Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle Fithil. Gníomh a dó.

Title
Comhairle Fithil. Gníomh a dó.
Author(s)
Ua Duinnín, An tAth. Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Comhairle Fithil.



GNÍOMH A DÓ.



AMHARC A hAON.



Áit eile san choill le hais na Teamhrach.



[Aonghus 'n-a aonar.]



Aonghus. - Nach breágh deas cúthail an áit í seo? Is
aoibhinn bheith ag éisteacht leis an gceol a scaiptear timcheall
ó chrannaibh is bheith ag amharc na mbán is iad dá loscadh le
teas na gréine. Áit í seo ghríosuigheann chum machtnaimh mé, is
chuireann an ré atá caithte agam i gcuimhne dham. I dtaobh an
tsaoghail atá rómham, ní fhéadaim é do mheas. Fágaim soin fá
Bhaidhbh. Dála an ríogh, tagann gruaim air nuair chíonn sé chuige
mé. Ní hionntaoibh an chealg atá i gcroidhe Fhlaithrí. Is fíor
gur mhéaduigh sé mé. Is aige atá a fhios, ámhthach, cionnus aiseag
d'fhagháil ann. Níor bhuail sé riamh iomam gan masladh do
thabhairt dam. Díolfaidh as. Ní bhead-sa sásta im aigne go
gcuirfear an ruaig air is go mbeidh greim ar a mhaoin agam.
Tá báidh nach beag ag an rígh leis. Dá dtigeadh liom an rí do
chur 'n-a choinnibh, bheadh rud éigin dá bhárr agam. An droich-
íde a thugann sé ar an leanbh, cuireann soin buaidhirt orm. Budh
dhóigh le duine gur madra bheadh dá tharraing aige ar fuaid na
gcoillte. Do chuireas an droich-íde sin i n-umhail don rígh, agus
is é bhí go feargach. Má's fíor a ndubhairt Badhbh, cuirfear an
ruaig ar Fhlaithrí, is beidh a ionad agam-sa, agus b'fhéidir go
bhfuighinn a mhaoin le Macha.



[Intrat Macha.]



A Mhacha, a ghrádh dhil, anois díreach do bhíos ag cuimhneamh ort.
Do bhí t'ainm im bhéal agam an neoment so, is mé ag cainnt
liom féin. Cionnus taoi?



Macha. - Go ríogh-mhaith, a Aonghus, a mhaoin. Is beag do
shíleas go gcasfaidhe orm annso thú.



Aonghus. - Is iad do shúile lasmhara do sheol fám dhéin thú,
agus tá na mílte fáilte rómhat ag Aonghus. An bhfuil aon
scéal agat dam?



Macha. - Cad iad na scéalta bheadh uait? Nach ró-gheárr ó
fhágamar araon dún Fhlaithrí mar a mbíd na scéalta go léir, is


L. 110


mar a raibh comhrádh milis againn leis an lánamhain shéanmhair
sin.



Aonghus. - Is iomdha éacht do tharlóchadh ó bhíomar i ndún
Fhlaithrí. Acht, a Mhacha, a chroidhe istigh, cuireann an tagairt sin
do phósadh Fhlaithrí buaidhirt orm, mar gur baoghalach gur fada
uainn ar bpósadh féin.



Macha. - Tá súil agam ná beidh aon an-mhoill orainn. Do
mhéaduigh mo dhearbhráthair thú, agus bhlearaidh sé comhthrom duit.



Aonghus. - Do mhéaduigh sé mé, gan amhras. Acht is maith
an sás díol do bhaint as commaoin é.



Macha. - Cabhróchaidh Flaithrí liom-sa ar aon chuma, is ní ag
cur im choinnigh a bheidh sé.



Aonghus. - An fhaid mhairfidh Flaithrí is an rí 'n-a fhabhar, ní
bheidh ionnam-sa acht moghadh. Dá mbadh is go bpósfaidhe féin
sinn, ní bheadh agat acht moghadh mar chéile.



Macha. - Do leanfadh an rí comhairle Fhlaithrí.



Aonghus. - Is beag dá mhearbhall soin orm; agus, dá bhrígh
sin, an fhaid a bheidh toradh ag an rígh air, ní bhfuidhead-sa ceart
ná cóir.



Macha. - Tá croidhe fairsing ag Flaithrí, a Aonghus.



Aonghus. - Má's fairsing a chroidhe, is beag a bhéaraidh sé
dhamh-sa acht fonómhaid is masladh. B'fhearra dham seacht n-uaire
fanamhaint mar a raibh agam - ag romhar na gclas, ag daing-
niughadh, ag cur criadh, is ag tarraing an arbhair do thagadh
ó chorán shean-Dáire - 'ná méadughadh den tsaghas so do
ghlacadh: méadughadh gan urraim, méadughadh ná fuil maoin ná
saidhbhreas ag dul leis, droch-mheas orm ag an té mhéaduigh mé,
agus go gcuirfeadh sé tríd an dtalamh síos mé, dá mb'fhéidir
leis é. A Mhacha, ní fhulaingeochad a thuilleadh den íde sin uaidh.
Tá mo chorp is m'anam chomh maith le corp is anam Fhlaithrí. Tá
an fhuil 'sna cuisleannaibh agam chomh dearg le n-a chuid fola
súd. Ní chuirfead suas le n-a thuilleadh dá mhasladh. B'fhearr
liom iarracht do thabhairt fá n-a leagadh is a dhíbirt a Teamhair.



Macha. - A Aonghus, a mhaoin, brisfidh mo chroidhe má bhíonn
tú ag tromaidheacht ar an gcuma soin ar mo dhearbhráthair
cheannsa.



Aonghus. - Bristear ar gcroidhthe i n-aoinfheacht. Acht,
cogar i leith chugham, tá cion ag Flaithrí ort - ar chuir sé a chion i
n-umhail duit riamh?


L. 111


Macha. - Bíonn sé i gcomhnuidhe dá chur i n-umhail dam. Cad
a dhéanfainn mar a mbeadh go ngoilleann mo bhuaidhirt air?



Aonghus. - Ó! 'seadh, tagann an chainnt go saoráideach
chuige. Is milis sleamhain an fear é, gan amhras. Acht ar thug
sé son nídh riamh duit gur bh'fhiú é d'fhagháil? An raibh a leithéid
sin d'ionntaoibh asat riamh aige?



Macha. - Do bheadh, gan amhras, dá mbeadh caoin aige air. Is
maith atá a fhios agam go dtiubhradh sé a anam i dtaiscidh dham.



Aonghus. - Coimeádadh sé an t-anam soin aige féin go
fóill. Bíodh a fhios agat, ámhthach, ná pósfar le chéile sinn go
bhfeicfead lem shúilibh cinn deimhniughadh ar a chuid ceana dhuit.



Macha. - Cad é an deimhniughadh do bheadh uait, a chroidhe?



Aonghus. - Tá's agat, a Mhacha, gur mhéaduigh Flaithrí mé,
acht b'é sin an méadughadh tur. Is beag da mhaoin tsaoghalta do
lean é. Is boichte mé anois 'ná mar bhíos is mé im mhoghadh; óir
is boichte uasal dealbh 'ná criadhaire dealbh. Acht dá snaidhm-
thighe le chéile sinn, a Mhacha, budh bhoichte 'na riamh mé. Budh
mhóidide mo chostas é, agus is amhlaidh do bheadh Flaithrí san ár
orm dá dhruim sin.



Macha. - Is fuar é do ghrádh dhamh-sa, agus a leithéid sin do
rádh.



Aonghus: Mo sheacht n-ochlán!
Dá theodhacht é an grádh,
Ní bheirbheochadh corcán.



Ní'l aon mhaitheas i gcainnt. Caithfeam scaramhaint le chéile
maran rud é go bhfeicead rian saidhbhris do dhearbhráthar ort.



Macha. - Scaramhaint le chéile! An dá ríribh ataoi? Nó an
amhlaidh a mheasann tú mé do chrádh? Nach fada anois ó luaidh-
eadh ar n-ainmneacha araon i gcúirt an ríogh, agus gur dóigh
leis an rígh féin gur geárr go bpósfar le chéile sinn?



Aonghus. - 'Seadh, faghaim seoide, feicim cuid de mhaoin
tsaoghalta do dhearbhráthar agat, agus beam d'aon-bhuidhin.



Macha. - Cionnas d'fhéadfainn-se teacht ar mhaoin tsaoghalta
mo dhearbhráthar?



Aonghus. - Agus an amhlaidh a mheasann tú srathar an
dealbhas do bhualadh orm-sa, rud do bhuailfeá dá snaidhmthidhe
liom thú gan spré gan -



Macha. - Tá mo mhuinghin as Flaithrí.


L. 112


Aonghus. - Ní'l aon mhuinighín agam-sa as, acht an droch-
mhuinghín.



Macha. - Is minic a chuir sé a chion i n-umhail dam.



Aonghus. - Níor theip an chainnt riamh air.



Macha. - Ní'l aon mheas ar chainnt agat-sa, is dócha. Cad
tá uait?



Aonghus. - Is maith atá a fhios agat gur mian liom comhartha
éigin de shaidhbhreas Fhlaithrí d'fheicsint agat.



Macha. - Mo mhairg! agus is gránna chaillis orm. Ní hamháin
gur gheallais go nglacfá liom már chéile, acht chuiris i n-umhail
don rígh féin is dá chomhluadar gur gheárr go ndéanfaidhe
snaidhmeadh orainn. Níor léigis ort an tráth soin go raibh aon
bheann agat ar spré ná ar sheodaibh. Do léigis ort go raibh
ionntaoibh as Flaithrí agat, agus go nglacfá a bhfuighfeá; acht
anois, gan chúis gan adhbhar, taoi ar tí mé thréigean, mé radadh
uait, i dtreo go mbeinn im cheap magaidh ag uasal is ag íseal.
Ba lá léin dam an chéad lá riamh do chonnarc thú! (Goileann).



Aonghus. - Faghaim dearbhughadh ar an gcion atá ag Flaithrí
ort.



Macha. - Ná tabharfá uain dam chum m'anál do tharraing.
Nach mór an tsainnt chum maoine do ghabh thú le déidheanaighe!
Má -



[Intrat Labhraidh agus anfadh air.]



Labhraidh. - A Aonghus, ar airighis an t-éacht - (Luigh-
eann a shúil ar Mhacha). Móradh dhuit, a bhean uasal!



Aonghus. - Cad é an t-éacht, a Labhraidh?



Labhraidh. - Éacht a leathfaidh cumha fá thíorthaibh Éireann,
agus ag a bhfuil teinnteán an ríogh cheana féin báidhte i mbrón.



AONGHUS is MACHA (i n-aoinfheacht) - Cad é féin? Scaoil
chughainn é.



Labhraidh - Tá Cairbre marbh.



Aonghus. - Marbh, an ndubhraís? Cairbre marbh!



Labhraidh. - 'Seadh, marbh. Do deineadh feall air.



AONGHUS is MACHA (i n-aoinfheacht) - Feall! Cia dhein an
feall air?



Labhraidh - Is brón liom le n-aithris gur ar Fhlaithrí féin is
mó atá amhras.



Macha. - Flaithrí! Cad a chuir an ainm sin id bhéal?


L. 113


Aonghus. - Ní dhéanfadh Flaithrí a leithéid.



Labhraidh. - Tá sé fá ghreim. Admhuigheann sé féin an
t-éacht, agus do fuarthas rian na fola ar a lámhaibh. Tá tocht
dóláis ar an rígh, agus budh mhaith leis go dtiocfá fá n-a dhéin.
Tá fógradh amuigh uaidh ag a rádh gur tusa an t-áirdbhreitheamh
i n-ionad Fhlaithrí.



Aonghus. - Is cúis chathuighthe don tír ar fad an t-éacht so.
Raghadh láithreach fá dhéin an ríogh. Slán agat, a Mhacha. (I leath-
taoibh): Nach maith a bhí fios an scéil ag Baidhbh is ag a coideacht-
ain!



Macha. - Slán leat.



[Exeunt Aonghus is Labhraidh.]



Macha. - Mo mhíle mhairg! agus an mar sin atá an scéal
agat, a Fhlaithrí, a rúin? Cad a dhéanfad, má's fíor gur dhein mo
dhearbhráthair gníomh den tsaghas soin? Tá náire go deo faghtha
agam féin is ag a mbaineann liom. Ní bheidh meas ag an rígh go
deo arís ar aoinne againn. Ainm m'athar féin atá fá'n bhfód,
maslóchar é. Faire! faire! cad déarfaidh na huaisle! Cad
déarfaidh Aonghus? Muinntear Fhlaithrí ag dul le fánaidh agus
Aonghus ag éirghe! Is fearr moghadh méaduighthe 'ná uasal go
mbeadh náire faghtha aige. Sin beárna iar n-a hoscailt d'Aonghus.
Sin é ionad Fhlaithrí iar n-a fhagháil aige. An mbeidh an sean-ghrádh
aige dhamh-sa? Sin í an cheist. Tá eagla orm roimhe. Ní mé
féin atá uaidh anois, acht maoin Fhlaithrí. Budh dhóigh le duine air
ó chianaibh gur bh'eol dó go raibh cuid de shaidhbhreas Fhlaithrí i gan
fhios agam. Tá an cumhdach so agam (tarraingeann sí chúiche an
cumhdach), agus, má tá, coingheochad greim air; agus, mara
meallfainn féin Aonghus, b'fhéidir go meallfadh an cumhdach so
é. Ní scarfainn leis an gcumhdach so dá dtagadh an rí féin
chugham ar a lorg.



[An brat anuas].



AMHARC A DÓ.



Dún i dTeamhair.



[Flaithrí i ngéibhinn. Intrat Bras.]



Bras. - Móradh dhuit, a fhlaith uasail!



Flaithrí - Fáilte romhat, a Bhrais! Ar thugais mo theacht-
aireacht chum mo dheirbhshéathar?



Bras. - Do thugas, a fhlaith uasail.


L. 114


Flaithrí - Ar thug sí dhuit an cumhdach do thugas i dtaiscidh
dhi?



Bras. - Níor thug, a fhlaith.



Flaithrí - Níor thug! Cionnas soin? Ná dubhraís go raibh
gábhadh agam leis?



Bras. - Dubhart léi go raibh gábhadh deacrach agat leis, go
rabhais i gconntabhairt t'anma, agus go raibh daoine timcheall
ar an rígh nár mhiste dúthracht do thabhairt dóibh, agus go
mb'fhéidir go ndéanfadh an cumhdach céadna tú chosaint ar an
mbás.



Flaithrí. - 'Seadh, cad dubhairt sí annsoin?



Bras. - Ó! dubhairt sí gur ar buile bhíos, agus nár thugais
a leithéid riamh di; agus do thug sí na mionna móra, agus í ag
sileadh na ndeor go fuigheach flúirseach, ná raibh a leithéid aice.



Flaithrí. - Mo chreach! is bog a thagann mionna is deora
chum daoine áirithe.



Bras. - Dá bhfeictheá an tocht uabhair a tháinig uirthe, a
fhlaith.



Flaithrí. - Acht ar thugais na comharthaidhe sóirt di, amhail
adubhart leat?



Bras. - Thugas, a fhlaith, go ceart is go cruinn.



Flaithrí. - Ní fhéadfadh sé bheith imthighthe as a cuimhne mar
sin.



Bras. - Is amhlaidh do bhí sí ar gealtaigh ag a shéanadh go
bhfuair sí a leithéid riamh uait, agus do b'éigin dam éirghe dhi.



Flaithrí. - Go raibh maith agat, a Bhrais. Caithfeam bheith
sásta le toil na ndéithe. Cionnas is féidir dam ionntaoibh do
bheith agam as an nduine iasachta, agus m'fhuil féin ag cur im
choinnibh ar an gcuma so? An rud a thugas dom dheirbhshiair i
dtaiscidh, ní thiubhradh sí dham anois é fiú chum mé shaoradh ón
mbás. Imthigh, a Bhrais, agus abair le Conaire muicidhe an
tseoid thugas dó-san i dtaiscidh do thabhairt im chomhgar annso, is
bheith ullamh chum í thabhairt dom láthair chomh luath is chuirfead
scéala chuige. Abair na focail seo: "Na Cheithre Comhair-
leacha" leis mar chomhartha, agus déanfaidh sé rud ort.



Bras. - Déanfad soin, a fhlaith.



[Exit Bras agus intrat an Breitheamh].



Flaithrí. - Fáilte rómhat, a bhreithimh ghrádhaigh! Is olc liom


L. 115


gur chuireas oiread soin trioblóide ort; gabh mo leithscéal, a
fhir eagnaidhe.



An Breitheamh - A Fhlaithrí, is mór a ghoilleann orainn an
teannta i n-a bhfuilir. Do dheineamar léir-mheas ar gach nídh dá
mbaineann leis an gcúis - fiadhnaise do mhná is do charad,
t'admháil féin, agus an ghuil do bhí ar do lámhaibh - agus is brón
liom nach féidir linn atharrach breithe do thabhairt uainn;
agus, dá bhrígh sin, tá orm a rádh leat go gcuirfear chum báis
thú i gcionn uaire an chluig. Tá an riaghaire ag cur a ghléasa i
gcóir duit cheana féin. Má tá aon nídh le rádh agat roimh bhás
duit, abair anois é.



Flaithrí. - Ní thig liom aon mhilleán do chur oraibh. Níor
dheineabhar acht bhar ndualgas. Tá's agam, ámhthach, go bhfuil
daoine ann gur mhaith leo suas mé, agus b'fheidir go gcuirfidís
mar athchuinge ar an rígh gan mé chur chum báis.



An Breitheamh - Cia hiad na daoine gur mhaith leo suas
tú?



Flaithrí. - Mo chumha! Is baoghlach nach deacair a gcomh-
aireamh; is deimhin gur lugha ann díobh 'ná an dream gur chuireas
commaoin ortha. Tá's agam, ámhthach, go gcuirfidh mo chara
Aonghus mar athchuinghe ar an rígh mé shaoradh ón mbás. Iarr ar
Aonghus teacht fám dhéin.



An Breitheamh. - An d'Aonghus mac Dáire, príomh-chomhair-
leach an ríogh, ataoi ag tagairt?



Flaithrí. - An fear céadna: fear uasal onórach do thiubhradh
a anam ar mo shon.



An Breitheamh - Tá eagla orm go bhfuil mearbhall ort.
Bhí Aonghus ós ar gcomhair mar fhinné.



Flaithrí. - Ní'l aon mhearbhall orm, agus ní fhéadfadh a bheith.
Tá deimhniughadh ar dhílse Aonghusa agam. Nár dhearbhuigh an
duine uasal féin dam ná tréigfeadh sé mé go bráth?



An Breitheamh. - 'Seadh, beidh a fhios againn. (Le n-a
Ghiolla): Glaoidh isteach ar Aonghus. Tá sé annsoin amuigh i
bhfogus dúinn.



[Exit Giolla an Bhreithimh; re-intrat láithreach, agus Aonghus i n-aoinfheacht
leis].



Flaithrí. - Fáilte romhat, a Aonghus, a chara, cé fada go
dtángais.


L. 116


Aonghus. - Móradh dhuit, a bhreithimh uasail. An mar sin
ataoi, a Fhlaithrí?



Flaithrí. - A Aonghus, a chroidhe, is mór an t-áthas dam
radharc d'fhagháil ort. Is mór an deise dham cara chomh dílis
leat do bheith agam le linn mo ghábhatair. Mara mbeadh go
bhfuilim i ngéibhinn, d'fháiscfinn lem chroidhe thú, a chara lae an
chruadhtain.



Aonghus. - An amhail a mheasann tú go léigfinn-se don té
mhairbh mac Chormaic mé d'fháscadh le n-a chroidhe?



Flaithrí. - Acht an daonnacht, a Aonghus - an daonnacht. Ní
théidheann rogha ó'n ndaonnacht. Tá's agam go maith go gcuirfir
mar athchuinghe ar an rígh an t-éacht so do mhaitheamh dam, ó taoi
id áirdbhreitheamh anois aige.



An Breitheamh - Cad deirir leis sin, a Aonghus?



Aonghus. - An dóigh leat gur amadán mé, agus an grádh
atá agam don rígh, a rádh go gcomhairleochainn dó piast neimhe
d'fhágaint suas? Nár mhairbh sé Cairbre? An dóigh leat gur
suarach an rud an t-éacht soin? B'fheárr liom mo lámh do chur
san teinidh agus í d'fhágaint ann 'ná maithmheachas d'iarraidh ar
an rígh ar son a leithéid d'fhealltóir is de mhillteoir. (Le
Flaithrí): Gráin ort, a ropaire, do bhain mo Chairbre, mo
leanbhán, dá threoir! Gráin is dá fhichid ort! cuireann sé
déistin orm acht féachaint ort.



Flaithrí - Nár mhéaduigheas tú, a Aonghus? Nár dheineas
flaith chomh hárd liom féin dhíot nach mór? Cá bhfuil mo bhuidh-
eachas?



Aonghus. - Is suarach é mo bheann ort. Níor chuir cladhaire
fealltóra det shórt aon chommaoin ar aoinne riamh nach ar
mhaithe leis féin do b'eadh sé. Agus cá bhfios dam ná déanfá an
feall céadna orm féin i mbárach dá scaoiltidhe leat an feacht
so?



F - Cuimhnigh, a Aonghus, gur mhionnuighis go mbéidh-
feá dílis go bráth dam.



Aonghus. - 'Seadh, go díreach, mhaise! Dílis don té mhairbh
Cairbre! Dílis don fhealltóir do bhain mac mo ríogh dá threoir!
Go mbaintear an ceann díom féin, maran é dílse atá tuillte
agat do chuid fola do scaoileadh ar fuaid na mbán, agus do
sheanchorp míochúmtha do radadh i ndíg éigin, áit 'n-a mbeadh na
madraidhe dá stracadh as a chéile.


L. 117


An Breitheamh. - Ní chuirfidh Aonghus a impidhe chum an ríogh
ar do shon, de réir deallraimh, a Fhlaithrí.



Flaithrí. - 'Seadh, táim sásta. Tá aon nídh amháin uaim,
ámthach. Budh mhaith liom comhrádh do dhéanamh leis an rígh sara
bhfuighead bás. Tá rud éigin agam le rádh leis go gcuirfidh sé
an-shuim ann. Ní'l uaim acht soin. Tá's agam ná heiteochaidh an
rí mé ar an méid sin. Bhéaraidh sé cead comhráidh dam ar son
m'athar.



An Breitheamh - Cuirfead-sa t'athchuinge i n-umhail do
Chormac rígh.



Flaithrí. - Bíodh mo dheirbhshiúr Macha, mo bhean Aoife, agus
Aonghus i láthair le linn mo chomhráidh leis an rígh.



An Breitheamh. - Caithfid bheith láithreach. (Le n-a Ghiolla):
Imthigh, agus abair leis an rígh gur bh'áil le Fláithrí cead labhartha
leis roimh bhás; go bhfuil sé ar tí scéal éigin tábhachtach do
nochtadh dhó.



[Exit Giolla an Bhreithimh. Intrant Aoife is Macha.]



Flaithrí. - Fáilte rómhaibh, a mhná! Is geárr a bhead agaibh.



Macha. - A Fhlaithrí, a mhaoin, is danaid liom tú i gcuibhreach.



Aoife. - Is danaid linn go léir é, dá mbeadh leigheas air;
acht ní'l aon dul ón ndlíghe.



Flaithrí. - Fáiríor cráidhte! cuirfear chum báis mé i gcionn
uaire an chluig, agus gan cabhair ná congnamh le fagháil agam
ó aoinne dem ghaoltaibh.



[Intrat Laoghaire.]



Laoghaire. - Tá Cormac rí ag gabháil an treo chughainn;
airighim fuaim a charbaid.



An Breitheamh - Is tráthamhail an teacht ag an rígh chomh-
achtach é. Bíodh suidheachán agaibh 'n-a chomhair.



[Ullmhuighid an tAos Gráidh suidheachán i gcomhair an Ríogh].



Flaithrí. - A bhreithimh, a thaisce, bheirim mo bhuidheachas arís
duit, i dtaobh a chneastacht is do dheinis obair nár thaithnigh leat.



An Breitheamh - Go deimhin is go dearbhtha, do b'í sin an
obair nár théigheas léi. B'fheárr liom mo cheann do bhaint dem
cholainn 'ná daor-bhreith do thabhairt ort-sa, a Fhlaithrí, agus is
léan liom do scéal.



Macha. - Is léan linn go léir a scéal, dá mbeadh leigheas
againn air.


L. 118


Aoife. - Fáiríor! ní'l dul ón ndlighe.



[Seinntear buabhaill leastigh. Re-intrat Giolla an Bhreithimh ag seoladh
Chormaic Ríogh is a chuideachtan. Preabann gach aoinne 'n-a
sheasamh acht Flaithrí atá i ngéibhinn. Seolann an Breitheamh an
Rí go dtí n-a shuidheachán).



CORMAC Rí (tar éis suidhte dhó) - Níor tharlaidh éacht san
tír seo le n-ar linn do ghoill orainn mar do ghoill teascadh ar
mic Cairbre, sinnsear ar gcloinne agus solas ar mbeathadh. Is
comhdhorcha lá is oidhche dúinn-ne is dá mháthair bhuaidheartha
chráidhte ó chualamar an gníomh soin. Cad a dhéanfam feasta
gan leanbh gan oighre? Cad a dhéanfaidh Éire gan árdfhlaith?
Cad a dhéanfaidh Teamhair i n-éagmais a bláith is a maise, ó
baineadh Cairbre dá threoir? Dá mbudh námha do dhéanfadh an
t-éacht soin - dá mbudh námha d'fhágfadh gan mac sinn, níor
bh'iongnadh go doilbh dubhach sinn. Is é léir-bhris an croidhe ionn-
ainn, ámhthach, is é bhain an lúth dár mballaibh, is é mhill ar
gcéadfadh, a rádh gurab é an fear go raibh cion ar n-anma
againn air, ar n-áirdbhreitheamh, an fear go dtugamar urraim
neamh-chuibheasach dá athair is dó féin, gurab é an fear soin a
dhein an feall ar ar leanbh. Ó! b'é an lá léin dúinn an lá thug-
amar Cairbre ar oileamhain dó, agus i n-ionad é d'oileamhain
gurab amhlaidh do chuir sé chum báis é. Á! a Fhlaithrí an fheill,
is lag a shíleamar go ndéanfá an scrios so orainn, rud nár
thuilleamar uait, mar gur asat do bhí an mhuinghin againn. Má
tá aon nídh le rádh agat linn roimh bhás duit, abair anois é.



Flaithrí - Táim buidheach dhíbh, a rí chumhachtaigh, a rádh gur
thugabhar cead dam chum comhrádh do dhéanamh libh.



Cormac Rí. - Is olc agus is truagh linn tú do chur chum
báis. Acht ní féidir an dlighe do shéanadh. Ós rud é go bhfuil
Cairbre marbh, ní fhágfar Flaithrí suas.



Flaithrí. - Ní'l Cairbre marbh, a rí ghlórmhair.



[Tagann iongnadh ar gach aoinne].



Cormac Rí. - Ó! ná réab ar gcroidhe le scéal baoth den
tsaghas soin.



Flaithrí - Is í an fhírinne atá agam, a rí onóraigh.



Cormac Rí. - Fáiríor cráidhte! ní'l aon fhonn magaidh
orainn. Ní chum bheith ag éisteacht le fear buile thángamar
annso. An bhfuil a thuilleadh le rádh agat?


L. 119


Flaithrí. - A rí onóraigh, maran maith libh géilleadh dham,
tabharfar an leanbh annso ós bhar gcomhair, agus annsoin géill-
fidh sibh dam.



[Re-intrat Bras.]



Cormac Rí - Ní féidir soin do dhéanamh. Mo chráidhteacht,
maran sinn atá ciaptha ag brath go bhfeicimís an té ná fuil le
feicsint. Ó! a Chairbre, a Chairbre, ní fheicfead go deo arís id
bheathaidh thú.



Flaithrí (ag bagairt ar Bhras chuige agus ag cogarnaigh
leis). - Éirigh agus abair le Conaire an tseoid úd do thabhairt
annso chugham gan mhoill.



[Exit Bras.]



Aonghus. - Ná bacaidh leis an gcladhaire seo, a rí chumhacht-
aigh. Ní'l uaidh acht fogha eile ceilge do thabhairt fúibh roimh
bhás dó.



Aoife. - Mar sin díreach do bhíodh sé ag déanamh amadáin
díom-sa, sarar admhuigh sé a dhroich-ghníomh.



Macha. - Mo thruagh-sa Flaithrí bocht! Ní hiongnadh mear-
aidhe air agus an léirscrios atá déanta aige. Ní dhéanfadh sé
an gníomh soin mara mbeadh go raibh mearbhall éigin air.



An Breitheamh - Is geárr go mbeidh a fhios againn cia aige
go bhfuil an ceart.



Cormac Rí - An bhfuil aiseag ón uaigh? An rithfidh arís
tré chuisleannaibh colna gan anam an fhuil gur smearadh lámha
an fhealltóra léi? An dtiocfaidh an solas arís tré shúilibh dalla?
An bhféadfaidh an guth milis daonna ceol do spreagadh san
scórnaigh atá ag dreoghadh i gcré? Ó! ní féidir é - ní féidir é.



[Re-intrat Bras ag seoladh Chonaire, agus greim ar láimh ag Conaire
ar Chairbre. Iongnadh ar gach aoinne.]



Conaire. - Ag seo Cairbre mac an ríogh uasail ónóraigh,
Cormac.



Cormac Rí. - Is é ar leanbh é go deimhin. Tugaidh chughainn
é go bhfáisceam le n-ar gcroidhe é.



[Ritheann Aoife is Macha is Aonghus fá dhéin an leinbh. Tugann Aoife
iarracht fá n-a bhreith chum an Ríogh, acht ní ghabhann an leanbh léi.]



Cairbre - Léig chum mo dhaid mé. (Cromann ar ghol).
Ó! a dhaid, a dhaid! (Stracann sé é féin ó Aoife, agus
siúd fá dhéin Fhlaithrí é). Ó! a dhaid, a dhaid, tabhair dam do
lámh! (Goileann).


L. 120


Flaithrí. - Mo ghreidhn mo leanbh bocht!



Cairbre. - A dhaid, a dhaid, ná tógfá id ucht mé? (Goil-
eann).



Flaithrí. - Ná feiceann tú, a leinbh, go bhfuilim fá cheangal.



Cairbre. - A dhaid, a dhaid, cia cheangail thú? Ó! scaoilidh
dem dhaid. Léigidh chugham mo dhaid. Bainidh de an slabhra
soin - bainidh de é! (Tugann iarracht fá an slabhra do tharraing
chuige, goileann is béiceann.) Bainidh de an ceangal gránna
soin. Ó! Ó! bainidh de é, Ó! Ó!



Cormac Rí. - Is iongantach an radharc é. A Aonghus is a
Bhrais, bainidh an slabhra de Fhlaithrí láithreach.



Aonghus. - Nach dóigh libh, a rí onóraigh -



Cormac Rí - Bain de an slabhra!



[Bainid Aonghus agus Bras an slabhra de Fhlaithrí. Fáisceann
Flaithrí an leanbh le n-a chroidhe le corp ceana, agus annsain
léigeann sé é féin ar a ghlúinibh i láthair an Ríogh].



Cormac Rí - Éirigh id sheasamh, a Fhlaithrí. Tá rún éigin
agat. Nocht dúinn cad chuige dhuit sinn féin agus an muinntear
do chur amugha.



Flaithrí. - A rí onóraigh, éistidh lem thuairisc.



Cormac Rí. - Tar a leith chughainn, a Chairbre - tar a leith,
a stóir.



[Coimeádann Cairbre greim ar Fhlaithrí agus béiceann].



Flaithrí - Má's é bhar dtoil é, a rí onóraigh, fágaidh an
leanbh agam-sa.



Cormac Rí. - Lean ort, mar sin.



Flaithrí. - A rí chumhachtaigh, is olc liom gur chuireas oiread
soin bróin oraibh féin is ar bhar muinntir. Acht éistidh lem
eachtra, má's é bhar ró-thoil é. Le linn dul chum báis dom athair
Fitheal, fear gur mhór é bhar gcion-se féin air, d'fhág agam-sa
a raibh de shaidhbhreas aige mar aon le n-a bheannacht, agus thug
an chomhairle seo im dhiaidh dam: "Ná glac mac ríogh ar
"oileamhain. Ná léig rún i n-a mbeidh guais ret mhnaoi. Ná
"méaduigh mac moghaidh. Ná tabhair do chiste i dtaiscidh don
"dheirbhshiair." 'Sé rún do cheapas fromhadh do dhéanamh ar an
gcomhairle sin; agus, dá bhrígh sin, do ghlacas Cairbre uaibh-
se, a rí onóraigh, ar oileamhain. Do mhéaduigheas Aonghus
mac Dáire moghaidh; do thugas cumhdach lán de sheoidíbh


L. 121


dom dheirbhshiair, Macha; do thugas Cairbre do Chonaire, muic-
idhe liom, agus dubhairt leis é chongabháil i bhfolach go dtí go
gcuirinn scéala chuige, agus chuimleas fuil mionnáin dem
lámhaibh is de mhuinchillidhibh m'ionair, agus seo a bhaile chum mo
mhná mé agus d'inniseas dí fá rún daingean gur mharbhas
Cairbre. Níor thúisce an focal as mo bhéal 'ná do liuigh sí, is
do sceith orm i dtreo gur ceangladh mé is gur tugadh breith
bháis orm. Chuireas teachtaire chum mo dhearbhshéathar chum na
seoide d'fhagháil tar n-ais uaithe; acht is amhlaidh do dhearbhuigh sí
nár thugas a leithéid riamh dí. Dála Aonghusa, d'iarras air a
impidhe do chur chughaibh-se, a rí onóraigh, chum mé d'fhágaint
suas; acht is amhlaidh do chrom sé ar mé mhaslughadh. Dá bhrígh
sin, tá sé curtha 'n-a luighe orm gur ciallmhar an chomhairle thug
m'athair Fitheal dam.



Aonghus. - A rí onóraigh -



Cormac Rí - Bí id shost anois, a Aonghus.



Aoife. - Budh mhaith liom-sa, a rí ghlórmhair -



Macha. - Má's é bhur dtoil é, a rí chumhachtaigh -



Cormac Rí. - Bidhidh uile 'n bhar sost! Do chualamar
eachtra Fhlaithrí. Ní le haon olc chughainn-na ná chum ar mic ná
chum ar muinntire do dhein sé an gníomh so. Is é a bí uaidh 'ná
fromhadh do dhéanamh ar an gcomhairle thug a athair Fitheal dó.
Dála na comhairle sin, ní'l innte acht corp na céille; mar dá
n-imthigheadh aon nídh ar mhac ríogh, is é an té go mbeadh sé aige
ar oileamhain do bheadh thíos leis, dá mbudh is ná beadh leigheas
féin aige air. Ní maith an sás rún do choimeád bean, agus ós
rud é go mbíonn caidreamh coitcheann ag duine ar a mhnaoi, is
deacair dó dul ó n-a rún do léigean léi, agus, má's rún é i
n-a mbeidh guais, is dó is measa. Seoide thugtar do dheirbhshiair
i dtaiscidh is gnáth léi greim do choimeád ortha i leith is gur
tabhartas nó díol fiach iad; agus bíonn gráin de ghnáith ag mac
moghaidh nó ag a leithéid ar an té mhéaduigheann é, mar nach maith
leis aoinne bheith 'n-a thimcheall do chuirfeadh a uirísleacht i
gcuimhne dhó. Dá bhrígh sin uile, beidh Flaithrí 'n-a áirdbhreitheamh
feasta fá mar bhíodh, agus is truagh linn nár thug Macha aiseag
'n-a sheodaibh dó.



Macha. - Bhéarad aiseag dhó anois ionnta, a rí chumhachtaigh.



Cormac Rí. - Tá sé déidheanach agat, anois. Ní dóigh linn


L. 122


gur mhaith le Flaithrí féin iad do ghlacadh anois uait. Bhéaram-na
féin dó 'n-a n-ionad na seoide is uaisle i gciste na Teamhrach.
Agus ós rud é gur fhill ar mac Cairbre orainn slán, bheirimíd
cead pósta do Mhacha is d'Aonghus, ós fada geallta dá chéile
iad, agus bíodh seoide Fhlaithrí mar spré ag Macha, agus ní
bhrathaim go n-abróchaidh Flaithrí 'n-a choinnibh sin.



Flaithrí - Táim lán-tsásta, a rí uasail.



[Intrant an triúr Bandruadh. Umhluighid do Rígh, agus siúd fá dhéin
Aonghusa iad].



Aonghus. - Ag seo chugham arís sibh, a chailleacha bréagacha!
Is é an lá léin dam an chéad lá chonnarc sibh; nach deas an
dream sibh chum congnamh nó comhairle do thabairt do dhuine!



Badhbh: Tá meas is mórchion
Ag Aonghus óg orainn,
Thug sé ór dúinn,
Is d'iarr sé chomhairle.



Rioghnach: Fuair sé an chomhairle,
Dhein fear mór de,
Is soin go ró-mhear.



Daol: Tuitim Fhlaithrí
Chuir 'n-a sheasamh
Ar bhfear ceannais.




Aonghus - A chailleacha dorcha, má éirgheas, is orm ba gheárr
an mhoill tuitim arís. Tuitim gan éirghe is eadh fuaras, acht
gur éadtromuigheabhar-se na sparáin agam. Sin a bhfuil de
bhárr bhar ndraoidheachta is bhar bpiseog agam-sa.



Badhbh: B'í an chomhairle cheart í,
Fuair sé an t-airgead
Do bhí ag Flaithrí.



Rioghnach: An mhaoin bhí uaidh sin,
Is d'oir go mór dó,
Féach! go bhfuair sé.



Daol: An rígh-bhean Macha
Is Aonghus neartmhar,
Cia dheighilfidh feasta?


L. 123


Aonghus. - Táim fá chommaoin mhóir agaibh, a rí chumhachtaigh,
agus is mór é m'aithmhéala i dtaobh ar dheineas d'olc ar Fhlaithrí.



Flaithrí. - Maithim duit ó chroidhe, a Aonghus.



Macha. - Tá súil agam go maithfidh Flaithrí dhamh-sa, leis.



Aoife. - Ós mise an cuirptheach is mó, tá súil agam le n-a
mhaithmheachas.



Cormac Rí. - Tá maithte dhaoibh go léir, agus bímís uile
d'aon-bhuidhin feasta ag déanamh ar ndíthchill ar son na Teamhrach
is na hÉireann.



[An brat anuas].




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services