Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Bhí cóimh-thionól i mBaile Áth' Cliath le déidheanaighe ag teachtairibh ó fiche Comhairle, nó os a chionn, de Chomhairlibh na gConndae. 'Sé bhí ar bun acu, feuchaint an bhfuighdís bheith ar aon inntinn feasda i dtaobh neithe áirighthe bhaineas le gnó gach aon Chomhairle dhíobh, mar atá an chaoi dob fhearr agus ba shaoráidighe chum bóithre do dhéanamh agus do choimeád suas, an díoluigheacht ba cheart do thabhairt d'oifigighibh as oibreachaibh áirighthe, agus a leithéidí sin. Tomás Esmonde a bhí sa chathaoir. Chuireadar a lán tré na chéile acht 'sé rud is mó thaitn linn an méid adubhairt mac Uí Dhonnabháin, an t-Uach- darán ar Chomhairle Chiarraighe, i dtaobh sgríbhinní stáramhle. Chuir sé rómpa mar rún é, go mbaileochadh gach aon Chomhairle Chonndae, agus go gcuirfidís amach i bhfuirm leabair pé beag mór de sgríbhinní bhaineas le stair an Chonndae. Níor labhair aoinne 'na choinne agus cheapadar ar chomhaltas bheag chum an rún do chur chum cinn. Ní bhfuil aon iongantas acht a raibh de chapallaibh áilne ag an teasbánadh i mBaile Áth' Cliath an tseacht- mhain seo chuaidh thart, agus a raibh de dhaoinibh ó gach áird de'n domhan ag feuchaint ortha. Leagadh dá chapall ann duine uasal as Conndae na midhe, dárab ainm Ball, agus ní fada na dhiaidh sin a mhair sé. Is amhlaidh baineadh tuisle as an bhfalarthach capaill tar éis léim tar fál do, agus caitheadh an marcach ar bhathas a chinn ar an dtalamh chruaidh. Chuir méire Bhaile Áth' Cliath fógra amach an lá eile ghá rádh go mbeadh an leacht-chuimhnte do Pharnell dá thosnughadh i n-athchomhaireacht, agus ag iarraidh cabhartha chum na h-oibre ar chlannaibh Gaedheal amuigh agus i mbaile. Bhuail beirt ghearrchaillí beaga amach an bóthar dóibh féin ag Fionn ghlaise i gConndae Átha Cliath seachtmhain na Céadaoineach seo, agus leanbh óg i gcaráisde bheag acu. D'iompuigheadar isteach geata ar aghaidh tighe mná uaisle agus is annsain a fuaradar an sgannradh. Ní raibh ag an mnaoi uasail seo acht chúig cinn de ghadharaibh, agus phrea- badar i n-aoinfheacht ar na leanbhaibh bochta, ar nós mhadaraidhe uilc, dá stolladh i dá stracadh. Fá cheann tamaill tháinig cailín aimsire de mhuinntir Mhórdha amach as an dtigh móir, agus nár laguighidh Dia í, is éachtach an gníomh a rinne sí. Is beag ná go raibh an dá láimh ithte dhi sul ar 'fhéad sí leanbh trí mbliadhan a bhaint de na gadharaibh. Do luigheadar ar fad annsain ar an gcailín beag eile a bhí ar lár acu, agus níor féadadh í bhaint díobh no go dtug fear éigin coigeál leis agus gur sgaoil sé an solus tré chuid acu. Rugadh na páisdí go dtí an ósbuidéal láithreach, agus b'éigean trí grea- manna déag agus fiche do chur ins na cneádhaibh a bhí i nduine acu. Níor imthigh luach biorán ar an mbunóic a bhí sa charáisde bheag. Sgaoileadh amach seachtmhain ó shoin Seamus Fitz- harris agus Labhrás Ua hAnnluain, an bheirt déidheanach de na príosúnachaibh a bhí istigh leis an marbhughadh rinneadh i bPáirc na Ríogh seacht mbliadhna déag ó shoin. Táid siad araon go maith na sláinte. Thráchtamar an tseachtmhain seo ghabh tharainn ar Choláisde na Bainríoghna i gCorcaigh, coláisde nár bhuaidh oiread agus onóir amháin ag an gceistiughadh bliadhantamhail. Tá ceann eile acu i gcathair na Gaillimhe. Ní raibh sa choláisde sin anuraidh, ó bhonn bathas, acht cúig sgoláire agus cheithre fichid, agus ceist agam ort anois cia mhéid d'airgead na dúthaighe a tugadh do'n choláisde seo an bhliadhain sin? £10,548 a chosain sé do'n dúthaigh an coláisde seo a choimeád suas anuraidh! Ní gabhadh dham innsint nár múineadh aon fhocal amháin Gaedhilge ann. Go dearbhtha is daor atá muinntir na h-Éireann ag díol as Sasanaigh a dhéanamh dhíobh. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services