Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Síoghra Dubh. II.
Title
Síoghra Dubh. II.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Rathaille, Tomás
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Síoghra Dubh Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh. II. 11. Fágbhas Earc Astalla an chathair iar sin, agus do ghluais roimhe siar gach ndíreach an t-eolas inar ghabh a bhráthair roimhe sin, agus fuair an t-inneall céadna ar an gcrích, .i. a beith fá thuinn fheoir agus fhásaigh, agus gan lorg sluagh ná sochaidhe innte. Agus do bhí go ceann trí lá agus trí n-oidhche mar sin, agus i gcionn na ré sin do chonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach uadha, agus cathair chuanna cheardamhail, agus ní fhacaidh riamh a hionamhail ar a háille, agus fuair thathaighe shluag agus shochaidhe i gcómhfhogas di; agus ar rochtain an dúnaidh dhó, ba lúthgháireach lánmheanmnach leis mongar na míleadh agus geóin na mórshluagh do chlos. Agus do chuaidh ar fhaithche an bhaile, agus fuair bile buadhach ar lármheadhón na faithche, agus tiobraid fhíor-álainn uisge fá bhun an bhile, agus iomchoiméad do bhán-umha timchioll na tiobraide, agus an sruth do shileadh aiste ag dul i bhfeadán- aibh airgid, agus ealta éan ar bárr an bhile ag cantain cheóil agus oirfididh; agus ní chualaidh riamh ceól ba binne leis ná bheith ag éisdeacht ris an éanlaith ag cur a gceóil le chéile, agus
foghar an fhíoruisge ag dul tré fheadánaibh airgid. Do chuaidh Earc fá bhárr an bhile, agus do chuir a leaca fris, agus do thuit a thoirchim suain agus síorchodalta fair. Agus do bhí annsin nó go dtáinig maidean ar na mhárach, agus iseadh do mhúsgail é annsin .i. fuaim chomhlann na tiobraide aga hosgladh; agus do chonnairc iar sin macámh míndealbhach mná ag ionnladh a glac as an dtiobraid. Agus mar do chonnairc an macámh eisean, tug saobh-léim éadtrom eidearbhuasach, agus do bhíodhg go mór ar na fhaicsin di. "Ná gabhadh eagla thu, a mhacaoimh," ar sé, "óir ní heagal duit mise." "Ró badh córa dhuit féin eagla dod ghabháil 'ná dhamhsa," ar an inghean; "óir ní fhaca riamh, agus gan dealbh amadáin ort, neach ba amadánta 'ná thú." "Créad é an fáth?" ar Earca. "Atá," ar sí, "dá madh cáirde dhuit lucht an dúnaidh-si, do badh oircheasa dhuit bheith ag ól agus ag aoibhneas 'na bhfarradh 'ná bheith id chodladh annro; acht munab eadh acht naimhde nó eascáirde, is olc an t-ionad iomghabhála fuarais, .i. faithche a mbaile féin." "Dom bréithir duit," ar Earc, "nach feadar an caraid nó an eascaraid damh atá ann." "Muna bhfeadrais," ar an inghean, "tar liomsa i measg na sluagh." 12. Do ghluais Earc Astalla mar aon ris an inghin isan chathraigh anonn. Agus is amhlaidh do bhí an chathair sin, agus naoi sleasa fuirre, agus naoi gcéad ar gach slios díobh; agus an slios ba neasa dhó ar ndul isteach agus naoi gcéad fair go bhfoltaibh buidhe bárr-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fíor-chasa for-ruadha, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fionn-bhuidhe, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh dual- dhlútha donn-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'ingheanaibh sleamhain-bhlátha sliasaid-gheala, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin do bhanaltrannaibh caomha coirrchíocha go macaibh míodh-aoise ar a mbrollaighibh, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'fhileadhaibh agus d'fheall- samhnaibh, do mhnáibh agus do bhanntrachtaibh timchioll iomdhaidhe
an ríogh. Do éirigh fear ar gach slios díobh sin, agus fearas fáilte ris an óglaoch n-anaithnid, agus do iarr gach fear díobh ar a shlios féin é. Adubhairt an rí: "Ní hagaibh bhias an gaisgidheach anaithnid acht agamsa féin, agus curthar im fhiadhnaise é, óir is fearr liom buidheachas a onóra orom féin 'ná ar neach oile; agus dá dtugadh neach oil nó aithis dó, is mise do ghéabhadh aithbhear uadha." 13. Agus do suidheadh Earc Astalla i gcathaoir álainn go dtaitneamh óir i bhfiadhnaise cháich, agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, nó cá tír as a dtáinig, nó cia hé féin d'uaislibh nó d'an- uaislibh an domhain mhóir. "Ní cheilim sin ortsa, a rí," ar Earc; "as críochaibh Lochlann dam, agus is mac do Rígh Lochlann mé féin." Mar do chualaidh an rí sin, do rinn gean glé-mhaiseach gáire. "Créad é adhbhar do gháire?" do ráidh Earca. "Mar tá 'fhios agam," ar an rí, "nach lughaide ar an inghin úd le a dtángais isteach tú 'bheith id Lochlannach." "Créad an grádh atá aice do Lochlannach tar gach aon oile?" "Leanán atá aice i gcríochaibh Lochlann," ar an rí, "agus is ionmhain léi Lochlannaigh dá chionn." "Ná habair níos mó, a athair ionmhain," ar sí, "óir isé mo rogha céile agus columhain d'fhearaibh an bheatha atá annsúd, .i. Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann." "An fíor súd, a mhacaoimh?" ar an rí. "Isé súd ainm atá orm," do ráidh Earca. "Atá comhartha maith agamsa air," do ráidh an inghean, ".i. léine threabhair shnáthchaol do shíoda éingheal atá agamsa, agus ní bhfuil neach dá n-oireann an léine sin acht d'Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann, amháin." Do tugadh an léine chuca iar sin, agus d'fhéach Earca Dearg uime í, agus ní dhéanfadaois ar mhair do mhnáibh léine is fearr d'oir dó 'ná í. Agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, créad do ghluais é, nó créad fár ghluais ina uathadh is ina aonar gan sochraid sluagh agus curaidhe. "Inneosad sin duit," ar Earca Dearg, "m'athairse féin, .i. Rí Lochlann, do theacht le gaisgidheach dár bh'ainm an Síoghra Dubh, d'iarraidh oiléin iongantaigh, agus teangmháil dóibh go n-a
sluagh i nOiléan na Cairrge Sgárlóide, agus an charraig do dhul síos uatha insa talamh, agus mo theachtsa ar a lorg i dtír uath- mhair fhásaigh, agus gach aon dá raibh innte 'bheith marbh; agus as sin do rochtas gus an ndún so, d'iarraidh sgéil na cairrge sgárlóide, agus do gealladh comhtha móra dham ó Rígh Lochlann ar son sgéil d'fhagháil ón gCarraig, .i. trian tighearnais agus tánaisteacht chríche Lochlann, agus flathas chríche Lochlann 'na dhiaidh féin. Ag sin mo sgéala féin duit," ar sé. 14. Do bhádar ag ól agus ag aoibhneas 'na dhiaidh sin, agus ag cómhrádh re chéile, agus adubhairt Earca ris an rígh: "Ar ghrádh h-oinigh innis féin dam cia sibhse nó cá tír ina dtárlaidh mé don chor so." "Inneosad sin duit," ar an rí; "do Thuathaibh dealbh-chaoine dath-áille Dé Danann sinne," ar sé, "agus do fágadh an tír seo agam féin agus ag mo dhearbhráthair, agus fá hé mo dhear- bhráthair féin fá ceann agus codhnach ar an oiléan sin do chonn- arcais i bhfuil na daoine marbha. Agus d'éirigh confadh agus cogadh mór eadrainn fá chómhroinn na críche, mar is gnáthach do bhráithribh gaoil agus geinealaigh. 'Na dhiaidh sin do rinneadh síoth agus cáirdeas eadrainn, agus do bhámar amhail sin lán do ghrádh re haga fada. Agus do rinneadh fleadh nimhe fám comh- airse agus fá chomhair mo mhuinntire; agus an uair ba hollamh ionchaithmhe an fhleadh, do chuir feasa agus teachta ar mo cheann- sa agus ar cheann mo shluagh. Do chuadhas féin agus mo mhuinn- tear fá ghairm mo dhearbhráthar go bríoghmhar léir-thionólta; agus do suidheadh gach n-aon ina áit iomchuibhe féin do chaitheamh na fleidhe, agus is amhlaidh do hórduigheadh iad, .i. fear dá mhuinn- tir sin ar ghualainn fhir dom mhuinntirse, dá gcur ar caoi meisge agus marbhtha. Mar do chonnairc an fír-Dhia for-órdha an mhiosgais agus an míorún do bhí aca sin uile, do ceangladh] na cuirn agus na lámha dá chéile, agus do ionntuigh a nimh orra féin, go bhfuaradar bás uile ar an órdughadh sin. Agus tánag- sa agus mo muinntear iomlán dochum an dúnaidh-si, agus níor leigeas do neach dom muinntir buain ris an leath sin don tír ó sin i leith, agus atá trí céad bliadhan ó shoin, agus ní bhfuil aois ná orchra ar aonduine againne ón uair sin gus indiu, agus atáid-sean fán orchra i rabhadar an lá sin na fleidhe. Agus Oiléan na Marbh ainm na tíre sin, agus Donn Eibhlinne m'ainm-
se féin," ar an rí, "agus dearbhráithre dá chéile mise agus rí Chathrach na bhFear Marbh. Agus isiad sin ar sgéala, a mhic Ríogh Lochlann, agus do mhúinfinnse dhuitse mar do ghéabhthá sgéala an chairthe sgárlóide, .i. dá madh áil leat mh'ingheansa do thabhairt mar mhnaoi. Atá dias dearbhráthar ag an inghin, agus is clann damhsa iad, agus is acu atá fios sgéal an chairthe sgár- lóide agus a fhagháil; agus do ghéabhthá-sa uatha leis an inghin é, agus do choiseónadh na comhadha do gheall an Rí dhuit." "Is maith leamsa do chleamhnas agus do charadradh d'fhagh- áil," ar Earc. 15. Annsin do cuireadh fios ar cheann chloinne an ríogh, agus tángadar chuca iar n-a mhárach. Agus do rinneadh cleamhnas agus caradras acu, agus tugadh an cairthe agus an inghean do mhac Ríogh Lochlann; agus do bhí Earca go ceann cian-chaecighis isan dúnadh, agus annsin do ghabh lámh ar imtheacht, agus do thógaibh an cairthe leis. Adubhairt Donn Eibhlinne fris: "Beir-se an cairthe lat," ar sé, "agus ní bha marthannach ag Rígh Lochlann é, agus coiseónaidh do chomhadha duitse; agus fág- aibh do bhean annso go tiacht duit arís; agus innis damhsa cá háit i rachaidh Rí Lochlann don dul so." "Inneosad sin duit," ar Earca, ".i. óglaoch thárlaidh ag Rígh Lochlann, Síoghra Dubh a ainm, agus do bhí bliadhain iomlán aige, agus ní bhfuair do thuarasdal i gcionn na bliadhna sin act aon- uinge d'ór, agus ba beag leis an riodaire sin, agus adubhairt go raibhe i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é, acht cé do shamhluigh Rí Lochlann re haon-uinge dh'ór é. Agus mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt nach géabhadh gan eolas d'fhagháil uaidh-sean, agus adubhairt an Síoghra Dubh go dtiubhradh. Agus do ghluaiseadar leis seól dá fhichid déag long ar an lear leathanmhór, agus deich gcéad in gach luing díobh, agus tárlamair insan Oiléan úd an Chairthe Sgárlóide; agus isiad sin ar sgéala agus ar n-imtheachta." "Má 'seadh," ar Donn Eibhlinne, "adeirimse riotsa a rádh ris an Rí gan dul ar eolas Shíoghra Dhuibh ní bhus fuide, agus, dá leana sé dhá eolas, is deimhin nach dearnaidh riamh turas ba measa leis; agus, muna ghabha sé mo chomhairle-se, adeirim riot féin gan dul leis."
Do gheall Earc go ndiongnadh féin an chomhairle sin. 16. Do ghluais Earc roimhe, agus an cairthe leis, agus do fhágaibh a bhean, inghean Duinn Eibhlinne, annsin, agus fágbhas iomchomhairc beathadh agus sláinte ag an rígh agus aga mhuinntir. Agus do ráinig roimhe go Cathair na bhFear Marbh, agus as sin gus an ionad i raibhe an chómhra chláraidh, agus do chuaidh innte, agus do chraith na téada cnáibe, agus do tarraingeadh suas go hollamh i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é. Agus do fearadh fáilte fhris annsin ag an Rígh agus ag na sluaghaibh, agus ba lúthgháireach iad ar bhfaicsin an chairthe sgárlóide aige, agus do moladh go mór an gníomh do rinne. Is annsin do ghoir Earca an Rí leis ar fhód fá leith, agus do innis briathra Duinn Eibhlinne dhó, mar dubhairt ris gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh, agus, dá leanadh, go madh aithreach leis é. Adubhairt an Rí nach anfadh nó go bhfaiceadh tighearnas an Ríogh adubhairt Síoghra Dubh do bheith i ngleann fairrge ar leath Lochlann nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é. Agus adubhairt Earc nach rachadh féin ann. Do goireadh Síoghra Dubh chum an Ríogh, agus adubhairt ris eolas do dhéanamh mar do gheall. Do ghluais Síoghra go lúthgháireach chum a luinge; agus adubhairt an Rí nach géabhadh ó Earc gan dul leis, agus do chuaidh lais iar sin. 17. Do ghluais Síoghra Dubh rompa, ag déanamh eolais dóibh, agus do leanadar cách uile é ar dhruim mhara agus mhór-fhairrge, agus do bhádar deich lá fichead ag imtheacht na mara, agus fá mór do dhuadh agus d'imneadh fuaradar fris an ré sin. Agus i gcionn na haimsire sin do chonnarcadar oiléan uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd?" ar an Rí. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "agus gan fios an oiléin úd agat." "Dom bréithir," ar sé, "níor bh'aithne damh súd, má's dom dhúthaigh é." "Iseadh, go deimhin," ar Síoghra, "agus Oiléan an Bhanntrachta súd," ar sé. "Créad adhbhar an ainme sin?" ar an Rí. "Oiléan súd," ar sé, "atá lán do bhanntracht agus d'ingheanaibh, agus ní bhfuil fear ar bith acu acht iad féin ag áitreabhadh an oiléin; agus ní bhfuil neach fir ná mná do chífeadh aon-bhean díobh nach tiubhradh grádh a anama dhi."
18. Mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt rena chobhlach gabh- áil láimh ris an oiléan, agus a gcinn do chromadh 'na longaibh, agus gan féachain ar an mbanntracht. Do rinneadar an cabhlach sin, agus do bhádar ag gabháil láimh ris an oiléan. Mar do chonnarcadar an banntracht iad ag seachnadh an oiléin, do éirgheadar amach láimh re ciumhsaibh an chuain, agus do labhair bean díobh, agus iseadh adubhairt: "Cá ngabhann an cobhlach mór úd, is neamhshuirghe dá bhfac- amar riamh?" ar sí. Do thógaibh óglach don chabhlach a cheann ris an gcómhrádh sin, agus do fhéach ar an mnaoi, agus iar na faicsin tug grádh a anma agus a chroidhe dhi, agus adubhairt, muna leigthí chum tíre é go luath, go bhfuigheadh bás gan fhuireach. Agus do thógaibh neach oile a cheann, agus do thógaibh an treas fear, agus ní headh amháin acht do thógbhadar urmhór an chobhlaigh uile a gcinn, gur fhéachadar ar an mbanntracht. Agus do chuadar lucht da fhichid long i dtír san oiléan díobh, agus ní raibh aoinfhear acu nár ghrádhuigh bean fó leith don bhanntracht. Agus do luighsead leó ar an láthair sin, agus do iadhdar na mná a lámha iompa, agus do theannsad riú go feidhm-láidir iad, ionnus gur fháisgeadar a gcroidhthe ina gcaobaibh cró tar a mbéalaibh amach, gur imreadar bás obann ar lucht an dá fhichid long sin. Adubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis dúinn, dá bhfuilid ar muinntear do dhíth orainn." "Ní mise adubhairt riú dul i dtír san oiléan," ar Síoghra, "agus gion gurab mór do dhíthse ris, is blogh do dhíoghailt na huinge dh'ór é." Adubhairt Rí Loclann rena chobhlach an t-oiléan d'fhágbháil go luath, agus d'imthigh féin roimhe, agus do leansad a mhuinntear é. Agus do labhair bean don bhanntracht do ghuth árd ghráin- eamhail: "Olc an díol grádha mhóir an cobhlac atá ann," ar sí; agus níor leig Rí Lochlann do neach dhá mhuinntir freagra do thabhairt uirre. Agus do bhádar a mhuinntear aga iarraidh ar an Rígh iompódh go críochaibh Lochlann arís. "Dobheirim briathar," ar sé, "nó go bhfaicthear an chríoch do gheall Síoghra Dubh damh, nach rachad go críochaibh Lochlann." "Doghéan-sa an t-eolas," ar Síoghra, "agus bíodh a rogha agatsa mo leanmhain nó gan mo leanmhain."
Do leansad an cobhlach uile é, agus do bhádar ag taisdeal tonn agus ag tréan-imtheacht na mara, agus ní bhfuaradar riamh roimhe ní re (a) samhlóchdaois a bhfuaradar d'olc agus d'imneadh ar an siubhal sin. Agus adubhairt Rí Lochlann: "Is fada atámuid gan trácht tíre ná talmhan d'fhaicsin, agus atáid ar sluagh ar na sníomh re saothar na mórmhara." "Truagh liomsa sin," ar Síoghra, "ríghe ná flaitheamhnas do bheith ag fear na mbriathar sin, agus nach fuair sé ní ba mó 'ná sin d'anshocracht ag cosnamh a thighearnais; agus, a Rí Lochlann," ar sé, "is mór d'anshocracht an domhain fuaras féin aga shiubhal, acht cidh beag mo thuarasdal uaitse." 20. Do bhádar da fhichid lá ar an órdughadh sin gan iath ná oiléan d'fhaicsin dóibh, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar taobh tíre uatha. "Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra. "An dom dhúthaigh súd?" ar an Rí. "Is di," ar Síoghra, "agus Oileán na nEach a ainm". "Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Oiléan súd, ar Síoghra, "atá lán d'eachaibh, agus ní théid aonduine ann nach faghann a rogha eich ann, agus is amhlaidh atáid siad go sriantaibh dearg-óir friú." "Do badh maith linn cuid do na heachaib sin do bheith againn," ar muinntear an Ríogh. Agus do chuadar drong dhíobh i dtír san oiléan, .i. lucht da fhichid long agus deich gcéad in gach luing dhíobh, agus fuaradar a lán d'eachaibh maithe ann agus iad fán inneall adubhairt Síoghra riú, agus ní raibh aonduine dhíobh nach raibh a rogha eich aige ann. Agus do chuadar ar marcuidheacht, agus ní fhacadar riamh eich is fearr d'fhóghain dóibh iná iad; agus do bhádar ag imtheacht chum a long arís, agus a n-eich leó. 21. Agus níor chian dóibh amhlaidh sin in tan do chualadar an trosta agus an torainn adhbhalmhór, amhail badh í an fhirmamint áirdreannach néaltannach do bheith ag tuitim dá gabhlaibh cong- mhála chum talmhan. Agus do fhéachadar 'na ndiaidh leis an dtorainn dtréanmhóir sin, agus do chonnarcadar chuca aon- óglaoch mór adhuathmhar urghránna ba mó do mhileadhaibh dá bhfac- adar riamh, agus ba measa dealbh agus déanamh don Ádhamh-
chloinn. Óir ba samhalta re gual gabhann ar na bháthadh i n-uisge fhuar oighreata gach ball dá bhallaibh, agus ba gile 'ná sneachta aoingheal aonoidhche gach súil dá raibh i n-iarthar a chloigcinn; agus do bheireadh fobha dá bhéal íochtair go bhfolchadh cúl a chinn siar, agus do bheireadh fobha oile dá bhéal uachtrach go bhfolchadh a ghlúine síos; agus luirgfhearsad iarnaidhe 'na láimh aga tarrang ina dhiaidh aige, agus do ba mó 'ná fód daimhsheisrighe an múr mór-adhbhal do thógbhadh don talamh da gach fóbairt do bheireadh do na naoi ndruimnibh aithghéara ailtnidhe do bhí fhor an luirg- fhearsaid chatha sin. Agus do labhair an fear mór do ghuth árd- mhór adhuathmhar, agus iseadh adubhairt: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos riot isna bliadhnaibh-se anall fa deara dhuit Rí Lochlann go n-a chabhlach do thabhairt do bhreith mh'eachra uaim?" "Ní mise do rug h-eachra uait," ar Síoghra, "agus ní bhac- fad díotsa a ndíoghailt ar an muinntir do rug uait iad." Mar do chualaidh an fear mór sin, do chuaidh fá na sluaghaibh, agus do léig ingheilt dá luirgfhearsaid chatha fútha, ionnus nach deachaidh duine dearmaid as do na sluaghaibh sin, soir ná siar, ba dheas ná ba thuaidh nár mharbh an t-óglách mór do lucht an da fhichid long. Agus do ghluaiseadar an chuid oile ón oiléan amach; agus adubhairt Rí Lochlann: "A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas i dtugais sinn do dhíothughadh ar sluagh." "Is beag an uireasbhaidh sin," ar Síoghra; "cidheadh, is blogh do dhíoghailt na huinge dh'ór é." 22. Adubhradar a mhuinntear re Rígh Lochlann iompódh go críochaibh Lochlann arís, agus nach rachdaois féin ní ba sia 'ná sin ar eolas Shíoghra Dhuibh. Adubhairt an Rí nach diongnadh, agus nach láimheóchadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí nach rachadh leis féin isan turas san. Adubhairt Síoghra Dubh: "Ní holc liomsa bhur n-iompódh, agus is fearr liom Rí Loch- lann do neamchomhall a gheallta 'ná mé féin; agus an t-eolas do gheallas doghéanainn é." "Tar romhainn, a Shíoghra," ar an Rí. Do ghluais Síoghra go humhal roimh chách, agus do leanadar na sluaigh go haimhleasg é, agus do ghabhadar ag iomradh tar tonnaibh fraoch-mhóra na fairrge. Agus ar na dtuirsiughadh go
mór amhlaidh sin, do chonnacadar (i gcionn caecighis) fosgadh oiléin, agus, ar ndul i ngoire dhó, d'fhiafruigh an Rí cá hainm an t-oiléan. "Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "is gan ainm an oiléin úd agat." "Más dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí, "ní fheadar a ainm fós." "Oiléan an Óir súd," ar Síoghra. "Créad um a ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí. "Oiléan súd," ar Síoghra, "atá lán d'ór fhorloisgthe uile; agus sluagh na cruinne do dhul ann, do ghéabhdaois a ndaoithin óir agus ionnmhasa san oiléan úd." "Créad an coiméad atá ar an ionnmhas sin?" ar an Rí. "Is briathar damhsa," ar Síoghra, "nach fuil fear d'fhearaibh an talmhan aga choiméad." "Má 'seadh," ar an Rí, "do b'fhearr linne go mbeith cuid d'ór agus d'ionnmhas an oiléin úd againn inar longaibh, dá bhronnadh d'aos ciúil agus oirfididh, agus dá thabhairt i dtuaras- dal amhas agus óglaoch agus d'aos feadhma agus fritheolmha agus fíorchalmachta do dhéanamh." "Do b'fhearrde," ar cách i gcoitchinne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services