Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conchubhar ar Aifreann Canntrach.
Title
Conchubhar ar Aifreann Canntrach.
Author(s)
Ó hArgáin, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conchubhar ar Aifreann Canntrach. Bíodh fhios agaibh, a léightheóirí an IRISLEABHAIR, go mbíonn greann i gcathair, uaireanta, chomh maith leis an dtuaith; agus 'neosad díbh, anois, rud greannmhar i dtaobh seanduine ón dtuaith, do tháinig isteach lá áirighthe go cathair ghil Chorcaighe timcheall fiche bliadhan ó shoin. Duine bocht galánta diadhasamhail do b'eadh é, agus pé gnó a bhí le déanamh aige 'sa chathair, d'fhan sé ann an oidhche sin, i dteannta dhuine mhuinnteardha dho, do chomhnuigh i Sráid an Teampuill 'sa Pharóiste Thuaidh. Nílim deimhnightheach anois cé'ar díobh é, acht Conchubhar do b'ainm do. D'éirigh sé ar maidin i mbáireach a bhí chughainn is do ghluais sé amach ar fuaid na sráideanna. Bhí cloga Shean- dúna is na hÁrdeaglaise dá mbualadh, agus d'fhan sé tamall ag éisteacht leó. Dubhairt sé 'na aigne féin gur bh'fhearra dhó dul agus Aifreann d'éisteacht. D'imthigh sé air agus isteach
leis 'sa Árdeaglais, agus, pé aca lá saoire nó lá féile é, bhí Aifreann canntrach le bheith 'sa nÁrdeaglais an lá san, agus b'é an t-easbog a bhí chun é léigheadh. Ní fheaca Conchubhar bocht aifreann canntrach riamh, mar ó imleachaibh fiadhaine Thuath na Dromann nó Bhaile Mhúirne do tháinigh sé. Ní raibh sé i bhfad istigh go dtáing an tEasbog, na sagairt, is na cléirigh ar an althóir, agus dheineadar gach ull- mhughadh is ceart a dhéanamh roimh Aifreann canntrach. Bhí iongnadh an domhain ar Chonchubhar cad a bhí ar siubhal aca. Nuair do seinneadh an ceol agus nuair do canadh na sailm, tháinig crith lámh agus cos air. Chuaidh borradh agus fuaimint an cheoil trí n-a chluasaibh, agus, nuair d'éirigh an caise ceoil agus glór guth na sagart le chéile, do cuireadh fionnachrith ar bhallaibh beathadh Chonchubhair. "Mhaise, mo ghrádh go deó thiar thú, a shéipéilín Réidh na nDoirí!" ar seisean 'na aigne féin, "mar is ionnat d'fhéad- fainn mo phaidreacha a rádh go dúthrachtach, agus ní hannso." Ní fhéadfadh sé fanmhaint ann a thuilleadh. Do ghaibh sé amach go cráidhte 'na aigne, agus síos leis go Sráid an Teampuill go tigh a dhuine mhuinnteardha. Do shuidh sé istigh, agus ní fhéadfadh sé labhairt go ceann i bhfad. 'Sa deireadh, dubhairt sé le mnaoi an tighe: "Mhaise, a Shíle, cad é an saghas Aifrinn bhíonn annso agaibh?" "Airiú! Aifreann ceart a Chonchubhair," ar sise, "mar bhíonn ins gach aon bhall." "Deirim-se leat nach eadh," ar seisean. "Cad chuige dhuit é sin a rádh, airiú?" ar sise. "Ha," ar seisean, "do ghabhas suas annsan ó chianibh ag brath ar Aifreann a bheith agam. Ní rabhas abhfad istigh nuair - mo dhá léir! - do tháinig amach ar an althóir dugairne duine agus sluaighte 'na thimcheall. Do chuireadar brat siar air, agus do chuireadar brat aniar air. D'árduigheadar leó suas é, agus do thugadar leó anuas é. Do shiubhladar leó soir é, agus do shiubhladar leó siar é; agus b'é deireadh an scéil gur chuireadar 'na shuidhe ar chathaoir mhóir aoird é, agus go rabhadar ag caith- eamh deataigh air chun badh dhóigh leat go múchfaidhe é. Annsan do chasadar an dá olagón déag a raghadh tríd chroidhe, agus ad-
mhuighim go bhfuil an búirtheamh san im chluasaibh fós, is tá eagla orm go mbeidh go fóill. Geallaim duit ná himtheóghaidh cuimhne na maidne seo óm aigne an dá lá is an fhaid a mhairfead." Ní gábhadh a rádh go raibh gáire ar fuaid na sráide i dtaobh Chonchubhar agus an Aifrinn channtraigh. PÁDRAIG Ó hARGÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services