Síoghra Dubh
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
II.
11. Fágbhas Earc Astalla an chathair iar sin, agus do ghluais
roimhe siar gach ndíreach an t-eolas inar ghabh a bhráthair roimhe
sin, agus fuair an t-inneall céadna ar an gcrích, .i. a beith fá
thuinn fheoir agus fhásaigh, agus gan lorg sluagh ná sochaidhe
innte. Agus do bhí go ceann trí lá agus trí n-oidhche mar sin,
agus i gcionn na ré sin do chonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaiseach
uadha, agus cathair chuanna cheardamhail, agus ní fhacaidh riamh a
hionamhail ar a háille, agus fuair thathaighe shluag agus shochaidhe
i gcómhfhogas di; agus ar rochtain an dúnaidh dhó, ba lúthgháireach
lánmheanmnach leis mongar na míleadh agus geóin na mórshluagh
do chlos. Agus do chuaidh ar fhaithche an bhaile, agus fuair bile
buadhach ar lármheadhón na faithche, agus tiobraid fhíor-álainn
uisge fá bhun an bhile, agus iomchoiméad do bhán-umha timchioll
na tiobraide, agus an sruth do shileadh aiste ag dul i bhfeadán-
aibh airgid, agus ealta éan ar bárr an bhile ag cantain cheóil
agus oirfididh; agus ní chualaidh riamh ceól ba binne leis ná
bheith ag éisdeacht ris an éanlaith ag cur a gceóil le chéile, agus
foghar an fhíoruisge ag dul tré fheadánaibh airgid. Do chuaidh
Earc fá bhárr an bhile, agus do chuir a leaca fris, agus do thuit
a thoirchim suain agus síorchodalta fair. Agus do bhí annsin nó
go dtáinig maidean ar na mhárach, agus iseadh do mhúsgail é
annsin .i. fuaim chomhlann na tiobraide aga hosgladh; agus do
chonnairc iar sin macámh míndealbhach mná ag ionnladh a glac as
an dtiobraid. Agus mar do chonnairc an macámh eisean, tug
saobh-léim éadtrom eidearbhuasach, agus do bhíodhg go mór
ar na fhaicsin di.
"Ná gabhadh eagla thu, a mhacaoimh," ar sé, "óir ní heagal
duit mise."
"Ró badh córa dhuit féin eagla dod ghabháil 'ná dhamhsa," ar
an inghean; "óir ní fhaca riamh, agus gan dealbh amadáin ort,
neach ba amadánta 'ná thú."
"Créad é an fáth?" ar Earca.
"Atá," ar sí, "dá madh cáirde dhuit lucht an dúnaidh-si, do
badh oircheasa dhuit bheith ag ól agus ag aoibhneas 'na bhfarradh
'ná bheith id chodladh annro; acht munab eadh acht naimhde nó
eascáirde, is olc an t-ionad iomghabhála fuarais, .i. faithche a
mbaile féin."
"Dom bréithir duit," ar Earc, "nach feadar an caraid nó
an eascaraid damh atá ann."
"Muna bhfeadrais," ar an inghean, "tar liomsa i measg na
sluagh."
12. Do ghluais Earc Astalla mar aon ris an inghin isan
chathraigh anonn. Agus is amhlaidh do bhí an chathair sin, agus naoi
sleasa fuirre, agus naoi gcéad ar gach slios díobh; agus an
slios ba neasa dhó ar ndul isteach agus naoi gcéad fair go
bhfoltaibh buidhe bárr-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba
neasa dhó sin go bhfoltaibh fíor-chasa for-ruadha, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh fionn-bhuidhe,
agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó sin go bhfoltaibh dual-
dhlútha donn-chasa, agus naoi gcéad ar an slios ba neasa dhó
sin d'ingheanaibh sleamhain-bhlátha sliasaid-gheala, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin do bhanaltrannaibh caomha
coirrchíocha go macaibh míodh-aoise ar a mbrollaighibh, agus naoi
gcéad ar an slios ba neasa dhó sin d'fhileadhaibh agus d'fheall-
samhnaibh, do mhnáibh agus do bhanntrachtaibh timchioll iomdhaidhe
an ríogh. Do éirigh fear ar gach slios díobh sin, agus fearas
fáilte ris an óglaoch n-anaithnid, agus do iarr gach fear díobh ar
a shlios féin é. Adubhairt an rí:
"Ní hagaibh bhias an gaisgidheach anaithnid acht agamsa féin,
agus curthar im fhiadhnaise é, óir is fearr liom buidheachas a
onóra orom féin 'ná ar neach oile; agus dá dtugadh neach oil nó
aithis dó, is mise do ghéabhadh aithbhear uadha."
13. Agus do suidheadh Earc Astalla i gcathaoir álainn go
dtaitneamh óir i bhfiadhnaise cháich, agus d'fhiafruigh an rí sgéala
de, nó cá tír as a dtáinig, nó cia hé féin d'uaislibh nó d'an-
uaislibh an domhain mhóir.
"Ní cheilim sin ortsa, a rí," ar Earc; "as críochaibh Lochlann
dam, agus is mac do Rígh Lochlann mé féin."
Mar do chualaidh an rí sin, do rinn gean glé-mhaiseach gáire.
"Créad é adhbhar do gháire?" do ráidh Earca.
"Mar tá 'fhios agam," ar an rí, "nach lughaide ar an inghin
úd le a dtángais isteach tú 'bheith id Lochlannach."
"Créad an grádh atá aice do Lochlannach tar gach aon
oile?"
"Leanán atá aice i gcríochaibh Lochlann," ar an rí, "agus is
ionmhain léi Lochlannaigh dá chionn."
"Ná habair níos mó, a athair ionmhain," ar sí, "óir isé mo
rogha céile agus columhain d'fhearaibh an bheatha atá annsúd, .i.
Earca Dearg, mac Ríogh Lochlann."
"An fíor súd, a mhacaoimh?" ar an rí.
"Isé súd ainm atá orm," do ráidh Earca.
"Atá comhartha maith agamsa air," do ráidh an inghean,
".i. léine threabhair shnáthchaol do shíoda éingheal atá agamsa,
agus ní bhfuil neach dá n-oireann an léine sin acht d'Earca
Dearg, mac Ríogh Lochlann, amháin."
Do tugadh an léine chuca iar sin, agus d'fhéach Earca Dearg
uime í, agus ní dhéanfadaois ar mhair do mhnáibh léine is fearr
d'oir dó 'ná í. Agus d'fhiafruigh an rí sgéala de, créad do
ghluais é, nó créad fár ghluais ina uathadh is ina aonar gan
sochraid sluagh agus curaidhe.
"Inneosad sin duit," ar Earca Dearg, "m'athairse féin,
.i. Rí Lochlann, do theacht le gaisgidheach dár bh'ainm an Síoghra
Dubh, d'iarraidh oiléin iongantaigh, agus teangmháil dóibh go n-a
sluagh i nOiléan na Cairrge Sgárlóide, agus an charraig do dhul
síos uatha insa talamh, agus mo theachtsa ar a lorg i dtír uath-
mhair fhásaigh, agus gach aon dá raibh innte 'bheith marbh; agus as
sin do rochtas gus an ndún so, d'iarraidh sgéil na cairrge
sgárlóide, agus do gealladh comhtha móra dham ó Rígh Lochlann
ar son sgéil d'fhagháil ón gCarraig, .i. trian tighearnais agus
tánaisteacht chríche Lochlann, agus flathas chríche Lochlann 'na
dhiaidh féin. Ag sin mo sgéala féin duit," ar sé.
14. Do bhádar ag ól agus ag aoibhneas 'na dhiaidh sin, agus
ag cómhrádh re chéile, agus adubhairt Earca ris an rígh:
"Ar ghrádh h-oinigh innis féin dam cia sibhse nó cá tír ina
dtárlaidh mé don chor so."
"Inneosad sin duit," ar an rí; "do Thuathaibh dealbh-chaoine
dath-áille Dé Danann sinne," ar sé, "agus do fágadh an tír
seo agam féin agus ag mo dhearbhráthair, agus fá hé mo dhear-
bhráthair féin fá ceann agus codhnach ar an oiléan sin do chonn-
arcais i bhfuil na daoine marbha. Agus d'éirigh confadh agus
cogadh mór eadrainn fá chómhroinn na críche, mar is gnáthach do
bhráithribh gaoil agus geinealaigh. 'Na dhiaidh sin do rinneadh síoth
agus cáirdeas eadrainn, agus do bhámar amhail sin lán do
ghrádh re haga fada. Agus do rinneadh fleadh nimhe fám comh-
airse agus fá chomhair mo mhuinntire; agus an uair ba hollamh
ionchaithmhe an fhleadh, do chuir feasa agus teachta ar mo cheann-
sa agus ar cheann mo shluagh. Do chuadhas féin agus mo mhuinn-
tear fá ghairm mo dhearbhráthar go bríoghmhar léir-thionólta; agus
do suidheadh gach n-aon ina áit iomchuibhe féin do chaitheamh na
fleidhe, agus is amhlaidh do hórduigheadh iad, .i. fear dá mhuinn-
tir sin ar ghualainn fhir dom mhuinntirse, dá gcur ar caoi
meisge agus marbhtha. Mar do chonnairc an fír-Dhia for-órdha
an mhiosgais agus an míorún do bhí aca sin uile, do ceangladh]
na cuirn agus na lámha dá chéile, agus do ionntuigh a nimh orra
féin, go bhfuaradar bás uile ar an órdughadh sin. Agus tánag-
sa agus mo muinntear iomlán dochum an dúnaidh-si, agus níor
leigeas do neach dom muinntir buain ris an leath sin don tír ó
sin i leith, agus atá trí céad bliadhan ó shoin, agus ní bhfuil aois
ná orchra ar aonduine againne ón uair sin gus indiu, agus
atáid-sean fán orchra i rabhadar an lá sin na fleidhe. Agus
Oiléan na Marbh ainm na tíre sin, agus Donn Eibhlinne m'ainm-
se féin," ar an rí, "agus dearbhráithre dá chéile mise agus rí
Chathrach na bhFear Marbh. Agus isiad sin ar sgéala, a mhic Ríogh
Lochlann, agus do mhúinfinnse dhuitse mar do ghéabhthá sgéala
an chairthe sgárlóide, .i. dá madh áil leat mh'ingheansa do
thabhairt mar mhnaoi. Atá dias dearbhráthar ag an inghin, agus is
clann damhsa iad, agus is acu atá fios sgéal an chairthe sgár-
lóide agus a fhagháil; agus do ghéabhthá-sa uatha leis an inghin
é, agus do choiseónadh na comhadha do gheall an Rí dhuit."
"Is maith leamsa do chleamhnas agus do charadradh d'fhagh-
áil," ar Earc.
15. Annsin do cuireadh fios ar cheann chloinne an ríogh, agus
tángadar chuca iar n-a mhárach. Agus do rinneadh cleamhnas
agus caradras acu, agus tugadh an cairthe agus an inghean do
mhac Ríogh Lochlann; agus do bhí Earca go ceann cian-chaecighis
isan dúnadh, agus annsin do ghabh lámh ar imtheacht, agus do
thógaibh an cairthe leis. Adubhairt Donn Eibhlinne fris:
"Beir-se an cairthe lat," ar sé, "agus ní bha marthannach ag
Rígh Lochlann é, agus coiseónaidh do chomhadha duitse; agus fág-
aibh do bhean annso go tiacht duit arís; agus innis damhsa cá
háit i rachaidh Rí Lochlann don dul so."
"Inneosad sin duit," ar Earca, ".i. óglaoch thárlaidh ag Rígh
Lochlann, Síoghra Dubh a ainm, agus do bhí bliadhain iomlán aige,
agus ní bhfuair do thuarasdal i gcionn na bliadhna sin act aon-
uinge d'ór, agus ba beag leis an riodaire sin, agus adubhairt
go raibhe i ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh
re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é, acht
cé do shamhluigh Rí Lochlann re haon-uinge dh'ór é. Agus mar
do chualaidh an Rí sin, adubhairt nach géabhadh gan eolas d'fhagháil
uaidh-sean, agus adubhairt an Síoghra Dubh go dtiubhradh. Agus
do ghluaiseadar leis seól dá fhichid déag long ar an lear
leathanmhór, agus deich gcéad in gach luing díobh, agus tárlamair
insan Oiléan úd an Chairthe Sgárlóide; agus isiad sin ar sgéala
agus ar n-imtheachta."
"Má 'seadh," ar Donn Eibhlinne, "adeirimse riotsa a rádh
ris an Rí gan dul ar eolas Shíoghra Dhuibh ní bhus fuide, agus, dá
leana sé dhá eolas, is deimhin nach dearnaidh riamh turas ba
measa leis; agus, muna ghabha sé mo chomhairle-se, adeirim riot
féin gan dul leis."
Do gheall Earc go ndiongnadh féin an chomhairle sin.
16. Do ghluais Earc roimhe, agus an cairthe leis, agus do
fhágaibh a bhean, inghean Duinn Eibhlinne, annsin, agus fágbhas
iomchomhairc beathadh agus sláinte ag an rígh agus aga mhuinntir.
Agus do ráinig roimhe go Cathair na bhFear Marbh, agus as sin
gus an ionad i raibhe an chómhra chláraidh, agus do chuaidh innte,
agus do chraith na téada cnáibe, agus do tarraingeadh suas go
hollamh i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é. Agus do fearadh fáilte
fhris annsin ag an Rígh agus ag na sluaghaibh, agus ba lúthgháireach
iad ar bhfaicsin an chairthe sgárlóide aige, agus do moladh go
mór an gníomh do rinne. Is annsin do ghoir Earca an Rí leis
ar fhód fá leith, agus do innis briathra Duinn Eibhlinne dhó, mar
dubhairt ris gan leanmhain d'eolas Shíoghra Dhuibh, agus, dá
leanadh, go madh aithreach leis é. Adubhairt an Rí nach anfadh nó
go bhfaiceadh tighearnas an Ríogh adubhairt Síoghra Dubh do bheith
i ngleann fairrge ar leath Lochlann nach samhlóchadh re deich
gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain é. Agus
adubhairt Earc nach rachadh féin ann. Do goireadh Síoghra Dubh
chum an Ríogh, agus adubhairt ris eolas do dhéanamh mar do
gheall. Do ghluais Síoghra go lúthgháireach chum a luinge; agus
adubhairt an Rí nach géabhadh ó Earc gan dul leis, agus do
chuaidh lais iar sin.
17. Do ghluais Síoghra Dubh rompa, ag déanamh eolais dóibh,
agus do leanadar cách uile é ar dhruim mhara agus mhór-fhairrge,
agus do bhádar deich lá fichead ag imtheacht na mara, agus fá
mór do dhuadh agus d'imneadh fuaradar fris an ré sin. Agus i
gcionn na haimsire sin do chonnarcadar oiléan uatha.
"Cá hainm an t-oiléan úd?" ar an Rí.
"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "agus gan
fios an oiléin úd agat."
"Dom bréithir," ar sé, "níor bh'aithne damh súd, má's dom
dhúthaigh é."
"Iseadh, go deimhin," ar Síoghra, "agus Oiléan an Bhanntrachta
súd," ar sé.
"Créad adhbhar an ainme sin?" ar an Rí.
"Oiléan súd," ar sé, "atá lán do bhanntracht agus
d'ingheanaibh, agus ní bhfuil fear ar bith acu acht iad féin ag
áitreabhadh an oiléin; agus ní bhfuil neach fir ná mná do chífeadh
aon-bhean díobh nach tiubhradh grádh a anama dhi."
18. Mar do chualaidh an Rí sin, adubhairt rena chobhlach gabh-
áil láimh ris an oiléan, agus a gcinn do chromadh 'na longaibh,
agus gan féachain ar an mbanntracht. Do rinneadar an cabhlach
sin, agus do bhádar ag gabháil láimh ris an oiléan. Mar do
chonnarcadar an banntracht iad ag seachnadh an oiléin, do
éirgheadar amach láimh re ciumhsaibh an chuain, agus do labhair
bean díobh, agus iseadh adubhairt:
"Cá ngabhann an cobhlach mór úd, is neamhshuirghe dá bhfac-
amar riamh?" ar sí.
Do thógaibh óglach don chabhlach a cheann ris an gcómhrádh sin,
agus do fhéach ar an mnaoi, agus iar na faicsin tug grádh a
anma agus a chroidhe dhi, agus adubhairt, muna leigthí chum tíre
é go luath, go bhfuigheadh bás gan fhuireach. Agus do thógaibh neach
oile a cheann, agus do thógaibh an treas fear, agus ní headh
amháin acht do thógbhadar urmhór an chobhlaigh uile a gcinn, gur
fhéachadar ar an mbanntracht. Agus do chuadar lucht da fhichid
long i dtír san oiléan díobh, agus ní raibh aoinfhear acu nár
ghrádhuigh bean fó leith don bhanntracht. Agus do luighsead leó
ar an láthair sin, agus do iadhdar na mná a lámha iompa, agus
do theannsad riú go feidhm-láidir iad, ionnus gur fháisgeadar a
gcroidhthe ina gcaobaibh cró tar a mbéalaibh amach, gur imreadar
bás obann ar lucht an dá fhichid long sin. Adubhairt Rí Lochlann:
"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas do rinnis
dúinn, dá bhfuilid ar muinntear do dhíth orainn."
"Ní mise adubhairt riú dul i dtír san oiléan," ar Síoghra,
"agus gion gurab mór do dhíthse ris, is blogh do dhíoghailt na
huinge dh'ór é."
Adubhairt Rí Loclann rena chobhlach an t-oiléan d'fhágbháil go
luath, agus d'imthigh féin roimhe, agus do leansad a mhuinntear
é. Agus do labhair bean don bhanntracht do ghuth árd ghráin-
eamhail: "Olc an díol grádha mhóir an cobhlac atá ann," ar sí;
agus níor leig Rí Lochlann do neach dhá mhuinntir freagra do
thabhairt uirre. Agus do bhádar a mhuinntear aga iarraidh ar an
Rígh iompódh go críochaibh Lochlann arís.
"Dobheirim briathar," ar sé, "nó go bhfaicthear an chríoch do
gheall Síoghra Dubh damh, nach rachad go críochaibh Lochlann."
"Doghéan-sa an t-eolas," ar Síoghra, "agus bíodh a rogha
agatsa mo leanmhain nó gan mo leanmhain."
Do leansad an cobhlach uile é, agus do bhádar ag taisdeal
tonn agus ag tréan-imtheacht na mara, agus ní bhfuaradar riamh
roimhe ní re (a) samhlóchdaois a bhfuaradar d'olc agus d'imneadh
ar an siubhal sin. Agus adubhairt Rí Lochlann:
"Is fada atámuid gan trácht tíre ná talmhan d'fhaicsin,
agus atáid ar sluagh ar na sníomh re saothar na mórmhara."
"Truagh liomsa sin," ar Síoghra, "ríghe ná flaitheamhnas do
bheith ag fear na mbriathar sin, agus nach fuair sé ní ba mó 'ná
sin d'anshocracht ag cosnamh a thighearnais; agus, a Rí Lochlann,"
ar sé, "is mór d'anshocracht an domhain fuaras féin aga shiubhal,
acht cidh beag mo thuarasdal uaitse."
20. Do bhádar da fhichid lá ar an órdughadh sin gan iath ná
oiléan d'fhaicsin dóibh, agus i gcionn na ré sin do chonnarcadar
taobh tíre uatha.
"Cá hainm an t-oiléan úd, a Shíoghra?" ar an Rí.
"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra.
"An dom dhúthaigh súd?" ar an Rí.
"Is di," ar Síoghra, "agus Oileán na nEach a ainm".
"Créad fá ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.
"Oiléan súd, ar Síoghra, "atá lán d'eachaibh, agus ní théid
aonduine ann nach faghann a rogha eich ann, agus is amhlaidh atáid
siad go sriantaibh dearg-óir friú."
"Do badh maith linn cuid do na heachaib sin do bheith againn,"
ar muinntear an Ríogh.
Agus do chuadar drong dhíobh i dtír san oiléan, .i. lucht da
fhichid long agus deich gcéad in gach luing dhíobh, agus fuaradar
a lán d'eachaibh maithe ann agus iad fán inneall adubhairt
Síoghra riú, agus ní raibh aonduine dhíobh nach raibh a rogha eich
aige ann. Agus do chuadar ar marcuidheacht, agus ní fhacadar
riamh eich is fearr d'fhóghain dóibh iná iad; agus do bhádar ag
imtheacht chum a long arís, agus a n-eich leó.
21. Agus níor chian dóibh amhlaidh sin in tan do chualadar an
trosta agus an torainn adhbhalmhór, amhail badh í an fhirmamint
áirdreannach néaltannach do bheith ag tuitim dá gabhlaibh cong-
mhála chum talmhan. Agus do fhéachadar 'na ndiaidh leis an
dtorainn dtréanmhóir sin, agus do chonnarcadar chuca aon-
óglaoch mór adhuathmhar urghránna ba mó do mhileadhaibh dá bhfac-
adar riamh, agus ba measa dealbh agus déanamh don Ádhamh-
chloinn. Óir ba samhalta re gual gabhann ar na bháthadh i n-uisge
fhuar oighreata gach ball dá bhallaibh, agus ba gile 'ná sneachta
aoingheal aonoidhche gach súil dá raibh i n-iarthar a chloigcinn; agus
do bheireadh fobha dá bhéal íochtair go bhfolchadh cúl a chinn siar,
agus do bheireadh fobha oile dá bhéal uachtrach go bhfolchadh a
ghlúine síos; agus luirgfhearsad iarnaidhe 'na láimh aga tarrang
ina dhiaidh aige, agus do ba mó 'ná fód daimhsheisrighe an múr
mór-adhbhal do thógbhadh don talamh da gach fóbairt do bheireadh
do na naoi ndruimnibh aithghéara ailtnidhe do bhí fhor an luirg-
fhearsaid chatha sin. Agus do labhair an fear mór do ghuth árd-
mhór adhuathmhar, agus iseadh adubhairt:
"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "an é (a) olcas do íoc mé do chíos
riot isna bliadhnaibh-se anall fa deara dhuit Rí Lochlann go n-a
chabhlach do thabhairt do bhreith mh'eachra uaim?"
"Ní mise do rug h-eachra uait," ar Síoghra, "agus ní bhac-
fad díotsa a ndíoghailt ar an muinntir do rug uait iad."
Mar do chualaidh an fear mór sin, do chuaidh fá na sluaghaibh,
agus do léig ingheilt dá luirgfhearsaid chatha fútha, ionnus nach
deachaidh duine dearmaid as do na sluaghaibh sin, soir ná siar,
ba dheas ná ba thuaidh nár mharbh an t-óglách mór do lucht an da
fhichid long. Agus do ghluaiseadar an chuid oile ón oiléan
amach; agus adubhairt Rí Lochlann:
"A Shíoghra Dhuibh," ar sé, "ní maith an t-eolas i dtugais sinn
do dhíothughadh ar sluagh."
"Is beag an uireasbhaidh sin," ar Síoghra; "cidheadh, is blogh
do dhíoghailt na huinge dh'ór é."
22. Adubhradar a mhuinntear re Rígh Lochlann iompódh go
críochaibh Lochlann arís, agus nach rachdaois féin ní ba sia 'ná sin
ar eolas Shíoghra Dhuibh. Adubhairt an Rí nach diongnadh, agus
nach láimheóchadh bheith i gcríochaibh Lochlann an tí nach rachadh leis
féin isan turas san. Adubhairt Síoghra Dubh:
"Ní holc liomsa bhur n-iompódh, agus is fearr liom Rí Loch-
lann do neamchomhall a gheallta 'ná mé féin; agus an t-eolas
do gheallas doghéanainn é."
"Tar romhainn, a Shíoghra," ar an Rí.
Do ghluais Síoghra go humhal roimh chách, agus do leanadar
na sluaigh go haimhleasg é, agus do ghabhadar ag iomradh tar
tonnaibh fraoch-mhóra na fairrge. Agus ar na dtuirsiughadh go
mór amhlaidh sin, do chonnacadar (i gcionn caecighis) fosgadh
oiléin, agus, ar ndul i ngoire dhó, d'fhiafruigh an Rí cá hainm an
t-oiléan.
"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thú," ar Síoghra, "is gan
ainm an oiléin úd agat."
"Más dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí, "ní fheadar
a ainm fós."
"Oiléan an Óir súd," ar Síoghra.
"Créad um a ngoirthear an t-ainm sin de?" ar an Rí.
"Oiléan súd," ar Síoghra, "atá lán d'ór fhorloisgthe uile;
agus sluagh na cruinne do dhul ann, do ghéabhdaois a ndaoithin
óir agus ionnmhasa san oiléan úd."
"Créad an coiméad atá ar an ionnmhas sin?" ar an Rí.
"Is briathar damhsa," ar Síoghra, "nach fuil fear d'fhearaibh
an talmhan aga choiméad."
"Má 'seadh," ar an Rí, "do b'fhearr linne go mbeith cuid
d'ór agus d'ionnmhas an oiléin úd againn inar longaibh, dá
bhronnadh d'aos ciúil agus oirfididh, agus dá thabhairt i dtuaras-
dal amhas agus óglaoch agus d'aos feadhma agus fritheolmha
agus fíorchalmachta do dhéanamh."
"Do b'fhearrde," ar cách i gcoitchinne.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11