Conchubhar ar Aifreann Canntrach.
Bíodh fhios agaibh, a léightheóirí an IRISLEABHAIR, go mbíonn
greann i gcathair, uaireanta, chomh maith leis an dtuaith; agus
'neosad díbh, anois, rud greannmhar i dtaobh seanduine ón
dtuaith, do tháinig isteach lá áirighthe go cathair ghil Chorcaighe
timcheall fiche bliadhan ó shoin.
Duine bocht galánta diadhasamhail do b'eadh é, agus pé gnó
a bhí le déanamh aige 'sa chathair, d'fhan sé ann an oidhche sin, i
dteannta dhuine mhuinnteardha dho, do chomhnuigh i Sráid an
Teampuill 'sa Pharóiste Thuaidh.
Nílim deimhnightheach anois cé'ar díobh é, acht Conchubhar do
b'ainm do. D'éirigh sé ar maidin i mbáireach a bhí chughainn is
do ghluais sé amach ar fuaid na sráideanna. Bhí cloga Shean-
dúna is na hÁrdeaglaise dá mbualadh, agus d'fhan sé tamall
ag éisteacht leó. Dubhairt sé 'na aigne féin gur bh'fhearra dhó
dul agus Aifreann d'éisteacht. D'imthigh sé air agus isteach
leis 'sa Árdeaglais, agus, pé aca lá saoire nó lá féile é, bhí
Aifreann canntrach le bheith 'sa nÁrdeaglais an lá san, agus
b'é an t-easbog a bhí chun é léigheadh.
Ní fheaca Conchubhar bocht aifreann canntrach riamh, mar ó
imleachaibh fiadhaine Thuath na Dromann nó Bhaile Mhúirne do
tháinigh sé. Ní raibh sé i bhfad istigh go dtáing an tEasbog, na
sagairt, is na cléirigh ar an althóir, agus dheineadar gach ull-
mhughadh is ceart a dhéanamh roimh Aifreann canntrach.
Bhí iongnadh an domhain ar Chonchubhar cad a bhí ar siubhal aca.
Nuair do seinneadh an ceol agus nuair do canadh na sailm,
tháinig crith lámh agus cos air. Chuaidh borradh agus fuaimint
an cheoil trí n-a chluasaibh, agus, nuair d'éirigh an caise ceoil
agus glór guth na sagart le chéile, do cuireadh fionnachrith ar
bhallaibh beathadh Chonchubhair.
"Mhaise, mo ghrádh go deó thiar thú, a shéipéilín Réidh na
nDoirí!" ar seisean 'na aigne féin, "mar is ionnat d'fhéad-
fainn mo phaidreacha a rádh go dúthrachtach, agus ní hannso."
Ní fhéadfadh sé fanmhaint ann a thuilleadh. Do ghaibh sé amach
go cráidhte 'na aigne, agus síos leis go Sráid an Teampuill
go tigh a dhuine mhuinnteardha. Do shuidh sé istigh, agus ní
fhéadfadh sé labhairt go ceann i bhfad. 'Sa deireadh, dubhairt sé
le mnaoi an tighe:
"Mhaise, a Shíle, cad é an saghas Aifrinn bhíonn annso
agaibh?"
"Airiú! Aifreann ceart a Chonchubhair," ar sise, "mar bhíonn
ins gach aon bhall."
"Deirim-se leat nach eadh," ar seisean.
"Cad chuige dhuit é sin a rádh, airiú?" ar sise.
"Ha," ar seisean, "do ghabhas suas annsan ó chianibh ag brath
ar Aifreann a bheith agam. Ní rabhas abhfad istigh nuair - mo dhá
léir! - do tháinig amach ar an althóir dugairne duine agus
sluaighte 'na thimcheall. Do chuireadar brat siar air, agus do
chuireadar brat aniar air. D'árduigheadar leó suas é, agus do
thugadar leó anuas é. Do shiubhladar leó soir é, agus do
shiubhladar leó siar é; agus b'é deireadh an scéil gur chuireadar
'na shuidhe ar chathaoir mhóir aoird é, agus go rabhadar ag caith-
eamh deataigh air chun badh dhóigh leat go múchfaidhe é. Annsan do
chasadar an dá olagón déag a raghadh tríd chroidhe, agus ad-