Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).

Title
Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Aimsear na bhFígínídhe i nUíbh Ráthach.



(Ar leanamhaint.)



PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA do scríbh.



"Seadh; seadh scaoilimís thorainn an suainseán an taca so,"
arsa Éamonn; tá obair eile idir lámhaibh againn. Cad tá le
déanamh anocht, a Chormaic?"



Ní dubhairt Cormac focal an fhaid is a bhí an díospóireacht
ar siubhal i dtaoibh Aodha, acht bhí sé ag éisteacht go haireach.



"Ní móide go dtiocfadh linn a lán a chur i dtreó anocht, a
bhuachaillí," ar seisean, ag tabhairt freagra ar Éamonn; "acht,
ó's rud é go bhfuilmíd i gceann a chéile, b'fhearra dhúinn ár
bpaisde féin den obair a leagadh amach."



"Díreach é," arsa Éamonn. "An bhfuil aon nídh leagtha
amach agat?"



"Táim i gcás idir dhá chómhairle fé láthair, agus badh mhaith
liom bhur mbreith a bheith agam ar an obair atá ceaptha agam."



"Tá go maith," arsa Éamonn; "scaoil chúghainn é."



"Oidhche Dia hAoine a bhí beartuighthe agam na buachaillí go
léir a bhailiughadh i gceann a chéile. Is féidir linn a bheith ag an
nGleann Dubh ar a deich, abair. Beidh oraibh-se, gach duine agaibh
bhúr ngasra féin a threóradh libh ó n-a gceanntaraibh féin. Ann-
sain, i dteannta a céile, cuirfimíd chun na hoibre."



"Acht nár mhaith an rud é obair na hoidhche sin a bheith leagtha
amach roimh ré, leis?" arsa Tadhg Mór.



"Beidh leis, a Thaidhg, má bhíonn foidhne agat," arsa Cormac,
ag gáiridhe. "Raghaidh gasra láidir it theannta-sa, a Éamoinn,
fe dhéin tighe na "Water Guards" i sna Ceallaibh. Beidh oraibh
an armáil a scuabadh libh agus í cur i bhfolach 'sa Chaisleán
annso. Raghair-se, a Thaidhg, tú féin agus dream eile fé dhéin
Barraic na bPíléirí annso, agus béidh an gnó céadna mar
chúram oraibh-se, agus teastuigheann dream eile uaim féin.
Fuaireas scéala indiu go mbeidh marcach ag teacht an oidhche sin
ó Chill Áirne. Beidh focal faire fé leith aige i gcomhair Oifig-
each na bPíléirí annso, agus beidh orainn cosc a chur leis. Dá


L. 135


dtiocfadh linn bheith roimis ag Droichead an Leasa, bheadh an áit
an-áiseamhail. Ná deineadh aon dream againn droch-obair, má's
féidir é, acht, má bhíonn gábhadh leis, is riachtanaighe abhfad duine
nó beirt nó míle pearsan do leagadh 'ná cúis na tíre do chur
i ndísc arís, agus na mílte duine á ghreamughadh níos daingne
fé dhubhghreim na hAllmhúrach. An dtuigenn sibh?"



"Tá gach nídh dá bhfuil ceaptha agat soiléir a dhóthain go
deimhin," arsa Éamonn, "agus ní heól damh-sa slíghe do b'fhearr
chun an obair a chur i dtreó. 'Sé is dóichighe go mbeidh an gleó
ar siubhal ar fuid na tíre oidhche an tSathairn nó oidhche Domh-
naigh."



"Ní móide go bhféadfar é chur ar gcúlaibh níos sia," arsa
Cormac, "agus dá luaithe anois é sé is fearr linn. Beidh sé
riachtanach ar ghach duine bheith ullamh i gcómhar an chatha, agus,
dá bhrígh sin, bíodh gach éinne gléasta i gceart oidhche Dia
hAoine."



"Is soiléir go mbeidh an bualadh ar siubhal lom láithreach,"
arsa Pilib Óg, "agus ní fhuil a lán aimsire chum ullmhuighthe
againn, dá réir. Nach ait an rud é agn Aodh Ó Tuama a bheith
tagtha fós?"



"Is ait go léir," arsa Cormac, "má's ní hamhlaidh a bheadh
aon uisce fé thalamh ar siubhal aige."



"Dar na mionna," arsa Éamonn, ag breith ar ghuna a bhí i
n-aice leis, "dá mb'eól dom aon ní dá leithéid a bheith i
gceist -"



Le linn na cainnte sin, do buaileadh buille ar an ndoras,
agus, nuair oscladh é, do phreab Nóra Ní Chiabháin isteach. Bhí a
gruaig ar sileadh léi. Bhí a súla ag lonnradh go soillseach le
neart anfaidh, agus bhí gach cómhartha ar a meon go raibh scéala
éigin uathbhásach aici le cur i n-umhail.



"A Dhia láidir! a Nóra," arsa Cormac, "cad é seo ort, nó
cad fá ndeara an scannradh? Ní fuláir nó go bhfuil rud éigin
ag cur ort."



"Tá, leis, a Chormaic," ar sise. "Go bhfóiridh Dia orm is
orainn go léir! Tá Aodh Ó Tuama ar tí bhúr ngnótha do chur i
n-a luighe ar na píléaraibh."



Tháinig dabh báidhte ar gach fear dá raibh láithreach. Do bheir
gach pearsa aca greim ar a ghuna agus thug cuid aca aghaidh ar
an ndoras.


L. 136


"Fan mar a bhfuil agaibh!" arsa Cormac. "Cia innis so
duit, a Nóra?"



"Is é féin an t-ughdar atá agam leis, a Chormaic," ar sise.
"Tháinig sé annso anocht roimh teacht i gceann a chéile díbh-se,
agus, an fhaid a bhí sé ag fuireach, thug sé cuaird ar ár dtigh-ne.
Tá a fhios agaibh go léir is dócha go raibh sé de mhí-adh orm-sa
bheith geallta i gcleamhnas leis. Thosnuigh sé ag innsint dom ó
chianaibh cionnas mar a raibh ceaptha aige feirm Thaidhg Uí Loing-
sigh do cheannach. Bhí a fhios agam, nídh nach iongnadh, nár bhféidir
leis luach na feirme d'airgead a bheith 'na sheilbh féin, agus,
nuair cheistígheas go dian é i n-a thaoibh, d'innis sé an scéal so
dom fé rún. Bhí Riaghaltas Shasana ceanamhail riamh ar an
Éireannach go raibh an droch-bhraon ann, agus tá Aodh t'réis a
chur i n-a luighe air féin go mbeadh roinnt mhaith airgid tuillte
aige féin as a shaothar diablaidhe."



Níor labhradh gíog an fhaid 's a bhí sí ag cainnt. Bhí greim
dian daingean ag gach duine ar a ghléas lámhacht agus crot
feirge ar cheachtar aca.



'Sa deireadh do labhair Cormac:



"Is uathbhásách an scéal é, a cháirde," ar seisean. "Tá "íde
na muc is na madraidhe" tuillte ag Aodh nú ag éinne eile a
bheartóchadh a chomráidí do mhaslughadh ar an nós so, acht "níor
fhág an sagart a leanbh féin gan baisteadh riamh". A' dtuigeann
sibh?"



"Corp-lár na fírinne," arsa Pilibh Óg, "tá a fhios ag gach
éinne againn cad is riachtanach dúinn a dhéanamh, agus, má thag-
ann le Aodh Ó Tuama breacadh na maidne d'fheicsint, tá ár
ngnó-na críochnuighthe de phreib."



"Ní gábhadh é sin do chur i n-umhail dúinn," arsa Éamonn;
"acht, má's féidir liom-sa é aimsiughadh anocht, ní scéithfidh sé a
thuilleadh. Gluaisidh oraibh, a bhuachaillí!"



Do chaith Nóra í féin ar a dá ghlúin rómpa, agus thosnuigh sí
ag lógóireacht.



"A bhuachaillí," ar sise,"ar son bhur n-anamann agus ar son
an tÉ d'fhulaling A Pháis ar Chrann na Croise, ná bac leis. Ar
son Dé, a Chormaic, labhair leó agus ná leig dóibh an scrios do
dhéanamh."



"Ná cuir mar athchuinge orm é, a Nóra," arsa Cormac. "Tá


L. 137


a lán déanta agat ar ár son, agus táimid fíor-bhuidheach díot;
acht is eól duit féin nach féidir droich-nídh dá leithéid seo do
mhaitheamh."



"A Chormaic, le hanamnaibh na marbh agus tabhair cáirde dhó
an turas so. Tá sé le teacht annso arís anocht roimh scaradh
dhíbh, agus is féidir libh é gabháil agus é chur fé ghlas i n-áit éigin
ná tiocfaidh leis aon damáiste do dhéanamh. Is dual díbh gach
duine agaibh a bheith fearamhail calma, agus ná bíodh sé le casadh
libh coidhche gur dheineabhair beart chomh suarach soin."



"Ní'l acht bás dúine amháin 'sa cheist eadrainne, a Nóra,"
arsa Cormach, "agus dá rithfeadh leis sin, bheadh céad duine ar
thí a gcrochta. Is eól duit féin an méid sin."



"Is ró-mhaith is eól dom é; acht, ar a shon-san is uile, bíodh
foighne agaibh. Tá rud éigin fé leith aige id' choinnibh-se, a
Chormaic, agus, dá mhéid é an dúil atá aige san airgead, is
binne leis i bhfad tusa d'fheicsint ar lár. Ní fhuil nídh ar bith
san t-saoghal so níosa riachtanaighe 'ná droich-bhearta ár náimhde
do mhaitheamh, agus beidh grásta Dé mar bhrat cosanta oraibh go
héag, má ghlacann sibh mo chómhairle, agus foidhne do bheith agaibh
fé láthair."



"Ní féidir é dhéanamh, a Nóra," arsa Éamonn. "I gcúntas
Dé! an amhlaidh a mheasann tú sinn go léir a dhaoradh?"



"Tánga annso anocht ar bhúr son-sa agus tá mo chion féin
déanta agam," ar sise. "Ní bheidh a fhios ag éinne go deó ar
dhéineacht mo theachtaireachta, acht is cuma liom san. Do cheapas
go ndéanfaidhe rud orm, agus go nglacfadh sibh foighne le Aodh
ar mo shon, acht chím nách amhlaidh atá. Tá orm dul anois is
an chonntabhairt a nochtadh dhó. Ó! a mhaise, a Chormaic agus a
bhuachaillí ná déanfaidh sibh rud orm. Deinidh agus geallaim díbh
ná beidh sibh síos leis."



Níor labhradh focal ar feadh i bhfad. Do bhagair Cormaic ar
na buachaillíbh agus bhíodar ag cogarnaigh tamall i gcúinne an
tseómra. Annsan chuaidh Cormac fé dhéin Nóra agus labhair sé
léi.



"Déanfaimíd rud ort, a Nóra," ar seisean. "Ní baoghal
dó an turas so, acht cuirfear fé ghlas daingean é, ámhthach.
Gluais leat a-bhaile anois, agus nár leigidh Dia ar lár tú féin
ná do leithéid. Má tá staigínidhe fear i n-ár measc i nÉirinn,


L. 138


tá mná na tíre deaghchroidheach, dílis, agus gura fada amhlaidh
dhóibh."



"Go raibh míle maith agat, a Chormaic," ar sise. "Bhí a fhios
agam ná eiteóchadh sibh mé, agus tá súil le Dia agam ná beidh
aithreachas oraibh coidhche i dtaoibh obair na hoidhche seo."



Do ghluais sí léi a-bhaile.



"Anois, a bhuachaillídhe," arsa Cormac, tar éis imtheachta dhí.
"Tá orainn fuireach annso go dtí go dtiocfaidh sé. Bíodh
triúr agaibh ullamh chun é ghábhail nuair chuirfead-sa i n-umhail díbh
é. A Philib; téidhir-se síos go dtí áras na harmála, agus
tabhair leat an téad atá ann. Caithfear é cheangal go dain-
gean agus é sháthadh isteach 'sa seómra dorcha, agus é choimeád
ann fé ghlas."



Do ghluais Pilib agus níor bh'fhada tagtha ar n-ais dó 's an
téad aige, nó gur tháinig Aodh isteach.



"Caithfidh tú mo leith-scéal a ghabháil, a Chormaic," ar seisean,
roimh shuidhe dhó, "i dtaoibh na faillighe, acht ní raibh leigheas ar.
Thárla gur casadh cailín áirithe orm, ar theacht dom ó chianaibh,
agus ní gábhadh dhom cur síos duit-se ar dheacaireacht dul ón
dtreibh sin, uaireanna." Leis sin chrom sé ag gáiridhe.



"Suidh, a Aodh," arsa Cormac. "Bhí a fhios agat go raibh
obair fé leith idir lámhaibh againn anocht, agus budh cheart duit
bheith annso chom maith leis an gcuid eile."



"Tá a fhios san agam, a Chormaic, acht ní ró-mhinic bhíonn an
fhaillighe le casadh liom. Táim ullamh chun mo chion féin den
obair a dhéanamh chomh maith le cách."



"Sean-fhocal é, a Aodh, "go bhfoillsightear gach nídh le
h-aimsear," arsa Cormac. "Cuirfear do dhílseacht i n-umhail
dúinn i n-am-tráth. Acht tá orm a dhearbhughadh dhuit go bhfuilimíd
imshníomhach go léór fé láthair i dtaobh scéala d'airigheamar le
déadhnaighe."



"Scéal imshníomhach! Ní hamhlaid atá teipithe orainn, amás!"



"Ní headh, buidheachas mór le Dia, acht tá sé curtha in'
áirithe dhúinn go bhfuil fear scéithe 'n-ár measc, a Aodh."



"I n-ár measc-na a Chormaic! Fastaím! Taisbeáin dom
an cníopaire d'fhonn is go mbeidh sé mar shásamh aigne orm féin
é bhualadh ar lár."



Do phreab Cormac i n-a sheasamh. Bheir sé greim ar an
ngléas lámhachta do bhí i n-aice leis, agus dhírigh sé ar Aodh, é.


L. 139


"A chladhaire an éithigh," ar seisean, "dá ndéanfá beart dá
leithéid, bheadh do bhás féin ar d'anam, óir is tú féin an spiaire!"



"Mise! Grádh Dé! a Chormaic Uí Raghallaigh, an as do
mheabhair ataoí? Dar bhrígh an leabhair, a Chormaic -"



"Eist do bhéal, nó scaoilfidh mé piléar tríot. Dhearbhochthá
is dócha ná fuilir cionntach. Seadh agus dhéanfá amhlaidh 's do
chómh-Ghaedhil agat dá maslughadh. Ní i gcionn lae nó dhó chuireann
daoine aithne ar a gcomharsnaibh uile. Acht tá aithne againne
ort-sa 'sa deireadh, agus bíodh do bhuidheacas agat ar Dhia agus
ar dhuine éigin áirithe eile, ná rabhais ag tabhairt an fhásaigh
roimh eirighe na gréine ar maidin. Cuiridh fé cuibhreach é, a
bhuachaillí, agus sáthaidh isteach 'sa seómra dorcha é, go dtí go
mbeidh socruighthe againn i n-am tráth, cad a b'fhearra dhúinn a
dhéanamh leis."



Do dhein triúr aca air. Thug sé iarracht ar bhreith ar ghuna a
bhí lámh leis acht bhí beirthe air sarar tháinig leis é déanamh. De
phreib bhí sé snaidhmighthe go daingean, agus árduigheadh go dtí
an seómra fé bhun an chaisleáin é.



"Seadh," arsa Éamonn ar theacht ar n-ais dóibh, "tá sé gream-
uighthe go maith fé láthair, acht dar liom-sa gur díthcéillidhe an
rud scaoileadh leis ar an nós san. Bhí ár ndaoine riamh ró-
fhearamhail nuair bhí cúrsaidhe a náimhde i gceist. Tá súil le
Dia agam nach ádhbhar bróin dúinn fós obair na hoidhche seo."



"Bhí an chroch tuillte aige go deimhin, a Éamoinn," arsa
Cormac, "acht cad do b'áil leat a dhéanamh. D'airighis mé ag
tabhairt geallamhna don chailín dílis úd ná bacfaidhe leis, agus
an amhlaidh a mheasann tú a chur orm an gheallamhaint sin do
bhriseadh."



"Nár leigidh Dia go ndéanfá beart chómh suarach, a Chormaic,
acht níor cheart duit thú féin do chur fé gheasa dá leithéid."



"Seadh tá sé déanta anois, pé scéal é, agus na bíodh a
thuilleadh le rádh 'na thaoibh. Nach iongantach go mbíonn an
spiaire 'nár measc i gcómhnuidhe i nÉirinn."



"Is ait 's is aindeis an scéal é," arsa Éamonn. "Ní
fuláir nó go bhfuil mí-ádh éigin os ar gcionn chun a rádh go bhfuil
síolrach na nGaedheal féin ar na daoinibh is túisce chun buille
tubaiste do bhualadh ar a gcineadh féin. Beidh Éire ar lár go
héag, agus, go bfóiridh Dia orainn, sinn féin fé ndeara é."


L. 140


"Ní haon mhaitheas a bheith ag casaoid, a Éamoinn," arsa
Cormac. "Ní fhuil Éire ar lár fós agus ní bheidh le congnamh
Dé an fhaid a's tá brígh cos 's lámh i n-aos óg na tíre. Misneach,
a dhuine, tá na scamaill ag scaipeadh, agus ní fada go mbeidh
lonnradh na maidne ag sméideadh thar chnoc orainn."



"Go ndeona Dia go mbeidh an scéal amhlaidh. Acht is minic
a bhíonn sé buailte isteach im aigne féin ná fuil aon dul againn
ar Éire do chur ar bhealach a leasa arís."



"Preith, a duine, bog suas do chroidhe. Ná cuireadh dubh-
scamaill na hoidhche seo ár n-obair ar gcúl; dar ndóigh, "is
gnáthach caora dhubh san tréid is gile"."



"Is fíor an méid sin go deimhin, agus tá sé ráidhthe "nár
theip riamh ar lucht mhisnigh. Bíodh ár muinighin as Dia i
gcomhnuidhe."



"Seadh is mithid díbh bheith ag gluaiseacht a-bhaile, a cháirde,"
arsa Cormac. "Beidh orm-sa a dheimhniughadh dhom féin roimh
imtheacht dom go bhfuil ár bpríosúnaidhe greamuighthe i gceart
thíos. Ná deinidh dearmhad ar oidhche Dia hAoine, agus go
gcuiridh Dia ar bhur leas sibh."



Do ghluais na buachaillí leó annsan. Bhí Cormac ag siubhal
síos suas an seómra ar feadh tamaill ag machtnamh go dian.
Do bheir sé greim ar an ngléas lámhachta do bhí lámh leis agus bhí
sé ag féachaint air ar feadh tamaill.



"Is ait iad cúrsaidhe na haimsire seo," ar seisean leis
féin. "An taca so aréir, bhí sé buailte isteach im aigne gur
b'é Aodh Ó Tuama an té budh chreideamhnaighe a bhí i n-ár measc,
agus anocht, tá sé curtha i n-umhail dom ná fuil ann acht tráill
dubhchroidheach, droch-aigeanta. Go bhféachaidh Dia orainn, is
aindeis an saoghal é, agus a Dhia láidir, is é fé ndeara
Pádraig bocht a bheith sínte fé'n gcré anoct sic leis. Á, a Phádraig,
a dhearbhráthair mo chroidhe istigh, is lag liom do bhás a bheith gan
agairt t'réis ar gheallas is ar dhearbhuigheas os cionn do chuirp.
Agus an té badh bhun leis. Tá sé fém chomraidhe ar an láthair
seo!"



Bhí sé ag machtnamh mar seo ar feadh tamaill. Bhí dath
báidhte air, agus sceón i n-a shúilibh. D'árduigh sé an gleus
lámhachta os cionn a chinn agus scaoil sé piléar do phléasc tríd
an bhfuinneóig ar chúl an chaisleáin.


L. 141


"Tá go maith," ar seisesan. "Déanfaidh sé an gnó. Anois,
a Phádraig, agaireóchar an eagcóir a deineadh ort-sa. Tá "bás
gan sagart" im láimh is an diablóir cealgach os mo chómhair
amach."



Do thug sé iarracht ar dhul fé dhéin Aodha; do stad sé ar
feadh tamaill.



"Badh shuarach an bheart é 'lámhach, agus gan dul aige ar é
féin do chosaint," ar seisean leis féin, "acht badh bheag an
bhuadhairt air siúd i dtaoibh dubhrón mo mháthar boichte, nuair a
chuir sé Pádraig i riocht a bháis. Ar a shon san raghad síos agus
scaoilfead air, agus bíodh sé 'na throid fhearamhail eadrainn.
Ní gábhadh dhom an gleas-lámhachta, mar tá an tachtadh i ndán dó
anois, má thagann liom-sa greim a bheith air."



Do dhein sé fé dhéin an tseómra arís, agus d'iompuigh sé thar
n-ais amhail is mar dhein sé an chéad-uair. Do chaith sé ar a dhá
glúin é féin, agus d'iarr ar Dhia agus ar an Mhaighdin foighne do
thabhairt dó. D'fhan sé mar seo is a cheann faoi ar feadh scaithimh
mhaith agus annsan phreab sé n-a sheasamh. Thóg sé an gléas-
lámhachta 'n-a láimh, agus do chuir sé an solus i n-éag. D'iompuigh
sé fé dhéin an dorais.



"Buidheachas le Dia go bhfuilim saor ó ghuais," ar seisean ar
dhul fén spéir dó. "Má tá sé ceadtha ag Pádraig mé fheiscint
ó Áras na Naomh nGeal, beidh lúthgháir air anocht m'anam a bheith
saor on bpeacadh marbhthach, agus ní bheidh sé le casadh liom
choidhche gur theip orm mo gheall do chóimhlíonadh le Nóra, agus le
n-a deirbhshiair dhílis. Fágfad é fé bhreitheamhnas De na Glóire,
agus go maithidh Sé a dhroichbhearta dhó."



II.



Maidin an tSathairn n-a dhiaidh san bhí athair Chormaic ina
shuidhe go moch. Bhí mífhoighne a dhóthain air, agus é ag siubhal
ar fuaid na cisteanach. Bhí a bhean mífhoighneach go leór leis;
théigheadh sí fé dhéin an dorais anois 's arís.



"Ní fheadar san domhan, a Shíle," ar seisean. "Cad a chongaibh
Cormac as baile aréir nó cad fáth dhó gan a bheith tagtha a bhaile
fós."



"Ní fheadar, a Sheáin, tá tré 'na cheile go leór orm 'na


L. 142


thaoibh, mar nár dhein sé a leithéid riamh roimis seo. Ní hamhlaidh
a bheadh an bhualadh ar siubhail aréir, imás!"



"Ní dóigh liom é, acht is deallramhach go bhfuil rud éigin bun
os cionn. Níor dhúnas súil aréir, pé nídh a bhí ag cur orm.
D'airigheas an madra leis "ag gol" ar feadh na hoidhche ag ceann
an tighe."



"D'airigheas leis é, agus chuir sé ag crith le heagla mé, mar
gur bh'é an port céadna bhí ar siubhal aige an oidhche do lámhaigh
na píléirídhe Pádraig bocht san abhainn."



"Tá súil le Dia agam, a Shíle, go bhfuil an scéal ar
fheabhas ag Cormac, agus ag na buachaillíbh. Is díthcéillidhe an
obair í bheith ag cur i gcoinnibh an Riaghaltais ar an nós so, agus
níor gábhadh do Chormac a bheith chomh doimhin san obair, dá mbáil
leis mo chómhairle a ghlacadh."



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services