Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).
Title
Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aimsear na bhFígínídhe i nUíbh Ráthach. (Ar leanamhaint.) PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA do scríbh. "Seadh; seadh scaoilimís thorainn an suainseán an taca so," arsa Éamonn; tá obair eile idir lámhaibh againn. Cad tá le déanamh anocht, a Chormaic?" Ní dubhairt Cormac focal an fhaid is a bhí an díospóireacht ar siubhal i dtaoibh Aodha, acht bhí sé ag éisteacht go haireach. "Ní móide go dtiocfadh linn a lán a chur i dtreó anocht, a bhuachaillí," ar seisean, ag tabhairt freagra ar Éamonn; "acht, ó's rud é go bhfuilmíd i gceann a chéile, b'fhearra dhúinn ár bpaisde féin den obair a leagadh amach." "Díreach é," arsa Éamonn. "An bhfuil aon nídh leagtha amach agat?" "Táim i gcás idir dhá chómhairle fé láthair, agus badh mhaith liom bhur mbreith a bheith agam ar an obair atá ceaptha agam." "Tá go maith," arsa Éamonn; "scaoil chúghainn é." "Oidhche Dia hAoine a bhí beartuighthe agam na buachaillí go léir a bhailiughadh i gceann a chéile. Is féidir linn a bheith ag an nGleann Dubh ar a deich, abair. Beidh oraibh-se, gach duine agaibh bhúr ngasra féin a threóradh libh ó n-a gceanntaraibh féin. Ann- sain, i dteannta a céile, cuirfimíd chun na hoibre." "Acht nár mhaith an rud é obair na hoidhche sin a bheith leagtha amach roimh ré, leis?" arsa Tadhg Mór. "Beidh leis, a Thaidhg, má bhíonn foidhne agat," arsa Cormac, ag gáiridhe. "Raghaidh gasra láidir it theannta-sa, a Éamoinn, fe dhéin tighe na "Water Guards" i sna Ceallaibh. Beidh oraibh an armáil a scuabadh libh agus í cur i bhfolach 'sa Chaisleán annso. Raghair-se, a Thaidhg, tú féin agus dream eile fé dhéin Barraic na bPíléirí annso, agus béidh an gnó céadna mar chúram oraibh-se, agus teastuigheann dream eile uaim féin. Fuaireas scéala indiu go mbeidh marcach ag teacht an oidhche sin ó Chill Áirne. Beidh focal faire fé leith aige i gcomhair Oifig- each na bPíléirí annso, agus beidh orainn cosc a chur leis. Dá
dtiocfadh linn bheith roimis ag Droichead an Leasa, bheadh an áit an-áiseamhail. Ná deineadh aon dream againn droch-obair, má's féidir é, acht, má bhíonn gábhadh leis, is riachtanaighe abhfad duine nó beirt nó míle pearsan do leagadh 'ná cúis na tíre do chur i ndísc arís, agus na mílte duine á ghreamughadh níos daingne fé dhubhghreim na hAllmhúrach. An dtuigenn sibh?" "Tá gach nídh dá bhfuil ceaptha agat soiléir a dhóthain go deimhin," arsa Éamonn, "agus ní heól damh-sa slíghe do b'fhearr chun an obair a chur i dtreó. 'Sé is dóichighe go mbeidh an gleó ar siubhal ar fuid na tíre oidhche an tSathairn nó oidhche Domh- naigh." "Ní móide go bhféadfar é chur ar gcúlaibh níos sia," arsa Cormac, "agus dá luaithe anois é sé is fearr linn. Beidh sé riachtanach ar ghach duine bheith ullamh i gcómhar an chatha, agus, dá bhrígh sin, bíodh gach éinne gléasta i gceart oidhche Dia hAoine." "Is soiléir go mbeidh an bualadh ar siubhal lom láithreach," arsa Pilib Óg, "agus ní fhuil a lán aimsire chum ullmhuighthe againn, dá réir. Nach ait an rud é agn Aodh Ó Tuama a bheith tagtha fós?" "Is ait go léir," arsa Cormac, "má's ní hamhlaidh a bheadh aon uisce fé thalamh ar siubhal aige." "Dar na mionna," arsa Éamonn, ag breith ar ghuna a bhí i n-aice leis, "dá mb'eól dom aon ní dá leithéid a bheith i gceist -" Le linn na cainnte sin, do buaileadh buille ar an ndoras, agus, nuair oscladh é, do phreab Nóra Ní Chiabháin isteach. Bhí a gruaig ar sileadh léi. Bhí a súla ag lonnradh go soillseach le neart anfaidh, agus bhí gach cómhartha ar a meon go raibh scéala éigin uathbhásach aici le cur i n-umhail. "A Dhia láidir! a Nóra," arsa Cormac, "cad é seo ort, nó cad fá ndeara an scannradh? Ní fuláir nó go bhfuil rud éigin ag cur ort." "Tá, leis, a Chormaic," ar sise. "Go bhfóiridh Dia orm is orainn go léir! Tá Aodh Ó Tuama ar tí bhúr ngnótha do chur i n-a luighe ar na píléaraibh." Tháinig dabh báidhte ar gach fear dá raibh láithreach. Do bheir gach pearsa aca greim ar a ghuna agus thug cuid aca aghaidh ar an ndoras.
"Fan mar a bhfuil agaibh!" arsa Cormac. "Cia innis so duit, a Nóra?" "Is é féin an t-ughdar atá agam leis, a Chormaic," ar sise. "Tháinig sé annso anocht roimh teacht i gceann a chéile díbh-se, agus, an fhaid a bhí sé ag fuireach, thug sé cuaird ar ár dtigh-ne. Tá a fhios agaibh go léir is dócha go raibh sé de mhí-adh orm-sa bheith geallta i gcleamhnas leis. Thosnuigh sé ag innsint dom ó chianaibh cionnas mar a raibh ceaptha aige feirm Thaidhg Uí Loing- sigh do cheannach. Bhí a fhios agam, nídh nach iongnadh, nár bhféidir leis luach na feirme d'airgead a bheith 'na sheilbh féin, agus, nuair cheistígheas go dian é i n-a thaoibh, d'innis sé an scéal so dom fé rún. Bhí Riaghaltas Shasana ceanamhail riamh ar an Éireannach go raibh an droch-bhraon ann, agus tá Aodh t'réis a chur i n-a luighe air féin go mbeadh roinnt mhaith airgid tuillte aige féin as a shaothar diablaidhe." Níor labhradh gíog an fhaid 's a bhí sí ag cainnt. Bhí greim dian daingean ag gach duine ar a ghléas lámhacht agus crot feirge ar cheachtar aca. 'Sa deireadh do labhair Cormac: "Is uathbhásách an scéal é, a cháirde," ar seisean. "Tá "íde na muc is na madraidhe" tuillte ag Aodh nú ag éinne eile a bheartóchadh a chomráidí do mhaslughadh ar an nós so, acht "níor fhág an sagart a leanbh féin gan baisteadh riamh". A' dtuigeann sibh?" "Corp-lár na fírinne," arsa Pilibh Óg, "tá a fhios ag gach éinne againn cad is riachtanach dúinn a dhéanamh, agus, má thag- ann le Aodh Ó Tuama breacadh na maidne d'fheicsint, tá ár ngnó-na críochnuighthe de phreib." "Ní gábhadh é sin do chur i n-umhail dúinn," arsa Éamonn; "acht, má's féidir liom-sa é aimsiughadh anocht, ní scéithfidh sé a thuilleadh. Gluaisidh oraibh, a bhuachaillí!" Do chaith Nóra í féin ar a dá ghlúin rómpa, agus thosnuigh sí ag lógóireacht. "A bhuachaillí," ar sise,"ar son bhur n-anamann agus ar son an tÉ d'fhulaling A Pháis ar Chrann na Croise, ná bac leis. Ar son Dé, a Chormaic, labhair leó agus ná leig dóibh an scrios do dhéanamh." "Ná cuir mar athchuinge orm é, a Nóra," arsa Cormac. "Tá
a lán déanta agat ar ár son, agus táimid fíor-bhuidheach díot; acht is eól duit féin nach féidir droich-nídh dá leithéid seo do mhaitheamh." "A Chormaic, le hanamnaibh na marbh agus tabhair cáirde dhó an turas so. Tá sé le teacht annso arís anocht roimh scaradh dhíbh, agus is féidir libh é gabháil agus é chur fé ghlas i n-áit éigin ná tiocfaidh leis aon damáiste do dhéanamh. Is dual díbh gach duine agaibh a bheith fearamhail calma, agus ná bíodh sé le casadh libh coidhche gur dheineabhair beart chomh suarach soin." "Ní'l acht bás dúine amháin 'sa cheist eadrainne, a Nóra," arsa Cormach, "agus dá rithfeadh leis sin, bheadh céad duine ar thí a gcrochta. Is eól duit féin an méid sin." "Is ró-mhaith is eól dom é; acht, ar a shon-san is uile, bíodh foighne agaibh. Tá rud éigin fé leith aige id' choinnibh-se, a Chormaic, agus, dá mhéid é an dúil atá aige san airgead, is binne leis i bhfad tusa d'fheicsint ar lár. Ní fhuil nídh ar bith san t-saoghal so níosa riachtanaighe 'ná droich-bhearta ár náimhde do mhaitheamh, agus beidh grásta Dé mar bhrat cosanta oraibh go héag, má ghlacann sibh mo chómhairle, agus foidhne do bheith agaibh fé láthair." "Ní féidir é dhéanamh, a Nóra," arsa Éamonn. "I gcúntas Dé! an amhlaidh a mheasann tú sinn go léir a dhaoradh?" "Tánga annso anocht ar bhúr son-sa agus tá mo chion féin déanta agam," ar sise. "Ní bheidh a fhios ag éinne go deó ar dhéineacht mo theachtaireachta, acht is cuma liom san. Do cheapas go ndéanfaidhe rud orm, agus go nglacfadh sibh foighne le Aodh ar mo shon, acht chím nách amhlaidh atá. Tá orm dul anois is an chonntabhairt a nochtadh dhó. Ó! a mhaise, a Chormaic agus a bhuachaillí ná déanfaidh sibh rud orm. Deinidh agus geallaim díbh ná beidh sibh síos leis." Níor labhradh focal ar feadh i bhfad. Do bhagair Cormaic ar na buachaillíbh agus bhíodar ag cogarnaigh tamall i gcúinne an tseómra. Annsan chuaidh Cormac fé dhéin Nóra agus labhair sé léi. "Déanfaimíd rud ort, a Nóra," ar seisean. "Ní baoghal dó an turas so, acht cuirfear fé ghlas daingean é, ámhthach. Gluais leat a-bhaile anois, agus nár leigidh Dia ar lár tú féin ná do leithéid. Má tá staigínidhe fear i n-ár measc i nÉirinn,
tá mná na tíre deaghchroidheach, dílis, agus gura fada amhlaidh dhóibh." "Go raibh míle maith agat, a Chormaic," ar sise. "Bhí a fhios agam ná eiteóchadh sibh mé, agus tá súil le Dia agam ná beidh aithreachas oraibh coidhche i dtaoibh obair na hoidhche seo." Do ghluais sí léi a-bhaile. "Anois, a bhuachaillídhe," arsa Cormac, tar éis imtheachta dhí. "Tá orainn fuireach annso go dtí go dtiocfaidh sé. Bíodh triúr agaibh ullamh chun é ghábhail nuair chuirfead-sa i n-umhail díbh é. A Philib; téidhir-se síos go dtí áras na harmála, agus tabhair leat an téad atá ann. Caithfear é cheangal go dain- gean agus é sháthadh isteach 'sa seómra dorcha, agus é choimeád ann fé ghlas." Do ghluais Pilib agus níor bh'fhada tagtha ar n-ais dó 's an téad aige, nó gur tháinig Aodh isteach. "Caithfidh tú mo leith-scéal a ghabháil, a Chormaic," ar seisean, roimh shuidhe dhó, "i dtaoibh na faillighe, acht ní raibh leigheas ar. Thárla gur casadh cailín áirithe orm, ar theacht dom ó chianaibh, agus ní gábhadh dhom cur síos duit-se ar dheacaireacht dul ón dtreibh sin, uaireanna." Leis sin chrom sé ag gáiridhe. "Suidh, a Aodh," arsa Cormac. "Bhí a fhios agat go raibh obair fé leith idir lámhaibh againn anocht, agus budh cheart duit bheith annso chom maith leis an gcuid eile." "Tá a fhios san agam, a Chormaic, acht ní ró-mhinic bhíonn an fhaillighe le casadh liom. Táim ullamh chun mo chion féin den obair a dhéanamh chomh maith le cách." "Sean-fhocal é, a Aodh, "go bhfoillsightear gach nídh le h-aimsear," arsa Cormac. "Cuirfear do dhílseacht i n-umhail dúinn i n-am-tráth. Acht tá orm a dhearbhughadh dhuit go bhfuilimíd imshníomhach go léór fé láthair i dtaobh scéala d'airigheamar le déadhnaighe." "Scéal imshníomhach! Ní hamhlaid atá teipithe orainn, amás!" "Ní headh, buidheachas mór le Dia, acht tá sé curtha in' áirithe dhúinn go bhfuil fear scéithe 'n-ár measc, a Aodh." "I n-ár measc-na a Chormaic! Fastaím! Taisbeáin dom an cníopaire d'fhonn is go mbeidh sé mar shásamh aigne orm féin é bhualadh ar lár." Do phreab Cormac i n-a sheasamh. Bheir sé greim ar an ngléas lámhachta do bhí i n-aice leis, agus dhírigh sé ar Aodh, é.
"A chladhaire an éithigh," ar seisean, "dá ndéanfá beart dá leithéid, bheadh do bhás féin ar d'anam, óir is tú féin an spiaire!" "Mise! Grádh Dé! a Chormaic Uí Raghallaigh, an as do mheabhair ataoí? Dar bhrígh an leabhair, a Chormaic -" "Eist do bhéal, nó scaoilfidh mé piléar tríot. Dhearbhochthá is dócha ná fuilir cionntach. Seadh agus dhéanfá amhlaidh 's do chómh-Ghaedhil agat dá maslughadh. Ní i gcionn lae nó dhó chuireann daoine aithne ar a gcomharsnaibh uile. Acht tá aithne againne ort-sa 'sa deireadh, agus bíodh do bhuidheacas agat ar Dhia agus ar dhuine éigin áirithe eile, ná rabhais ag tabhairt an fhásaigh roimh eirighe na gréine ar maidin. Cuiridh fé cuibhreach é, a bhuachaillí, agus sáthaidh isteach 'sa seómra dorcha é, go dtí go mbeidh socruighthe againn i n-am tráth, cad a b'fhearra dhúinn a dhéanamh leis." Do dhein triúr aca air. Thug sé iarracht ar bhreith ar ghuna a bhí lámh leis acht bhí beirthe air sarar tháinig leis é déanamh. De phreib bhí sé snaidhmighthe go daingean, agus árduigheadh go dtí an seómra fé bhun an chaisleáin é. "Seadh," arsa Éamonn ar theacht ar n-ais dóibh, "tá sé gream- uighthe go maith fé láthair, acht dar liom-sa gur díthcéillidhe an rud scaoileadh leis ar an nós san. Bhí ár ndaoine riamh ró- fhearamhail nuair bhí cúrsaidhe a náimhde i gceist. Tá súil le Dia agam nach ádhbhar bróin dúinn fós obair na hoidhche seo." "Bhí an chroch tuillte aige go deimhin, a Éamoinn," arsa Cormac, "acht cad do b'áil leat a dhéanamh. D'airighis mé ag tabhairt geallamhna don chailín dílis úd ná bacfaidhe leis, agus an amhlaidh a mheasann tú a chur orm an gheallamhaint sin do bhriseadh." "Nár leigidh Dia go ndéanfá beart chómh suarach, a Chormaic, acht níor cheart duit thú féin do chur fé gheasa dá leithéid." "Seadh tá sé déanta anois, pé scéal é, agus na bíodh a thuilleadh le rádh 'na thaoibh. Nach iongantach go mbíonn an spiaire 'nár measc i gcómhnuidhe i nÉirinn." "Is ait 's is aindeis an scéal é," arsa Éamonn. "Ní fuláir nó go bhfuil mí-ádh éigin os ar gcionn chun a rádh go bhfuil síolrach na nGaedheal féin ar na daoinibh is túisce chun buille tubaiste do bhualadh ar a gcineadh féin. Beidh Éire ar lár go héag, agus, go bfóiridh Dia orainn, sinn féin fé ndeara é."
"Ní haon mhaitheas a bheith ag casaoid, a Éamoinn," arsa Cormac. "Ní fhuil Éire ar lár fós agus ní bheidh le congnamh Dé an fhaid a's tá brígh cos 's lámh i n-aos óg na tíre. Misneach, a dhuine, tá na scamaill ag scaipeadh, agus ní fada go mbeidh lonnradh na maidne ag sméideadh thar chnoc orainn." "Go ndeona Dia go mbeidh an scéal amhlaidh. Acht is minic a bhíonn sé buailte isteach im aigne féin ná fuil aon dul againn ar Éire do chur ar bhealach a leasa arís." "Preith, a duine, bog suas do chroidhe. Ná cuireadh dubh- scamaill na hoidhche seo ár n-obair ar gcúl; dar ndóigh, "is gnáthach caora dhubh san tréid is gile"." "Is fíor an méid sin go deimhin, agus tá sé ráidhthe "nár theip riamh ar lucht mhisnigh. Bíodh ár muinighin as Dia i gcomhnuidhe." "Seadh is mithid díbh bheith ag gluaiseacht a-bhaile, a cháirde," arsa Cormac. "Beidh orm-sa a dheimhniughadh dhom féin roimh imtheacht dom go bhfuil ár bpríosúnaidhe greamuighthe i gceart thíos. Ná deinidh dearmhad ar oidhche Dia hAoine, agus go gcuiridh Dia ar bhur leas sibh." Do ghluais na buachaillí leó annsan. Bhí Cormac ag siubhal síos suas an seómra ar feadh tamaill ag machtnamh go dian. Do bheir sé greim ar an ngléas lámhachta do bhí lámh leis agus bhí sé ag féachaint air ar feadh tamaill. "Is ait iad cúrsaidhe na haimsire seo," ar seisean leis féin. "An taca so aréir, bhí sé buailte isteach im aigne gur b'é Aodh Ó Tuama an té budh chreideamhnaighe a bhí i n-ár measc, agus anocht, tá sé curtha i n-umhail dom ná fuil ann acht tráill dubhchroidheach, droch-aigeanta. Go bhféachaidh Dia orainn, is aindeis an saoghal é, agus a Dhia láidir, is é fé ndeara Pádraig bocht a bheith sínte fé'n gcré anoct sic leis. Á, a Phádraig, a dhearbhráthair mo chroidhe istigh, is lag liom do bhás a bheith gan agairt t'réis ar gheallas is ar dhearbhuigheas os cionn do chuirp. Agus an té badh bhun leis. Tá sé fém chomraidhe ar an láthair seo!" Bhí sé ag machtnamh mar seo ar feadh tamaill. Bhí dath báidhte air, agus sceón i n-a shúilibh. D'árduigh sé an gleus lámhachta os cionn a chinn agus scaoil sé piléar do phléasc tríd an bhfuinneóig ar chúl an chaisleáin.
"Tá go maith," ar seisesan. "Déanfaidh sé an gnó. Anois, a Phádraig, agaireóchar an eagcóir a deineadh ort-sa. Tá "bás gan sagart" im láimh is an diablóir cealgach os mo chómhair amach." Do thug sé iarracht ar dhul fé dhéin Aodha; do stad sé ar feadh tamaill. "Badh shuarach an bheart é 'lámhach, agus gan dul aige ar é féin do chosaint," ar seisean leis féin, "acht badh bheag an bhuadhairt air siúd i dtaoibh dubhrón mo mháthar boichte, nuair a chuir sé Pádraig i riocht a bháis. Ar a shon san raghad síos agus scaoilfead air, agus bíodh sé 'na throid fhearamhail eadrainn. Ní gábhadh dhom an gleas-lámhachta, mar tá an tachtadh i ndán dó anois, má thagann liom-sa greim a bheith air." Do dhein sé fé dhéin an tseómra arís, agus d'iompuigh sé thar n-ais amhail is mar dhein sé an chéad-uair. Do chaith sé ar a dhá glúin é féin, agus d'iarr ar Dhia agus ar an Mhaighdin foighne do thabhairt dó. D'fhan sé mar seo is a cheann faoi ar feadh scaithimh mhaith agus annsan phreab sé n-a sheasamh. Thóg sé an gléas- lámhachta 'n-a láimh, agus do chuir sé an solus i n-éag. D'iompuigh sé fé dhéin an dorais. "Buidheachas le Dia go bhfuilim saor ó ghuais," ar seisean ar dhul fén spéir dó. "Má tá sé ceadtha ag Pádraig mé fheiscint ó Áras na Naomh nGeal, beidh lúthgháir air anocht m'anam a bheith saor on bpeacadh marbhthach, agus ní bheidh sé le casadh liom choidhche gur theip orm mo gheall do chóimhlíonadh le Nóra, agus le n-a deirbhshiair dhílis. Fágfad é fé bhreitheamhnas De na Glóire, agus go maithidh Sé a dhroichbhearta dhó." II. Maidin an tSathairn n-a dhiaidh san bhí athair Chormaic ina shuidhe go moch. Bhí mífhoighne a dhóthain air, agus é ag siubhal ar fuaid na cisteanach. Bhí a bhean mífhoighneach go leór leis; théigheadh sí fé dhéin an dorais anois 's arís. "Ní fheadar san domhan, a Shíle," ar seisean. "Cad a chongaibh Cormac as baile aréir nó cad fáth dhó gan a bheith tagtha a bhaile fós." "Ní fheadar, a Sheáin, tá tré 'na cheile go leór orm 'na
thaoibh, mar nár dhein sé a leithéid riamh roimis seo. Ní hamhlaidh a bheadh an bhualadh ar siubhail aréir, imás!" "Ní dóigh liom é, acht is deallramhach go bhfuil rud éigin bun os cionn. Níor dhúnas súil aréir, pé nídh a bhí ag cur orm. D'airigheas an madra leis "ag gol" ar feadh na hoidhche ag ceann an tighe." "D'airigheas leis é, agus chuir sé ag crith le heagla mé, mar gur bh'é an port céadna bhí ar siubhal aige an oidhche do lámhaigh na píléirídhe Pádraig bocht san abhainn." "Tá súil le Dia agam, a Shíle, go bhfuil an scéal ar fheabhas ag Cormac, agus ag na buachaillíbh. Is díthcéillidhe an obair í bheith ag cur i gcoinnibh an Riaghaltais ar an nós so, agus níor gábhadh do Chormac a bheith chomh doimhin san obair, dá mbáil leis mo chómhairle a ghlacadh." (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services