuid balcaisidhe, agus an chliabh prátaidhe anuas
ar a dhá shleanán.



Sí rud a chuireann an sgéilín seo i gcuimhne dham
anois na litreacha bhí i bpáipéaraibh na seachtmhaine seo
thart ó na Feisiribh seo againn atá ag imirt i gcoinne
a chéile. Tá an cluithche ar siubhal anois le h-ocht
mbliadhnaibh acu, agus is amhlaidh tá muintir na
hÉireann ó shoin na seasamh ar dtaobh thiar díobh, mar
bheadh cúl-chearrbhach ag faire ar an imirt.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services