Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle Fithil.
Title
Comhairle Fithil.
Author(s)
Ua Duinnín, An tAth. Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle Fithil. URCHLUICHE DHÁ GHNÍOMH. Dramatis Personæ: CORMAC MAC AIRT, Áirdrí Éireann. FLAITHRÍ, Áirdbhreitheamh. AONGHUS, mac Dáire moghaidh, iar na mhéadughadh ag Flaithrí. CAIRBRE, leanbh, mac Chormaic ríogh, ar oileamhain ag Flaithrí. CONAIRE, muicidhe. Breitheamh. Giolla an Bhreithimh. LABHRAIDH, EOCHAIDH, LAOGHAIRE - Aos gráidh. BRAS, giolla Fhlaithrí. Cuideachta an Ríogh. AOIFE, bean Fhlaithrí. MACHA, deirbhshiúr do Fhlaithrí. BADHBH, Ceann na mBandruadh. RIOGHNACH, DAOL, Bandraoithe. ÁIT: I dTeamhair le linn Chormaic mic Airt, Áirdríogh Éireann.
GNÍOMH A hAON. AMHARC A hAON. Dún Fhlaithrí. FLAITHRÍ 'n-a aonar. Intrat BADHBH.] FLAITHRÍ. - Na mílte fáilte romhat, a Bhadhbh, a cheann ban- druadh na Teamhrach; ba mhór é cion m'athar Fitheal ort, is ba mhór é a mhuinghin asat. Tá gábhadh deacrach agam led chomhairle. BADHBH. - Go raibh maith agat, a Fhlaithrí an tsonais. Gheobhair mo chomhairle-se; ní cheilfinn í ar do leithéid d'fhear fial. FLAITHRÍ. - Tá dhá bhliadhain ann ó cailleadh m'athair. BADHBH. - Bhí cion ag gach aoinne ar Fhitheal, agus ba mhór é meas is cion na mbandruadh féin air. FLAITHRÍ. - Ba bhreágh taithneamhach thug sé a bheatha as; is aige bhí an chiall is an éirim aignidh tar bárr. Ag fagháil bháis dó, d'fhág sé agam-sa a raibh de mhaoin aige. Thug sé a bheannacht dam agus comhairle nach ró-mhaith a thuigim. BADHBH. - An miste dham a fhiafraighe dhíot, a Fhlaithrí, cad é suim na comhairle sin? FLAITHRÍ. - "A mhic mo chroidhe," ar seisean, "ná léig rún "'n-a mbeidh guais ret mhnaoi; ná tabhair do chiste i dtaiscidh "dod dheirbhshiair; ná méaduigh mac moghaidh; ná glac mac ríogh "ar oileamhain." BADHBH. - Is éagsamhail an chomhairle í sin agus is dian ar na mnáibh, cé ná raibh sárughadh Fhithil ar chéill is ar chríonnacht i nÉirinn 'n-a ré. FLAITHRÍ. - Ní bhraithfeadh aoinne go dtiubhradh saoi dá chríonnacht droch-chomhairle uaidh; 'n-a dhiaidh sin, is é rún do cheapas ná dul i gcoinnibh gach puinnc den chomhairle sin, i dtreo go ndeimhneochthaidhe í, is go leanfaidhe í. BADHBH. - Ba mhór é do mheisneach is an rún soin do cheapadh. FLAITHRÍ. - Tá dhá phonnc den chomhairle sin iar n-a réabadh cheana agam, mar gur ghlacas Cairbre mac Chormaic ríogh ar oil- eamhain, agus gur mhéaduigheas Aonghus mac Dáire moghaidh. BADHBH. - Sin é chloisim.
FLAITHRÍ. - Is mithid dam, ámhthach, an dá phonnc eile do réabadh, i dtreo go mbeadh deimhniughadh agam ar iomlán na comhairle is go nglacfaidhe léi. BADHBH. - Is contabharthach an rún é sin, a fhlaith uasail. Acht glac meanma. Tá na déithe id fhabhar. Bhéarad féin is na bandraoithe dhuit cibé congnamh is féidir linn. Bí dílis deis- créideach dúthrachtach, agus éireochaidh leat. FLAITHRÍ. - Táim buidheach dhíot, a Bhadhbh chneasta; agus is mithid dam slán d'fhágaint agat. Tá an chinneamhain ar mo thóir. BADHBH. - Is mithid damh-sa leis dul fá dhéin mo bhotha sa choill mar a mbím féin is Rioghnach is Daol ag déanamh ar ndualgais is ag féachaint na réilteann. Cabhair ó sna déithibh móra chughat! [Exit Badhbh. Intrat Chairbre ar an dtaobh eile, ritheann chum Flaithrí. Fáisceann Flaithrí chuige go dlúith é.] FLAITHRÍ - Cad a bheidh ar siubhal i ndiu agat, a leinbh? CAIRBRE. - Bead ag súgradh amuigh ar an bhfaithche i bhfochair na n-óg-uan. FLAITHRÍ. - Agus, 'n-a dhiaidh sin, cad a dhéanfair, a chroidhe? CAIRBRE - Tá fuiseóg bheag agam: caithfead biadh do thabhairt di. FLAITHRÍ. - B'fhéidir go n-éalóchadh sí uait. CAIRBRE. - Ní éalóchaidh. Tá sí istigh i gcléibhín agam. [Intrat Aoife.] FLAITHRÍ - Fáilte romhat, a Aoife, a chéile mo chroidhe. Is i gcuimhneamh an lae shéanmhair seo do shnaidhmeadh le chéile sinn, agus is linn d'éirigh an t-ádh ón lá úd gus an lá indiu. Tá ar mbeirt leanbh Eilim is Áine mar bhláth orainn, agus 'n-a fhochair sin do chuir Cormac, an rí oirdhearc, a mhac Cairbre mar chúram orainn. AOIFE - A Fhlaithrí, a ghrádh mo chléibh, bíodh buidheachas an tsonais sin uile ar na déithibh agus ar Chormac rígh, óir is mór é ionntaoibh an ríogh asainn araon. FLAITHRÍ - Má tá ionntaoibh ag an rígh is ag na déithibh asainn, is cóir dúinn-ne bheith dílis dóibh. AOIFE. - Go léigidh na déithe go mbeam dílis i gcomhnuidhe dár rígh chumhachtach is dóibh féin!
FLAITHRÍ. - Is maith í do ghuidhe, a Aoife. Nár éirighidh an lá choidhche nach fiú sinn ionntaoibh a bheith ag an rígh ghlórmhar asainn. AOIFE. - Nár éirighidh! Am dhála-sa, measaim ná cuirfeadh nídh ar bith eascáirdeas eadrainn is ná féadfadh a dhéanamh. FLAITHRÍ. - Is tú chreidim, a Aoife. I gcuimhneamh an lae indiu is eadh do snaidhmeadh le chéile sinn araon; agus, dá bhrígh sin, tá coinne agam lem dheirbhshiair Macha chum a mhaoidhte orainn. Tiocfaidh fá n-ar n-ndéin, leis, mo chara dhílis Aonghus mac Dáire, fear do mhéaduigheas féin i dtreo go bhfuil sé 'n-a fhear ceannais anois, agus gur beag ná fuil sé chomh hárd de fhlaith liom féin. Is geárr go mbeid annso. Déan imsníomh díobh. [Exit Aoife, agus greim ar láimh aice ar Chairbre. Intrat Macha.] Fáilte romhat, a Mhacha, a dheirbhshiúr mh'anma! Is mó agam tú do theacht isteach 'ná an ghrian gheimhridh. Is measa liom tú 'ná a bhfuil de ghaoltaibh san tsaoghal agam. MACHA - A Fhlaithrí, a mhaoin, bíonn uaigneas orm id éag- mais. Is ort-sa bhíonn mo chuimhneamh de ló is d'oidhche. Maoidhim ort is seachtmhaoidhim ort cuimhneamh lae do phósta. FLAITHRÍ. - Go raibh maith agat, a dheirbhshiúr, a chroidhe. Sin é an pósadh thug an sonas chugham is do chuir an rath orm féin is ar mo mhnaoi is ar mo chloinn. Agus ní lughaide mo shéan é go dtug Cormac Rí a mhac Cairbre ar oileamhain dam, agus gurab é an mac céadna solas na hÉireann - na déithe saora dá bheannachadh! - agus dála mo dheirbhshéathar, mo Mhacha dhílis, ní'l a leithéid le fagháil - MACHA. - A Fhlaithrí, a dhearbhráthair an tsonais, ní leat féin ar fad an rath do chuir na déithe chughainn. Tá mo chion den rath soin orm-sa; óir an nídh is sonas duit-se is sonas damh-sa é, a fhir an chroidhe dhílis. FLAITHRÍ. - Is binn liom do chomhrádh, a dheirbhshiúr na n-ae istigh; agus mar dheimhniughadh ar gur mór é mo mhuinghin asat, is mian liom cúram do chur ort. MACHA. - Ní theipfead ort, dá mhéid cúram chuirfir orm ná bíodh eagla ort, a Fhlaithrí an tséin.
FLAITHRÍ. - Mo ghreidhin chroidhe mo dheirbhshiúr. Ní raibh súil agam le n-a mhalairt de chainnt uaithe. Abair anois, a chara, an miste dham seoide luachmhara do thabhairt i dtaiscidh dhuit? MACHA. - A Fhlaithrí, a mhaoin, cad chuige an ceistiúchán. Mara mbeadh go bhfuil droch-ionntaoibh agat asam, ní chuirfeá a leithéid de cheist orm. FLAITHRÍ. - A Mhacha, a chroidhe im chliabh, ná habair go bráth go bhfuil droch-ionntaoibh agam-sa asat. Ní'l agat acht an focal do rádh, agus bead sásta. MACHA. - Bheirim an ghrian is an t-éasca is réalta neimhe, bheirim na déithe uile ná feallfad ort, a rúin, cibé cúram a chuirfir orm. FLAITHRÍ - Ní beag soin, a Mhacha; agus, anois, mar dheimh- niughadh ar gur mór é m'ionntaoibh asat, ag seo dhuit an cumhdach so. Cuir i dtaiscidh dham é go dtí go n-iarrfad ort é. Tá sé lán de sheodaibh luachmhara. Bíodh a fhios agat, ámhthach, gur liom-sa é, agus go gcaithfir é thabhairt tar n-ais dam nuair éileochadh ort é. An nglacfair uaim ar an gcoinghioll soin é? MACHA. - B'fheárr liom go gcoimeádfá agat féin é, a Fhlaithrí, 'ná bheith ag cur buaidheartha orm ar an gcuma soin led dhroch-amhras. FLAITHRÍ. - B'fheárr liom é radadh uaim san bhfairrge 'ná buaidhirt do chur ort, a chroidhe istigh. Ag seo dhuit é. [Tugann sé an cumhdach di.] MACHA. - Mó ghreidhin tu, a chumhdaigh! Is mise choimeádfaidh go ceanamhail thú. Is beag an baoghal go ndéanfad faillighe ionnat, agus go raibh sé d'ionntaoibh ag mo dhearbháthair asam tu thabhairt i dtaiscidh dham. [Re-intrat AOIFE, agus AONGHUS le n-a cois.] AOIFE. - Ag seo ar aon teinnteán an bheirt charad is dílse againn. Ní deallramhach go bhfuil aon eascáirdeas eatortha féin. AONGHUS - Is breágh thagann an greann duit, a Aoife. MACHA - Scaoilfeam leat an feacht so mar gheall ar an lá atá ann.
FLAITHRÍ. - Na mílte fáilte romhat, a Aonghus; tá súil againn leat ó mhaidin. Táim féin agus Aoife ag déanamh cuimhneamh lae ar bpósta, agus is breágh linn tú bheith mar chuideachtain againn. AONGHUS. - Is mór an t-áthas damh-sa bheith i nbhar bhfochair i ndiu. FLAITHRÍ. - Beag is gábhadh dhamh-sa, a Mhacha, bheith im eadarghabháluidhe idir thú féin agus Aonghus mac Dáire; tá aithne mhaith agaibh ar a chéile. MACHA. - Abair é. FLAITHRÍ. - Is eol duit, a Mhacha, ná raibh i nAonghus acht mac moghaidh nó gur mhéaduigheas-sa é agus go ndearna uasal de. AONGHUS (i leaththaoibh) - 'Seadh, an seanphort i gcomhnuidhe! MACHA. - is é mo thuairim, a Fhlaithrí, nach miste thú méadughadh Aonghusa, mar gur air atá an deagh-cháil; agus is é ná feallfaidh ort, geallaim duit. FLAITHRÍ. - Nár léigidh na déithe go bhfeallfadh. AONGHUS. - Ná bíodh faitchios ort, a Fhlaithrí. Is mise dhéan- faidh mo dhíthcheall chum gach ar chuiris de chomaoin orm do chúit- eamh leat. MACHA. - Tá sé de dhualgas ort, a Aonghus, urraim is onóir do thabhairt do Fhlaithrí, fá mar thugann seisean urraim is onóir do Chormac rígh. AONGHUS - Tá, gan amhras; agus do sháróchainn Flaithrí, dá mb'fhéidir é. FLAITHRÍ - Is furus bheith dílis don tsaidhbhreas. Is furus urraim do thabhairt d'fhear na maoine. Cad déarfá dá bhfeicfeá fá ghlasaibh mé agus an riaghaire ar tí mo bhásuighthe? AON - An té ná tugann urraim acht do lucht an tsaidhbhris, is suarach le rádh é. Is beag é mo mheas ar a dhílse. MACHA. - Tá an ceart annsoin agat, a Aonghus, a chroidhe. AONGHUS. - Dá bhfeicfinn-se mo chara fá ghreim daingean agus slabhraidhe iarainn ag fiaradh a bhall, agus a mbaineann leis beo dá thréigean agus aga léigean ortha ná raibh aon aithne aca air, agus an bás i ndán dó, is mise chloaidhfeadh leis an taca soin is do chuirfeadh meisneach air is d'fhuasclóchadh air i n-aimh- dheoin sluagh, dá mb'fhéidir é.
AOIFE. - Tá blas ar do chainnt, a Aonghus. FLAITHRÍ - Táim buidheach díot, a Aonghus, a chara; is mór agam an rádh soin. Maith mar tharla liom go bhfuil mo bhean is mo dheirbhshiúr annso ag éisteacht leat. AONGHUS. - Bheirim mo mhóide i láthair a mhná is a dheirbh- shéathar, bheirim grian is éasca is réalta neimhe, dá mbeireadh donas nó galar nó mío-ádh ar Fhlaithrí, ná cuirfeadh soin eascáirdeas eadrainn, ar an adhbhar gurab é Flaithrí an flaith do mhéaduigh mé is do chuir cumhacht is maoin im threo, agus gan ionnam acht mac moghaidh, ag romhar na gclas. FLAITHRÍ. - Mo ghoirm thú, a Aonghus, a chara, ní féidir an chainnt sin do shárúghadh; agus is mór an t-áthas dam do leithéid do bheith im chomhgar, is an oiread soin ceana agat orm. An dóigh leat, a Mhacha, an gceannóchadh maoin nó seoide urraim is dílse de'n tsórt soin? MACHA. - Ní cheannóchadh, a Fhlaithrí, ní cheannóchadh ór ná seoide na hÉireann dílse dá shórt; agus is maith an mhaise dhuit leithéid Aonghusa do bheith let ais agat. AONGHUS. - Is feárr 'ná soin an mhaise dhuit Macha mhúinte do bheith mar dheirbhshiair agat. AOIFE. - Agus budh sheacht bhfeárr 'ná soin an mhaise dhuit an bheirt do bheith id thimcheall agus iad snaidhmthe le chéile. [Intrat Laoghaire.] LAOGHAIRE (le Flaithrí). - A fhlaith uasail. Is mhian le Cormac rígh comhrádh do dhéanamh leat gan ró-mhoill. FLAITHRÍ - Bead 'n-a fhochair láithreach. Slán agat, a Aonghus, a chara mo chléibh. Slán agat, a Mhacha. AONGUS - Slán leat, a fhlaith uasail. MACHA. - Go dtéidhir slán. [Exeunt Flaithrí agus Laoghaire.] AOIFE (le Macha). - Is mithid dúinn-ne sinn féin d'ull- mhughadh chum cuairt do thabhairt ar an ríoghain; beidh sí ag feith- eamh orainn. MACHA. - Ní mór dúinn bheith ag gluaiseacht. Slán agat, a Aonghus. AONGHUS. - Slán libh araon; tá súil agam nach fada go mbeam i bhfochair a chéile arís.
AOIFE - Ní fada acht na déithe bheith linn. [Exeunt Aoife agus Macha.] AONGHUS ('n-a aonar). - Do mhéaduigh Flaithrí mé; acht, má dhein, is minic dó dá chur i n-umhail dam; agus ní damh-sa amháin a chuireann sé i n-umhail é, acht don tsaoghal. Ní féidir leis beannughadh dham gan masladh do thabhairt dam. Ní féidir leis bagairt orm gan tarcaisne do chur leis an mbagairt. Is maith atá an méadughadh so ceannuighthe agam agus a bhfuil de mhasladh is de mhío-chló faghálta agam dá dheascaibh. Tá brath ag Flaithrí go bpósfad Macha; agus má phósaim, is go mbeidh an chuimhne chomh cruinn aice is atá ag a dearbhráthair, nach breágh an saoghal a bheidh agam? Má éirigheann focal eadrainn, cuirfidh sí i n-umhail dam gur mhaith an sás rámhan do sháitheadh i gcré seanDáire; má bhíonn dúil i n-uibhibh lachan agam, adéarfaidh sí gur beag an iongnadh soin. Má bheirim im láimh ar mhaide, déarfaidh sí gur maith an t-aodhaire bó dhéanfainn. Raghad go dtí an both i n-a mbíd Badhbh agus a siúracha ag gabh- áil dá ndraoidheacht is dá bpiseogaibh. Beidh a fhios agam uatha cad tá i ndán dam. [An brat anuas]. AMHARC A DÓ. Both i lúib coille le hais na Teamhrach. [Triúr bandruadh; BADHBH, RIOGHNACH, DAOL; coire aca ar theinidh, agus iad ag déanamh praisce na bpiseog]. AN TRIÚR i n-aoinfheacht: Measc an phraiseach, Tríthe is tairste, Suaith go maith í. BADHBH: Cuir isteach bainne Na gamhnaighe meaithte, Is greim de chat chrainn. RIOGHNACH: Cuir ann lópa Fuarthas i bhFlóndars I ndiaidh mná bóthair.
DAOL: Craobh den iubhar ghlan Is corn d'úr-lacht Tabhartha ag fionnmhuic. BADHBH: Im gan salann Fríth ar maidin, Cuir 'n-a n-aice é. RIOGHNACH: Cipín saillighe Fríth i leathtaoibh I mbearnain lathaighe. DAOL: Slisne 'e dhroighean dubh Do gearradh go moch I n-aice le sruth. BADHBH: Bogha den chárthann Fuinte bláthmhar, Síos ann sáthaidh é. RIOGHNACH: Glóthach eascún, Cnuimhe as bagún, Cuirtear annsúd. DAOL: Fionnfadh chait bháin, Cleite seangáin, Cuir san meascán. BADHBH: Dríodar fola Sheabhaic do doirteadh, Síos annso leis. RIOGHNACH: Ruibe gabhair Do stathadh um Shamhain Faghtar ann. DAOL: Scoithín dubh Do baineadh ar chnoc Lá Bealltaine. BADHBH: Órdóg bhacaigh Fuarthas marbh, Is bianna a mhaide.
RIOGHNACH: Luibh dhonndearg Le speil do gearradh Roimh ghréin ar maidin. DAOL: Uisce na gcos Isteach ón loch Cuir síos 'n-a shruth. AN TRIÚR i n-aoinfheacht: Cuir tré chéile iad, Measc is réab iad, Suaith is séid iad, I gcomhair an ghlé-fhir, An taca, Aonghus. BADHBH: A Rioghnach mhúirneach, 'S a Dhaol an tsúghchais, Tá Aonghus chughainn-ne, Chíonn mo shúile é Ag cur an drúcht de. RIOGHNACH: Seo chughainn mac Dáire, Mac gan náire, An mac so d'árduigh Flaithrí grádhmhar. DAOL: Cad a thug Aonghus Annso dár bhféachaint? An tnúth le léigheann chirt, Nó radharc ar ngréithre? BADHBH: Tá fios a scéil uaidh An bhfuighidh sé Éire, Nó an dtiocfaidh taodhm air A fhágfaidh tréith é. Is fuar 's is faon mé Mar b'fhada aréir dam Ag faire im aonar Na lasair-réilteann,
D'fhonn a réim sin Do chur le chéile. RIOGHNACH: Gheobhaidh sé cunntas A chuirfidh amugha é, Is chuirfidh fonn air Dul i bhfionntar. DAOL: Ó's cunntas cruinn sin, Caithfidh díol as, Má gheibheam i n-íochtar A sparáin thíos é. An TRIÚR i n-aoinfheacht: Bain de an t-airgead, Scrios ó thalamh é, Ná fág dada aige. [Intrat Aonghus] Dé bheatha it shláinte, A fhir na mbánchrobh; Tá bean i ngrádh leat, Áirdrí go sámh leat, Flaithrí san ár ort. [An fhaid a bhíonn AONGHUS i láthair, scaipid RIOGHNACH agus DAOL ceo draoidheacht as an gcoire mórdtimcheall.] AONGHUS. - Go raibh maith agaibh uile, a bhandraoithe. (I leathtaoibh): Tuigid na mná so mo chúrsa. (Le Badhbh): A mháthair, a mhaoin, ní hannamh thú ag maoidheamh as t'ealadhain. Nochtann tú an rud atá fé cheilt; léigheann tú na réalta; taidhbhrighthear duit a bhfuil i ndán dúinn. BADHBH. - Is fíor soin, a Aonghus, a laoigh; cabhruigh na déithe saora is dúile na spéire liom. Féadaim a bhfuil i ndán don daonnaidhe do nochtadh; is cuid dem thréithibh a innsint cia ar a bheidh méadughadh ó sna déithibh, agus cia ar go luighfid cos. AONGHUS. - Dá bhrígh sin, a mháthair, do b'áil liom-sa a fhios do bheith agam cad tá i ndán dam féin. BADHBH. - Is flaitheamhail a bhíd na déithe le daonnaidhibh; acht is maith leo an daonnaidhe do bheith flaitheamhail linn-ne.
AONGHUS. - Cad é brígh an fhocail sin? BADHBH. - Focal sothuigseana go leor is eadh é; an té ná roinneann a chuid leis na déithibh, ní nochtaid an rud atá i ndán dó. AONGHUS. - Cibé fios a gheobhad, caithfead díol as, mar sin? BADHBH. - Focal mío-oireamhnach is eadh "díol," focal ná taithneann leis na déithibh. Caithfidh daonnaidhe a chuid do roinnt lem leithéid-se, má's mian leis fios d'fhagháil ó sna déithibh. AONGHUS. - Duine bocht dealbh is eadh mise, fáiríor! Do méaduigheadh mé gan amhras, acht ní fhágann soin saidhbhir mé. Dá laighead é mo stór, ámhthach, gheobhair cuid de. Ag seo dhuit cúig fáileacha airgid. BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha seo ar fheabhas, acht ní'l dóthain na ndéithe dhíobh ann. AONGHUS. - Agus an gcaithfead a thuilleadh aca do thabhairt duit? BADHBH. - Mara dtabharfair beir gan fios. AONGHUS - Seo deich bhfáileacha eile dhuit. Táim creachta glan agat. BADHBH. - Tá na fáileacha seo go binn. A cúig, a deich. Is maith an comhaireamh é. Acht ní'l dóthain na ndéithe againn fós. Leantar den chomhaireamh chéadna. AONGHUS. - Ologón! Tá tuilleadh uait? BADHBH. - Nídh nach iongnadh. AONGHUS. - Ní fhágfair ruainne istigh ná amuigh agam. Ar leor leat deich gcinn eile? BADHBH. - Leantar den chomhaireamh. AONGHUS. - Ní bheadh do dhóthain sna deich gcinn mar sin? BADHBH. - Ní bheadh. AONGHUS. - Táim scriosta agat. A cúig, a deich, sin a cúig déag. Ná beifeá sásta le deich gcinn eile? BADHBH. - Ní bheinn. AONGHUS. - Ní ghlacfair an deich gcinn eile? BADHBH. - Ní féidir é. AONGHUS. (ag folmhughadh a sparáin). - Ag seo dhuit a bhfuil agam, fiche fáil. Is é an léirscrios é. BADHBH. - A cúig, a deich, a fiche. Tá an comhaireamh i gceart. Tá na fáileacha seo go maith (dá bhféachaint), agus beid na déithe sásta go fóill.
AONGHUS: Ó taoi-se, a mháthair, Is na déithe sásta, Innis go sámh-cheart Cad tá i ndán dam? BADHBH: San oidhche aréir seo Ar do shon-sa, a Aonghus, Fá scíos is daorghuais Amuigh fán aer dam, Chonnarc dhá réalta I uaimh na spéire: Ceann díobh gléigeal Lonnrac laomdha, Ceann dubh faonlag, Is gur ar éigin Do chífeadh aoinne é. Féach arís iad! Tá an ceann dubh fíorlag Ag dul i soillseacht 'S i dtreise choidhche. Do bhuail le tréinneart An réalt bhreágh ghléigeal I gcoinnibh réiltíln Dá mhúchadh i spéarthaibh; Is de bhárr na béime Do-chuaidh an réalt gheal I n-éag mar aon leis. Annsoin gan aon mhoill, Do las na spéartha Ón mbeagréalt soin Bhí seal go faonlag. Chuaidh mo shúile i laige 'S do luigheas ar iomdhadh Le scíos is tuirse.
Trém néal dó dhearcas-sa An leanbh caithiseach Ag gol go hatuirseach, Is amhas dá strachadh isteach Fá dhubh-chrannaibh leis. Flaith an lár chonnarc, I gcuibhreach sáidhte, Is fear dlighidh láimh leis Ag bagairt bháis air. AONGHUS: A Bhadhbh an tsaorchroidhe, An dóigh go bhféadfair An tsnaidhm do réidhteach? BADHBH: Mo mhíle léirchreach! Is forus a réidhteach: An dá réalt soin Flaithrí is Aonghus, Flaithrí i n-éag raghaidh De dheascaibh ghlé-mhic Chormaic éachtaigh; Is éireochaidh Aonghus Go soillseach aerach I sna spéarthaibh; Tuilleadh i n-aonchor Anois ní déarfad. AONGHUS. - Réidhtigh aon cheist amháin eile dham. BADHBH. - Ní réidhteochad tuilleadh gan tuilleadh fáileach. AONGHUS. - Aon cheist bheag amháin? BADHBH. - Oiread is leath-cheist ní reidhteochadh na déithe gan tuilleadh fáileach. AONGHUS. - Ná sásóchadh sé iad fáileacha do gheallamhaint dóibh? BADHBH. - Is maith an rud geallamhaint; acht, má tá freagra uait, caithfeam an t-airgead d'fhagháil roimh ré. AONGHUS (ag crothadh a sparáin). - Féach! tá mo sparán folamh; ní'l dada agam. BADHBH. - Cuarduigh an dara sparán.
AONGHUS (i leathtaoibh). - Tá fios ag Badhbh. (Le Baidhbh): Tá aon sparán amháin eile agam, acht is beag atá ann. Ag seo dhuit deich bhfáileacha eile. BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha go hálainn; acht ní leantar den chomhaireamh. Fagham dá fhichid fáil anois. AONGHUS. - Dá fhichid fáil! Nach féidir gnúise na réalt do léigheamh gan airgead? An amhlaidh a mheasann tú mé do chreachadh? BADHBH. - Ní hamhlaidh. Acht ní tugtar fios don daonnaidhe spriúnlaithe. AONGHUS. - An amhlaidh a bheadh dá fhichid fáil eile uait? BADHBH. - 'Seadh, má's maith leat fios d'fhagháil. AONGHUS. - Ag seo dhuit anois iad. Sin a bhfuil agam ar fad. BADHBH (dá bhféachaint). - Tá siad go maith. Cad tá uait? AONGHUS. - Budh mhaith liom a fhios a bheith agam an mbeidh an rí im fhabhar. BADHBH. - Méadóchar tú nuair múchfar Flaithrí. Beir it árd-bhreitheamh. AONGHUS. - Is beag an mhaitheas dam inead Fhlaithrí gan a mhaoin. BADHBH. - Tá sainnt chum maoine ort. Budh mhaith leat maoin Fhlaithrí do sciobadh leat, acht is mór leat roinnt fáileach do bhronnadh ar na déithibh. AONGHUS. - Ní hamhlaidh a bheadh a thuilleadh fáileach uait? BADHBH. - Ní réidhteochar ceist 'n-a n-éaghmais. Tá fios an chomhairimh agat féin. Cheithre fichid fáil an feacht so. AONGHUS. - Tá fios an chomhairimh agam! Cheithre fichid fáil! Cá bhfaghainn an méid sin? BADHBH. - San tríomhadh sparán. AONGHUS. - Ó! mhaise, is tú an scriostóir. (Osclann an tríomhadh sparán): Ag seo dhuit mar sin cheithre fichid fáil. BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha go ríogh- mhaith. Agus anois: Má tá an mhaoin sin Fhlaithrí ghroidhe uait Loirg ar mhnaoi í. [Exeunt Badhbh, Rioghnach, is Daol.]
AONGHUS ('n-a aonar). - Sin céad is cúig fáil déag is dá fhichid imthighthe. Tá Badhbh 'n-a mnaoi shaidhbhir agus mise chomh dealbh agus bhínn agus mé ag tarraing an arbhair do Dháire. Dála Baidhbhe - tá fios ag Baidhbh. Léigid na déithe a rún léi; agus do chuir sí meisneach orm. 'Seadh, múchfar Flaithrí agus béad-sa im áirdbhreitheamh. Is breágh liom sain. Acht is ar mhnaoi atá orm maoin Fhlaithrí do lorg. Is í Macha an bhean soin gan amhras. [An brat anuas.] AMHARC A TRÍ. Coill le hais na Teamhrach. [Intrat Flaithrí, agus greim ar láimh aige ar Chairbre.] FLAITHRÍ - Féach a leinbh - féach mar a dheinid na mionnáin súgradh. Féach mar rithid siad. CAIRBRE - Ó! féach, a dhaid - féach ag rith iad. FLAITHRÍ - An bhféadfá breith ortha, a rúin? CAIRBRE. - Ní fhéadfainn, a dhaid; tá an choisidheacht ró- mhaith aca. FLAITHRÍ - Ar mhaitih leat go mbéarfainn-se ar cheann aca dhuit? CAIRBRE - Badh mhaith, a dhaid. FLAITHRÍ - Cad chuige, a mhaoin? CAIRBRE - Chum é bhreith a bhaile liom. FLAITHRÍ - Cad chuige? Cá gcoimeádfá é? CAIRBRE - Amuigh san bhfaithche. FLAITHRÍ - Dar ndóigh d'éalóchadh sé uait. CAIRBRE - Ní éalóchadh, a dhaid. FLAITHRÍ - D'éalóchadh, go deimhin. CAIRBRE - Ná cuirfinn-se urchall fé? FLAITHRÍ - An amhlaidh a mharbhóchtha é? CAIRBRE - Ó! ní mharbhóchainn, a dhaid. FLAITHRÍ - Féach an fear ag teacht fá n-ár ndéin agus mionnán aige. CAIRBRE - Ó! tá an mionnán soin marbh, a dhaid. Féach an fhuil - Ó! Ó! [Intrat Conaire agus mionnán marbh ar iomchar aige.]
FLAITHRÍ - 'Seadh, a Chonaire, is tráthamhail an teacht agat é. Badh mhaith an rud dá mbeadh gach aoinne chomh dhúthrachtach leat-sa. CONAIRE - Mhaise, deinim mo dhíthcheall, a fhlaith; agus, dar ndóigh, is leor soin. [Cromann Cairbre ar shúgradh tamall uatha.] FLAITHRÍ - A Chonaire, bhí ionntaoibh agam asat riamh, agus táim anois chum cúram do chur ort, agus ní cúram go dtí é. CONAIRE - Cibé rud is maith leat, a fhlaith. Ná bíodh eagla ort go dteipfead-sa ort. FLAITHRÍ - Bhéarad i dtaisce dhuit an earradh is luachmhaire i nÉirinn. CONAIRE - An amhlaidh ná fuil agat féin árus agus comhra daingean is glas air, a rádh go bhfuilir ag brath orm-sa chum do mhaoin tsaoghalta do choimeád duit? FLAITHRÍ - Ní ór ná maoin tsaoghalta atá agam le tabhairt i dtaiscidh dhuit, a Chonaire, acht rud is luachmhaire 'ná íad soin féin. CONAIRE - Dar ndóigh ní luachmhaire earradh ar bith 'ná ór is séada. FLAITHRÍ - An bhfeiceann tú an leanbh soin. Is é sin an mac is sine ag an rígh, agus, nídh nach iongnadh, tá cion anma ag a athair air. Beidh an leanbh so 'n-a rígh ar Éirinn fós. Conghaibh i bhfolach agat féin é go bhfuighir scéala uaim-se, agus ná faghadh duine ná daonnaidhe a thásc ná a thuairisc uait go gcuirfead-sa féin fios air. CONAIRE - Tá go maith, a fhlaith. Acht cionnus a bheidh a fhios agam-sa gur tusa féin a chuirfidh scéala chugham? FLAITHRÍ - Is maith an áit go rabhais. Bíodh an abairt seo "na cheithre comhairleacha" mar chomhartha agat. Cibé duine raghaidh fád dhéin is adéarfaidh na focail sin bíodh a fhios agat gur teachtaire uaim-se é, agus déan rud air. CONAIRE - 'Seadh, tá mo cheacht agam anois, a fhlaith. (Le Cairbre): Tar liom-sa, a chara, a leanbháin óig; gluais liom, a mhaoinigh. [Adeireann Cairbre 'n-a choinnibh, ritheann fá dhéin Fhlaithrí is gach aon bhéic aige.]
CAIRBRE. - Ní raghad, ní raghad! A dhaid, beir leat a bhaile mé. Téanam a bhaile - a bhaile as so linn! [Goileann is screadann]. CONAIRE - Tar liom-sa, a leinbh óig; tar liom-sa. Déan, a chroidhe; ná bíodh scáth ort. Bead an-cheanamhail ort. Tá mionnán óg id chomhair agam, a bheidh ag rith ar na bántaibh is ag súgradh id fhochair. CAIRBRE (ag gol). - Ní raghad. Tá do mhionnán marbh. CONAIRE. - Béarfad ar mhionnán eile dhuit, a chuid - béarfad, ná bíodh eagla ort. FLAITHRÍ. - Éirigh le n-a chois, a leinbh, a chroidhe, éirigh, mar a dhéanfadh leanbh maith. CAIRBRE (ag gol). - Ó! ní fhéadfainn é - ní fhéadfainn é! Ó! Ó! (Béiceann is screadann). Beir leat a bhaile mé - beir leat a bhaile mé, a dhaid. CONAIRE - Ní bhfuighfear le bogradh é, a fhlaith. FLAITHRÍ - Caithfir é bhreith leat. Beidh uaigneas orm-sa 'n-a dhiaidh; acht ní'l leigheas air. Árduigh leat é, a Chonaire, is ná caill orm. CONAIRE - Tá go maith, a fhlaith. [Árduigheann Conaire leis Cairbre 'n-a bhaclainn, is gach aon liúgh aige, agus é ag iarraidh a ghreim do scaoileadh]. FLAITHRÍ - Mo ghreidhin mo leanbh bocht! Nach mór é a chion orm-sa! Tá eagla orm go mbeidh buaidhirt is uaigneas air i bhfochair Chonaire. Acht ní fada go bhfeicfead arís é, le congnamh na ndéithe. Ní fuláir rian na fola bheith ar mo lámhaibh agus ar mhuinchille m'ionair agam. 'Seadh, gheobhad oiread is dhéanfaidh mo ghnó as an mionnán so Chonaire. Sin é annso agam é. (Cuir- eann sé rian fola ar a lámhaibh agus ar mhuinchille a ionair). Is lugha le luadh an fhuil seo 'ná fuil Chairbre. [An brat anuas]. AMHARC A CEATHAIR. Dún Fhlaithrí. [Aoife 'n-a haonar.] AOIFE - Tá a chuid ullamh le fada, is gan Flaithrí ag teacht, ná aon tuairisc air. Ní cuimhin liom é bheith chomh déidheanach so
riamh. Cad tá dá choimeád i n-aonchor? B'fhéidir gurab é an leanbh atá dá mhoilliughadh. Is amhlaidh atá sé ag iomchur Chairbre 'n-a bhaclainn, is dócha. Mo ghreidhin é Cairbre, is uaigneach atá an dún againn 'n-a éagmais! Is é an leanbh meidhreach cneasta é - na déithe dá bheannachadh! A! airighim coiscéim; tá Flaithrí chugham. [Intrat Flaithrí agus gruaim air.] Na mílte fáilte romhat, a Fhlaithrí, a chéile mo chroidhe! Anois díreach do bhíos ag cuimhneamh ort. Cad do chonghaibh ó mhaidin thú? Tá an biadh fuar ag feitheamh leat. FLAITHRÍ. - Nach mór an deabhadh bhí ort le biadh? Budh chóir ná bacfá leis go bhfillfinn. AOIFE. - Ullmhuightear an biadh um an dtaca so gach aon lá. Cad chuige dhuit gan filleadh a bhaile i n-am, a Fhlaithrí? FLAITHRÍ - Ní raibh leigheas agam air. Do cuireadh moill orm. AOIFE. - Is saoráideach a thagann leathscéal chughat. Cad do chuir moill ort? FLAITHRÍ. - Is iomdha rud a chuir moill orm. AOIFE - Cá bhfuil an leanbh? FLAITHRÍ. - Cad é an leanbh? AOIFE. - Cad é an leanbh? Cairbre. FLAITHRÍ - Cá bhfios damh-sa soin? AOIFE. - Ná raibh sé it fhochair ag imtheacht as so ar maidin? FLAITHRÍ - Bhí cheana. Ó! 'seadh, tá sé im dhiaidh. Tá cailín ag tabhairt aire dhó. AOIFE - 'Seadh, tar annso is caith do chuid bídh. FLAITHRÍ. - Ní fhéadaim biadh do chaitheamh anois. AOIFE. - Cad é a chúis? FLAITHRÍ - Mar ná fuil ocras orm. AOIFE - Ní'l ocras ort? Is ait an scéal é. FLAITHRÍ - Ní'l aon ocras orm. AOIFE - Cad é a chúis ná fuil ocras ort indiu seoch aon lá eile? FLAITHRÍ - Ní fheadar don tsaoghal. Tá an lá go brothallach. AOIFE - An lá go brothallach! Ar airigh aoinne riamh a leithéid de leithscéal? FLAITHRÍ (a chainnt ar leathadh air, mar dh'eadh, agus a bhas ar a éadan aige). - Ní'l a mhalairt de leithscéal agam.
AOIFE - Tá rud éigin ort, a Fhlaithrí. FLAITHRÍ - Ní mó biorán is é. AOIFE - Tá rud éigin ag déanamh buaidheartha dhuit. Innis dam cad tá ort. FLAITHRÍ (is gur ar éigin atá ann labhairt, mar dh'eadh). - Léig dam féinidh. Ní fhanfaidh aon nídh orm. AOIFE - A Fhlaithrí, a mhaoin, innis dam cad tá ort. FLAITHRÍ - Ní'l aon nídh orm, a bhean. Léig dam féinidh. AOIFE - Ní léigfead duit go mbeidh a fhios agam cad tá ag déanamh buaidheartha dhuit. FLAITHRÍ - Ní haon nídh é. Tarraing cúram éigin eile ort. AOIFE - Tá rud éigin ag déanamh buaidheartha dhuit indiu. Cá bhfuil Cairbre? Cá bhfuil an leanbh? FLAITHRÍ - Ní fheadar-sa. AOIFE - Ní fheadaraois? Cia inneosaidh duit é? Ná dubhraís go raibh cailín ag tabhairt aire dhó? FLAITHRÍ - Ná bí dom chrádh, a Aoife. AOIFE - Cad é a chúis? Budh chóir go mbeadh ionntaoibh agat as do mhnaoi? FLAITHRÍ - Mo chreach, ní maith liom a leithéid d'ualach do chur ort. Bhrúghfadh sé go talamh thú. AOIFE - Ní bhrúghfadh. Innis dom cad tá ort. FLAITHRÍ - A Aoife, a rúin mo chléibh, do scoiltfeadh an t-ualach soin an croidhe ionnat. Tá mo chroidhe féin i n-a dhá leath uaidh. AOIFE - Roinn an t-ualach liom-sa, mar sin, d'fhonn a éadtromuighthe. FLAITHRÍ - Ní féidir sin do dhéanamh. Dá sroichfeadh oiread is aon tsiolla amháin de aoinne eile bheimís ar lár go deo. AOIFE. - Díth céille. Cad chuige go bhfuigheadh aoinne eile oiread is gaoth aoin tsiolla amháin de? FLAITHRÍ. - Ó, dá mbeadh deimhin agam ná scéithfeá ar mo rún! AOIFE - An mar sin é, a Fhlaithrí? An í sin an ionntaoibh atá agat as do bhainchéile? Ní léigfir do rún liom. Tá eagla ort romham. Tá eagla ort go scéithfead ort. An chuige sin
do phósais mé is gur bhronnais thú féin is a raibh agat orm? Tá's agam anois nár bh'í an fhírinne bhí id bhéal nuair dhearbhuighis gur liom ar fad tú. Ní liom! Tá cuid ded chroidhe dhiamhair dhorcha nach liom! Tá rún san chroidhe sin agat, rún diamhair gortuighthe ná léigfeá liom. Nach cuma soin nó mé chur uait ar fad. Ní bean duit feasta mé. Táim deighilt uait. Do cheilis rún do chroidhe orm. Ó! Ó! Ó! Ochón mo mhairg, Nach truagh mé im bheathaidh, Gan fear im fharradh, Do roinnfeadh a anam, Ná a chroidhe liom feasta. Ó! Ó! Ó! (cromann ar ghol). FLAITHRÍ - Bíodh foighne agat, a Aoife. AOIFE (Ag teacht chuiche féin beagán). Is maith an rud an fhoighne 'n-a háit féin. Acht ní foighne do mhúsclófa-sa ionnam; Is amhlaidh do luighfeá cos orm. Do bhrisfeá mo chroidhe. Do bhainfeá mo mheabhair is mo chiall díom. An chuige sin do shnaidhmis liom, is gur mheasa leat mé 'ná Sadhbh an tsaidhbhris. Ó, mo mhíle mallacht ar an lá phósas tú, maran deas an íde thugannn tú orm. Faire chughat, a dhuine gan chroidhe, maran mór an greim atá agat ar do rún. Ó, Ó (goileann). FLAITHRÍ (anfaidh air, mar dh'eadh). - A ghráidh dhil, má léigim leat an rún, an bhféadfair é choimeád agat féin, agus gan oiread is siolla dhe do léigean le duine ar bith ná leis an dtalamh féin? AOIFE (ag gol). - Ná beadh ionntaoibh agat asam? FLAITHRÍ - Rún is eadh é, dá scéithtidhe ar shiolla dhe, do mhillfeadh ar fad sinn is do chuirfeadh ceann fé ar ar gcloinn is ar chloinn ar gcloinne go deo deo. Ní hionntaoibh é léigean le haoinne beo, mar bhrisfeadh a thruime an croidhe daonna. O! a Aoife, ná hiarr orm é léigean leat - O! ná hiarr orm é! AOIFE (ag gol). - Ná beadh ionntaoibh éigin agat as do mhnaoi? FLAITHRÍ - An ndearbhóchair ná léigfir siolla dhe as do bhéal go bráth? AOIFE - Agus cad é an mhaitheas dom dearbhughadh is ná creidfeá mé?
FLAITHRÍ - Bíodh a fhios agat, a Aoife, gur measa an rún so míle uair 'ná an bás. Bíodh a fhios agat nach ceaduighthe dhuit liúgh ná béic do léigean asat, ná oiread is bagairt na súl ná an cor is lugha do scéithfeadh air. AOIFE - Ná beadh muinighin agat asam? FLAITHRÍ - Tá muinighin agam asat, a Aoife. Mionnuigh anois ná raghaidh an rún so tharat. AOIFE (ag mionghol). - Tugaim na déithe, an ghrian is an t-éasca is réalt neimhe, is mo dhualgas dom chéile pósta, ná léigfead go bráth siolla ná liúgh ná gáir asam ná cuirfead an cor is lugha dhíom d'fhágfadh an rún a léigfir liom i gconn- tabhairt a scéithte. [Téidheann Flaithrí go dtí an doras is daingnigheann é is tugann súilfhéachant mórdtimcheall an tighe]. FLAITHRÍ - Ní dóigh liom go bhfuil aoinne ag éisteacht linn (i gcogar, agus anfadh air). An bhfeiceann tú an rian so ar mo lámhaibh is ar mhuinchillidhibh m'ionair? Fuil is eadh é! Fuil Chairbre. Do marbhas i ndiu san choill é. Ní bheidh fios an éachta soin ag aoinne go bráth acht agat-sa ar leithligh. AOIFE (Dá stracadh féin siar is scannradh uirthe). - Do mharbhais Cairbre? Fuil Chairbre? A Fhlaithrí, an ar gealtaigh ataoi? FLAITHRÍ - Ar gealtaigh do bhíos is a leithéid d'éacht do dhéanamh, acht ní'l leigheas air anois. Tá Cairbre marbh. AOIFE - Ologón. Cairbre marbh, cad a dhéanfad i n-aonchor i n-aonchor? Ologón, ologón. Ó! Ó! FLAITHRÍ - Ciuinigh, a Aoife, aireochar tú. Nár mhionnuighis - AOIFE. - Ó mo chráidhteacht! Ní dhéanfadh na deamhain aeir féin dá olcas iad aon ghníomh chomh holc leis an ngníomh soin: páiste leinbh do mharbhadh gan chúis gan adhbhar. Is gurab é mac an ríogh féin é, agus a oighre dílis, Ó, Ó, agus é ar oileamhain ag an té mhairbh é. Ochón, ochón! Ochón mo mhairg, A Chairbre, a leanbh; Is níor dhoirt Flaithrí T'fhuil i n-aiscidh,
Mar dá lámhaibh leanfaidh Is dá theinnteán fhairsing Is dá chloinn an fhaid mhairfid Gan chaoi ar dhul as dóibh. Ó, Ó. [Buaileann a basa, goileann is screadann]. FLAITHRÍ - A, Aoife, nár mhóidighis im láthair - AOIFE - Ciorrbhadh ort, a ropaire an fheill, fág mo radharc ní - FLAITHRÍ - Ná léig do ghlór tar tigh, a Aoife, aireochaidh an rí - AOIFE - Aireochaidh an rí do ghaisce. Aireochaidh soin. An amhlaidh do mheasfá go léifginn-se ionad mo pháiste ar an dteinnteán leis an bhfealltóir do bhain dá threoir é? Ó, faire, faire, Mo ghrádh mo leanbh, A chuid fola ar leathadh, Ar bhán ó mhaidin. [Buaileann a basa is goileann]. FLAITHRÍ - A Aoife, a rúin, cad is dóigh leat? An amhlaidh do mhillfeá ar fad sinn? AOIFE. - Táimíd millte cheana, agus ní milleadh go dtí é. Acht cia mhill sinn? An té mhairbh leanbh an ríogh is gan ann é féin do chosaint. Sin é mhill sinn. FLAITHRÍ - Ciuinigh, aireochar thú. AOIFE - Is cuma liom. Is fada ó bhaile shroichfidh an scéal so. Féach air, airiú, féach ar an ndúnmharbhthóir, féach go bhfuil cead a chos aige fós. [Ritheann go dtí an doras agus liughann]. Scrios! creach! éirleach! Ó an gcloistí? Tá Cairbre marbh airiú! Tá mac an ríogh marbh! Do deineadh feall ar an bpáiste! Tagaidh annso láithreach, nó éalóchaidh fear an fheill uainn! Ó! tá rian na fola ar a lámhaibh fós! Ó brostuighidh, brostuighidh! An bhfuil aoinne ag éisteacht liom? Nach truagh an toisc orm é? Brostuighidh - brostuighidh! Tar a leith a Labhraidh, tar a leith, a Eochaidh, tar annso gan moill! Ó!
tuighidh, brostuighidh, brostuighidh! Ó! Ó! Ó! Imtheochaidh sé, éalochaidh sé uainn, Ó! Ó! [Intrant Labhraidh agus Eochaidh. Tugann Flaithrí iarracht fá éalódh.] Cuiridh i gcuibhreach go daingean é. Ná leigidh dó éalódh. Ceanglaidh é. Do mhairbh sé Cairbre. LABHRAIDH is EOCHAIDH (i n-aoinfheacht). - Níor dhein sé a leithéid. AOIFE - Ó, do dhein, do dhein. Féach an fhuil ar a lámhaibh. LABHRAIDH (Ag breith ar Fhlaithrí is Flaithrí ag iarraidh éalódh uaidh). Cad é do dheimhniughadh ar an nídh seo, a Aoife? AOIFE - A admháil féin; Ó, ná feiceann tú fuil an leinbh ar a lámhaibh? LABHRAIDH - Ní hamhlaidh a mharbhais Cairbre, a Fhlaithrí? FLAITHRÍ - Cad é an mhaitheas dam é shéanadh anois? Tá scéithte ag Aoife orm. AOIFE - A! a chladhaire an fheill! LABHRAIDH - Ó! faire! (Infhiúchann lámha Fhlaithrí.) Faire! faire! Ó! féach fuil an leinbh uasail! Ó! faire - faire! EOCHAIDH - Ó! nach é an scrios é! Fuil an leinbh, Ó! Ó! [Ceangladh Flaithrí agus anuas leis an mbrat]. FOIRCHEANN GHNÍOMHA A HAON. Go bhfaice Mághnus fám chrobh Ó Art O Chaoimh n-a choscor; 'S go bhfaice Art na n-arm nglas N-a mhart marbh fá Mhághnas. Imrim féin go claon ar tháipleis beart; Cluithche idir aon is aon ní ráinig leat; Cuirim i gcéill, dá mhéid do dháil dot shearc, Nach ionann ar aon chor é 's mo pháirt-se leat. I dtigh an ríogh do-chím gur clamprach dul, Ar smúdar tuighe do luighe gan teannta bruit; Dhá ní do bhíonn de shíor ag Franncachaibh. Fiche míle míol is dranncaide. A Rí do chruthuigh an cruinne 's an Ádhamhfhuil mhór, A Íosa shuthain do fhuiling an pháis det dheóin, Dár saoradh uile ar choirthibh, cé ádhbhal dóibh, Ar naomhthacht Mhuire goir chugat sinn lá an tionóil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services