Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuadh-Litridheacht na nGaodhal agus Cionnus is fearr í chur chum cinn. II.
Title
Nuadh-Litridheacht na nGaodhal agus Cionnus is fearr í chur chum cinn. II.
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Nuadh-Litridheacht na nGaodhal agus Cionnus is fearr í chur chum cinn. MAIRE NÍ CHINNÉIDE do scríobh. II. Anois, níl éan-amhras ná gurb' olc an rud dúinn aithris a dhéanamh ar na lochtaibh sin thuas. Ní gádh dhúinn é. Ní bheadh na lochta úd ag lucht na dteangan eile do scríobhadh, muna mbeadh ná fuil éan-chaoi eile aca ar rud do chur amach gur fiú le n-a léightheoiríbh é léigheamh. Tá sean-theanga chaithte dá scríobhadh aca - sean-theanga chomh haosta chomh caithte sin, go bhfuil gach is féidir a rádh, ráidhte innti na mílte uair cheana. Cad is féidir leo a dhéanamh, annsoin, acht slighe nuadh chum a ráidhte do tharraing chúcha, agus dalla-phúicín éigin do chur ar an sean- smaoineamh traochta i dtreó is na haithneochthaidhe go ró-fhuiriste é. Ní mar sin dúinne. Is beag rud a oireann do'n aimsir fé láthair atá ráidhte san teangain seo againn fós, agus mar sin ní gádh dhúinn na geaitsí úd do ghlacadh mar shompla chughainn. Pé scéal atá againn le n-innsint, níl againn acht é innsint, tríd síos, díreach fé mar ar thuit sé amach - nó mar d'fhéadfadh sé tuitim amach - agus gan a bheith ag iarraidh é chur bun-os-cionn, nó na "carraigeacha" do tharraing isteach 'á thaisbeáint do'n tsaoghal a léigheantacht agus táimid. Déan- aimís é, má's féidir, gan an iomad machtnaimh ar chruth na scríbhne, ar an "style", chum focail a fhágháil ar iasacht ón mBéarla, agus is fearrde sinn é. Tráchtaimís ar gach rud atá le feicsint i saoghal na ndaoine mór-thimcheall orrainn, agus ná bíodh poll ná póirse i gcroidhe an Ghaodhail nó i saoghal an Ghaodhail nó i scéala thíre ná beidh trácht againn thairis - agus ann- soin, tá an domhan mór lasmuigh againn. B'fhéidir go n-abróchaidh duine éigin liom go bhfuil dearmhad déanta agam thuas, nuair deirim gur beag rud nách féidir leis an scríbhneóir Gaedhilge trácht air, ós rud é gur beag nídh go
bhfuil teacht thairis i nGaedhilg fós. Déarfaidh sé liom, b'fhéidir, go bhfuil rud éigin bun os cionn agam annso, gur "non sequitur", é; má's rud é, ná fuil éinnidh ar domhan ná fuil trácht air san mBéarla nó sa bhFraincis nó san Gearmáinis cheana, nách ean-mhaitheas dúinne bheith ag iarraidh rud nuadh a dhéanamh de, gan de mhalairt crutha a chur air acht é scríobhadh i nGaedhilg. Déarfainn leis gurab air féin atá an dearmhad. Má léigh sé riamh an scéal céadna i n-éan-dá-theangain, ní fuláir nó thug sé fé ndeara an difrigheacht mhór a bhí idir an dá innsint. Thugas- sa fé ndeara go minic é ar éan-chuma. Déarfainn leis "Cinderella" agus "Cendrillon" agus "Móirín" (sna "Trí Scéalta") do chur i gcomórtas le n-a chéile, agus a rádh liom, annsoin, nár dhóigh leis gur mhó go mór an difrigheacht a bhéadh eatortha, dá mba rud é nach scéal chomh simplidhe a bhí ionnta go léir. Ba mhó, gan amhras. Tá saghas éigin comhachta ag an teangain 'na mbíonn duine ag scríobhadh, a deineann cuma speisialta do chur ar an rud bhíonn á oibruighadh aige, agus ní mar a chéile an chomhacht atá i ngach teangain. Dá mhéid cosamhlacht, mar sin, a bhíonn idir smaointíbh an Fhranncaigh is an tSasanaigh is an Ghaodhail, bíonn éagsamhlacht go leór eatortha nuair cuirtear amach i dteangain na Frainnce, nó na Sasana, nó na hÉireann iad. Mar sin, nuair léigheann duine leabhar atá aistrighthe i mBéarla, abair, ó theangan eile, dá fheabhas a deineadh an t-aistriughadh, ní fhéadann sé gan a thabhairt fé ndeara nach san mBéarla do scríobhadh an chéad lá é. Adubhart ó chianaibh gur tearc rud atá againn i bprós i nGaedhilg seachas Scéalta. Is dóigh liom féin go bhfuil an ceart agam san méid sin. Go dtí gur thosnuigh Seathrún Céitinn ar a mhór-shaothar, is beag rud eile i n-éanchor do scríobhadh i bprós gur féidir ainm litridheachta do thabhairt air. Bhí a lán Annála dá scríobhadh, deineadh cúpla iarrachtaí ar stair na tíre do scríobhadh, Cogadh Gall re Gaedheal, agus an Caithréim, agus a leithéid, acht níorbh 'fiú puinn iad mar litridh- eacht, dá luachmhaire cuid aca do dhuine a bhéadh ar inntinn stair do cumadh. Ní héan-mhaitheas dúinn bheith ag iarraidh deis- mireacht uaibh siúd i gcomhair ár litridheachta nuaidhe. Anois, mar gheall ar an gCéitinneach féin, an ndéanfaidh sé an gnó? Ar cheart dúinn luighe isteach ar aithris a dhéanamh air nuair is
maith linn stair a scríobhadh nó cur síor ar Dhiadhacht nó ar Chúrsaíbh an Bháis? Ní dóig liom féin gur ceart. Tá sé ró- liosta, mar adeireann sé féin, ró-fhad-análach, ró-righin do'n aimsir fé láthair. Ní abraim, i n-éan-chor, gur ceart dúinn druim láimhe do thabhairt leis ar fad, acht ba cheart dúinn déanamh mar do dhein sé féin leis na scríbhneoiríbh a bhí ann roimis - do thóg sé uatha pé rud a bhí uaidh, do lean sé dá sompla anois is arís, acht mar bhunudhas a scríbhne, 'siad na scríbhneoirí Laidne a bhí aige mar dheismireacht. Agus 'sé an fáth gur thógh sé iad i n-ionad lucht scríobhtha éin-beo-theangan, ó is ortha ba mó a bhí eolas aige, gan amhras, agus ó's 'na dteangain siúd do bhí gach aiste léigheannta dá scríobhadh leis na céadtaibh bliadhan roimhe. Dá dhlúithe do lean sé dóibh siúd, ámhthach, ba dhána an duine adéarfadh ná raibh comharthaí na mbliadhan do chaith sé ar Mhór-thír na hEorpa le fágháil annso agus annsud ar a scríbhníbh. Is dóigh liom mar sin gurab é an tslighe is fearr dhúinn, má's mian linn cur síor ar chúrsaíbh léighinn go coitcheanta nó ar Sheanchus, nó ar Áireamh, nó ar Ealadhnaibh nó ar a leithéidíbh, ná déanamh mar do dhein Seathrún Céitinn - pé rud a bheidh áiseach nó oireamhnach dúinn 'nár litridheacht féin do ghlacadh chughainn acht gan an litridheacht sin nó éin-litridheacht eile do bheith mar theorainn againn; cead ár gcos do thabhairt dúinn féin chum iasacht a fágháil ó éin-teangain ar dhruim an domhain agus gan de dhuadh do chur orrainn féin, acht ár smaointe do nochtadh go soiléir do'n phobal. Pé dheismireacht is fearr a mhúinfidh dúinn cionnus sin a dhéanamh, sé sin an deismireacht is oireamhn- aighe dhúinn agus leanaimís é, gan a thuille a rádh. Dá fheabhas a bheidh an chainnt agus an cur síos againn, má leanaimíd do shompla eile, níl éan-mhaitheas ann 'na éaghmuis sin. Má tá smaointe agat gur fiú iad do chur i n-iúl do'n phobal, agus má ráinigheann leat na smaointe seo do chur i dtuigsint dod' léightheoiríbh chomh soiléir díreach agus mar atáid agat féin, sin é d'obair déanta agat, agus is cuma ciaca an fear thall nó an fear i bhfus atá mar shompla agat. Níl acht roinnt eile de'n litridheacht nuadh so againne gur mhaith liom focal nó dó a rádh 'na thaobh - 'sé sin an dráma. Níl éan-rud is iongantaighe i gcúrsaíbh ár litridheacht 'ná gan éan-
rud i bhfuirm dráma do bheith againn innti. Is móide is iongan- taighe an easbaidh so orainn an saghas intinne agus an saghas spride atá i muinntir na tíre seo - intinn agus sprid atá an- thugtha d'á mbaineann le dramaidheacht fé láthair. Rud eile, fós, bhí an-eolas aca i gcomhnuidhe ar na sean-ughdaraibh Rómh- ánacha agus Gréigeacha, agus is iad na hughdair seo do mhúin a mbaineann leis an dráma do'n tsaoghal lasmuigh. Is deachair a chreideamhaint nár dhein ár sinnsir riamh éin-iarracht ar dhráma do scríobhadh mar a scríobhadar soin é, acht is deacra fós a chreideamhaint gur dheineadar, agus gan de chomhartha againn air, acht na hAgallmha úd idir Oisín agus Pádruig ins na laoithe a cuirtear i leith Oisín mhic Fhinn. Níl puinn ionnta so, go deimhin, chum a bheith ag brath ortha mar dhráma, dá fheabhas iad mar fhilidheacht. Mar sin féin, deintear iarracht ionnta, anois agus arís, ar an saghas duine atá ag labhairt do nochtadh dúinn tre n-a ráidhtibh, i n-ionad an ughdair - Oisín féin nó duine eile - do bheith ag cur síos air. 'Sé sin an difrigheacht is mó - b'fhéidir an phrímh-dhifrigheacht - idir an Scéal agus an Dráma. San Scéal, bíonn an t-úghdar féin i gcomhnuidhe idir an leigh- theóir agus lucht an leabhair. Innseann sé do'n léightheoir cad é an saghas tuairme badh cheart a bheith aige de gach uile dhuine dá mbíonn os a chomhair san leabhar, go minic, nó muna ndeineann soin, nochtann sé dhuit cad iad mar smaointibh a bhíonn ag rith tre aigne gach éinne de'n bhfuirinn, má's ceaduighthe an focal do chur mar sin, agus cad is bunudhas le gach a ndeineann sé. Ní hamhlaidh do scríbhneoir dráma, ámhthach. Ní féidir leis siúd a innsint dúinn cad is brigh le héan-duine dá gcuireann sé ós ár gcomhair. Muna gcuireann a ráidhte féin - agus a ngníomh- artha féin - i n-iúl dúinn é, níor cheap an t-ughdar i gceart é. Is dóigh liom go bhfuil rud éigin dá leithéid seo le feicsint sna laoidhtibh úd Oisín. Béadh fhios agat go minic cad é an saghas duine a leithéid seo nó a leithéid siúd, agus gan agat i gcóir breitheamhnais a thabhairt air, acht amháin an méid adeir sé féin. Féach mar a n-abrann "Conán Maol mallachtach na Féinne": "Leigfimís do Chloinn Bhaoiscne Cnis a chéile a ghearradh!" Tá aon rud amháin againn de bharr an easnaimh seo a bheith ar
ár litridheacht - deineann sé an scéal a dheanamh níos simplidhe do lucht na teangan d'aithbheodhchaint. Ós rud é ná fuil éinnidh againn gur féidir dráma duthchais do chur air, níl de rogha againn acht luighe isteach agus dráma do chumadh dúinn féin ar an gcuma 'na bhfuil dráma an domhain mhóir dá scríobhadh leis na céadtaibh bliadhan. Ní dócha go mbeadh sé de dhithchéille ag éinne a rádh gur ceart dúinne cromadh ar an ndráma do shaothrughadh anois díreach fé mar ba cheart dúinn a dhéanamh, dá mbeimís ag tosnughadh air ceithre céad nó cúig céad bliadhan ó shoin. Dá dtabharfaimís fé n-a leithéid, is ró-bhaoghlach gur beag duine a thréigfeadh an dráma Gallda, dá olcas é fé láthair, ar son ár ndráma-na. Dá luighead maitheas atá 'sna rudaíbh a bhíonn le feicsint 'n-ár n-amharclannaibh le déidheannaighe, tá aon rud amháin le rádh 'na bhfabhar - oirid siad ar chuma éigin do'n aimsir fé láthair. Tráchtaid siad ar na rudaíbh atá i n -aigne na ndaoine, agus déanaid siad é ar chuma a thaithnigheann leo, agus ar chuma go bhfuil taithighe aca air. Féach Shakespeare féin, agus a luighead daoine agus a bhíonn i láthair nuair cuirtear ceann d'á chluithchíbh os comhair an phobail. 'Sé rud taá uainn, ámh, gur ceart dár scríbhneoiríbh dráma eolas a gcéirde d'fhágháil sara dtosnuighid ar chluithchíbh a scríobhadh. Ní leigfimís d'fhear péire bróg a dhéanamh dúinn muna mbeidh fhios aige ar dtúis cionnus péire bróg 'dhéanamh i gceart. Cad 'na thaobh, má's eadh, a raighmis chum na hamharc- lainne, agus cúpla uair a' chluig do chaitheamh ann ag feachaint ar shaothar duine ná fuil eolas a chéirde aige. Thuit a lán rudaí greannmhara amach ó thosnuigheamar ar an dteangain d'aithbheodh- chaint, acht níl éinnidh d'ár thuit amach is greannmhaire 'ná gurab iad na sagairt - an t-aon dream daoine amháin i nÉirinn ná fuil cead aca cos do chuir laistigh d'amharclainn - is túisce chrom ar chluithchíbh do scríobhadh. Níór éirigh leo ró-mhaith, nidh nach iongnadh; acht is mór an moladh a thuilleann siad, mar sin féin, mar gheall ar sheasamh sa bhearnain. Eolas a chéirde, mar sin, an chéad rud atá ag teastáil ó'n duine a chuireann roimis dráma do scríobhadh. Má tá 'fhios aige cionnus is ceart dráma do chumadh agus é chur le chéile, ní baoghal go mbeidh easbadh adhbhair cainnte air. Níl aige le déanamh acht féachaint 'na thimcheall annso i nÉirinn fé láthair,
agus chífidh sé an oiread agus choimeádfaidh ag obair go lá á bháis é. Cuirfeadh sé ós ar gcomhair muinntear na mbailte mór nó lucht na tuaithe - éan-áit 'na mbíonn ceathrar nó cúig- ear bailighthe, gheobhaidh sé ádhbhar dráma ann, má tá súil le feic- sint aige. Muna dtaithnigheann leis obair dá leithéid sin, cuardaigheadh sé seanchus a thíre féin - nó, muna bhfuil soin fairsing a dhóthain dó, scéal tíre ar dhruim an domhain - agus cuireadh sé lucht na sean-aimsire 'na steill-bheathaidh ós ár gcomhair; nó tráchtadh sé ar an Sluagh Sidhe nó ar na "Deamhain Aeir" nó ar na "Geintibh Glindi", má's maith leis. Pé rud a bheidh aige mar ádhbhar dráma seachnuigheadh sé an droch-shaghas úd go dtugtar "melodrama" air. Is oth liom go bhfuil greim dluth aige cheana ar chuid dár scríbhneoiríbh dráma, agus badh mhór an truagh é dá leigfimís dó an gréim sin do dhlúthughadh a thuilleadh. Do réir tuairme gach éinne do thráchtann ar an dráma, 'sé an "melodrama" an rud is suaraighe dá gcuirtear ar an árdán. Tá a lán fáth leis sin. Ar dtúis, is ar na rudaíbh a deintear ar an árdán agus ar an gcuma 'na ndeintear iad is mó atá an melodrama ag brath, agus is ró- chuma go minic cad é an saghas cainnte atá ann, an fhaid is tá abairt annso agus annsúd ag an bprímh-léirightheóir gur féidir bualadh bas do bhaint amach dá barr. Má's rud é gur léigh éinne "melodrama" do féin, ní fuláir ná go aontóchaidh sé liom gur beag an mhaitheas atá ann mar litridheacht. Rud eile, ní bhíonn an fhírinne ann. Ceapann an scríbhneoir daoine áirithe do féin - daoine a thuillfidh moladh ón lucht éistighthe, nó a chuirfidh déistin ortha, do réir mar a theastuigh- eann uaidh. Cuireann sé ag déanamh rudaí áirithe agus ag rádh rudaí áirithe iad - rudaí a chuirfidh an meas céadna nó an déistin céadna ar na daoinibh a chífidh iad, i gcomhnuidhe, agus is ró-chuma leis an réidhtigheann na rudaí seo le déanamh nó na rudaí seo le rádh le n-a chéile i n-aon-chor. Annsoin ní ó éinnidh a dheineann na daoine sin ná ó éinnidh a deirid siad a thagann an mí-ádh ortha i lár an dráma, nó an fhuascailt 'sa deire, acht ó thoil an scríbhneora. Ní bhíonn i bhfuirinn an dráma, acht mar atá i bPunch and Judy a bhíonn ag dul timcheall na sráideann - bábóga nach féidir leo éan rud a dhéanamh as a stuaim féin, acht ag síor-bhrath ar na téadaibh beaga atá ag an bhfear gur leis
iad, gan a bheith ar a gcumas aca an cor is lugha do chur díobh dá ndeoin féin. Seachnaimís a leithéid sin, má's maith linn dráma gur fiú trácht air a bheith againn. Focailín beag anois mar gheall ar an saghas cainnte ba cheart a bheith againn 'nár gcluithchíbh. Dá ghéire a theastuigheann uainn an chainnt a bheith díreach simplidhe againn 'sna scéaltaibh agus 'sna haistíbh, is riachtanaighe go mór é bheith mar sin 'san dráma. Ná dearmhaidís choidhche gurab é atá uainn san dráma ná daoine atá 'na mbeathaidh, dar leat, do chur ar an árdán - gur maith linn a chur 'na luighe ar an lucht éistighthe gurab iad na daoine a bhí 'nár n-aigne nuair bhíomar ag scríobhadh an chluithche atá os a gcomhair amach'na steill-bheathaidh. Ní féidir dúinn a leithéid do dhéanamh muna mbíonn a gcainnt oireamhnach do dhaoinibh d'á sórt. Sin ceann des na rudaíbh atá i gcoinnibh Shakespeare fé láthair, is dóigh liom. Tá 'fhios ag na daoinibh a bhíonn ag éisteacht le n-a chluithchibh nárbh' fhilidheacht a bhí i mbéal Caesar nó Timon nó Richard the Third. Dá fheabhas an fhilidheacht 'seadh is lugha-de a chreidid siad gurab í an saghas cainnte do bhí aca. Mar sin, leis, do "chainnt na leabhar". Nuair chuirimíd seirbhís- each nó sclábhuidhe, nó feirmeoir, nó duine uasal féin, má's maith leat, os comhair an phobail, agus gan 'na mbéal acht an chainnt ná fuil le fagháil acht 'sna leabhraibh do scríobhadh nuair bhí Connradh na Gaedhilge 'na naoidhneán óg, ní dhéanfaidh daoine a bhéidh ag éisteacht leis acht scairteadh gáire do chur asta, agus ní miste dhóibh é. Muna gcuirfimid i mbéal gach éinne an saghas cainnte a bheadh aige dá mbeadh sé 'na fhír-bheathaidh, ní bheadh éan-mhaitheas ionainn mar scríbhneoiríbh dráma. Sar a gcuirfeadh críoch leis an aiste seo, ba mhaith liom focal nó dhó a rádh i dtaobh na trí saghas comhacht atá ag cur isteach ar gach éinne a chuireann roimis éan-rud do scríobhadh, dá luighead é, .i. comhacht a inntinne féin, comhacht a thíre, agus comhacht inntinne na n-ughdar, pé Gaill Gaedhil iad, go bhfuil a leabhra léighte aige. Bíonn comhacht 'gá thír ar gach duine acht fó-dhuine; agus maidir leis na dá chomhacht eile, bíonn siad le feicsint go soiléir i leabhraibh an uile scríbhneora. Ní mar a chéile, ámhthach, an chomhacht a bhíonn agá inntinn agus ag inntinn na n-ughdar eile ar gach éinne. Tá daoine áirithe ann, agus bíonn an inntinn chomh láidir chomh chumasach soin ionnta, ná
bíonn éan-bhaint, nó fír-bheagán, ag éinne lasmuigh leo. Tá daoine eile ann, ámh, agus 'siad an dream is líonmhaire iad, agus bíonn greim, beag nó mór, ag gach éinne ortha, i ganfhios dóibh féin go minic. Anois, ní féidir an riaghail chéadna a dhéanamh do'n dá shaghas daoine seo. Maidir leis an gcéad fhear, ní dhéanfadh sé éan-rud tabhachtach dá n-abrochthaidhe leis nár cheart dó rud do scríobhadh muna mbeadh ughdar éigin ias- achta mar ughdarás agus mar dheismireacht aige. Maidir leis an tarna fear, dob' éigin dó fanamhaint 'na shíor-thost dá mba rud é go mbeadh dlighe phianamhail i bhfeidhm againn i gcoinnibh gach éinnidh go raibh boladh an fhir thall le fagháil air. I n-ainm Dé, leigimís do'n dá dream a rogha oibre a dhéanamh, agus glacaimís le n-a saothar go buidheach agus go toileamhail, agus ní bheidh baoghal ar ár litridheacht. Beidh misneach agus dásacht 'nár scríbhneoiríbh nuair chífidh go bhfuilmid ullamh chum cabhruighthe leo, go bhfaighid a dtuilleann siad de mholadh nó de cháineadh, agus ná fuilmíd agá síor-infhiuchadh ag iarraidh locht d'fhágháil ionnta, agus beidh againn litridheacht ná sáróchaidh litridheacht éin tíre iasachta í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services