Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle Fithil.

Title
Comhairle Fithil.
Author(s)
Ua Duinnín, An tAth. Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Comhairle Fithil.



URCHLUICHE DHÁ GHNÍOMH.



Dramatis Personæ:



CORMAC MAC AIRT, Áirdrí Éireann.
FLAITHRÍ, Áirdbhreitheamh.
AONGHUS, mac Dáire moghaidh, iar na mhéadughadh ag Flaithrí.
CAIRBRE, leanbh, mac Chormaic ríogh, ar oileamhain ag Flaithrí.
CONAIRE, muicidhe.
Breitheamh.
Giolla an Bhreithimh.
LABHRAIDH, EOCHAIDH, LAOGHAIRE - Aos gráidh.
BRAS, giolla Fhlaithrí.
Cuideachta an Ríogh.



AOIFE, bean Fhlaithrí.
MACHA, deirbhshiúr do Fhlaithrí.
BADHBH, Ceann na mBandruadh.
RIOGHNACH, DAOL, Bandraoithe.



ÁIT: I dTeamhair le linn Chormaic mic Airt, Áirdríogh Éireann.


L. 50


GNÍOMH A hAON.



AMHARC A hAON.



Dún Fhlaithrí.



FLAITHRÍ 'n-a aonar. Intrat BADHBH.]



FLAITHRÍ. - Na mílte fáilte romhat, a Bhadhbh, a cheann ban-
druadh na Teamhrach; ba mhór é cion m'athar Fitheal ort, is ba
mhór é a mhuinghin asat. Tá gábhadh deacrach agam led chomhairle.



BADHBH. - Go raibh maith agat, a Fhlaithrí an tsonais. Gheobhair
mo chomhairle-se; ní cheilfinn í ar do leithéid d'fhear fial.



FLAITHRÍ. - Tá dhá bhliadhain ann ó cailleadh m'athair.



BADHBH. - Bhí cion ag gach aoinne ar Fhitheal, agus ba mhór é
meas is cion na mbandruadh féin air.



FLAITHRÍ. - Ba bhreágh taithneamhach thug sé a bheatha as; is
aige bhí an chiall is an éirim aignidh tar bárr. Ag fagháil bháis
dó, d'fhág sé agam-sa a raibh de mhaoin aige. Thug sé a bheannacht
dam agus comhairle nach ró-mhaith a thuigim.



BADHBH. - An miste dham a fhiafraighe dhíot, a Fhlaithrí, cad é
suim na comhairle sin?



FLAITHRÍ. - "A mhic mo chroidhe," ar seisean, "ná léig rún
"'n-a mbeidh guais ret mhnaoi; ná tabhair do chiste i dtaiscidh
"dod dheirbhshiair; ná méaduigh mac moghaidh; ná glac mac ríogh
"ar oileamhain."



BADHBH. - Is éagsamhail an chomhairle í sin agus is dian ar
na mnáibh, cé ná raibh sárughadh Fhithil ar chéill is ar chríonnacht i
nÉirinn 'n-a ré.



FLAITHRÍ. - Ní bhraithfeadh aoinne go dtiubhradh saoi dá
chríonnacht droch-chomhairle uaidh; 'n-a dhiaidh sin, is é rún do
cheapas ná dul i gcoinnibh gach puinnc den chomhairle sin, i dtreo
go ndeimhneochthaidhe í, is go leanfaidhe í.



BADHBH. - Ba mhór é do mheisneach is an rún soin do cheapadh.



FLAITHRÍ. - Tá dhá phonnc den chomhairle sin iar n-a réabadh
cheana agam, mar gur ghlacas Cairbre mac Chormaic ríogh ar oil-
eamhain, agus gur mhéaduigheas Aonghus mac Dáire moghaidh.



BADHBH. - Sin é chloisim.


L. 51


FLAITHRÍ. - Is mithid dam, ámhthach, an dá phonnc eile do
réabadh, i dtreo go mbeadh deimhniughadh agam ar iomlán na
comhairle is go nglacfaidhe léi.



BADHBH. - Is contabharthach an rún é sin, a fhlaith uasail. Acht
glac meanma. Tá na déithe id fhabhar. Bhéarad féin is na
bandraoithe dhuit cibé congnamh is féidir linn. Bí dílis deis-
créideach dúthrachtach, agus éireochaidh leat.



FLAITHRÍ. - Táim buidheach dhíot, a Bhadhbh chneasta; agus is
mithid dam slán d'fhágaint agat. Tá an chinneamhain ar mo
thóir.



BADHBH. - Is mithid damh-sa leis dul fá dhéin mo bhotha sa choill
mar a mbím féin is Rioghnach is Daol ag déanamh ar ndualgais
is ag féachaint na réilteann. Cabhair ó sna déithibh móra chughat!



[Exit Badhbh. Intrat Chairbre ar an dtaobh eile, ritheann chum Flaithrí.
Fáisceann Flaithrí chuige go dlúith é.]



FLAITHRÍ - Cad a bheidh ar siubhal i ndiu agat, a leinbh?



CAIRBRE. - Bead ag súgradh amuigh ar an bhfaithche i bhfochair
na n-óg-uan.



FLAITHRÍ. - Agus, 'n-a dhiaidh sin, cad a dhéanfair, a chroidhe?



CAIRBRE - Tá fuiseóg bheag agam: caithfead biadh do
thabhairt di.



FLAITHRÍ. - B'fhéidir go n-éalóchadh sí uait.



CAIRBRE. - Ní éalóchaidh. Tá sí istigh i gcléibhín agam.



[Intrat Aoife.]



FLAITHRÍ - Fáilte romhat, a Aoife, a chéile mo chroidhe. Is i
gcuimhneamh an lae shéanmhair seo do shnaidhmeadh le chéile sinn,
agus is linn d'éirigh an t-ádh ón lá úd gus an lá indiu. Tá ar
mbeirt leanbh Eilim is Áine mar bhláth orainn, agus 'n-a fhochair
sin do chuir Cormac, an rí oirdhearc, a mhac Cairbre mar chúram
orainn.



AOIFE - A Fhlaithrí, a ghrádh mo chléibh, bíodh buidheachas an
tsonais sin uile ar na déithibh agus ar Chormac rígh, óir is mór é
ionntaoibh an ríogh asainn araon.



FLAITHRÍ - Má tá ionntaoibh ag an rígh is ag na déithibh
asainn, is cóir dúinn-ne bheith dílis dóibh.



AOIFE. - Go léigidh na déithe go mbeam dílis i gcomhnuidhe
dár rígh chumhachtach is dóibh féin!


L. 52


FLAITHRÍ. - Is maith í do ghuidhe, a Aoife. Nár éirighidh an lá
choidhche nach fiú sinn ionntaoibh a bheith ag an rígh ghlórmhar
asainn.



AOIFE. - Nár éirighidh! Am dhála-sa, measaim ná cuirfeadh
nídh ar bith eascáirdeas eadrainn is ná féadfadh a dhéanamh.



FLAITHRÍ. - Is tú chreidim, a Aoife. I gcuimhneamh an lae
indiu is eadh do snaidhmeadh le chéile sinn araon; agus,
dá bhrígh sin, tá coinne agam lem dheirbhshiair Macha chum a
mhaoidhte orainn. Tiocfaidh fá n-ar n-ndéin, leis, mo chara dhílis
Aonghus mac Dáire, fear do mhéaduigheas féin i dtreo go bhfuil
sé 'n-a fhear ceannais anois, agus gur beag ná fuil sé chomh
hárd de fhlaith liom féin. Is geárr go mbeid annso. Déan
imsníomh díobh.



[Exit Aoife, agus greim ar láimh aice ar Chairbre. Intrat Macha.]



Fáilte romhat, a Mhacha, a dheirbhshiúr mh'anma! Is mó agam tú
do theacht isteach 'ná an ghrian gheimhridh. Is measa liom tú 'ná
a bhfuil de ghaoltaibh san tsaoghal agam.



MACHA - A Fhlaithrí, a mhaoin, bíonn uaigneas orm id éag-
mais. Is ort-sa bhíonn mo chuimhneamh de ló is d'oidhche. Maoidhim
ort is seachtmhaoidhim ort cuimhneamh lae do phósta.



FLAITHRÍ. - Go raibh maith agat, a dheirbhshiúr, a chroidhe. Sin
é an pósadh thug an sonas chugham is do chuir an rath orm féin is
ar mo mhnaoi is ar mo chloinn. Agus ní lughaide mo shéan é go
dtug Cormac Rí a mhac Cairbre ar oileamhain dam, agus gurab
é an mac céadna solas na hÉireann - na déithe saora dá
bheannachadh! - agus dála mo dheirbhshéathar, mo Mhacha dhílis, ní'l
a leithéid le fagháil -



MACHA. - A Fhlaithrí, a dhearbhráthair an tsonais, ní leat féin
ar fad an rath do chuir na déithe chughainn. Tá mo chion den rath
soin orm-sa; óir an nídh is sonas duit-se is sonas damh-sa é, a
fhir an chroidhe dhílis.



FLAITHRÍ. - Is binn liom do chomhrádh, a dheirbhshiúr na n-ae
istigh; agus mar dheimhniughadh ar gur mór é mo mhuinghin asat, is
mian liom cúram do chur ort.



MACHA. - Ní theipfead ort, dá mhéid cúram chuirfir orm
ná bíodh eagla ort, a Fhlaithrí an tséin.


L. 53


FLAITHRÍ. - Mo ghreidhin chroidhe mo dheirbhshiúr. Ní raibh súil
agam le n-a mhalairt de chainnt uaithe. Abair anois, a chara, an
miste dham seoide luachmhara do thabhairt i dtaiscidh dhuit?



MACHA. - A Fhlaithrí, a mhaoin, cad chuige an ceistiúchán.
Mara mbeadh go bhfuil droch-ionntaoibh agat asam, ní chuirfeá
a leithéid de cheist orm.



FLAITHRÍ. - A Mhacha, a chroidhe im chliabh, ná habair go bráth
go bhfuil droch-ionntaoibh agam-sa asat. Ní'l agat acht an focal
do rádh, agus bead sásta.



MACHA. - Bheirim an ghrian is an t-éasca is réalta neimhe,
bheirim na déithe uile ná feallfad ort, a rúin, cibé cúram a
chuirfir orm.



FLAITHRÍ - Ní beag soin, a Mhacha; agus, anois, mar dheimh-
niughadh ar gur mór é m'ionntaoibh asat, ag seo dhuit an cumhdach
so. Cuir i dtaiscidh dham é go dtí go n-iarrfad ort é. Tá sé
lán de sheodaibh luachmhara. Bíodh a fhios agat, ámhthach, gur
liom-sa é, agus go gcaithfir é thabhairt tar n-ais dam nuair
éileochadh ort é. An nglacfair uaim ar an gcoinghioll soin
é?



MACHA. - B'fheárr liom go gcoimeádfá agat féin é, a
Fhlaithrí, 'ná bheith ag cur buaidheartha orm ar an gcuma soin led
dhroch-amhras.



FLAITHRÍ. - B'fheárr liom é radadh uaim san bhfairrge 'ná
buaidhirt do chur ort, a chroidhe istigh. Ag seo dhuit é.



[Tugann sé an cumhdach di.]



MACHA. - Mó ghreidhin tu, a chumhdaigh! Is mise choimeádfaidh
go ceanamhail thú. Is beag an baoghal go ndéanfad faillighe
ionnat, agus go raibh sé d'ionntaoibh ag mo dhearbháthair asam
tu thabhairt i dtaiscidh dham.



[Re-intrat AOIFE, agus AONGHUS le n-a cois.]



AOIFE. - Ag seo ar aon teinnteán an bheirt charad is
dílse againn. Ní deallramhach go bhfuil aon eascáirdeas
eatortha féin.



AONGHUS - Is breágh thagann an greann duit, a Aoife.



MACHA - Scaoilfeam leat an feacht so mar gheall ar an lá
atá ann.


L. 54


FLAITHRÍ. - Na mílte fáilte romhat, a Aonghus; tá súil
againn leat ó mhaidin. Táim féin agus Aoife ag déanamh
cuimhneamh lae ar bpósta, agus is breágh linn tú bheith mar
chuideachtain againn.



AONGHUS. - Is mór an t-áthas damh-sa bheith i nbhar bhfochair
i ndiu.



FLAITHRÍ. - Beag is gábhadh dhamh-sa, a Mhacha, bheith im
eadarghabháluidhe idir thú féin agus Aonghus mac Dáire; tá
aithne mhaith agaibh ar a chéile.



MACHA. - Abair é.



FLAITHRÍ. - Is eol duit, a Mhacha, ná raibh i nAonghus acht mac
moghaidh nó gur mhéaduigheas-sa é agus go ndearna uasal de.



AONGHUS (i leaththaoibh) - 'Seadh, an seanphort i gcomhnuidhe!



MACHA. - is é mo thuairim, a Fhlaithrí, nach miste thú
méadughadh Aonghusa, mar gur air atá an deagh-cháil; agus is é
ná feallfaidh ort, geallaim duit.



FLAITHRÍ. - Nár léigidh na déithe go bhfeallfadh.



AONGHUS. - Ná bíodh faitchios ort, a Fhlaithrí. Is mise dhéan-
faidh mo dhíthcheall chum gach ar chuiris de chomaoin orm do chúit-
eamh leat.



MACHA. - Tá sé de dhualgas ort, a Aonghus, urraim is onóir
do thabhairt do Fhlaithrí, fá mar thugann seisean urraim is onóir
do Chormac rígh.



AONGHUS - Tá, gan amhras; agus do sháróchainn Flaithrí, dá
mb'fhéidir é.



FLAITHRÍ - Is furus bheith dílis don tsaidhbhreas. Is furus
urraim do thabhairt d'fhear na maoine. Cad déarfá dá
bhfeicfeá fá ghlasaibh mé agus an riaghaire ar tí mo bhásuighthe?



AON - An té ná tugann urraim acht do lucht an
tsaidhbhris, is suarach le rádh é. Is beag é mo mheas ar a
dhílse.



MACHA. - Tá an ceart annsoin agat, a Aonghus, a chroidhe.



AONGHUS. - Dá bhfeicfinn-se mo chara fá ghreim daingean
agus slabhraidhe iarainn ag fiaradh a bhall, agus a mbaineann
leis beo dá thréigean agus aga léigean ortha ná raibh aon aithne
aca air, agus an bás i ndán dó, is mise chloaidhfeadh leis an taca
soin is do chuirfeadh meisneach air is d'fhuasclóchadh air i n-aimh-
dheoin sluagh, dá mb'fhéidir é.


L. 55


AOIFE. - Tá blas ar do chainnt, a Aonghus.



FLAITHRÍ - Táim buidheach díot, a Aonghus, a chara; is mór
agam an rádh soin. Maith mar tharla liom go bhfuil mo bhean is
mo dheirbhshiúr annso ag éisteacht leat.



AONGHUS. - Bheirim mo mhóide i láthair a mhná is a dheirbh-
shéathar, bheirim grian is éasca is réalta neimhe, dá mbeireadh
donas nó galar nó mío-ádh ar Fhlaithrí, ná cuirfeadh soin
eascáirdeas eadrainn, ar an adhbhar gurab é Flaithrí an flaith do
mhéaduigh mé is do chuir cumhacht is maoin im threo, agus gan
ionnam acht mac moghaidh, ag romhar na gclas.



FLAITHRÍ. - Mo ghoirm thú, a Aonghus, a chara, ní féidir an
chainnt sin do shárúghadh; agus is mór an t-áthas dam do leithéid
do bheith im chomhgar, is an oiread soin ceana agat orm.
An dóigh leat, a Mhacha, an gceannóchadh maoin nó seoide
urraim is dílse de'n tsórt soin?



MACHA. - Ní cheannóchadh, a Fhlaithrí, ní cheannóchadh ór ná
seoide na hÉireann dílse dá shórt; agus is maith an mhaise
dhuit leithéid Aonghusa do bheith let ais agat.



AONGHUS. - Is feárr 'ná soin an mhaise dhuit Macha mhúinte
do bheith mar dheirbhshiair agat.



AOIFE. - Agus budh sheacht bhfeárr 'ná soin an mhaise dhuit an
bheirt do bheith id thimcheall agus iad snaidhmthe le chéile.



[Intrat Laoghaire.]



LAOGHAIRE (le Flaithrí). - A fhlaith uasail. Is mhian le
Cormac rígh comhrádh do dhéanamh leat gan ró-mhoill.



FLAITHRÍ - Bead 'n-a fhochair láithreach. Slán agat, a
Aonghus, a chara mo chléibh. Slán agat, a Mhacha.



AONGUS - Slán leat, a fhlaith uasail.



MACHA. - Go dtéidhir slán.



[Exeunt Flaithrí agus Laoghaire.]



AOIFE (le Macha). - Is mithid dúinn-ne sinn féin d'ull-
mhughadh chum cuairt do thabhairt ar an ríoghain; beidh sí ag feith-
eamh orainn.



MACHA. - Ní mór dúinn bheith ag gluaiseacht. Slán agat, a
Aonghus.



AONGHUS. - Slán libh araon; tá súil agam nach fada go
mbeam i bhfochair a chéile arís.


L. 56


AOIFE - Ní fada acht na déithe bheith linn.



[Exeunt Aoife agus Macha.]



AONGHUS ('n-a aonar). - Do mhéaduigh Flaithrí mé; acht, má
dhein, is minic dó dá chur i n-umhail dam; agus ní damh-sa amháin
a chuireann sé i n-umhail é, acht don tsaoghal. Ní féidir leis
beannughadh dham gan masladh do thabhairt dam. Ní féidir leis
bagairt orm gan tarcaisne do chur leis an mbagairt. Is maith
atá an méadughadh so ceannuighthe agam agus a bhfuil de mhasladh
is de mhío-chló faghálta agam dá dheascaibh. Tá brath ag Flaithrí
go bpósfad Macha; agus má phósaim, is go mbeidh an
chuimhne chomh cruinn aice is atá ag a dearbhráthair, nach breágh
an saoghal a bheidh agam? Má éirigheann focal eadrainn,
cuirfidh sí i n-umhail dam gur mhaith an sás rámhan do sháitheadh i
gcré seanDáire; má bhíonn dúil i n-uibhibh lachan agam,
adéarfaidh sí gur beag an iongnadh soin. Má bheirim im láimh
ar mhaide, déarfaidh sí gur maith an t-aodhaire bó dhéanfainn.
Raghad go dtí an both i n-a mbíd Badhbh agus a siúracha ag gabh-
áil dá ndraoidheacht is dá bpiseogaibh. Beidh a fhios agam uatha
cad tá i ndán dam.



[An brat anuas].



AMHARC A DÓ.



Both i lúib coille le hais na Teamhrach.



[Triúr bandruadh; BADHBH, RIOGHNACH, DAOL; coire aca ar theinidh,
agus iad ag déanamh praisce na bpiseog].



AN TRIÚR i n-aoinfheacht:



Measc an phraiseach,
Tríthe is tairste,
Suaith go maith í.



BADHBH:



Cuir isteach bainne
Na gamhnaighe meaithte,
Is greim de chat chrainn.



RIOGHNACH:



Cuir ann lópa
Fuarthas i bhFlóndars
I ndiaidh mná bóthair.


L. 57


DAOL:



Craobh den iubhar ghlan
Is corn d'úr-lacht
Tabhartha ag fionnmhuic.



BADHBH:



Im gan salann
Fríth ar maidin,
Cuir 'n-a n-aice é.



RIOGHNACH:



Cipín saillighe
Fríth i leathtaoibh
I mbearnain lathaighe.



DAOL:



Slisne 'e dhroighean dubh
Do gearradh go moch
I n-aice le sruth.



BADHBH:



Bogha den chárthann
Fuinte bláthmhar,
Síos ann sáthaidh é.



RIOGHNACH:



Glóthach eascún,
Cnuimhe as bagún,
Cuirtear annsúd.



DAOL:



Fionnfadh chait bháin,
Cleite seangáin,
Cuir san meascán.



BADHBH:



Dríodar fola
Sheabhaic do doirteadh,
Síos annso leis.



RIOGHNACH:



Ruibe gabhair
Do stathadh um Shamhain
Faghtar ann.



DAOL:



Scoithín dubh
Do baineadh ar chnoc
Lá Bealltaine.



BADHBH:



Órdóg bhacaigh
Fuarthas marbh,
Is bianna a mhaide.


L. 58


RIOGHNACH:



Luibh dhonndearg
Le speil do gearradh
Roimh ghréin ar maidin.



DAOL:



Uisce na gcos
Isteach ón loch
Cuir síos 'n-a shruth.



AN TRIÚR i n-aoinfheacht:



Cuir tré chéile iad,
Measc is réab iad,
Suaith is séid iad,
I gcomhair an ghlé-fhir,
An taca, Aonghus.



BADHBH:



A Rioghnach mhúirneach,
'S a Dhaol an tsúghchais,
Tá Aonghus chughainn-ne,
Chíonn mo shúile é
Ag cur an drúcht de.



RIOGHNACH:



Seo chughainn mac Dáire,
Mac gan náire,
An mac so d'árduigh
Flaithrí grádhmhar.



DAOL:



Cad a thug Aonghus
Annso dár bhféachaint?
An tnúth le léigheann chirt,
Nó radharc ar ngréithre?



BADHBH:



Tá fios a scéil uaidh
An bhfuighidh sé Éire,
Nó an dtiocfaidh taodhm air
A fhágfaidh tréith é.
Is fuar 's is faon mé
Mar b'fhada aréir dam
Ag faire im aonar
Na lasair-réilteann,


L. 59


D'fhonn a réim sin
Do chur le chéile.



RIOGHNACH:



Gheobhaidh sé cunntas
A chuirfidh amugha é,
Is chuirfidh fonn air
Dul i bhfionntar.



DAOL:



Ó's cunntas cruinn sin,
Caithfidh díol as,
Má gheibheam i n-íochtar
A sparáin thíos é.



An TRIÚR i n-aoinfheacht:



Bain de an t-airgead,
Scrios ó thalamh é,
Ná fág dada aige.



[Intrat Aonghus]



Dé bheatha it shláinte,
A fhir na mbánchrobh;
Tá bean i ngrádh leat,
Áirdrí go sámh leat,
Flaithrí san ár ort.



[An fhaid a bhíonn AONGHUS i láthair, scaipid RIOGHNACH agus DAOL
ceo draoidheacht as an gcoire mórdtimcheall.]



AONGHUS. - Go raibh maith agaibh uile, a bhandraoithe. (I
leathtaoibh): Tuigid na mná so mo chúrsa. (Le Badhbh): A
mháthair, a mhaoin, ní hannamh thú ag maoidheamh as t'ealadhain.
Nochtann tú an rud atá fé cheilt; léigheann tú na réalta;
taidhbhrighthear duit a bhfuil i ndán dúinn.



BADHBH. - Is fíor soin, a Aonghus, a laoigh; cabhruigh na
déithe saora is dúile na spéire liom. Féadaim a bhfuil i ndán
don daonnaidhe do nochtadh; is cuid dem thréithibh a innsint cia
ar a bheidh méadughadh ó sna déithibh, agus cia ar go luighfid cos.



AONGHUS. - Dá bhrígh sin, a mháthair, do b'áil liom-sa a fhios
do bheith agam cad tá i ndán dam féin.



BADHBH. - Is flaitheamhail a bhíd na déithe le daonnaidhibh; acht
is maith leo an daonnaidhe do bheith flaitheamhail linn-ne.


L. 60


AONGHUS. - Cad é brígh an fhocail sin?



BADHBH. - Focal sothuigseana go leor is eadh é; an té ná
roinneann a chuid leis na déithibh, ní nochtaid an rud atá i ndán
dó.



AONGHUS. - Cibé fios a gheobhad, caithfead díol as, mar sin?



BADHBH. - Focal mío-oireamhnach is eadh "díol," focal ná
taithneann leis na déithibh. Caithfidh daonnaidhe a chuid do roinnt
lem leithéid-se, má's mian leis fios d'fhagháil ó sna déithibh.



AONGHUS. - Duine bocht dealbh is eadh mise, fáiríor! Do
méaduigheadh mé gan amhras, acht ní fhágann soin saidhbhir mé. Dá
laighead é mo stór, ámhthach, gheobhair cuid de. Ag seo dhuit
cúig fáileacha airgid.



BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha seo ar
fheabhas, acht ní'l dóthain na ndéithe dhíobh ann.



AONGHUS. - Agus an gcaithfead a thuilleadh aca do thabhairt
duit?



BADHBH. - Mara dtabharfair beir gan fios.



AONGHUS - Seo deich bhfáileacha eile dhuit. Táim creachta
glan agat.



BADHBH. - Tá na fáileacha seo go binn. A cúig, a deich. Is
maith an comhaireamh é. Acht ní'l dóthain na ndéithe againn fós.
Leantar den chomhaireamh chéadna.



AONGHUS. - Ologón! Tá tuilleadh uait?



BADHBH. - Nídh nach iongnadh.



AONGHUS. - Ní fhágfair ruainne istigh ná amuigh agam. Ar
leor leat deich gcinn eile?



BADHBH. - Leantar den chomhaireamh.



AONGHUS. - Ní bheadh do dhóthain sna deich gcinn mar sin?



BADHBH. - Ní bheadh.



AONGHUS. - Táim scriosta agat. A cúig, a deich, sin a cúig
déag. Ná beifeá sásta le deich gcinn eile?



BADHBH. - Ní bheinn.



AONGHUS. - Ní ghlacfair an deich gcinn eile?



BADHBH. - Ní féidir é.



AONGHUS. (ag folmhughadh a sparáin). - Ag seo dhuit a bhfuil
agam, fiche fáil. Is é an léirscrios é.



BADHBH. - A cúig, a deich, a fiche. Tá an comhaireamh i gceart.
Tá na fáileacha seo go maith (dá bhféachaint), agus beid na
déithe sásta go fóill.


L. 61


AONGHUS:
Ó taoi-se, a mháthair,
Is na déithe sásta,
Innis go sámh-cheart
Cad tá i ndán dam?



BADHBH:
San oidhche aréir seo
Ar do shon-sa, a Aonghus,
Fá scíos is daorghuais
Amuigh fán aer dam,
Chonnarc dhá réalta
I uaimh na spéire:
Ceann díobh gléigeal
Lonnrac laomdha,
Ceann dubh faonlag,
Is gur ar éigin
Do chífeadh aoinne é.



Féach arís iad!
Tá an ceann dubh fíorlag
Ag dul i soillseacht
'S i dtreise choidhche.



Do bhuail le tréinneart
An réalt bhreágh ghléigeal
I gcoinnibh réiltíln
Dá mhúchadh i spéarthaibh;
Is de bhárr na béime
Do-chuaidh an réalt gheal
I n-éag mar aon leis.



Annsoin gan aon mhoill,
Do las na spéartha
Ón mbeagréalt soin
Bhí seal go faonlag.



Chuaidh mo shúile i laige
'S do luigheas ar iomdhadh
Le scíos is tuirse.


L. 62


Trém néal dó dhearcas-sa
An leanbh caithiseach
Ag gol go hatuirseach,
Is amhas dá strachadh isteach
Fá dhubh-chrannaibh leis.



Flaith an lár chonnarc,
I gcuibhreach sáidhte,
Is fear dlighidh láimh leis
Ag bagairt bháis air.



AONGHUS:
A Bhadhbh an tsaorchroidhe,
An dóigh go bhféadfair
An tsnaidhm do réidhteach?



BADHBH:
Mo mhíle léirchreach!
Is forus a réidhteach:
An dá réalt soin
Flaithrí is Aonghus,
Flaithrí i n-éag raghaidh
De dheascaibh ghlé-mhic
Chormaic éachtaigh;
Is éireochaidh Aonghus
Go soillseach aerach
I sna spéarthaibh;
Tuilleadh i n-aonchor
Anois ní déarfad.



AONGHUS. - Réidhtigh aon cheist amháin eile dham.



BADHBH. - Ní réidhteochad tuilleadh gan tuilleadh fáileach.



AONGHUS. - Aon cheist bheag amháin?



BADHBH. - Oiread is leath-cheist ní reidhteochadh na déithe gan
tuilleadh fáileach.



AONGHUS. - Ná sásóchadh sé iad fáileacha do gheallamhaint
dóibh?



BADHBH. - Is maith an rud geallamhaint; acht, má tá freagra
uait, caithfeam an t-airgead d'fhagháil roimh ré.



AONGHUS (ag crothadh a sparáin). - Féach! tá mo sparán
folamh; ní'l dada agam.



BADHBH. - Cuarduigh an dara sparán.


L. 63


AONGHUS (i leathtaoibh). - Tá fios ag Badhbh. (Le Baidhbh):
Tá aon sparán amháin eile agam, acht is beag atá ann. Ag
seo dhuit deich bhfáileacha eile.



BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha go
hálainn; acht ní leantar den chomhaireamh. Fagham dá fhichid
fáil anois.



AONGHUS. - Dá fhichid fáil! Nach féidir gnúise na réalt do
léigheamh gan airgead? An amhlaidh a mheasann tú mé do
chreachadh?



BADHBH. - Ní hamhlaidh. Acht ní tugtar fios don daonnaidhe
spriúnlaithe.



AONGHUS. - An amhlaidh a bheadh dá fhichid fáil eile uait?



BADHBH. - 'Seadh, má's maith leat fios d'fhagháil.



AONGHUS. - Ag seo dhuit anois iad. Sin a bhfuil agam ar
fad.



BADHBH (dá bhféachaint). - Tá siad go maith. Cad tá uait?



AONGHUS. - Budh mhaith liom a fhios a bheith agam an mbeidh an
rí im fhabhar.



BADHBH. - Méadóchar tú nuair múchfar Flaithrí. Beir it
árd-bhreitheamh.



AONGHUS. - Is beag an mhaitheas dam inead Fhlaithrí gan a
mhaoin.



BADHBH. - Tá sainnt chum maoine ort. Budh mhaith leat maoin
Fhlaithrí do sciobadh leat, acht is mór leat roinnt fáileach do
bhronnadh ar na déithibh.



AONGHUS. - Ní hamhlaidh a bheadh a thuilleadh fáileach uait?



BADHBH. - Ní réidhteochar ceist 'n-a n-éaghmais. Tá fios an
chomhairimh agat féin. Cheithre fichid fáil an feacht so.



AONGHUS. - Tá fios an chomhairimh agam! Cheithre fichid fáil!
Cá bhfaghainn an méid sin?



BADHBH. - San tríomhadh sparán.



AONGHUS. - Ó! mhaise, is tú an scriostóir. (Osclann
an tríomhadh sparán): Ag seo dhuit mar sin cheithre fichid fáil.



BADHBH (ag féachaint na bhfáileach). - Tá na fáileacha go ríogh-
mhaith. Agus anois:



Má tá an mhaoin sin
Fhlaithrí ghroidhe uait
Loirg ar mhnaoi í.



[Exeunt Badhbh, Rioghnach, is Daol.]


L. 64


AONGHUS ('n-a aonar). - Sin céad is cúig fáil déag is dá
fhichid imthighthe. Tá Badhbh 'n-a mnaoi shaidhbhir agus mise chomh
dealbh agus bhínn agus mé ag tarraing an arbhair do Dháire. Dála
Baidhbhe - tá fios ag Baidhbh. Léigid na déithe a rún léi; agus do
chuir sí meisneach orm. 'Seadh, múchfar Flaithrí agus béad-sa
im áirdbhreitheamh. Is breágh liom sain. Acht is ar mhnaoi atá
orm maoin Fhlaithrí do lorg. Is í Macha an bhean soin gan
amhras.



[An brat anuas.]



AMHARC A TRÍ.



Coill le hais na Teamhrach.



[Intrat Flaithrí, agus greim ar láimh aige ar Chairbre.]



FLAITHRÍ - Féach a leinbh - féach mar a dheinid na mionnáin
súgradh. Féach mar rithid siad.



CAIRBRE - Ó! féach, a dhaid - féach ag rith iad.



FLAITHRÍ - An bhféadfá breith ortha, a rúin?



CAIRBRE. - Ní fhéadfainn, a dhaid; tá an choisidheacht ró-
mhaith aca.



FLAITHRÍ - Ar mhaitih leat go mbéarfainn-se ar cheann aca
dhuit?



CAIRBRE - Badh mhaith, a dhaid.



FLAITHRÍ - Cad chuige, a mhaoin?



CAIRBRE - Chum é bhreith a bhaile liom.



FLAITHRÍ - Cad chuige? Cá gcoimeádfá é?



CAIRBRE - Amuigh san bhfaithche.



FLAITHRÍ - Dar ndóigh d'éalóchadh sé uait.



CAIRBRE - Ní éalóchadh, a dhaid.



FLAITHRÍ - D'éalóchadh, go deimhin.



CAIRBRE - Ná cuirfinn-se urchall fé?



FLAITHRÍ - An amhlaidh a mharbhóchtha é?



CAIRBRE - Ó! ní mharbhóchainn, a dhaid.



FLAITHRÍ - Féach an fear ag teacht fá n-ár ndéin agus
mionnán aige.



CAIRBRE - Ó! tá an mionnán soin marbh, a dhaid. Féach
an fhuil - Ó! Ó!



[Intrat Conaire agus mionnán marbh ar iomchar aige.]


L. 65


FLAITHRÍ - 'Seadh, a Chonaire, is tráthamhail an teacht agat
é. Badh mhaith an rud dá mbeadh gach aoinne chomh dhúthrachtach
leat-sa.



CONAIRE - Mhaise, deinim mo dhíthcheall, a fhlaith; agus,
dar ndóigh, is leor soin.



[Cromann Cairbre ar shúgradh tamall uatha.]



FLAITHRÍ - A Chonaire, bhí ionntaoibh agam asat riamh, agus
táim anois chum cúram do chur ort, agus ní cúram go dtí é.



CONAIRE - Cibé rud is maith leat, a fhlaith. Ná bíodh eagla
ort go dteipfead-sa ort.



FLAITHRÍ - Bhéarad i dtaisce dhuit an earradh is luachmhaire
i nÉirinn.



CONAIRE - An amhlaidh ná fuil agat féin árus agus comhra
daingean is glas air, a rádh go bhfuilir ag brath orm-sa chum
do mhaoin tsaoghalta do choimeád duit?



FLAITHRÍ - Ní ór ná maoin tsaoghalta atá agam le tabhairt
i dtaiscidh dhuit, a Chonaire, acht rud is luachmhaire 'ná íad soin
féin.



CONAIRE - Dar ndóigh ní luachmhaire earradh ar bith 'ná ór
is séada.



FLAITHRÍ - An bhfeiceann tú an leanbh soin. Is é sin an mac
is sine ag an rígh, agus, nídh nach iongnadh, tá cion anma ag a
athair air. Beidh an leanbh so 'n-a rígh ar Éirinn fós. Conghaibh
i bhfolach agat féin é go bhfuighir scéala uaim-se, agus ná faghadh
duine ná daonnaidhe a thásc ná a thuairisc uait go gcuirfead-sa
féin fios air.



CONAIRE - Tá go maith, a fhlaith. Acht cionnus a bheidh a
fhios agam-sa gur tusa féin a chuirfidh scéala chugham?



FLAITHRÍ - Is maith an áit go rabhais. Bíodh an abairt seo
"na cheithre comhairleacha" mar chomhartha agat. Cibé duine
raghaidh fád dhéin is adéarfaidh na focail sin bíodh a fhios agat
gur teachtaire uaim-se é, agus déan rud air.



CONAIRE - 'Seadh, tá mo cheacht agam anois, a fhlaith. (Le
Cairbre): Tar liom-sa, a chara, a leanbháin óig; gluais liom,
a mhaoinigh.



[Adeireann Cairbre 'n-a choinnibh, ritheann fá dhéin Fhlaithrí is gach
aon bhéic aige.]


L. 66


CAIRBRE. - Ní raghad, ní raghad! A dhaid, beir leat a bhaile
mé. Téanam a bhaile - a bhaile as so linn!



[Goileann is screadann].



CONAIRE - Tar liom-sa, a leinbh óig; tar liom-sa. Déan,
a chroidhe; ná bíodh scáth ort. Bead an-cheanamhail ort. Tá
mionnán óg id chomhair agam, a bheidh ag rith ar na bántaibh is ag
súgradh id fhochair.



CAIRBRE (ag gol). - Ní raghad. Tá do mhionnán marbh.



CONAIRE. - Béarfad ar mhionnán eile dhuit, a chuid -
béarfad, ná bíodh eagla ort.



FLAITHRÍ. - Éirigh le n-a chois, a leinbh, a chroidhe, éirigh, mar
a dhéanfadh leanbh maith.



CAIRBRE (ag gol). - Ó! ní fhéadfainn é - ní fhéadfainn é!
Ó! Ó! (Béiceann is screadann). Beir leat a bhaile mé -
beir leat a bhaile mé, a dhaid.



CONAIRE - Ní bhfuighfear le bogradh é, a fhlaith.



FLAITHRÍ - Caithfir é bhreith leat. Beidh uaigneas orm-sa
'n-a dhiaidh; acht ní'l leigheas air. Árduigh leat é, a Chonaire, is
ná caill orm.



CONAIRE - Tá go maith, a fhlaith.



[Árduigheann Conaire leis Cairbre 'n-a bhaclainn, is gach aon liúgh
aige, agus é ag iarraidh a ghreim do scaoileadh].



FLAITHRÍ - Mo ghreidhin mo leanbh bocht! Nach mór é a chion
orm-sa! Tá eagla orm go mbeidh buaidhirt is uaigneas air i
bhfochair Chonaire. Acht ní fada go bhfeicfead arís é, le congnamh
na ndéithe. Ní fuláir rian na fola bheith ar mo lámhaibh agus ar
mhuinchille m'ionair agam. 'Seadh, gheobhad oiread is dhéanfaidh
mo ghnó as an mionnán so Chonaire. Sin é annso agam é. (Cuir-
eann sé rian fola ar a lámhaibh agus ar mhuinchille a ionair). Is
lugha le luadh an fhuil seo 'ná fuil Chairbre.



[An brat anuas].



AMHARC A CEATHAIR.



Dún Fhlaithrí.



[Aoife 'n-a haonar.]



AOIFE - Tá a chuid ullamh le fada, is gan Flaithrí ag teacht,
ná aon tuairisc air. Ní cuimhin liom é bheith chomh déidheanach so


L. 67


riamh. Cad tá dá choimeád i n-aonchor? B'fhéidir gurab é an
leanbh atá dá mhoilliughadh. Is amhlaidh atá sé ag iomchur Chairbre
'n-a bhaclainn, is dócha. Mo ghreidhin é Cairbre, is uaigneach atá
an dún againn 'n-a éagmais! Is é an leanbh meidhreach cneasta
é - na déithe dá bheannachadh! A! airighim coiscéim; tá Flaithrí
chugham.



[Intrat Flaithrí agus gruaim air.]



Na mílte fáilte romhat, a Fhlaithrí, a chéile mo chroidhe! Anois
díreach do bhíos ag cuimhneamh ort. Cad do chonghaibh ó mhaidin
thú? Tá an biadh fuar ag feitheamh leat.



FLAITHRÍ. - Nach mór an deabhadh bhí ort le biadh? Budh chóir
ná bacfá leis go bhfillfinn.



AOIFE. - Ullmhuightear an biadh um an dtaca so gach aon lá.
Cad chuige dhuit gan filleadh a bhaile i n-am, a Fhlaithrí?



FLAITHRÍ - Ní raibh leigheas agam air. Do cuireadh moill
orm.



AOIFE. - Is saoráideach a thagann leathscéal chughat. Cad do
chuir moill ort?



FLAITHRÍ. - Is iomdha rud a chuir moill orm.



AOIFE - Cá bhfuil an leanbh?



FLAITHRÍ. - Cad é an leanbh?



AOIFE. - Cad é an leanbh? Cairbre.



FLAITHRÍ - Cá bhfios damh-sa soin?



AOIFE. - Ná raibh sé it fhochair ag imtheacht as so ar maidin?



FLAITHRÍ - Bhí cheana. Ó! 'seadh, tá sé im dhiaidh. Tá cailín
ag tabhairt aire dhó.



AOIFE - 'Seadh, tar annso is caith do chuid bídh.



FLAITHRÍ. - Ní fhéadaim biadh do chaitheamh anois.



AOIFE. - Cad é a chúis?



FLAITHRÍ - Mar ná fuil ocras orm.



AOIFE - Ní'l ocras ort? Is ait an scéal é.



FLAITHRÍ - Ní'l aon ocras orm.



AOIFE - Cad é a chúis ná fuil ocras ort indiu seoch aon lá
eile?



FLAITHRÍ - Ní fheadar don tsaoghal. Tá an lá go brothallach.



AOIFE - An lá go brothallach! Ar airigh aoinne riamh a
leithéid de leithscéal?



FLAITHRÍ (a chainnt ar leathadh air, mar dh'eadh, agus a bhas ar
a éadan aige). - Ní'l a mhalairt de leithscéal agam.


L. 68


AOIFE - Tá rud éigin ort, a Fhlaithrí.



FLAITHRÍ - Ní mó biorán is é.



AOIFE - Tá rud éigin ag déanamh buaidheartha dhuit. Innis
dam cad tá ort.



FLAITHRÍ (is gur ar éigin atá ann labhairt, mar dh'eadh). -
Léig dam féinidh. Ní fhanfaidh aon nídh orm.



AOIFE - A Fhlaithrí, a mhaoin, innis dam cad tá ort.



FLAITHRÍ - Ní'l aon nídh orm, a bhean. Léig dam féinidh.



AOIFE - Ní léigfead duit go mbeidh a fhios agam cad tá
ag déanamh buaidheartha dhuit.



FLAITHRÍ - Ní haon nídh é. Tarraing cúram éigin eile ort.



AOIFE - Tá rud éigin ag déanamh buaidheartha dhuit indiu.
Cá bhfuil Cairbre? Cá bhfuil an leanbh?



FLAITHRÍ - Ní fheadar-sa.



AOIFE - Ní fheadaraois? Cia inneosaidh duit é? Ná
dubhraís go raibh cailín ag tabhairt aire dhó?



FLAITHRÍ - Ná bí dom chrádh, a Aoife.



AOIFE - Cad é a chúis? Budh chóir go mbeadh ionntaoibh
agat as do mhnaoi?



FLAITHRÍ - Mo chreach, ní maith liom a leithéid d'ualach do
chur ort. Bhrúghfadh sé go talamh thú.



AOIFE - Ní bhrúghfadh. Innis dom cad tá ort.



FLAITHRÍ - A Aoife, a rúin mo chléibh, do scoiltfeadh an
t-ualach soin an croidhe ionnat. Tá mo chroidhe féin i n-a dhá
leath uaidh.



AOIFE - Roinn an t-ualach liom-sa, mar sin, d'fhonn a
éadtromuighthe.



FLAITHRÍ - Ní féidir sin do dhéanamh. Dá sroichfeadh oiread
is aon tsiolla amháin de aoinne eile bheimís ar lár go deo.



AOIFE. - Díth céille. Cad chuige go bhfuigheadh aoinne eile
oiread is gaoth aoin tsiolla amháin de?



FLAITHRÍ. - Ó, dá mbeadh deimhin agam ná scéithfeá ar mo
rún!



AOIFE - An mar sin é, a Fhlaithrí? An í sin an ionntaoibh
atá agat as do bhainchéile? Ní léigfir do rún liom. Tá eagla
ort romham. Tá eagla ort go scéithfead ort. An chuige sin


L. 69


do phósais mé is gur bhronnais thú féin is a raibh agat orm? Tá's
agam anois nár bh'í an fhírinne bhí id bhéal nuair dhearbhuighis gur
liom ar fad tú. Ní liom! Tá cuid ded chroidhe dhiamhair dhorcha
nach liom! Tá rún san chroidhe sin agat, rún diamhair gortuighthe
ná léigfeá liom. Nach cuma soin nó mé chur uait ar fad. Ní
bean duit feasta mé. Táim deighilt uait. Do cheilis rún do
chroidhe orm. Ó! Ó! Ó!



Ochón mo mhairg,
Nach truagh mé im bheathaidh,
Gan fear im fharradh,
Do roinnfeadh a anam,
Ná a chroidhe liom feasta.



Ó! Ó! Ó! (cromann ar ghol).



FLAITHRÍ - Bíodh foighne agat, a Aoife.



AOIFE (Ag teacht chuiche féin beagán). Is maith an rud an
fhoighne 'n-a háit féin. Acht ní foighne do mhúsclófa-sa ionnam;
Is amhlaidh do luighfeá cos orm. Do bhrisfeá mo chroidhe. Do
bhainfeá mo mheabhair is mo chiall díom. An chuige sin do
shnaidhmis liom, is gur mheasa leat mé 'ná Sadhbh an tsaidhbhris.
Ó, mo mhíle mallacht ar an lá phósas tú, maran deas an íde
thugannn tú orm. Faire chughat, a dhuine gan chroidhe, maran mór
an greim atá agat ar do rún. Ó, Ó (goileann).



FLAITHRÍ (anfaidh air, mar dh'eadh). - A ghráidh dhil, má léigim
leat an rún, an bhféadfair é choimeád agat féin, agus gan
oiread is siolla dhe do léigean le duine ar bith ná leis an
dtalamh féin?



AOIFE (ag gol). - Ná beadh ionntaoibh agat asam?



FLAITHRÍ - Rún is eadh é, dá scéithtidhe ar shiolla dhe, do
mhillfeadh ar fad sinn is do chuirfeadh ceann fé ar ar gcloinn is
ar chloinn ar gcloinne go deo deo. Ní hionntaoibh é léigean
le haoinne beo, mar bhrisfeadh a thruime an croidhe daonna.
O! a Aoife, ná hiarr orm é léigean leat - O! ná hiarr orm é!



AOIFE (ag gol). - Ná beadh ionntaoibh éigin agat as do
mhnaoi?



FLAITHRÍ - An ndearbhóchair ná léigfir siolla dhe as do bhéal
go bráth?



AOIFE - Agus cad é an mhaitheas dom dearbhughadh is ná
creidfeá mé?


L. 70


FLAITHRÍ - Bíodh a fhios agat, a Aoife, gur measa an rún so
míle uair 'ná an bás. Bíodh a fhios agat nach ceaduighthe dhuit
liúgh ná béic do léigean asat, ná oiread is bagairt na súl ná
an cor is lugha do scéithfeadh air.



AOIFE - Ná beadh muinighin agat asam?



FLAITHRÍ - Tá muinighin agam asat, a Aoife. Mionnuigh
anois ná raghaidh an rún so tharat.



AOIFE (ag mionghol). - Tugaim na déithe, an ghrian is an
t-éasca is réalt neimhe, is mo dhualgas dom chéile pósta, ná
léigfead go bráth siolla ná liúgh ná gáir asam ná cuirfead an
cor is lugha dhíom d'fhágfadh an rún a léigfir liom i gconn-
tabhairt a scéithte.



[Téidheann Flaithrí go dtí an doras is daingnigheann é is tugann
súilfhéachant mórdtimcheall an tighe].



FLAITHRÍ - Ní dóigh liom go bhfuil aoinne ag éisteacht linn
(i gcogar, agus anfadh air). An bhfeiceann tú an rian so ar mo
lámhaibh is ar mhuinchillidhibh m'ionair? Fuil is eadh é! Fuil
Chairbre. Do marbhas i ndiu san choill é. Ní bheidh fios an éachta
soin ag aoinne go bráth acht agat-sa ar leithligh.



AOIFE (Dá stracadh féin siar is scannradh uirthe). - Do
mharbhais Cairbre? Fuil Chairbre? A Fhlaithrí, an ar gealtaigh
ataoi?



FLAITHRÍ - Ar gealtaigh do bhíos is a leithéid d'éacht do
dhéanamh, acht ní'l leigheas air anois. Tá Cairbre marbh.



AOIFE - Ologón. Cairbre marbh, cad a dhéanfad i n-aonchor
i n-aonchor? Ologón, ologón. Ó! Ó!



FLAITHRÍ - Ciuinigh, a Aoife, aireochar tú. Nár mhionnuighis -



AOIFE. - Ó mo chráidhteacht! Ní dhéanfadh na deamhain aeir
féin dá olcas iad aon ghníomh chomh holc leis an ngníomh soin:
páiste leinbh do mharbhadh gan chúis gan adhbhar. Is gurab é mac
an ríogh féin é, agus a oighre dílis, Ó, Ó, agus é ar oileamhain ag
an té mhairbh é. Ochón, ochón!



Ochón mo mhairg,
A Chairbre, a leanbh;
Is níor dhoirt Flaithrí
T'fhuil i n-aiscidh,


L. 71


Mar dá lámhaibh leanfaidh
Is dá theinnteán fhairsing
Is dá chloinn an fhaid mhairfid
Gan chaoi ar dhul as dóibh. Ó, Ó.



[Buaileann a basa, goileann is screadann].



FLAITHRÍ - A, Aoife, nár mhóidighis im láthair -



AOIFE - Ciorrbhadh ort, a ropaire an fheill, fág mo radharc
ní -



FLAITHRÍ - Ná léig do ghlór tar tigh, a Aoife, aireochaidh
an rí -



AOIFE - Aireochaidh an rí do ghaisce. Aireochaidh soin. An
amhlaidh do mheasfá go léifginn-se ionad mo pháiste ar an
dteinnteán leis an bhfealltóir do bhain dá threoir é?



Ó, faire, faire,
Mo ghrádh mo leanbh,
A chuid fola ar leathadh,
Ar bhán ó mhaidin.



[Buaileann a basa is goileann].



FLAITHRÍ - A Aoife, a rúin, cad is dóigh leat? An amhlaidh
do mhillfeá ar fad sinn?



AOIFE. - Táimíd millte cheana, agus ní milleadh go dtí é.
Acht cia mhill sinn? An té mhairbh leanbh an ríogh is gan ann
é féin do chosaint. Sin é mhill sinn.



FLAITHRÍ - Ciuinigh, aireochar thú.



AOIFE - Is cuma liom. Is fada ó bhaile shroichfidh an scéal
so. Féach air, airiú, féach ar an ndúnmharbhthóir, féach go bhfuil
cead a chos aige fós.



[Ritheann go dtí an doras agus liughann].



Scrios! creach! éirleach! Ó an gcloistí? Tá Cairbre marbh
airiú! Tá mac an ríogh marbh! Do deineadh feall ar an
bpáiste! Tagaidh annso láithreach, nó éalóchaidh fear an fheill
uainn! Ó! tá rian na fola ar a lámhaibh fós! Ó brostuighidh,
brostuighidh! An bhfuil aoinne ag éisteacht liom? Nach truagh
an toisc orm é? Brostuighidh - brostuighidh! Tar a leith a
Labhraidh, tar a leith, a Eochaidh, tar annso gan moill! Ó!


L. 72


tuighidh, brostuighidh, brostuighidh! Ó! Ó! Ó! Imtheochaidh sé, éalochaidh sé
uainn, Ó! Ó!



[Intrant Labhraidh agus Eochaidh. Tugann Flaithrí iarracht fá éalódh.]



Cuiridh i gcuibhreach go daingean é. Ná leigidh dó éalódh.
Ceanglaidh é. Do mhairbh sé Cairbre.



LABHRAIDH is EOCHAIDH (i n-aoinfheacht). - Níor dhein sé a
leithéid.



AOIFE - Ó, do dhein, do dhein. Féach an fhuil ar a lámhaibh.



LABHRAIDH (Ag breith ar Fhlaithrí is Flaithrí ag iarraidh éalódh
uaidh). Cad é do dheimhniughadh ar an nídh seo, a Aoife?



AOIFE - A admháil féin; Ó, ná feiceann tú fuil an leinbh ar
a lámhaibh?



LABHRAIDH - Ní hamhlaidh a mharbhais Cairbre, a Fhlaithrí?



FLAITHRÍ - Cad é an mhaitheas dam é shéanadh anois? Tá
scéithte ag Aoife orm.



AOIFE - A! a chladhaire an fheill!



LABHRAIDH - Ó! faire! (Infhiúchann lámha Fhlaithrí.) Faire!
faire! Ó! féach fuil an leinbh uasail! Ó! faire - faire!



EOCHAIDH - Ó! nach é an scrios é! Fuil an leinbh, Ó! Ó!



[Ceangladh Flaithrí agus anuas leis an mbrat].



FOIRCHEANN GHNÍOMHA A HAON.



Go bhfaice Mághnus fám chrobh
Ó Art O Chaoimh n-a choscor;
'S go bhfaice Art na n-arm nglas
N-a mhart marbh fá Mhághnas.



Imrim féin go claon ar tháipleis beart;
Cluithche idir aon is aon ní ráinig leat;
Cuirim i gcéill, dá mhéid do dháil dot shearc,
Nach ionann ar aon chor é 's mo pháirt-se leat.



I dtigh an ríogh do-chím gur clamprach dul,
Ar smúdar tuighe do luighe gan teannta bruit;
Dhá ní do bhíonn de shíor ag Franncachaibh.
Fiche míle míol is dranncaide.



A Rí do chruthuigh an cruinne 's an Ádhamhfhuil mhór,
A Íosa shuthain do fhuiling an pháis det dheóin,
Dár saoradh uile ar choirthibh, cé ádhbhal dóibh,
Ar naomhthacht Mhuire goir chugat sinn lá an tionóil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services