Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Tráchtann leabhar éigin ar fhear aérach dár bh'ainm
Mr. Dick. Do mhachtnaigh an fear so chómh dian ar
dhí-cheannadh an chéad Chormaic rí Shasana, nár bhfuláir dó
sgéal ar bith d'innsint gan ceann Chormaic do bheith i
bhfus agus thall agus síos a's suas ins an chómhrádh. Táim
eaglach go bhfuil a lán ar an mearbhall gcéadna mar
gheall ar Dréafus. Bhí braoinín ólta ag fear i Lún-
dúin an lá eile, agus láithreach bonn do mheas sé gurab é
féin Dreyfus. "Féach ormsa, mesi Dreyfus," ar
seisean le mnaoi sceinn an bhean uaidh. Mheas sé
áiteamh ar a thuilleadh acu go raibh sé neamh-chionntach agus
nár chóir é chur ar n-ais go príosún arís, acht bhuail
constábla 'na threó agus chuir crúca ann. Buaileadh
fíonáil bheag air agus cuireadh fá bhannaibh na síothchána é.
Ní gearánta dhúinn muna mbeidh amadáin eile ag
siubhal na sráide fá'n mbuile gcéadna. Bhris an taom
amach ar chuma eile i bPáris i dtosach na seachtmhaine
ghabh thart. Bhuail daosgar sluagh ar mire thré chúinne
cumhang de'n chathair sin ag liúghraigh agus ag béicigh
raobadar trosgain séipéil ann, dubharthas gur ghabhadar
de chosaibh sa Chorp Naomhtha, acht is maith an rud gur
bréag é sin. Fuair an dlighe greim ar chuid mhaith acu
agus gheobhaidh siad loisdín ar feadh tamaill. Tá Labori
na shuidhe arís, agus gidh go bhfuil an liathróid luadh i ndrom
an fhir bhoicht fós tá sé ag an gCúirt gach lá ag cosaint
Dréafuis go clisde, caithréimeach. Deirthear gurab é
an Labori seo an dlightheoir is binn-bhriathraighe le fághail
anois i bPáris. Tá a ainm i n-áirde d'éis an philéir
úd do sgaoileadh air agus níor bh'iongnadh liom go mbiadh
sé 'na Uachdarán ar an Fhrainc fós. Is mór le muintir
na tíre sin óradóir maith. Sgríobh Ameriocánach leabhar
breágh ar óráideacht suas le deich mbliadhna ó shoin agus
dubhairt sé gur as Éirinn agus as an Fhrainc do tháinig na
hÓrádóirí is breaghdha do chonnaic an saoghal ó aimsir
na Rómhánach. Is mór an iongnadh go bhfuair cainteóirí
as Éirinn an buaidh sain agus an Gall-bhéarla 'na theanga
dheórata acu, acht ceapaim dá mbadh i nGaedhilg do
laibheoraidís go mbiadh an buaidh acu seacht n-uaire. Is
soiléir domhsa an méid sin ó chuala caint an tsagairt
Uaitéir ó Conmhacháin ag an Oireachtas.



Dála Dhréafuis ní furusda bun ná bárr d'fhagháil leis
an sgéal. Tá sé chómh deacair a réidhteach agus do bhí an
tsnaidhm úd le sgaoileadh do tugadh i láthair Alasdair
Mhóir na nGréag. Do bhagair fínné go réidhteóchadh
Ímpire na nGearmánach an cheist seo, acht is beag an
cuimhneamh atá ag an bhfear sain ar a leithéid do
dhéanamh. Do b'fheárr leis go mór caradas do dhéanamh
leis na Franncaigh ná fearg do chur ortha.



Tá Tsár na Rúise droch-shláinteach. Fear sochma
síothchánta is eadh é. Ba maith an mhaise dhó an Dáil
Síth úd do chur ar bun go déidheanaighe gidh gur beag
an mhaitheas do tháinig ná do thiocfaidh as. Tá an
Tsár ar tí cuairt do thabhairt go Bernstorf i bhFionn-
lochlainn agus atá Impire na nGearmánach le h-ionad
coinne dhéanamh leis. Nuair do bhuaileann a leithéidí
seo de dhaoinibh mhóra le chéile bíd ag cur 'sa cúiteamh
agus ag cómhradh le chéile do nós chách, agus meastar gur mhaith
le hImpire na nGearmánach caradas do snadhmadh le
Rúise. Bhí Bismarck ar feadh a shaoghail ar an inntinn
sin acht ba ró-dheacair dó faill d'fhághail ar í chómh-
líonadh. Tá an sgéal atharruighthe indiu mar tá tír
mhór na Síne le bheith roinnte ar ball agus atá dúil ag an
Fhrainc, an Almáin, agus an Rúise innte. Is beag an
ionntaoibh atá ag aon cheann acu as ceann eile, acht
mar sin féin dá n-oirfeadh sé dóibh chabhróchaidís le
chéile ar son tailmh do ghoid.



Bíonn malluightheóirí ar tí ríogha agus daoine móra
de'n tsaghas sain do mharbhadh mar dar leo súd bhiadh


L. 387


an saoghal go suairc dá mbiadh na daoine saidhbhre
curtha as an tslighe agus a gcuid maoine roinnte go
cothromach i measg dreama an ghábhatair. Is clos dúinn
go raibh cuid de na buachaillibh díomhaoine droch-
iomchair úd ag faireadh ar Ímpire na nGearmánach ar
feadh a thuruis go daingne na Rinne an tseachtmhain
seo ghabh thorrainn, ach bhí a gcuaird i n-aisdear mar
bhí na saighdiúirí dubha ar a shálaibh agus gunnaí lódálta
acu.



Bhí sglábhuidhthe ó'n Iodáil ag obair ar dhaingeanaibh
Metz ar theórainn na Fraince agus bailigheadh ar aon
láthair amháin iad le heagla go mbiadh aon chuirptheach
na measg faid do bhí an tÍmpire ag gabháil tharsa.
Is glic an dream iad na Gearmánaigh agus measaim gur
as méid a bhfoghluim d'fhásann an ghéar-inntleacht so,
mar dar liom, is duine tuathalach, mall-inchinneach an
Gearmánach do réir an nádúir. Fuair fear de'n
treibh sin bás i nAmeriocá an lá eile, an t-easbog
Becker. Bhí cion aige ar Éirinn agus ar a teanga, solas
na bhFlaitheas d'á anam. Ba theangathóir iongantach é.
Bhí sé na mhac léighinn sa Róimh uair agus cheap mic léighinn
na cóláisde dileagra do bhronnadh ar an bPápa. Bhí
na mic léighinn as gach náisiún agus chum gach dream acu
an dileagra 'na dteanga dhuthchais féin, acht amháin na
hÉireannaigh bhochta mar do théip ortha sain, toisg go
rabhamair 'nár gcodladh an uair sin. Sheasaimh Becker
i mbeárna an baoghail agus do chum sé dileagra i nGae-
dhilg agus do thug comhrádh uaidh ins an teanga chéadna do
thaithneóchadh le croidhe Aodha Ruaidh. Acht "beidh an
fhairrge na tuilltibh dearga, 'gus an spéir na fuil,"
sul a mbeidh an Róisín Dubh arís ag brath ar Ghearmánach
i n-am a riachtanais, gidh gur buidheach, beannachtach
atámuid de, mar ba chóir dúinn bheith ar gach duine
do thog suas a pheann, a ghuth nó a lámh, ar ár son.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services