Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



CEACHTA NA hEALADHAN, i nGaedhilg agus i mBéarla. Pádraig Ó Conaire
agus Proinnsias Ó Ceallacháin do sgríobh. Ar n-a cur amach do Chonn-
radh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliat. Naoi bpingne, glan.



Leabhar léightheóireachta i gcóir Scol Náisiúnta é seo. Táthar ag cur síos
ar ealadhnaibh aigeanta ann, agus soin i bhfuirm comhrádh, i slighe go dtaitn-
eóchaidh le leanbhaíbh óga. N-a dtómus súd do scríobhadh é, agus tá soin déanta
go haicillidhe is gan cruadhas focal. Má gheibhim locht ar ainm an leabhair, ní
tógfar orm é. De réir mar thuigim-se é, is ionann "Ceacht na hEaladhan"
agus "The Lessons of Science". Má's mar sin atá, agus ón uair nách fuil
trácht ar iomlán oiread agus aon ealadhan amháin ann, ní oireann an ainm
don leabhar. Chím gur "Science Lessons" atá ar an Roinn Bhéarla. Nár
bh'fhéidir "Ceachta Ealadhan" a thabhairt ar an Roinn Ghaedhilge? Beidh éileamh
ar an leabhar so i scoileannaibh dátheangthacha, agus is cinnte go bhfuil gábhadh
le n-a leithéid.



LON AN CHAIRN.



HERO LAYS. By Alice Milligan. Maunsel and Co. Limited: 96 Middle
Abbey St., Dublin. 1908. 2s. 6d. nett.



Is fada nár léigheas i mBéarla leabhar a b'fhearr liom 'ná an cnuasach so ó
Eilís Ní Mhaoileagáin. Is mór an truagh nach féidir léi a smaointe a dhúiseacht
i dteangain na nGaedheal. Bheadh scéala thar meadhón againn uathi. Tá an
leabhar so lomlán de spioraid na Gaedhealtachta is na hÉireann, an oiread
agus is féidir soin a bheith amhlaidh tré Bhéarla. Ní'l leathanach dhe ná cuireann
i gcuimhne dhúinn Tomáis Sáibhis agus Sir Samuel Mac Fhearghusa. Tá Eilís
oilte go maith ar a saothar súd - agus molaim-se a hoidí múinte. Obair den
tsórt so a dheineann ceangal idir fhearaibh '47 agus Éire na Gaedhilge. Giotaí
breaghtha 'seadh "The Return of Lugh Lamhfhada" agus "Brian of Banba", acht
ní fearr iad 'ná "The Defenders of the Ford" agus "The Horsemen of Aileach".
Níl giota ann nach fiú é léigheamh, agus tá súil agam go bhfuighidh gach léightheóir
den IRISLEABHAR é. Ní bheidh cathughadh air dá bhárr.



TÓRNA.



THE BLESSED MADELINE SOPHIE BARAT. By M. T. Kelly.
ELLEN RYAN: A Tale of Bygone Days. By Alice Golding.
HUGHIE THE CRIPPLE. By E. F. Kelly.



Sin trí chinn de scéaltaibh beaga deasa atá ghá scaipeadh ag Comhlucht na
Fírinne Caitlicidhe. Áirímhim-se na scéal beatha an duine dhiadhanta úd
Madeline Sophie Barat, mar tá trácht ann ar rudaíbh iongantacha a thuit amach
dhi. Leabhríní ar phingin iad so go léir, agus is maith is fiú an méid sin iad.



WHY NOT AS WE ONCE WERE? By Sir William Butler.
THE FAMINE YEARS. By Rev. Joseph Guinan.
CATHOLIC IRELAND. By Rev. P. J. Kirwan.



Sin trí chinn de leabhríní ag cur síos ar dhálaibh na hÉireann. Tá cainnt
bhreagh - agus cainnt fhíor, leis - san aiste a scríobh an Buitléarach, agus
badh mhaith a b'fhiú dhúinn rud a dhéanamh air. Schéal sic go bhfuil
ceacht le foghluim as iseadh an cunntus a thugann an tAthair Ó Geadhnáin
ar "An Droch-shaoghal". Ní miste é léigheamh agus an cheacht a
mheabhrughadh go maith.



THE THINGS THAT HAPPENED AFTERWARDS. By Molly Malone.
THE STORY OF A CHILD SAINT.



Dhá cheann de leabhríní i gcóir leanbhaí iad so. Acht tá rudaí ionnta a
thaitneóidh le leanbhaí móra fásta. Tá obair mhaith á dhéanamh ag Comhlucht na
Fírinne Caitlicidhe agus leabhair mar iad súd thuas a chur amach is a scaipeadh
ar fuid na tíre. Déanfaid feidhm d'fhonn leigheas ar an aos seachráin a loirg-
eann drabhfuigheal ó Shasanna.



S. NÍ R.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services