Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clódhanna Nua. CEACHTA NA hEALADHAN, i nGaedhilg agus i mBéarla. Pádraig Ó Conaire agus Proinnsias Ó Ceallacháin do sgríobh. Ar n-a cur amach do Chonn- radh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliat. Naoi bpingne, glan. Leabhar léightheóireachta i gcóir Scol Náisiúnta é seo. Táthar ag cur síos ar ealadhnaibh aigeanta ann, agus soin i bhfuirm comhrádh, i slighe go dtaitn- eóchaidh le leanbhaíbh óga. N-a dtómus súd do scríobhadh é, agus tá soin déanta go haicillidhe is gan cruadhas focal. Má gheibhim locht ar ainm an leabhair, ní tógfar orm é. De réir mar thuigim-se é, is ionann "Ceacht na hEaladhan" agus "The Lessons of Science". Má's mar sin atá, agus ón uair nách fuil trácht ar iomlán oiread agus aon ealadhan amháin ann, ní oireann an ainm don leabhar. Chím gur "Science Lessons" atá ar an Roinn Bhéarla. Nár bh'fhéidir "Ceachta Ealadhan" a thabhairt ar an Roinn Ghaedhilge? Beidh éileamh ar an leabhar so i scoileannaibh dátheangthacha, agus is cinnte go bhfuil gábhadh le n-a leithéid. LON AN CHAIRN. HERO LAYS. By Alice Milligan. Maunsel and Co. Limited: 96 Middle Abbey St., Dublin. 1908. 2s. 6d. nett. Is fada nár léigheas i mBéarla leabhar a b'fhearr liom 'ná an cnuasach so ó Eilís Ní Mhaoileagáin. Is mór an truagh nach féidir léi a smaointe a dhúiseacht i dteangain na nGaedheal. Bheadh scéala thar meadhón againn uathi. Tá an leabhar so lomlán de spioraid na Gaedhealtachta is na hÉireann, an oiread agus is féidir soin a bheith amhlaidh tré Bhéarla. Ní'l leathanach dhe ná cuireann i gcuimhne dhúinn Tomáis Sáibhis agus Sir Samuel Mac Fhearghusa. Tá Eilís oilte go maith ar a saothar súd - agus molaim-se a hoidí múinte. Obair den tsórt so a dheineann ceangal idir fhearaibh '47 agus Éire na Gaedhilge. Giotaí breaghtha 'seadh "The Return of Lugh Lamhfhada" agus "Brian of Banba", acht ní fearr iad 'ná "The Defenders of the Ford" agus "The Horsemen of Aileach". Níl giota ann nach fiú é léigheamh, agus tá súil agam go bhfuighidh gach léightheóir den IRISLEABHAR é. Ní bheidh cathughadh air dá bhárr. TÓRNA. THE BLESSED MADELINE SOPHIE BARAT. By M. T. Kelly. ELLEN RYAN: A Tale of Bygone Days. By Alice Golding. HUGHIE THE CRIPPLE. By E. F. Kelly. Sin trí chinn de scéaltaibh beaga deasa atá ghá scaipeadh ag Comhlucht na Fírinne Caitlicidhe. Áirímhim-se na scéal beatha an duine dhiadhanta úd Madeline Sophie Barat, mar tá trácht ann ar rudaíbh iongantacha a thuit amach dhi. Leabhríní ar phingin iad so go léir, agus is maith is fiú an méid sin iad. WHY NOT AS WE ONCE WERE? By Sir William Butler. THE FAMINE YEARS. By Rev. Joseph Guinan. CATHOLIC IRELAND. By Rev. P. J. Kirwan. Sin trí chinn de leabhríní ag cur síos ar dhálaibh na hÉireann. Tá cainnt bhreagh - agus cainnt fhíor, leis - san aiste a scríobh an Buitléarach, agus badh mhaith a b'fhiú dhúinn rud a dhéanamh air. Schéal sic go bhfuil ceacht le foghluim as iseadh an cunntus a thugann an tAthair Ó Geadhnáin ar "An Droch-shaoghal". Ní miste é léigheamh agus an cheacht a mheabhrughadh go maith. THE THINGS THAT HAPPENED AFTERWARDS. By Molly Malone. THE STORY OF A CHILD SAINT. Dhá cheann de leabhríní i gcóir leanbhaí iad so. Acht tá rudaí ionnta a thaitneóidh le leanbhaí móra fásta. Tá obair mhaith á dhéanamh ag Comhlucht na Fírinne Caitlicidhe agus leabhair mar iad súd thuas a chur amach is a scaipeadh ar fuid na tíre. Déanfaid feidhm d'fhonn leigheas ar an aos seachráin a loirg- eann drabhfuigheal ó Shasanna. S. NÍ R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services