Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Tráchtann leabhar éigin ar fhear aérach dár bh'ainm Mr. Dick. Do mhachtnaigh an fear so chómh dian ar dhí-cheannadh an chéad Chormaic rí Shasana, nár bhfuláir dó sgéal ar bith d'innsint gan ceann Chormaic do bheith i bhfus agus thall agus síos a's suas ins an chómhrádh. Táim eaglach go bhfuil a lán ar an mearbhall gcéadna mar gheall ar Dréafus. Bhí braoinín ólta ag fear i Lún- dúin an lá eile, agus láithreach bonn do mheas sé gurab é féin Dreyfus. "Féach ormsa, mesi Dreyfus," ar seisean le mnaoi sceinn an bhean uaidh. Mheas sé áiteamh ar a thuilleadh acu go raibh sé neamh-chionntach agus nár chóir é chur ar n-ais go príosún arís, acht bhuail constábla 'na threó agus chuir crúca ann. Buaileadh fíonáil bheag air agus cuireadh fá bhannaibh na síothchána é. Ní gearánta dhúinn muna mbeidh amadáin eile ag siubhal na sráide fá'n mbuile gcéadna. Bhris an taom amach ar chuma eile i bPáris i dtosach na seachtmhaine ghabh thart. Bhuail daosgar sluagh ar mire thré chúinne cumhang de'n chathair sin ag liúghraigh agus ag béicigh raobadar trosgain séipéil ann, dubharthas gur ghabhadar de chosaibh sa Chorp Naomhtha, acht is maith an rud gur bréag é sin. Fuair an dlighe greim ar chuid mhaith acu agus gheobhaidh siad loisdín ar feadh tamaill. Tá Labori na shuidhe arís, agus gidh go bhfuil an liathróid luadh i ndrom an fhir bhoicht fós tá sé ag an gCúirt gach lá ag cosaint Dréafuis go clisde, caithréimeach. Deirthear gurab é an Labori seo an dlightheoir is binn-bhriathraighe le fághail anois i bPáris. Tá a ainm i n-áirde d'éis an philéir úd do sgaoileadh air agus níor bh'iongnadh liom go mbiadh sé 'na Uachdarán ar an Fhrainc fós. Is mór le muintir na tíre sin óradóir maith. Sgríobh Ameriocánach leabhar breágh ar óráideacht suas le deich mbliadhna ó shoin agus dubhairt sé gur as Éirinn agus as an Fhrainc do tháinig na hÓrádóirí is breaghdha do chonnaic an saoghal ó aimsir na Rómhánach. Is mór an iongnadh go bhfuair cainteóirí as Éirinn an buaidh sain agus an Gall-bhéarla 'na theanga dheórata acu, acht ceapaim dá mbadh i nGaedhilg do laibheoraidís go mbiadh an buaidh acu seacht n-uaire. Is soiléir domhsa an méid sin ó chuala caint an tsagairt Uaitéir ó Conmhacháin ag an Oireachtas. Dála Dhréafuis ní furusda bun ná bárr d'fhagháil leis an sgéal. Tá sé chómh deacair a réidhteach agus do bhí an tsnaidhm úd le sgaoileadh do tugadh i láthair Alasdair Mhóir na nGréag. Do bhagair fínné go réidhteóchadh Ímpire na nGearmánach an cheist seo, acht is beag an cuimhneamh atá ag an bhfear sain ar a leithéid do dhéanamh. Do b'fheárr leis go mór caradas do dhéanamh leis na Franncaigh ná fearg do chur ortha. Tá Tsár na Rúise droch-shláinteach. Fear sochma síothchánta is eadh é. Ba maith an mhaise dhó an Dáil Síth úd do chur ar bun go déidheanaighe gidh gur beag an mhaitheas do tháinig ná do thiocfaidh as. Tá an Tsár ar tí cuairt do thabhairt go Bernstorf i bhFionn- lochlainn agus atá Impire na nGearmánach le h-ionad coinne dhéanamh leis. Nuair do bhuaileann a leithéidí seo de dhaoinibh mhóra le chéile bíd ag cur 'sa cúiteamh agus ag cómhradh le chéile do nós chách, agus meastar gur mhaith le hImpire na nGearmánach caradas do snadhmadh le Rúise. Bhí Bismarck ar feadh a shaoghail ar an inntinn sin acht ba ró-dheacair dó faill d'fhághail ar í chómh- líonadh. Tá an sgéal atharruighthe indiu mar tá tír mhór na Síne le bheith roinnte ar ball agus atá dúil ag an Fhrainc, an Almáin, agus an Rúise innte. Is beag an ionntaoibh atá ag aon cheann acu as ceann eile, acht mar sin féin dá n-oirfeadh sé dóibh chabhróchaidís le chéile ar son tailmh do ghoid. Bíonn malluightheóirí ar tí ríogha agus daoine móra de'n tsaghas sain do mharbhadh mar dar leo súd bhiadh
an saoghal go suairc dá mbiadh na daoine saidhbhre curtha as an tslighe agus a gcuid maoine roinnte go cothromach i measg dreama an ghábhatair. Is clos dúinn go raibh cuid de na buachaillibh díomhaoine droch- iomchair úd ag faireadh ar Ímpire na nGearmánach ar feadh a thuruis go daingne na Rinne an tseachtmhain seo ghabh thorrainn, ach bhí a gcuaird i n-aisdear mar bhí na saighdiúirí dubha ar a shálaibh agus gunnaí lódálta acu. Bhí sglábhuidhthe ó'n Iodáil ag obair ar dhaingeanaibh Metz ar theórainn na Fraince agus bailigheadh ar aon láthair amháin iad le heagla go mbiadh aon chuirptheach na measg faid do bhí an tÍmpire ag gabháil tharsa. Is glic an dream iad na Gearmánaigh agus measaim gur as méid a bhfoghluim d'fhásann an ghéar-inntleacht so, mar dar liom, is duine tuathalach, mall-inchinneach an Gearmánach do réir an nádúir. Fuair fear de'n treibh sin bás i nAmeriocá an lá eile, an t-easbog Becker. Bhí cion aige ar Éirinn agus ar a teanga, solas na bhFlaitheas d'á anam. Ba theangathóir iongantach é. Bhí sé na mhac léighinn sa Róimh uair agus cheap mic léighinn na cóláisde dileagra do bhronnadh ar an bPápa. Bhí na mic léighinn as gach náisiún agus chum gach dream acu an dileagra 'na dteanga dhuthchais féin, acht amháin na hÉireannaigh bhochta mar do théip ortha sain, toisg go rabhamair 'nár gcodladh an uair sin. Sheasaimh Becker i mbeárna an baoghail agus do chum sé dileagra i nGae- dhilg agus do thug comhrádh uaidh ins an teanga chéadna do thaithneóchadh le croidhe Aodha Ruaidh. Acht "beidh an fhairrge na tuilltibh dearga, 'gus an spéir na fuil," sul a mbeidh an Róisín Dubh arís ag brath ar Ghearmánach i n-am a riachtanais, gidh gur buidheach, beannachtach atámuid de, mar ba chóir dúinn bheith ar gach duine do thog suas a pheann, a ghuth nó a lámh, ar ár son. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services