Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Bhí cóimh-thionól i mBaile Áth' Cliath le déidheanaighe
ag teachtairibh ó fiche Comhairle, nó os a chionn, de
Chomhairlibh na gConndae. 'Sé bhí ar bun acu, feuchaint
an bhfuighdís bheith ar aon inntinn feasda i dtaobh neithe
áirighthe bhaineas le gnó gach aon Chomhairle dhíobh, mar
atá an chaoi dob fhearr agus ba shaoráidighe chum bóithre do
dhéanamh agus do choimeád suas, an díoluigheacht ba
cheart do thabhairt d'oifigighibh as oibreachaibh áirighthe, agus
a leithéidí sin. Tomás Esmonde a bhí sa chathaoir.
Chuireadar a lán tré na chéile acht 'sé rud is mó thaitn
linn an méid adubhairt mac Uí Dhonnabháin, an t-Uach-
darán ar Chomhairle Chiarraighe, i dtaobh sgríbhinní
stáramhle. Chuir sé rómpa mar rún é, go mbaileochadh
gach aon Chomhairle Chonndae, agus go gcuirfidís amach
i bhfuirm leabair pé beag mór de sgríbhinní bhaineas le
stair an Chonndae. Níor labhair aoinne 'na choinne
agus cheapadar ar chomhaltas bheag chum an rún do chur
chum cinn.



Ní bhfuil aon iongantas acht a raibh de chapallaibh
áilne ag an teasbánadh i mBaile Áth' Cliath an tseacht-
mhain seo chuaidh thart, agus a raibh de dhaoinibh ó gach
áird de'n domhan ag feuchaint ortha. Leagadh dá
chapall ann duine uasal as Conndae na midhe, dárab
ainm Ball, agus ní fada na dhiaidh sin a mhair sé. Is
amhlaidh baineadh tuisle as an bhfalarthach capaill tar
éis léim tar fál do, agus caitheadh an marcach ar bhathas
a chinn ar an dtalamh chruaidh.



Chuir méire Bhaile Áth' Cliath fógra amach an lá eile
ghá rádh go mbeadh an leacht-chuimhnte do Pharnell dá
thosnughadh i n-athchomhaireacht, agus ag iarraidh cabhartha
chum na h-oibre ar chlannaibh Gaedheal amuigh agus i
mbaile.



Bhuail beirt ghearrchaillí beaga amach an bóthar dóibh
féin ag Fionn ghlaise i gConndae Átha Cliath seachtmhain
na Céadaoineach seo, agus leanbh óg i gcaráisde bheag acu.
D'iompuigheadar isteach geata ar aghaidh tighe mná uaisle
agus is annsain a fuaradar an sgannradh. Ní raibh ag an
mnaoi uasail seo acht chúig cinn de ghadharaibh, agus phrea-
badar i n-aoinfheacht ar na leanbhaibh bochta, ar nós
mhadaraidhe uilc, dá stolladh i dá stracadh. Fá cheann
tamaill tháinig cailín aimsire de mhuinntir Mhórdha
amach as an dtigh móir, agus nár laguighidh Dia í, is éachtach
an gníomh a rinne sí. Is beag ná go raibh an dá láimh
ithte dhi sul ar 'fhéad sí leanbh trí mbliadhan a bhaint de
na gadharaibh. Do luigheadar ar fad annsain ar an
gcailín beag eile a bhí ar lár acu, agus níor féadadh í
bhaint díobh no go dtug fear éigin coigeál leis agus gur
sgaoil sé an solus tré chuid acu. Rugadh na páisdí
go dtí an ósbuidéal láithreach, agus b'éigean trí grea-
manna déag agus fiche do chur ins na cneádhaibh a bhí
i nduine acu. Níor imthigh luach biorán ar an mbunóic
a bhí sa charáisde bheag.



Sgaoileadh amach seachtmhain ó shoin Seamus Fitz-
harris agus Labhrás Ua hAnnluain, an bheirt déidheanach de
na príosúnachaibh a bhí istigh leis an marbhughadh rinneadh
i bPáirc na Ríogh seacht mbliadhna déag ó shoin. Táid
siad araon go maith na sláinte.



Thráchtamar an tseachtmhain seo ghabh tharainn ar
Choláisde na Bainríoghna i gCorcaigh, coláisde nár
bhuaidh oiread agus onóir amháin ag an gceistiughadh
bliadhantamhail. Tá ceann eile acu i gcathair na
Gaillimhe. Ní raibh sa choláisde sin anuraidh, ó bhonn
bathas, acht cúig sgoláire agus cheithre fichid, agus ceist agam
ort anois cia mhéid d'airgead na dúthaighe a tugadh
do'n choláisde seo an bhliadhain sin? £10,548 a chosain
sé do'n dúthaigh an coláisde seo a choimeád suas
anuraidh! Ní gabhadh dham innsint nár múineadh aon
fhocal amháin Gaedhilge ann. Go dearbhtha is daor atá
muinntir na h-Éireann ag díol as Sasanaigh a dhéanamh
dhíobh.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services