Historical Irish Corpus
1600 - 1926

File gan nídh.

Title
File gan nídh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FILE GAN NÍDH.



A chlann iongantach imearthach Chéin is Ír,
Dar dhual fine fear m'ionaid gach féile dhíol,
Is ait an gliocas ler chuireabhair mé fá íoc
'S ná roithfeadh scilling dem iomarca ar éinneach dhíbh.



'S má's í bhur dtuigsin ná fuilim-se i n-éifeacht draoi
De bhrígh nach sceinnim go frithir an éigse thríom,
Do chífeadh duine do thuigfeadh 's do léighfeadh nídh
Go bhfuilim im fhile 's nár fionnadh me ar ghéire thríd.



A mhic Uí Mheachair, do mheallais mé fhéin go dian;
'S, má mheallais, do mealladh tú féin im dhiaidh;
Bárr aindeise dár margadh araon ár ndias
Níl sé agat ná agam ná ag aon 'n-ár ndiaidh.



'S is lughaide mhaithfir ort feasta gan mé do riar
Nach tú caraid do tharraing ort féin mo mhian,
Acht Ó Meachair, bhur n-athair, mo chéile thriath,
Nár iarr mealladh ná malairt ar éinneach riamh.



Is créad ná tuigthar libh an oiread so féin dem thaoibh -
Dá mbeinn liosta le fuireach bheith aosta dh'aois
Go gcaithfeadh sibhse mo ghiollacht go héag arís,
Is bheith dhom eiridhe ón nduine go chéile dhíbh.



'S, a Dhia, nár bh'usa dhíbh mise do shaoradh i dtír
'Ná mé leigean chun gliogair is mé gan nídh;
Gá mbeinn agaibh i gcoinne bhur ngéaga gaoil,
Dá gcur i dtuigsin sa n-ionadh n-a ngéabhaimís.




I gColláiste na Tríonóide atá an láimhscríbhinn as ar frith an giota thuas.
H. 4, 14, a chomhartha ann. I dtosach an leabhar atá an t-amhrán thuas, agus
deallruigheann sé gur i gceanntar Chluain Meala do scríobhadh é. Fé bhun an
amhráin tá an méid seo: "Gach duine leighfidh na ceathramhna remhráite tugadh
luach a shaothair don scríbhneoir, .i. beannacht ar anam an té rod scríobh é, .i.
Tomás De: La: Híd. Anno Domini 1694."



TÓRNA.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services