Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle Fithil. Gníomh a dó.
Title
Comhairle Fithil. Gníomh a dó.
Author(s)
Ua Duinnín, An tAth. Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle Fithil. GNÍOMH A DÓ. AMHARC A hAON. Áit eile san choill le hais na Teamhrach. [Aonghus 'n-a aonar.] Aonghus. - Nach breágh deas cúthail an áit í seo? Is aoibhinn bheith ag éisteacht leis an gceol a scaiptear timcheall ó chrannaibh is bheith ag amharc na mbán is iad dá loscadh le teas na gréine. Áit í seo ghríosuigheann chum machtnaimh mé, is chuireann an ré atá caithte agam i gcuimhne dham. I dtaobh an tsaoghail atá rómham, ní fhéadaim é do mheas. Fágaim soin fá Bhaidhbh. Dála an ríogh, tagann gruaim air nuair chíonn sé chuige mé. Ní hionntaoibh an chealg atá i gcroidhe Fhlaithrí. Is fíor gur mhéaduigh sé mé. Is aige atá a fhios, ámhthach, cionnus aiseag d'fhagháil ann. Níor bhuail sé riamh iomam gan masladh do thabhairt dam. Díolfaidh as. Ní bhead-sa sásta im aigne go gcuirfear an ruaig air is go mbeidh greim ar a mhaoin agam. Tá báidh nach beag ag an rígh leis. Dá dtigeadh liom an rí do chur 'n-a choinnibh, bheadh rud éigin dá bhárr agam. An droich- íde a thugann sé ar an leanbh, cuireann soin buaidhirt orm. Budh dhóigh le duine gur madra bheadh dá tharraing aige ar fuaid na gcoillte. Do chuireas an droich-íde sin i n-umhail don rígh, agus is é bhí go feargach. Má's fíor a ndubhairt Badhbh, cuirfear an ruaig ar Fhlaithrí, is beidh a ionad agam-sa, agus b'fhéidir go bhfuighinn a mhaoin le Macha. [Intrat Macha.] A Mhacha, a ghrádh dhil, anois díreach do bhíos ag cuimhneamh ort. Do bhí t'ainm im bhéal agam an neoment so, is mé ag cainnt liom féin. Cionnus taoi? Macha. - Go ríogh-mhaith, a Aonghus, a mhaoin. Is beag do shíleas go gcasfaidhe orm annso thú. Aonghus. - Is iad do shúile lasmhara do sheol fám dhéin thú, agus tá na mílte fáilte rómhat ag Aonghus. An bhfuil aon scéal agat dam? Macha. - Cad iad na scéalta bheadh uait? Nach ró-gheárr ó fhágamar araon dún Fhlaithrí mar a mbíd na scéalta go léir, is
mar a raibh comhrádh milis againn leis an lánamhain shéanmhair sin. Aonghus. - Is iomdha éacht do tharlóchadh ó bhíomar i ndún Fhlaithrí. Acht, a Mhacha, a chroidhe istigh, cuireann an tagairt sin do phósadh Fhlaithrí buaidhirt orm, mar gur baoghalach gur fada uainn ar bpósadh féin. Macha. - Tá súil agam ná beidh aon an-mhoill orainn. Do mhéaduigh mo dhearbhráthair thú, agus bhlearaidh sé comhthrom duit. Aonghus. - Do mhéaduigh sé mé, gan amhras. Acht is maith an sás díol do bhaint as commaoin é. Macha. - Cabhróchaidh Flaithrí liom-sa ar aon chuma, is ní ag cur im choinnigh a bheidh sé. Aonghus. - An fhaid mhairfidh Flaithrí is an rí 'n-a fhabhar, ní bheidh ionnam-sa acht moghadh. Dá mbadh is go bpósfaidhe féin sinn, ní bheadh agat acht moghadh mar chéile. Macha. - Do leanfadh an rí comhairle Fhlaithrí. Aonghus. - Is beag dá mhearbhall soin orm; agus, dá bhrígh sin, an fhaid a bheidh toradh ag an rígh air, ní bhfuidhead-sa ceart ná cóir. Macha. - Tá croidhe fairsing ag Flaithrí, a Aonghus. Aonghus. - Má's fairsing a chroidhe, is beag a bhéaraidh sé dhamh-sa acht fonómhaid is masladh. B'fhearra dham seacht n-uaire fanamhaint mar a raibh agam - ag romhar na gclas, ag daing- niughadh, ag cur criadh, is ag tarraing an arbhair do thagadh ó chorán shean-Dáire - 'ná méadughadh den tsaghas so do ghlacadh: méadughadh gan urraim, méadughadh ná fuil maoin ná saidhbhreas ag dul leis, droch-mheas orm ag an té mhéaduigh mé, agus go gcuirfeadh sé tríd an dtalamh síos mé, dá mb'fhéidir leis é. A Mhacha, ní fhulaingeochad a thuilleadh den íde sin uaidh. Tá mo chorp is m'anam chomh maith le corp is anam Fhlaithrí. Tá an fhuil 'sna cuisleannaibh agam chomh dearg le n-a chuid fola súd. Ní chuirfead suas le n-a thuilleadh dá mhasladh. B'fhearr liom iarracht do thabhairt fá n-a leagadh is a dhíbirt a Teamhair. Macha. - A Aonghus, a mhaoin, brisfidh mo chroidhe má bhíonn tú ag tromaidheacht ar an gcuma soin ar mo dhearbhráthair cheannsa. Aonghus. - Bristear ar gcroidhthe i n-aoinfheacht. Acht, cogar i leith chugham, tá cion ag Flaithrí ort - ar chuir sé a chion i n-umhail duit riamh?
Macha. - Bíonn sé i gcomhnuidhe dá chur i n-umhail dam. Cad a dhéanfainn mar a mbeadh go ngoilleann mo bhuaidhirt air? Aonghus. - Ó! 'seadh, tagann an chainnt go saoráideach chuige. Is milis sleamhain an fear é, gan amhras. Acht ar thug sé son nídh riamh duit gur bh'fhiú é d'fhagháil? An raibh a leithéid sin d'ionntaoibh asat riamh aige? Macha. - Do bheadh, gan amhras, dá mbeadh caoin aige air. Is maith atá a fhios agam go dtiubhradh sé a anam i dtaiscidh dham. Aonghus. - Coimeádadh sé an t-anam soin aige féin go fóill. Bíodh a fhios agat, ámhthach, ná pósfar le chéile sinn go bhfeicfead lem shúilibh cinn deimhniughadh ar a chuid ceana dhuit. Macha. - Cad é an deimhniughadh do bheadh uait, a chroidhe? Aonghus. - Tá's agat, a Mhacha, gur mhéaduigh Flaithrí mé, acht b'é sin an méadughadh tur. Is beag da mhaoin tsaoghalta do lean é. Is boichte mé anois 'ná mar bhíos is mé im mhoghadh; óir is boichte uasal dealbh 'ná criadhaire dealbh. Acht dá snaidhm- thighe le chéile sinn, a Mhacha, budh bhoichte 'na riamh mé. Budh mhóidide mo chostas é, agus is amhlaidh do bheadh Flaithrí san ár orm dá dhruim sin. Macha. - Is fuar é do ghrádh dhamh-sa, agus a leithéid sin do rádh. Aonghus: Mo sheacht n-ochlán! Dá theodhacht é an grádh, Ní bheirbheochadh corcán. Ní'l aon mhaitheas i gcainnt. Caithfeam scaramhaint le chéile maran rud é go bhfeicead rian saidhbhris do dhearbhráthar ort. Macha. - Scaramhaint le chéile! An dá ríribh ataoi? Nó an amhlaidh a mheasann tú mé do chrádh? Nach fada anois ó luaidh- eadh ar n-ainmneacha araon i gcúirt an ríogh, agus gur dóigh leis an rígh féin gur geárr go bpósfar le chéile sinn? Aonghus. - 'Seadh, faghaim seoide, feicim cuid de mhaoin tsaoghalta do dhearbhráthar agat, agus beam d'aon-bhuidhin. Macha. - Cionnas d'fhéadfainn-se teacht ar mhaoin tsaoghalta mo dhearbhráthar? Aonghus. - Agus an amhlaidh a mheasann tú srathar an dealbhas do bhualadh orm-sa, rud do bhuailfeá dá snaidhmthidhe liom thú gan spré gan - Macha. - Tá mo mhuinghin as Flaithrí.
Aonghus. - Ní'l aon mhuinighín agam-sa as, acht an droch- mhuinghín. Macha. - Is minic a chuir sé a chion i n-umhail dam. Aonghus. - Níor theip an chainnt riamh air. Macha. - Ní'l aon mheas ar chainnt agat-sa, is dócha. Cad tá uait? Aonghus. - Is maith atá a fhios agat gur mian liom comhartha éigin de shaidhbhreas Fhlaithrí d'fheicsint agat. Macha. - Mo mhairg! agus is gránna chaillis orm. Ní hamháin gur gheallais go nglacfá liom már chéile, acht chuiris i n-umhail don rígh féin is dá chomhluadar gur gheárr go ndéanfaidhe snaidhmeadh orainn. Níor léigis ort an tráth soin go raibh aon bheann agat ar spré ná ar sheodaibh. Do léigis ort go raibh ionntaoibh as Flaithrí agat, agus go nglacfá a bhfuighfeá; acht anois, gan chúis gan adhbhar, taoi ar tí mé thréigean, mé radadh uait, i dtreo go mbeinn im cheap magaidh ag uasal is ag íseal. Ba lá léin dam an chéad lá riamh do chonnarc thú! (Goileann). Aonghus. - Faghaim dearbhughadh ar an gcion atá ag Flaithrí ort. Macha. - Ná tabharfá uain dam chum m'anál do tharraing. Nach mór an tsainnt chum maoine do ghabh thú le déidheanaighe! Má - [Intrat Labhraidh agus anfadh air.] Labhraidh. - A Aonghus, ar airighis an t-éacht - (Luigh- eann a shúil ar Mhacha). Móradh dhuit, a bhean uasal! Aonghus. - Cad é an t-éacht, a Labhraidh? Labhraidh. - Éacht a leathfaidh cumha fá thíorthaibh Éireann, agus ag a bhfuil teinnteán an ríogh cheana féin báidhte i mbrón. AONGHUS is MACHA (i n-aoinfheacht) - Cad é féin? Scaoil chughainn é. Labhraidh - Tá Cairbre marbh. Aonghus. - Marbh, an ndubhraís? Cairbre marbh! Labhraidh. - 'Seadh, marbh. Do deineadh feall air. AONGHUS is MACHA (i n-aoinfheacht) - Feall! Cia dhein an feall air? Labhraidh - Is brón liom le n-aithris gur ar Fhlaithrí féin is mó atá amhras. Macha. - Flaithrí! Cad a chuir an ainm sin id bhéal?
Aonghus. - Ní dhéanfadh Flaithrí a leithéid. Labhraidh. - Tá sé fá ghreim. Admhuigheann sé féin an t-éacht, agus do fuarthas rian na fola ar a lámhaibh. Tá tocht dóláis ar an rígh, agus budh mhaith leis go dtiocfá fá n-a dhéin. Tá fógradh amuigh uaidh ag a rádh gur tusa an t-áirdbhreitheamh i n-ionad Fhlaithrí. Aonghus. - Is cúis chathuighthe don tír ar fad an t-éacht so. Raghadh láithreach fá dhéin an ríogh. Slán agat, a Mhacha. (I leath- taoibh): Nach maith a bhí fios an scéil ag Baidhbh is ag a coideacht- ain! Macha. - Slán leat. [Exeunt Aonghus is Labhraidh.] Macha. - Mo mhíle mhairg! agus an mar sin atá an scéal agat, a Fhlaithrí, a rúin? Cad a dhéanfad, má's fíor gur dhein mo dhearbhráthair gníomh den tsaghas soin? Tá náire go deo faghtha agam féin is ag a mbaineann liom. Ní bheidh meas ag an rígh go deo arís ar aoinne againn. Ainm m'athar féin atá fá'n bhfód, maslóchar é. Faire! faire! cad déarfaidh na huaisle! Cad déarfaidh Aonghus? Muinntear Fhlaithrí ag dul le fánaidh agus Aonghus ag éirghe! Is fearr moghadh méaduighthe 'ná uasal go mbeadh náire faghtha aige. Sin beárna iar n-a hoscailt d'Aonghus. Sin é ionad Fhlaithrí iar n-a fhagháil aige. An mbeidh an sean-ghrádh aige dhamh-sa? Sin í an cheist. Tá eagla orm roimhe. Ní mé féin atá uaidh anois, acht maoin Fhlaithrí. Budh dhóigh le duine air ó chianaibh gur bh'eol dó go raibh cuid de shaidhbhreas Fhlaithrí i gan fhios agam. Tá an cumhdach so agam (tarraingeann sí chúiche an cumhdach), agus, má tá, coingheochad greim air; agus, mara meallfainn féin Aonghus, b'fhéidir go meallfadh an cumhdach so é. Ní scarfainn leis an gcumhdach so dá dtagadh an rí féin chugham ar a lorg. [An brat anuas]. AMHARC A DÓ. Dún i dTeamhair. [Flaithrí i ngéibhinn. Intrat Bras.] Bras. - Móradh dhuit, a fhlaith uasail! Flaithrí - Fáilte romhat, a Bhrais! Ar thugais mo theacht- aireacht chum mo dheirbhshéathar? Bras. - Do thugas, a fhlaith uasail.
Flaithrí - Ar thug sí dhuit an cumhdach do thugas i dtaiscidh dhi? Bras. - Níor thug, a fhlaith. Flaithrí - Níor thug! Cionnas soin? Ná dubhraís go raibh gábhadh agam leis? Bras. - Dubhart léi go raibh gábhadh deacrach agat leis, go rabhais i gconntabhairt t'anma, agus go raibh daoine timcheall ar an rígh nár mhiste dúthracht do thabhairt dóibh, agus go mb'fhéidir go ndéanfadh an cumhdach céadna tú chosaint ar an mbás. Flaithrí. - 'Seadh, cad dubhairt sí annsoin? Bras. - Ó! dubhairt sí gur ar buile bhíos, agus nár thugais a leithéid riamh di; agus do thug sí na mionna móra, agus í ag sileadh na ndeor go fuigheach flúirseach, ná raibh a leithéid aice. Flaithrí. - Mo chreach! is bog a thagann mionna is deora chum daoine áirithe. Bras. - Dá bhfeictheá an tocht uabhair a tháinig uirthe, a fhlaith. Flaithrí. - Acht ar thugais na comharthaidhe sóirt di, amhail adubhart leat? Bras. - Thugas, a fhlaith, go ceart is go cruinn. Flaithrí. - Ní fhéadfadh sé bheith imthighthe as a cuimhne mar sin. Bras. - Is amhlaidh do bhí sí ar gealtaigh ag a shéanadh go bhfuair sí a leithéid riamh uait, agus do b'éigin dam éirghe dhi. Flaithrí. - Go raibh maith agat, a Bhrais. Caithfeam bheith sásta le toil na ndéithe. Cionnas is féidir dam ionntaoibh do bheith agam as an nduine iasachta, agus m'fhuil féin ag cur im choinnibh ar an gcuma so? An rud a thugas dom dheirbhshiair i dtaiscidh, ní thiubhradh sí dham anois é fiú chum mé shaoradh ón mbás. Imthigh, a Bhrais, agus abair le Conaire muicidhe an tseoid thugas dó-san i dtaiscidh do thabhairt im chomhgar annso, is bheith ullamh chum í thabhairt dom láthair chomh luath is chuirfead scéala chuige. Abair na focail seo: "Na Cheithre Comhair- leacha" leis mar chomhartha, agus déanfaidh sé rud ort. Bras. - Déanfad soin, a fhlaith. [Exit Bras agus intrat an Breitheamh]. Flaithrí. - Fáilte rómhat, a bhreithimh ghrádhaigh! Is olc liom
gur chuireas oiread soin trioblóide ort; gabh mo leithscéal, a fhir eagnaidhe. An Breitheamh - A Fhlaithrí, is mór a ghoilleann orainn an teannta i n-a bhfuilir. Do dheineamar léir-mheas ar gach nídh dá mbaineann leis an gcúis - fiadhnaise do mhná is do charad, t'admháil féin, agus an ghuil do bhí ar do lámhaibh - agus is brón liom nach féidir linn atharrach breithe do thabhairt uainn; agus, dá bhrígh sin, tá orm a rádh leat go gcuirfear chum báis thú i gcionn uaire an chluig. Tá an riaghaire ag cur a ghléasa i gcóir duit cheana féin. Má tá aon nídh le rádh agat roimh bhás duit, abair anois é. Flaithrí. - Ní thig liom aon mhilleán do chur oraibh. Níor dheineabhar acht bhar ndualgas. Tá's agam, ámhthach, go bhfuil daoine ann gur mhaith leo suas mé, agus b'fheidir go gcuirfidís mar athchuinge ar an rígh gan mé chur chum báis. An Breitheamh - Cia hiad na daoine gur mhaith leo suas tú? Flaithrí. - Mo chumha! Is baoghlach nach deacair a gcomh- aireamh; is deimhin gur lugha ann díobh 'ná an dream gur chuireas commaoin ortha. Tá's agam, ámhthach, go gcuirfidh mo chara Aonghus mar athchuinghe ar an rígh mé shaoradh ón mbás. Iarr ar Aonghus teacht fám dhéin. An Breitheamh. - An d'Aonghus mac Dáire, príomh-chomhair- leach an ríogh, ataoi ag tagairt? Flaithrí. - An fear céadna: fear uasal onórach do thiubhradh a anam ar mo shon. An Breitheamh - Tá eagla orm go bhfuil mearbhall ort. Bhí Aonghus ós ar gcomhair mar fhinné. Flaithrí. - Ní'l aon mhearbhall orm, agus ní fhéadfadh a bheith. Tá deimhniughadh ar dhílse Aonghusa agam. Nár dhearbhuigh an duine uasal féin dam ná tréigfeadh sé mé go bráth? An Breitheamh. - 'Seadh, beidh a fhios againn. (Le n-a Ghiolla): Glaoidh isteach ar Aonghus. Tá sé annsoin amuigh i bhfogus dúinn. [Exit Giolla an Bhreithimh; re-intrat láithreach, agus Aonghus i n-aoinfheacht leis]. Flaithrí. - Fáilte romhat, a Aonghus, a chara, cé fada go dtángais.
Aonghus. - Móradh dhuit, a bhreithimh uasail. An mar sin ataoi, a Fhlaithrí? Flaithrí. - A Aonghus, a chroidhe, is mór an t-áthas dam radharc d'fhagháil ort. Is mór an deise dham cara chomh dílis leat do bheith agam le linn mo ghábhatair. Mara mbeadh go bhfuilim i ngéibhinn, d'fháiscfinn lem chroidhe thú, a chara lae an chruadhtain. Aonghus. - An amhail a mheasann tú go léigfinn-se don té mhairbh mac Chormaic mé d'fháscadh le n-a chroidhe? Flaithrí. - Acht an daonnacht, a Aonghus - an daonnacht. Ní théidheann rogha ó'n ndaonnacht. Tá's agam go maith go gcuirfir mar athchuinghe ar an rígh an t-éacht so do mhaitheamh dam, ó taoi id áirdbhreitheamh anois aige. An Breitheamh - Cad deirir leis sin, a Aonghus? Aonghus. - An dóigh leat gur amadán mé, agus an grádh atá agam don rígh, a rádh go gcomhairleochainn dó piast neimhe d'fhágaint suas? Nár mhairbh sé Cairbre? An dóigh leat gur suarach an rud an t-éacht soin? B'fheárr liom mo lámh do chur san teinidh agus í d'fhágaint ann 'ná maithmheachas d'iarraidh ar an rígh ar son a leithéid d'fhealltóir is de mhillteoir. (Le Flaithrí): Gráin ort, a ropaire, do bhain mo Chairbre, mo leanbhán, dá threoir! Gráin is dá fhichid ort! cuireann sé déistin orm acht féachaint ort. Flaithrí - Nár mhéaduigheas tú, a Aonghus? Nár dheineas flaith chomh hárd liom féin dhíot nach mór? Cá bhfuil mo bhuidh- eachas? Aonghus. - Is suarach é mo bheann ort. Níor chuir cladhaire fealltóra det shórt aon chommaoin ar aoinne riamh nach ar mhaithe leis féin do b'eadh sé. Agus cá bhfios dam ná déanfá an feall céadna orm féin i mbárach dá scaoiltidhe leat an feacht so? F - Cuimhnigh, a Aonghus, gur mhionnuighis go mbéidh- feá dílis go bráth dam. Aonghus. - 'Seadh, go díreach, mhaise! Dílis don té mhairbh Cairbre! Dílis don fhealltóir do bhain mac mo ríogh dá threoir! Go mbaintear an ceann díom féin, maran é dílse atá tuillte agat do chuid fola do scaoileadh ar fuaid na mbán, agus do sheanchorp míochúmtha do radadh i ndíg éigin, áit 'n-a mbeadh na madraidhe dá stracadh as a chéile.
An Breitheamh. - Ní chuirfidh Aonghus a impidhe chum an ríogh ar do shon, de réir deallraimh, a Fhlaithrí. Flaithrí. - 'Seadh, táim sásta. Tá aon nídh amháin uaim, ámthach. Budh mhaith liom comhrádh do dhéanamh leis an rígh sara bhfuighead bás. Tá rud éigin agam le rádh leis go gcuirfidh sé an-shuim ann. Ní'l uaim acht soin. Tá's agam ná heiteochaidh an rí mé ar an méid sin. Bhéaraidh sé cead comhráidh dam ar son m'athar. An Breitheamh - Cuirfead-sa t'athchuinge i n-umhail do Chormac rígh. Flaithrí. - Bíodh mo dheirbhshiúr Macha, mo bhean Aoife, agus Aonghus i láthair le linn mo chomhráidh leis an rígh. An Breitheamh. - Caithfid bheith láithreach. (Le n-a Ghiolla): Imthigh, agus abair leis an rígh gur bh'áil le Fláithrí cead labhartha leis roimh bhás; go bhfuil sé ar tí scéal éigin tábhachtach do nochtadh dhó. [Exit Giolla an Bhreithimh. Intrant Aoife is Macha.] Flaithrí. - Fáilte rómhaibh, a mhná! Is geárr a bhead agaibh. Macha. - A Fhlaithrí, a mhaoin, is danaid liom tú i gcuibhreach. Aoife. - Is danaid linn go léir é, dá mbeadh leigheas air; acht ní'l aon dul ón ndlíghe. Flaithrí. - Fáiríor cráidhte! cuirfear chum báis mé i gcionn uaire an chluig, agus gan cabhair ná congnamh le fagháil agam ó aoinne dem ghaoltaibh. [Intrat Laoghaire.] Laoghaire. - Tá Cormac rí ag gabháil an treo chughainn; airighim fuaim a charbaid. An Breitheamh - Is tráthamhail an teacht ag an rígh chomh- achtach é. Bíodh suidheachán agaibh 'n-a chomhair. [Ullmhuighid an tAos Gráidh suidheachán i gcomhair an Ríogh]. Flaithrí. - A bhreithimh, a thaisce, bheirim mo bhuidheachas arís duit, i dtaobh a chneastacht is do dheinis obair nár thaithnigh leat. An Breitheamh - Go deimhin is go dearbhtha, do b'í sin an obair nár théigheas léi. B'fheárr liom mo cheann do bhaint dem cholainn 'ná daor-bhreith do thabhairt ort-sa, a Fhlaithrí, agus is léan liom do scéal. Macha. - Is léan linn go léir a scéal, dá mbeadh leigheas againn air.
Aoife. - Fáiríor! ní'l dul ón ndlighe. [Seinntear buabhaill leastigh. Re-intrat Giolla an Bhreithimh ag seoladh Chormaic Ríogh is a chuideachtan. Preabann gach aoinne 'n-a sheasamh acht Flaithrí atá i ngéibhinn. Seolann an Breitheamh an Rí go dtí n-a shuidheachán). CORMAC Rí (tar éis suidhte dhó) - Níor tharlaidh éacht san tír seo le n-ar linn do ghoill orainn mar do ghoill teascadh ar mic Cairbre, sinnsear ar gcloinne agus solas ar mbeathadh. Is comhdhorcha lá is oidhche dúinn-ne is dá mháthair bhuaidheartha chráidhte ó chualamar an gníomh soin. Cad a dhéanfam feasta gan leanbh gan oighre? Cad a dhéanfaidh Éire gan árdfhlaith? Cad a dhéanfaidh Teamhair i n-éagmais a bláith is a maise, ó baineadh Cairbre dá threoir? Dá mbudh námha do dhéanfadh an t-éacht soin - dá mbudh námha d'fhágfadh gan mac sinn, níor bh'iongnadh go doilbh dubhach sinn. Is é léir-bhris an croidhe ionn- ainn, ámhthach, is é bhain an lúth dár mballaibh, is é mhill ar gcéadfadh, a rádh gurab é an fear go raibh cion ar n-anma againn air, ar n-áirdbhreitheamh, an fear go dtugamar urraim neamh-chuibheasach dá athair is dó féin, gurab é an fear soin a dhein an feall ar ar leanbh. Ó! b'é an lá léin dúinn an lá thug- amar Cairbre ar oileamhain dó, agus i n-ionad é d'oileamhain gurab amhlaidh do chuir sé chum báis é. Á! a Fhlaithrí an fheill, is lag a shíleamar go ndéanfá an scrios so orainn, rud nár thuilleamar uait, mar gur asat do bhí an mhuinghin againn. Má tá aon nídh le rádh agat linn roimh bhás duit, abair anois é. Flaithrí - Táim buidheach dhíbh, a rí chumhachtaigh, a rádh gur thugabhar cead dam chum comhrádh do dhéanamh libh. Cormac Rí. - Is olc agus is truagh linn tú do chur chum báis. Acht ní féidir an dlighe do shéanadh. Ós rud é go bhfuil Cairbre marbh, ní fhágfar Flaithrí suas. Flaithrí. - Ní'l Cairbre marbh, a rí ghlórmhair. [Tagann iongnadh ar gach aoinne]. Cormac Rí. - Ó! ná réab ar gcroidhe le scéal baoth den tsaghas soin. Flaithrí - Is í an fhírinne atá agam, a rí onóraigh. Cormac Rí. - Fáiríor cráidhte! ní'l aon fhonn magaidh orainn. Ní chum bheith ag éisteacht le fear buile thángamar annso. An bhfuil a thuilleadh le rádh agat?
Flaithrí. - A rí onóraigh, maran maith libh géilleadh dham, tabharfar an leanbh annso ós bhar gcomhair, agus annsoin géill- fidh sibh dam. [Re-intrat Bras.] Cormac Rí - Ní féidir soin do dhéanamh. Mo chráidhteacht, maran sinn atá ciaptha ag brath go bhfeicimís an té ná fuil le feicsint. Ó! a Chairbre, a Chairbre, ní fheicfead go deo arís id bheathaidh thú. Flaithrí (ag bagairt ar Bhras chuige agus ag cogarnaigh leis). - Éirigh agus abair le Conaire an tseoid úd do thabhairt annso chugham gan mhoill. [Exit Bras.] Aonghus. - Ná bacaidh leis an gcladhaire seo, a rí chumhacht- aigh. Ní'l uaidh acht fogha eile ceilge do thabhairt fúibh roimh bhás dó. Aoife. - Mar sin díreach do bhíodh sé ag déanamh amadáin díom-sa, sarar admhuigh sé a dhroich-ghníomh. Macha. - Mo thruagh-sa Flaithrí bocht! Ní hiongnadh mear- aidhe air agus an léirscrios atá déanta aige. Ní dhéanfadh sé an gníomh soin mara mbeadh go raibh mearbhall éigin air. An Breitheamh - Is geárr go mbeidh a fhios againn cia aige go bhfuil an ceart. Cormac Rí - An bhfuil aiseag ón uaigh? An rithfidh arís tré chuisleannaibh colna gan anam an fhuil gur smearadh lámha an fhealltóra léi? An dtiocfaidh an solas arís tré shúilibh dalla? An bhféadfaidh an guth milis daonna ceol do spreagadh san scórnaigh atá ag dreoghadh i gcré? Ó! ní féidir é - ní féidir é. [Re-intrat Bras ag seoladh Chonaire, agus greim ar láimh ag Conaire ar Chairbre. Iongnadh ar gach aoinne.] Conaire. - Ag seo Cairbre mac an ríogh uasail ónóraigh, Cormac. Cormac Rí. - Is é ar leanbh é go deimhin. Tugaidh chughainn é go bhfáisceam le n-ar gcroidhe é. [Ritheann Aoife is Macha is Aonghus fá dhéin an leinbh. Tugann Aoife iarracht fá n-a bhreith chum an Ríogh, acht ní ghabhann an leanbh léi.] Cairbre - Léig chum mo dhaid mé. (Cromann ar ghol). Ó! a dhaid, a dhaid! (Stracann sé é féin ó Aoife, agus siúd fá dhéin Fhlaithrí é). Ó! a dhaid, a dhaid, tabhair dam do lámh! (Goileann).
Flaithrí. - Mo ghreidhn mo leanbh bocht! Cairbre. - A dhaid, a dhaid, ná tógfá id ucht mé? (Goil- eann). Flaithrí. - Ná feiceann tú, a leinbh, go bhfuilim fá cheangal. Cairbre. - A dhaid, a dhaid, cia cheangail thú? Ó! scaoilidh dem dhaid. Léigidh chugham mo dhaid. Bainidh de an slabhra soin - bainidh de é! (Tugann iarracht fá an slabhra do tharraing chuige, goileann is béiceann.) Bainidh de an ceangal gránna soin. Ó! Ó! bainidh de é, Ó! Ó! Cormac Rí. - Is iongantach an radharc é. A Aonghus is a Bhrais, bainidh an slabhra de Fhlaithrí láithreach. Aonghus. - Nach dóigh libh, a rí onóraigh - Cormac Rí - Bain de an slabhra! [Bainid Aonghus agus Bras an slabhra de Fhlaithrí. Fáisceann Flaithrí an leanbh le n-a chroidhe le corp ceana, agus annsain léigeann sé é féin ar a ghlúinibh i láthair an Ríogh]. Cormac Rí - Éirigh id sheasamh, a Fhlaithrí. Tá rún éigin agat. Nocht dúinn cad chuige dhuit sinn féin agus an muinntear do chur amugha. Flaithrí. - A rí onóraigh, éistidh lem thuairisc. Cormac Rí. - Tar a leith chughainn, a Chairbre - tar a leith, a stóir. [Coimeádann Cairbre greim ar Fhlaithrí agus béiceann]. Flaithrí - Má's é bhar dtoil é, a rí onóraigh, fágaidh an leanbh agam-sa. Cormac Rí. - Lean ort, mar sin. Flaithrí. - A rí chumhachtaigh, is olc liom gur chuireas oiread soin bróin oraibh féin is ar bhar muinntir. Acht éistidh lem eachtra, má's é bhar ró-thoil é. Le linn dul chum báis dom athair Fitheal, fear gur mhór é bhar gcion-se féin air, d'fhág agam-sa a raibh de shaidhbhreas aige mar aon le n-a bheannacht, agus thug an chomhairle seo im dhiaidh dam: "Ná glac mac ríogh ar "oileamhain. Ná léig rún i n-a mbeidh guais ret mhnaoi. Ná "méaduigh mac moghaidh. Ná tabhair do chiste i dtaiscidh don "dheirbhshiair." 'Sé rún do cheapas fromhadh do dhéanamh ar an gcomhairle sin; agus, dá bhrígh sin, do ghlacas Cairbre uaibh- se, a rí onóraigh, ar oileamhain. Do mhéaduigheas Aonghus mac Dáire moghaidh; do thugas cumhdach lán de sheoidíbh
dom dheirbhshiair, Macha; do thugas Cairbre do Chonaire, muic- idhe liom, agus dubhairt leis é chongabháil i bhfolach go dtí go gcuirinn scéala chuige, agus chuimleas fuil mionnáin dem lámhaibh is de mhuinchillidhibh m'ionair, agus seo a bhaile chum mo mhná mé agus d'inniseas dí fá rún daingean gur mharbhas Cairbre. Níor thúisce an focal as mo bhéal 'ná do liuigh sí, is do sceith orm i dtreo gur ceangladh mé is gur tugadh breith bháis orm. Chuireas teachtaire chum mo dhearbhshéathar chum na seoide d'fhagháil tar n-ais uaithe; acht is amhlaidh do dhearbhuigh sí nár thugas a leithéid riamh dí. Dála Aonghusa, d'iarras air a impidhe do chur chughaibh-se, a rí onóraigh, chum mé d'fhágaint suas; acht is amhlaidh do chrom sé ar mé mhaslughadh. Dá bhrígh sin, tá sé curtha 'n-a luighe orm gur ciallmhar an chomhairle thug m'athair Fitheal dam. Aonghus. - A rí onóraigh - Cormac Rí - Bí id shost anois, a Aonghus. Aoife. - Budh mhaith liom-sa, a rí ghlórmhair - Macha. - Má's é bhur dtoil é, a rí chumhachtaigh - Cormac Rí. - Bidhidh uile 'n bhar sost! Do chualamar eachtra Fhlaithrí. Ní le haon olc chughainn-na ná chum ar mic ná chum ar muinntire do dhein sé an gníomh so. Is é a bí uaidh 'ná fromhadh do dhéanamh ar an gcomhairle thug a athair Fitheal dó. Dála na comhairle sin, ní'l innte acht corp na céille; mar dá n-imthigheadh aon nídh ar mhac ríogh, is é an té go mbeadh sé aige ar oileamhain do bheadh thíos leis, dá mbudh is ná beadh leigheas féin aige air. Ní maith an sás rún do choimeád bean, agus ós rud é go mbíonn caidreamh coitcheann ag duine ar a mhnaoi, is deacair dó dul ó n-a rún do léigean léi, agus, má's rún é i n-a mbeidh guais, is dó is measa. Seoide thugtar do dheirbhshiair i dtaiscidh is gnáth léi greim do choimeád ortha i leith is gur tabhartas nó díol fiach iad; agus bíonn gráin de ghnáith ag mac moghaidh nó ag a leithéid ar an té mhéaduigheann é, mar nach maith leis aoinne bheith 'n-a thimcheall do chuirfeadh a uirísleacht i gcuimhne dhó. Dá bhrígh sin uile, beidh Flaithrí 'n-a áirdbhreitheamh feasta fá mar bhíodh, agus is truagh linn nár thug Macha aiseag 'n-a sheodaibh dó. Macha. - Bhéarad aiseag dhó anois ionnta, a rí chumhachtaigh. Cormac Rí. - Tá sé déidheanach agat, anois. Ní dóigh linn
gur mhaith le Flaithrí féin iad do ghlacadh anois uait. Bhéaram-na féin dó 'n-a n-ionad na seoide is uaisle i gciste na Teamhrach. Agus ós rud é gur fhill ar mac Cairbre orainn slán, bheirimíd cead pósta do Mhacha is d'Aonghus, ós fada geallta dá chéile iad, agus bíodh seoide Fhlaithrí mar spré ag Macha, agus ní bhrathaim go n-abróchaidh Flaithrí 'n-a choinnibh sin. Flaithrí - Táim lán-tsásta, a rí uasail. [Intrant an triúr Bandruadh. Umhluighid do Rígh, agus siúd fá dhéin Aonghusa iad]. Aonghus. - Ag seo chugham arís sibh, a chailleacha bréagacha! Is é an lá léin dam an chéad lá chonnarc sibh; nach deas an dream sibh chum congnamh nó comhairle do thabairt do dhuine! Badhbh: Tá meas is mórchion Ag Aonghus óg orainn, Thug sé ór dúinn, Is d'iarr sé chomhairle. Rioghnach: Fuair sé an chomhairle, Dhein fear mór de, Is soin go ró-mhear. Daol: Tuitim Fhlaithrí Chuir 'n-a sheasamh Ar bhfear ceannais. Aonghus - A chailleacha dorcha, má éirgheas, is orm ba gheárr an mhoill tuitim arís. Tuitim gan éirghe is eadh fuaras, acht gur éadtromuigheabhar-se na sparáin agam. Sin a bhfuil de bhárr bhar ndraoidheachta is bhar bpiseog agam-sa. Badhbh: B'í an chomhairle cheart í, Fuair sé an t-airgead Do bhí ag Flaithrí. Rioghnach: An mhaoin bhí uaidh sin, Is d'oir go mór dó, Féach! go bhfuair sé. Daol: An rígh-bhean Macha Is Aonghus neartmhar, Cia dheighilfidh feasta?
Aonghus. - Táim fá chommaoin mhóir agaibh, a rí chumhachtaigh, agus is mór é m'aithmhéala i dtaobh ar dheineas d'olc ar Fhlaithrí. Flaithrí. - Maithim duit ó chroidhe, a Aonghus. Macha. - Tá súil agam go maithfidh Flaithrí dhamh-sa, leis. Aoife. - Ós mise an cuirptheach is mó, tá súil agam le n-a mhaithmheachas. Cormac Rí. - Tá maithte dhaoibh go léir, agus bímís uile d'aon-bhuidhin feasta ag déanamh ar ndíthchill ar son na Teamhrach is na hÉireann. [An brat anuas].
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services