Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
File gan nídh.
Title
File gan nídh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FILE GAN NÍDH. A chlann iongantach imearthach Chéin is Ír, Dar dhual fine fear m'ionaid gach féile dhíol, Is ait an gliocas ler chuireabhair mé fá íoc 'S ná roithfeadh scilling dem iomarca ar éinneach dhíbh. 'S má's í bhur dtuigsin ná fuilim-se i n-éifeacht draoi De bhrígh nach sceinnim go frithir an éigse thríom, Do chífeadh duine do thuigfeadh 's do léighfeadh nídh Go bhfuilim im fhile 's nár fionnadh me ar ghéire thríd. A mhic Uí Mheachair, do mheallais mé fhéin go dian; 'S, má mheallais, do mealladh tú féin im dhiaidh; Bárr aindeise dár margadh araon ár ndias Níl sé agat ná agam ná ag aon 'n-ár ndiaidh. 'S is lughaide mhaithfir ort feasta gan mé do riar Nach tú caraid do tharraing ort féin mo mhian, Acht Ó Meachair, bhur n-athair, mo chéile thriath, Nár iarr mealladh ná malairt ar éinneach riamh. Is créad ná tuigthar libh an oiread so féin dem thaoibh - Dá mbeinn liosta le fuireach bheith aosta dh'aois Go gcaithfeadh sibhse mo ghiollacht go héag arís, Is bheith dhom eiridhe ón nduine go chéile dhíbh. 'S, a Dhia, nár bh'usa dhíbh mise do shaoradh i dtír 'Ná mé leigean chun gliogair is mé gan nídh; Gá mbeinn agaibh i gcoinne bhur ngéaga gaoil, Dá gcur i dtuigsin sa n-ionadh n-a ngéabhaimís. I gColláiste na Tríonóide atá an láimhscríbhinn as ar frith an giota thuas. H. 4, 14, a chomhartha ann. I dtosach an leabhar atá an t-amhrán thuas, agus deallruigheann sé gur i gceanntar Chluain Meala do scríobhadh é. Fé bhun an amhráin tá an méid seo: "Gach duine leighfidh na ceathramhna remhráite tugadh luach a shaothair don scríbhneoir, .i. beannacht ar anam an té rod scríobh é, .i. Tomás De: La: Híd. Anno Domini 1694." TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services