Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuadh-Litridheacht na nGaodhal agus Cionnus is fearr í chur chum cinn. II.

Title
Nuadh-Litridheacht na nGaodhal agus Cionnus is fearr í chur chum cinn. II.
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Nuadh-Litridheacht na nGaodhal
agus
Cionnus is fearr í chur chum cinn.



MAIRE NÍ CHINNÉIDE do scríobh.



II.



Anois, níl éan-amhras ná gurb' olc an rud dúinn aithris a
dhéanamh ar na lochtaibh sin thuas. Ní gádh dhúinn é. Ní bheadh na
lochta úd ag lucht na dteangan eile do scríobhadh, muna mbeadh
ná fuil éan-chaoi eile aca ar rud do chur amach gur fiú le n-a
léightheoiríbh é léigheamh. Tá sean-theanga chaithte dá scríobhadh
aca - sean-theanga chomh haosta chomh caithte sin, go bhfuil gach is
féidir a rádh, ráidhte innti na mílte uair cheana. Cad is féidir
leo a dhéanamh, annsoin, acht slighe nuadh chum a ráidhte do
tharraing chúcha, agus dalla-phúicín éigin do chur ar an sean-
smaoineamh traochta i dtreó is na haithneochthaidhe go ró-fhuiriste
é. Ní mar sin dúinne. Is beag rud a oireann do'n aimsir fé
láthair atá ráidhte san teangain seo againn fós, agus mar
sin ní gádh dhúinn na geaitsí úd do ghlacadh mar shompla
chughainn. Pé scéal atá againn le n-innsint, níl againn acht é
innsint, tríd síos, díreach fé mar ar thuit sé amach - nó mar
d'fhéadfadh sé tuitim amach - agus gan a bheith ag iarraidh é chur
bun-os-cionn, nó na "carraigeacha" do tharraing isteach 'á
thaisbeáint do'n tsaoghal a léigheantacht agus táimid. Déan-
aimís é, má's féidir, gan an iomad machtnaimh ar chruth na
scríbhne, ar an "style", chum focail a fhágháil ar iasacht ón
mBéarla, agus is fearrde sinn é. Tráchtaimís ar gach rud atá
le feicsint i saoghal na ndaoine mór-thimcheall orrainn, agus ná
bíodh poll ná póirse i gcroidhe an Ghaodhail nó i saoghal an
Ghaodhail nó i scéala thíre ná beidh trácht againn thairis - agus ann-
soin, tá an domhan mór lasmuigh againn.



B'fhéidir go n-abróchaidh duine éigin liom go bhfuil dearmhad
déanta agam thuas, nuair deirim gur beag rud nách féidir leis
an scríbhneóir Gaedhilge trácht air, ós rud é gur beag nídh go


L. 74


bhfuil teacht thairis i nGaedhilg fós. Déarfaidh sé liom, b'fhéidir,
go bhfuil rud éigin bun os cionn agam annso, gur "non
sequitur", é; má's rud é, ná fuil éinnidh ar domhan ná fuil trácht
air san mBéarla nó sa bhFraincis nó san Gearmáinis cheana, nách
ean-mhaitheas dúinne bheith ag iarraidh rud nuadh a dhéanamh de,
gan de mhalairt crutha a chur air acht é scríobhadh i nGaedhilg.
Déarfainn leis gurab air féin atá an dearmhad. Má léigh sé
riamh an scéal céadna i n-éan-dá-theangain, ní fuláir nó thug sé
fé ndeara an difrigheacht mhór a bhí idir an dá innsint. Thugas-
sa fé ndeara go minic é ar éan-chuma. Déarfainn leis
"Cinderella" agus "Cendrillon" agus "Móirín" (sna "Trí
Scéalta") do chur i gcomórtas le n-a chéile, agus a rádh
liom, annsoin, nár dhóigh leis gur mhó go mór an difrigheacht a
bhéadh eatortha, dá mba rud é nach scéal chomh simplidhe a bhí
ionnta go léir. Ba mhó, gan amhras. Tá saghas éigin comhachta
ag an teangain 'na mbíonn duine ag scríobhadh, a deineann
cuma speisialta do chur ar an rud bhíonn á oibruighadh aige, agus
ní mar a chéile an chomhacht atá i ngach teangain. Dá mhéid
cosamhlacht, mar sin, a bhíonn idir smaointíbh an Fhranncaigh is an
tSasanaigh is an Ghaodhail, bíonn éagsamhlacht go leór eatortha
nuair cuirtear amach i dteangain na Frainnce, nó na Sasana,
nó na hÉireann iad. Mar sin, nuair léigheann duine leabhar
atá aistrighthe i mBéarla, abair, ó theangan eile, dá fheabhas a
deineadh an t-aistriughadh, ní fhéadann sé gan a thabhairt fé
ndeara nach san mBéarla do scríobhadh an chéad lá é.



Adubhart ó chianaibh gur tearc rud atá againn i bprós i
nGaedhilg seachas Scéalta. Is dóigh liom féin go bhfuil an
ceart agam san méid sin. Go dtí gur thosnuigh Seathrún
Céitinn ar a mhór-shaothar, is beag rud eile i n-éanchor do
scríobhadh i bprós gur féidir ainm litridheachta do thabhairt air.
Bhí a lán Annála dá scríobhadh, deineadh cúpla iarrachtaí ar
stair na tíre do scríobhadh, Cogadh Gall re Gaedheal, agus an
Caithréim, agus a leithéid, acht níorbh 'fiú puinn iad mar litridh-
eacht, dá luachmhaire cuid aca do dhuine a bhéadh ar inntinn stair
do cumadh. Ní héan-mhaitheas dúinn bheith ag iarraidh deis-
mireacht uaibh siúd i gcomhair ár litridheachta nuaidhe. Anois,
mar gheall ar an gCéitinneach féin, an ndéanfaidh sé an gnó?
Ar cheart dúinn luighe isteach ar aithris a dhéanamh air nuair is


L. 75


maith linn stair a scríobhadh nó cur síor ar Dhiadhacht nó ar
Chúrsaíbh an Bháis? Ní dóig liom féin gur ceart. Tá sé ró-
liosta, mar adeireann sé féin, ró-fhad-análach, ró-righin do'n
aimsir fé láthair. Ní abraim, i n-éan-chor, gur ceart dúinn
druim láimhe do thabhairt leis ar fad, acht ba cheart dúinn
déanamh mar do dhein sé féin leis na scríbhneoiríbh a bhí ann
roimis - do thóg sé uatha pé rud a bhí uaidh, do lean sé dá sompla
anois is arís, acht mar bhunudhas a scríbhne, 'siad na scríbhneoirí
Laidne a bhí aige mar dheismireacht. Agus 'sé an fáth gur thógh
sé iad i n-ionad lucht scríobhtha éin-beo-theangan, ó is ortha ba
mó a bhí eolas aige, gan amhras, agus ó's 'na dteangain siúd do
bhí gach aiste léigheannta dá scríobhadh leis na céadtaibh bliadhan
roimhe. Dá dhlúithe do lean sé dóibh siúd, ámhthach, ba dhána an
duine adéarfadh ná raibh comharthaí na mbliadhan do chaith sé ar
Mhór-thír na hEorpa le fágháil annso agus annsud ar a
scríbhníbh.



Is dóigh liom mar sin gurab é an tslighe is fearr dhúinn, má's
mian linn cur síor ar chúrsaíbh léighinn go coitcheanta nó ar
Sheanchus, nó ar Áireamh, nó ar Ealadhnaibh nó ar a leithéidíbh, ná
déanamh mar do dhein Seathrún Céitinn - pé rud a bheidh áiseach
nó oireamhnach dúinn 'nár litridheacht féin do ghlacadh chughainn acht
gan an litridheacht sin nó éin-litridheacht eile do bheith mar
theorainn againn; cead ár gcos do thabhairt dúinn féin chum
iasacht a fágháil ó éin-teangain ar dhruim an domhain agus
gan de dhuadh do chur orrainn féin, acht ár smaointe do nochtadh
go soiléir do'n phobal. Pé dheismireacht is fearr a mhúinfidh
dúinn cionnus sin a dhéanamh, sé sin an deismireacht is oireamhn-
aighe dhúinn agus leanaimís é, gan a thuille a rádh. Dá fheabhas
a bheidh an chainnt agus an cur síos againn, má leanaimíd do
shompla eile, níl éan-mhaitheas ann 'na éaghmuis sin. Má tá
smaointe agat gur fiú iad do chur i n-iúl do'n phobal, agus má
ráinigheann leat na smaointe seo do chur i dtuigsint dod'
léightheoiríbh chomh soiléir díreach agus mar atáid agat féin, sin
é d'obair déanta agat, agus is cuma ciaca an fear thall nó an
fear i bhfus atá mar shompla agat.



Níl acht roinnt eile de'n litridheacht nuadh so againne gur
mhaith liom focal nó dó a rádh 'na thaobh - 'sé sin an dráma. Níl
éan-rud is iongantaighe i gcúrsaíbh ár litridheacht 'ná gan éan-


L. 76


rud i bhfuirm dráma do bheith againn innti. Is móide is iongan-
taighe an easbaidh so orainn an saghas intinne agus an saghas
spride atá i muinntir na tíre seo - intinn agus sprid atá an-
thugtha d'á mbaineann le dramaidheacht fé láthair. Rud eile,
fós, bhí an-eolas aca i gcomhnuidhe ar na sean-ughdaraibh Rómh-
ánacha agus Gréigeacha, agus is iad na hughdair seo do mhúin a
mbaineann leis an dráma do'n tsaoghal lasmuigh. Is deachair a
chreideamhaint nár dhein ár sinnsir riamh éin-iarracht ar dhráma
do scríobhadh mar a scríobhadar soin é, acht is deacra fós a
chreideamhaint gur dheineadar, agus gan de chomhartha againn
air, acht na hAgallmha úd idir Oisín agus Pádruig ins na laoithe
a cuirtear i leith Oisín mhic Fhinn. Níl puinn ionnta so, go
deimhin, chum a bheith ag brath ortha mar dhráma, dá fheabhas iad
mar fhilidheacht. Mar sin féin, deintear iarracht ionnta, anois
agus arís, ar an saghas duine atá ag labhairt do nochtadh dúinn
tre n-a ráidhtibh, i n-ionad an ughdair - Oisín féin nó duine eile
- do bheith ag cur síos air. 'Sé sin an difrigheacht is mó -
b'fhéidir an phrímh-dhifrigheacht - idir an Scéal agus an Dráma.
San Scéal, bíonn an t-úghdar féin i gcomhnuidhe idir an leigh-
theóir agus lucht an leabhair. Innseann sé do'n léightheoir cad é
an saghas tuairme badh cheart a bheith aige de gach uile dhuine dá
mbíonn os a chomhair san leabhar, go minic, nó muna ndeineann
soin, nochtann sé dhuit cad iad mar smaointibh a bhíonn ag rith
tre aigne gach éinne de'n bhfuirinn, má's ceaduighthe an focal
do chur mar sin, agus cad is bunudhas le gach a ndeineann sé.
Ní hamhlaidh do scríbhneoir dráma, ámhthach. Ní féidir leis siúd
a innsint dúinn cad is brigh le héan-duine dá gcuireann sé ós
ár gcomhair. Muna gcuireann a ráidhte féin - agus a ngníomh-
artha féin - i n-iúl dúinn é, níor cheap an t-ughdar i gceart é.



Is dóigh liom go bhfuil rud éigin dá leithéid seo le feicsint
sna laoidhtibh úd Oisín. Béadh fhios agat go minic cad é an
saghas duine a leithéid seo nó a leithéid siúd, agus gan agat i
gcóir breitheamhnais a thabhairt air, acht amháin an méid adeir sé
féin. Féach mar a n-abrann "Conán Maol mallachtach na
Féinne":



"Leigfimís do Chloinn Bhaoiscne
Cnis a chéile a ghearradh!"



Tá aon rud amháin againn de bharr an easnaimh seo a bheith ar


L. 77


ár litridheacht - deineann sé an scéal a dheanamh níos simplidhe
do lucht na teangan d'aithbheodhchaint. Ós rud é ná fuil éinnidh
againn gur féidir dráma duthchais do chur air, níl de rogha
againn acht luighe isteach agus dráma do chumadh dúinn féin ar
an gcuma 'na bhfuil dráma an domhain mhóir dá scríobhadh leis na
céadtaibh bliadhan. Ní dócha go mbeadh sé de dhithchéille ag éinne
a rádh gur ceart dúinne cromadh ar an ndráma do shaothrughadh
anois díreach fé mar ba cheart dúinn a dhéanamh, dá mbeimís
ag tosnughadh air ceithre céad nó cúig céad bliadhan ó
shoin. Dá dtabharfaimís fé n-a leithéid, is ró-bhaoghlach
gur beag duine a thréigfeadh an dráma Gallda, dá olcas
é fé láthair, ar son ár ndráma-na. Dá luighead maitheas
atá 'sna rudaíbh a bhíonn le feicsint 'n-ár n-amharclannaibh le
déidheannaighe, tá aon rud amháin le rádh 'na bhfabhar - oirid siad
ar chuma éigin do'n aimsir fé láthair. Tráchtaid siad ar na
rudaíbh atá i n -aigne na ndaoine, agus déanaid siad é ar chuma
a thaithnigheann leo, agus ar chuma go bhfuil taithighe aca air.
Féach Shakespeare féin, agus a luighead daoine agus a bhíonn i
láthair nuair cuirtear ceann d'á chluithchíbh os comhair an phobail.



'Sé rud taá uainn, ámh, gur ceart dár scríbhneoiríbh
dráma eolas a gcéirde d'fhágháil sara dtosnuighid ar chluithchíbh
a scríobhadh. Ní leigfimís d'fhear péire bróg a dhéanamh dúinn
muna mbeidh fhios aige ar dtúis cionnus péire bróg 'dhéanamh i
gceart. Cad 'na thaobh, má's eadh, a raighmis chum na hamharc-
lainne, agus cúpla uair a' chluig do chaitheamh ann ag feachaint
ar shaothar duine ná fuil eolas a chéirde aige. Thuit a lán rudaí
greannmhara amach ó thosnuigheamar ar an dteangain d'aithbheodh-
chaint, acht níl éinnidh d'ár thuit amach is greannmhaire 'ná gurab
iad na sagairt - an t-aon dream daoine amháin i nÉirinn ná
fuil cead aca cos do chuir laistigh d'amharclainn - is túisce
chrom ar chluithchíbh do scríobhadh. Níór éirigh leo ró-mhaith, nidh
nach iongnadh; acht is mór an moladh a thuilleann siad, mar sin
féin, mar gheall ar sheasamh sa bhearnain.



Eolas a chéirde, mar sin, an chéad rud atá ag teastáil ó'n
duine a chuireann roimis dráma do scríobhadh. Má tá 'fhios aige
cionnus is ceart dráma do chumadh agus é chur le chéile, ní
baoghal go mbeidh easbadh adhbhair cainnte air. Níl aige le
déanamh acht féachaint 'na thimcheall annso i nÉirinn fé láthair,


L. 78


agus chífidh sé an oiread agus choimeádfaidh ag obair go lá á
bháis é. Cuirfeadh sé ós ar gcomhair muinntear na mbailte
mór nó lucht na tuaithe - éan-áit 'na mbíonn ceathrar nó cúig-
ear bailighthe, gheobhaidh sé ádhbhar dráma ann, má tá súil le feic-
sint aige. Muna dtaithnigheann leis obair dá leithéid sin,
cuardaigheadh sé seanchus a thíre féin - nó, muna bhfuil soin
fairsing a dhóthain dó, scéal tíre ar dhruim an domhain - agus
cuireadh sé lucht na sean-aimsire 'na steill-bheathaidh ós ár
gcomhair; nó tráchtadh sé ar an Sluagh Sidhe nó ar na "Deamhain
Aeir" nó ar na "Geintibh Glindi", má's maith leis.



Pé rud a bheidh aige mar ádhbhar dráma seachnuigheadh sé an
droch-shaghas úd go dtugtar "melodrama" air. Is oth liom go
bhfuil greim dluth aige cheana ar chuid dár scríbhneoiríbh dráma,
agus badh mhór an truagh é dá leigfimís dó an gréim sin do
dhlúthughadh a thuilleadh. Do réir tuairme gach éinne do thráchtann
ar an dráma, 'sé an "melodrama" an rud is suaraighe dá
gcuirtear ar an árdán. Tá a lán fáth leis sin. Ar dtúis, is
ar na rudaíbh a deintear ar an árdán agus ar an gcuma 'na
ndeintear iad is mó atá an melodrama ag brath, agus is ró-
chuma go minic cad é an saghas cainnte atá ann, an fhaid is tá
abairt annso agus annsúd ag an bprímh-léirightheóir gur féidir
bualadh bas do bhaint amach dá barr. Má's rud é gur léigh
éinne "melodrama" do féin, ní fuláir ná go aontóchaidh sé
liom gur beag an mhaitheas atá ann mar litridheacht.



Rud eile, ní bhíonn an fhírinne ann. Ceapann an scríbhneoir
daoine áirithe do féin - daoine a thuillfidh moladh ón lucht
éistighthe, nó a chuirfidh déistin ortha, do réir mar a theastuigh-
eann uaidh. Cuireann sé ag déanamh rudaí áirithe agus ag rádh
rudaí áirithe iad - rudaí a chuirfidh an meas céadna nó an
déistin céadna ar na daoinibh a chífidh iad, i gcomhnuidhe, agus is
ró-chuma leis an réidhtigheann na rudaí seo le déanamh nó na
rudaí seo le rádh le n-a chéile i n-aon-chor. Annsoin ní ó éinnidh
a dheineann na daoine sin ná ó éinnidh a deirid siad a thagann
an mí-ádh ortha i lár an dráma, nó an fhuascailt 'sa deire, acht
ó thoil an scríbhneora. Ní bhíonn i bhfuirinn an dráma, acht mar
atá i bPunch and Judy a bhíonn ag dul timcheall na sráideann
- bábóga nach féidir leo éan rud a dhéanamh as a stuaim féin,
acht ag síor-bhrath ar na téadaibh beaga atá ag an bhfear gur leis


L. 79


iad, gan a bheith ar a gcumas aca an cor is lugha do chur díobh
dá ndeoin féin. Seachnaimís a leithéid sin, má's maith linn
dráma gur fiú trácht air a bheith againn.



Focailín beag anois mar gheall ar an saghas cainnte ba cheart
a bheith againn 'nár gcluithchíbh. Dá ghéire a theastuigheann uainn
an chainnt a bheith díreach simplidhe againn 'sna scéaltaibh agus
'sna haistíbh, is riachtanaighe go mór é bheith mar sin 'san dráma.
Ná dearmhaidís choidhche gurab é atá uainn san dráma ná daoine
atá 'na mbeathaidh, dar leat, do chur ar an árdán - gur maith
linn a chur 'na luighe ar an lucht éistighthe gurab iad na daoine
a bhí 'nár n-aigne nuair bhíomar ag scríobhadh an chluithche atá os
a gcomhair amach'na steill-bheathaidh. Ní féidir dúinn a leithéid
do dhéanamh muna mbíonn a gcainnt oireamhnach do dhaoinibh d'á
sórt. Sin ceann des na rudaíbh atá i gcoinnibh Shakespeare
fé láthair, is dóigh liom. Tá 'fhios ag na daoinibh a bhíonn ag
éisteacht le n-a chluithchibh nárbh' fhilidheacht a bhí i mbéal Caesar nó
Timon nó Richard the Third. Dá fheabhas an fhilidheacht 'seadh
is lugha-de a chreidid siad gurab í an saghas cainnte do bhí aca.
Mar sin, leis, do "chainnt na leabhar". Nuair chuirimíd seirbhís-
each nó sclábhuidhe, nó feirmeoir, nó duine uasal féin, má's
maith leat, os comhair an phobail, agus gan 'na mbéal acht an
chainnt ná fuil le fagháil acht 'sna leabhraibh do scríobhadh nuair
bhí Connradh na Gaedhilge 'na naoidhneán óg, ní dhéanfaidh daoine
a bhéidh ag éisteacht leis acht scairteadh gáire do chur asta, agus
ní miste dhóibh é. Muna gcuirfimid i mbéal gach éinne an saghas
cainnte a bheadh aige dá mbeadh sé 'na fhír-bheathaidh, ní bheadh
éan-mhaitheas ionainn mar scríbhneoiríbh dráma.



Sar a gcuirfeadh críoch leis an aiste seo, ba mhaith liom
focal nó dhó a rádh i dtaobh na trí saghas comhacht atá ag cur
isteach ar gach éinne a chuireann roimis éan-rud do scríobhadh,
dá luighead é, .i. comhacht a inntinne féin, comhacht a thíre, agus
comhacht inntinne na n-ughdar, pé Gaill Gaedhil iad, go bhfuil a
leabhra léighte aige. Bíonn comhacht 'gá thír ar gach duine acht
fó-dhuine; agus maidir leis na dá chomhacht eile, bíonn siad le
feicsint go soiléir i leabhraibh an uile scríbhneora. Ní mar
a chéile, ámhthach, an chomhacht a bhíonn agá inntinn agus ag inntinn
na n-ughdar eile ar gach éinne. Tá daoine áirithe ann, agus
bíonn an inntinn chomh láidir chomh chumasach soin ionnta, ná


L. 80


bíonn éan-bhaint, nó fír-bheagán, ag éinne lasmuigh leo. Tá
daoine eile ann, ámh, agus 'siad an dream is líonmhaire iad,
agus bíonn greim, beag nó mór, ag gach éinne ortha, i ganfhios
dóibh féin go minic. Anois, ní féidir an riaghail chéadna a
dhéanamh do'n dá shaghas daoine seo. Maidir leis an gcéad
fhear, ní dhéanfadh sé éan-rud tabhachtach dá n-abrochthaidhe leis
nár cheart dó rud do scríobhadh muna mbeadh ughdar éigin ias-
achta mar ughdarás agus mar dheismireacht aige. Maidir leis
an tarna fear, dob' éigin dó fanamhaint 'na shíor-thost dá mba
rud é go mbeadh dlighe phianamhail i bhfeidhm againn i gcoinnibh
gach éinnidh go raibh boladh an fhir thall le fagháil air. I n-ainm
Dé, leigimís do'n dá dream a rogha oibre a dhéanamh, agus
glacaimís le n-a saothar go buidheach agus go toileamhail, agus
ní bheidh baoghal ar ár litridheacht. Beidh misneach agus dásacht
'nár scríbhneoiríbh nuair chífidh go bhfuilmid ullamh chum cabhruighthe
leo, go bhfaighid a dtuilleann siad de mholadh nó de cháineadh,
agus ná fuilmíd agá síor-infhiuchadh ag iarraidh locht d'fhágháil
ionnta, agus beidh againn litridheacht ná sáróchaidh litridheacht
éin tíre iasachta í.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services