Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Nodlag Mór.
Title
Lá Nodlag Mór.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá Nodlag Mór. RÁITHCHÉ NA BLIADHNHA. "Ráithche ó Nodlag go Féil Pádhraig, Ráithche ó Fhéil Pádhraig go Féil tSan Seagháin, Ráithche ó Fhéil tSan Seagháin go Féil Michíl, Ráithche ó Fhéil Michíl go Nodlaig aríst." "Níor tháinig aon lá sneachta le cuimhne dhubh mo chinn is milltighe 'ná an lá indiu," arsa Máirtín Breathnach le Tadhg Mháire, agus an beirt ag dul go dtí an chéad Aifreann an mhaidin bheannuighthe seo is cionntsiocair le mo sgéal. Fear meádhonaosta mar sin a bhí in Máirtín, agus staic do mhaide droighin ina láimh aige, agus carbhata bán faoi na mhuin- eál. Bhí sé cromshlinneánach; acht, má bhí féin, ag an aoirde bhreagh a bhí ann in' óige, is beag fear - óg ná sean - a bhí chómh hárd leis ins an áit. Ní hé nach raibh cliobairí breaghtha fear ar aon bhaile leis; acht, mar deireadh sé féin: "Níl i bhfir na huaire seo acht grabadáin le hais a gcuid aithreacha." Bhí leith- ead leath-phláta do phlait ina chloigeann. Ní mar 'chuile dhuine eile a bhearradh sé é fhéin. Bhíodh sé glanbhearrtha timcheall a bhéil agus ar fhad a leicne, agus féasóg fhada faoi na smig. Ba fear fadleicneach a bhí ann. Bhí sé tugtha suas dhó lena chuid láidireacht nuair a bhí sé in' fhear óg. Is minic a chuala mé féin seandaoine - comh-aoiseacha Mhairtín - dhá rádh nach bhfághadh sé
crádh ar bith i gcéad mine buidhe a chaitheamh treasna ar dhruim asail lena leathláimh, nuair a bhí sé in' fhear óg! Ba fear gaisge- amhail go leor é nuair a bhíodh aon bhraoinín ólta aige, agus cá bhfuil an té nach mbíonn? Bhí sé chomh sanntach ag an saoghal i n-aois a cheithre fichid is bhí sé an chéad lá ariamh ar buaileadh cúram tighe faoi n-a mhullach. Ní raibh Tadhg Mháire, baoghal ar bith air, chómh haosta le Máirtín, agus cé nach raibh fhéin ba luthmhaire ar a chois an fear é Máirtín ná eisean. Tharéis éisteacht an Aifrinn don bheirt aca, shiubhladar leó go dtí geata an tséipéil, agus maidir leis an seanchus agus an rí- rá bhí aca, ní féidir cur síos ar. Is beag duine a bhí ag an gcéad Aifreann acht iad fhéin. D'fhanadar taobh amuigh don gheata ina suidhe ar an sgonnsa nó go raibh na daoine go léir cruinnighthe i gcóir an dara Aifreann d'éisteacht. D'éist siad-san an dara Aifreann chómh maith, cé go ndeir Pádraig Bhríghin "nach le grádh dhon Aifreann sin a d'éisteadar é, acht le náire dhul a-bhaile." Ní chreidfeadh na daoine go raibh an bheirt chéadna ag aon Aifreann an lá sin mara bhfeicfidís ann iad, mar b'annamh dhóbhtha ann roimhe sin ó thainic an aois orrab. Nuair a bhí an tAifreann thart, socruigheadh an "buirdín beag" taobh amuigh dhe dhoras an tséipéil, agus seo 'chuile dhuine ag íoc. Níor íoc Máirtín ná Tadhg aon rud. "Muise nach mór an náire dhíbh-se, beirt shaidhbhir mar sibh, gan pighinn ruadh thabhairt don tsagart lá Nodlag beannuighthe," arsa Pádhruig Bhríghin. "Níor mhinic leat sinn a leigean thart gan caidéis a dhéanamh dhúinn," arsa siad-san, "d'íoc sinne é agus tú 'do chodladh! agus ós rud é go bhfuil an méid sin ag baint chainte asat an mhaidin bheannuighthe seo, an n-éistfe tú leis an méid tá mé le rádh leat?" arsa Máirtín go maoidhteach. "D'íoc sinne an sagart indiu agus 'chuile lá ó tháinic rath orainn rud nach ndeárna muinntir -" Nuair a bhí an méid sin curtha dhe ag Máirtín, ba mhait le Tadhg a chuid fhéin don sgéal a innseacht, acht, ar dhul dhá dheunamh dhó beireann Máirtín i ngreim guailne air, - "Seo," ar seisean "amach leat romham is na bí ag cur feirge ort fhéin
leis an bhfear sin." Iompuigheann an bheirt aca ar a gcosa le dhul a-bhaile, agus ba mhaith an mhaise do Phádhraig Bhríghin é, níor thúisge a ndruim iompuighthe leis, 'ná buaileann sé meall mór sneachta i gcúl an chinn ar Mháirtín. Thosuigh na daoine ar fad ag gáiridhe, agus níor tháinic fearg ar bith ar Mháirtín nó gur thosuigh a sheanchomrádaidhe Tadhg Mháire ag gáiridhe chomh maith le cách. Le neart teann feirge iompuigheann sé ar na daoine agus ar seisean: "Bhí mise lá dho mo shaoghal, agus níl aon fhear agaibh a gheobhadh ann fhéin slám sneachta chaitheamh liom, acht, b'áil liom dhá rádh, bhí mé féin óg tamall, agus níl pioc ádhmhaillighe i gceachtar agaibhse nach raibh ionam fhéin, agus tá fhios agam chomh maith 's tá mé annso gurab é Pádhraig Bhríghin a chaith liom é, acht, bíodh aige an bobhta seo." "Téanam uait a-bhaile, a Mháirtín, agus go dtugadh Dia ciall dhuit - seanóir dho do shórt ag cur feirge ort fhéin leis na gearr-bhodaigh óga sin," arsa Micil Mór. "Rachad, a Mhicil, acht níor tháinic sé abhaile leo a bheith ag magadh fúm-sa." Soir leo an bóthar a dtriúr, agus bhíodar chómh giodramach sin, agus go gceapfadh duine ar bith go rabhadar ag brath ar an áit a chur faoi n-a gcosaibh. Níor chuir aon nduine chuca ná uatha, mar bhí cuma mhíllteach orrab. "An mbeidh sibh ag an gcoirnéal tharéis bhur mbreicfasta?" arsa Micil Mór ag léimeacht isteach dhó thar sgonnsa beag i mbéal a dhorais. "Beidh mise ann go háirithe," arsa Tadhg. "Beidh agus mise, mar níor loic é as aon áit ariamh," arsa Máirtín. Chuaidh 'chaon duine 'na bhealach fhéin, acht dhearmad Máirtín a ghealltamas, mar tharéis breicfasta dhó síneann sé siar ar stóilín beag sa chlúid i leathtaobh an teallaigh, agus níor airigh sé tada go raibh sé ina shámhchodladh. "Is bocht an rud éirighe go moch," arsa Máire, a bhean, ag cur peliúirín faoi n-a cheann, "níl rud ar bith is measa ghoill- eann ar sheandaoine 'ná neamhchleachtadh." Níor thúisge le Micil ag an gcoirnéal ná le Tadhg. Ní raibh Máirtín ag teacht, cé gur fhanadar tamall maith leis.
"Clisfidh sé orainn go cinnte, agus sílim ó tá sé chómh domhain sin sa lá gur ceart duit-se, a Thaidhg, bualadh suas féachaint céard tá dhá choinneál?" arsa Micil. "Dheamhan locht agam air sin, a Mhicil," arsa Tadhg, "acht má tá sé tuirseach, agus nach bhfuil aon fhonn air corruighe amach ón splainc indiu, cé'n chaoi a n-innseochaidh mé sin dhuit-se?" "Buaileadh sinn le chéile suas go dtí é," ar siad-san. Suas leo chomh fada leis an teach, agus ar shroicheamhaint bhinne an tighe dhóbhtha sheasadar. Ba é doras ó dheas an tighe a bhí fosgailte. "Gabh thusa isteach i dtosach, a Mhicil," arsa Tadhg, "mar is fada an lá nach raibh mise istigh ann, agus an uair dheireannach bhí mé ann, ní go ró-mhaith tháinic mé féin agus Máire le chéile." Ní raibh gádh é a rádh an dara bobhta le Micil, agus seo timcheall coirnéal an tighe é agus isteach an doras leis agus Tadhg 'na dhiaidh, cé go raibh sé cúthal. "Dia annso," arsa Micil, "agus mó chuid dhen lá indiu ort, a Mháire." "An coimirce ceudna ort," arsa Máire. Bheannuigh Tadhg agus é ar an tearsaigh; agus sin a ndearna sé, acht siubhal isteach agus suidhe ar stóilín beag i n-aice na teineadh ag cosa Mháirtín. Bhí Máirtín ag srannadh. "Is bocht an rud an mhochéirghe," arsa Tadhg, agus ní túisge bhí an chainnt as a bhéal 'ná dúisigheann Máirtín. "Ní tú an chéad duine ariamh a bhfuair an codladh an ceann is fearr air," arsa Micil, "agus tháinic sé i mo chroidhe go sínfeá tharéis do bhéile." "Fuair an codladh an ceann is fearr orm indiu go cinnte, agus ní le a raibh de thuirse orm, acht chuaidh cainnt Phádhraig Bhríghin thríom." Dheart Máirtín a phíopa, mar ba mhór é an dhúil san tobac, agus maidir le glaigéad de phíopa 's bhí aige, ní raibh a leithéid ag aon fhear ar aon bhaile leis, agus ba é an Lá Nodlag seo an tríomhadh Lá Nodlag Mór ag an píopa céadna ina stríos aige. Ba ó cholceathar dhó i Meiricá fuair sé é, agus bí sé chomh práinneach ann 's nach dtabhairfeadh sé gal do aonduine as. Bhíodh an dúidín san bhfuinneóigín bhig aige le haghaidh lucht cuarta agus len' aghaidh féin 'chuile lá eile; acht, mar deireadh sé féin, "caithfear onóir a thabhairt don lá tá ann."
"Seo! bain tarraint as seo nuair tá tú chomh cunach sin i n-easbadh gal," ar seisean le Tadhg a' síneadh an dúidín chuige amach as an bhfuinneóig, "agus go deimhin is go dearbhtha dhuit, is fada an lá go mbheidh an méid tobac tá caithte agad orm ón gcéad lá thosuigh tú ghá chaitheamh (agus m'anam gur fadó é sin) cúitighthe agat liom." "Ó! muise, ná bain asam é sul mar tá sé caithte 'chor ar bith agam. Nach fíor dham é, a Mháire," arsa Tadhg, ag brúghadh cloigeann an dúid thrí splanc mhóna. Sin an chéad uair a labhair sé féin agus Máire le chéile ó tháinic sé isteach. "Eadraibh bíodh, is giorra sibh fhéin dhá chéile 'ná mise," arsa Máire, dhá thabhairt le teasbáint do Mháirtín go raibh beagán feirge fós aici leis. Níor thaithnigh sin le Micil 'chor ar bith, agus cé gur breágh an sgartghaíl gháire chuir sé as ag éisteacht leó, 'na dhiaidh sin is eile, b'fhearr leis bheith ag imirt cártaí. Caochann sé an tsúil ar Mháire, agus mo chreach níor b'uirri-se an mhoill, mar is goirid go raibh an "stól mór fada" i bhfiadhnaise na beirte i gceartlár an teallaigh. "Ara, muise, nar laga Dia do lámh, agus i gcionn bhliadhna go ndéana tú é," arsa Micil, ag tarraint a stóil féin anall ón mballa i n-aice clár na himeartha. Ní raibh gádh fiafruighthe cá raibh na cártaí, mar ón gcéad lá ar aithnigh Micil an cíonán thar an gcuileata, bbíodh paca cartaí i bpóca a ascaille aige Dia Luain chómh maith le Dia Domhnaigh. Nuair a chuir sé na cártaí ar an stól, seo sean Mháirtín dhá dheasughadh féin. "Tá dúil agad deatach a bhaint as airgead Mheiricá, a Mháirtín," arsa Tadhg. "Má bhainim fhéin," arsa Máirtín, "is beag dho do chuid-sa é." Ní facthas Máirtín ariamh chómh crosta is bhí sé an mhaidin sin, cé gur beag ar leig sé aige é, acht mar sin fhéin bhí sgéan 'na shúilibh. "Nach mairg gan cearrbhach eile againn," arsa Micil, "agus d'imreochadh sinn dólaímh" (.i. beirt is beirt i n-aghaidh a chéile). Ní túisge bhí an focal as a bhéal ná cé buailfeadh isteach acht Seumas Mhíchil, mar, acht an oiread le Micil bhí sé chomh tugtha d'imirt chártaí le fear bán ar bith.
"Bail Dé oraibh," arsa Seumas, "agus, dar fiadh, is breágh an áit a bheith faoi chaolach an tighe seo lá sneachta is comhuidhe, mo chuid dhon lá indiu ort, a Mháire." "Seo, ná bac liom-sa," deir Máire, "acht suidh annsin agus déan obair, agus má tá aon ráth ort cuid d'airgead Mheiricá bhaint de fhéin." "Nach mór is feicear dhíbh thrí n-a chéile an sprus beag sin. M'anam, muise, go mb'fhéidir go bhfuigheadh sibh bhur ndóthain le déanamh is é bhaint dhíom. Leag annsin í, a Thaidhg. Imreócha mé fhéin agus Tadhg aon leath-ghallún amháin le aon bheirt." "Támuidne sásta," ars' an bheirt eile. Rug Máirtín ar na cártaí agus shuaith sé iad. Cuir sé amach cé leis déanamh agus thuit an chéad déanamh air fhéin. Shuaith sé aríst iad, agus thug sé aon bhreathnughadh amháin amach ó n-a mhallaí ar a pháirtidhe chómh mór le rádh is go bhfuigheadh an bheirt eile bualadh "Micil na Sróine" nuair a d'imir sé capall is bó a bhí aige is buadhadh air iad. Dheasuigh sé a hata ar a cheann, agus nuair a bhí falach ar na cuideanna aige, agus é le linn an mhádh-chinn iompughadh - stop sé. "Cé mhéad cluithchí a chuirfeas sinn air?" ar seisean. "Trí cinn," arsa siad-san. Ní raibh ann níos mó (a thuilleadh). D'iompuigh sé agus céard a bheadh aige acht an "bainbhín" (.i. an t-aon a hart). "Díol astab go beó," arsa Micil leis. "Thug sé a dhíol a-bhaile leis," ar seisean. "Má thug fhéin," arsa Séamus Micil, "is beag an mhaith dhuit an bobhta seo é mar tá sé chárta agam-sa." "Níl an mearbhall a chuir Pádhraig Bhríghin ort ar maidin im- thighthe fós díot," arsa Tadhg. Níor dubhairt Máirtín seadh ná ní sheadh, acht, chuir sé a dhá lámh faoi n'ascaill agus bhí 'chaon breathnughadh aige ar Sheumas Mhíchil. Bhí sé san aimhreas ar Sheumas gur amhlaidh phioc sé cárta don stól nuair a fuair sé an deis, mar ní cáil mhaith bhí ar an bhfear céadna ag imirt chártaí. Bhí sé ceilteach agus maidir le séitéiracht, bhí sé ar an séitéir ba mhó san áit. Pé sgéal é bhíodar ag imirt ar feadh tamaill deas, agus gan smid aca an fhaid 's bhíodh cártaí i n-imirt, mar aon nduine labhairfheadh bhí a lámh i bpaca. Bhuaidh Seumas agus Micil an
chéad chluithche. Fuair Sean Mháirtín agus Tadhg an dara cluithche agus an tríomhadh cluithche i ndiaidh a chéile, acht, ba caint a chuir as do Sheumas Mhichíl é, an fhaid is bhíodh cartaí i n-imirt, mar ní túisge bíodh an focal as a bhéal ná deireadh Máirtín - "síos léithe annsin, nó dheamhan cárta imreóchas mé indu." Do ghrádh an réidhtigh cuirfheadh Seumas síos a lámh, cé gur dheacair leis é go minic, mar bhíodh cártaí maithe aige. As an iomrasgáil bhuaidh Micil an ceathramhadh cluithche. Bhí siad cothrom annsin (.i. dhá chluithche an taobh). Thuit an chéad déanamh dhe chluiche na fola ar Mháirtín, agus mar bharr ar an míádh chaill sé a dheunamh aríst. Rinne Micil na cártaí agus d'iompuigh sé haon truich, agus i n-éinfheacht leis sin bain sé cúig fichead as imirt (bhí cúig is dá fhichead sa chluiche). Rinne Tadhg iad mar sé bhí ag teacht i ndiaidh Mhicil, agus chailleann seisean a dheunamh comh maith. "Beir oraib sin," arsa Micil le Seumas, "agus ná leig ón méir é; Agus níor leig, mar d'iompuigh sé haon spéireat, agus rinne ceithre áis eile as a láimh féin. Bhí an leath-ghallún ar shean Mháirtín. Fritheadh leath-ghallún dhe "shúgh an ghráinne-eorna," agus d'óladar é. Is gearr go raibh sean Mháirtín briotach, agus ní le n-a raibh ólta aige é, acht ghoill sé air. Thug an braoinín caint dhó freisin. "Cheap Pádhraig Bhríghin mise a chur faoi n-a chosaibh indiu, acht beireadh sé greim gearr ar fhéin," air seisean. "Réidhteach anois, a Mháirtín, fan agat fhéin, ní raibh sé acht ag fonomhóid," arsa Micil Mór. Do ghrádh deire a chur le cainnt Mháirtín, beireann Séamus Mhicil ar dhá láimh air, agus seo ag gabháil fhuinn é. "Croidhe dhuit, agus ná raibh tú tinn, agus i gcionn bliadhna go raibh sinn i dteannta a chéile," arsa sean Mháirtín. "Nach fíor dham é, a Thaidhg?" "Ó! go deimhin, is fíor, acht ná bí ag gleó," arsa Tadhg, mar ba fear céillidhe, greannmhar a bhí ann. Bhí lá an-chuideachtamhail aca, agus níor thaise leis an oidhche é, mar nuair a fuair Micil Mór Séamus Mhíchil agus Tadhg Mháire bogtha rinne sé cleamhnas (agus ba mhaith uaidh) idir an bheirt aca. Sgorach d'fhear óg láidir bhí i Séamus, agus bhí sé i ndiaidh inghean Taidhg, agus bhí fhios sin ag Micil Mór go maith. Ní raibh ó Thadhg fhéin acht an lide fhághail.
"Bhíodh sí agat is mo bheannacht," arsa Tadhg, "agus caith- fimíd an chuid eile dhon oidhche chaitheamh in mo theach-sa. Tiocfaidh tusa linn, a Mháirtín." Chuaidh 'chaon nduine dho na cuairteóirí a-bhaile age n-a shuipéar féin, agus ní facas fear ariamh bhí chomh bródamhail le Tadhg ag innseacht an sgéil dhá inghin. Bhí sise sásta agus bhí an mháthair sásta freisin. Ní gádh a rádh nach ndearnadar dearmad ar a dhul go tigh Thaidhg tar éis suipéir, agus bhí Máirtín ar an gcéad duine. Bhí fáilte, agus flaitheamhlacht agus carthanas roimh Sheumas Mhíchil is a dhream. Níor caitheadh ó shoin oidhche níos chuideachtamhla ná mar a bhí i dtigh Thaidhg an oidhche úd. Bhí sé tugtha suas do shean Mháirtín len' fheabhas ag gabháil fhuinn, agus ní dheachaidh forus ná comhnuidhe air, acht, ag amhrán- aidheacht agus ag caint, sgaithtí ag deunamh gaisge, ag cur síos ar a óige fhéin, nó go raibh an ghrian go hárd ar an aer lá 'r n-a mhárach. Fuair mise mo chuid fhéin do bhainis inghine Thaidhg Máire agus Mhicil Sheumais. BINN TIGHE. TAGRA 1 = Leath-pláta do phlait = cuid dhá cloigeann gan aon ghruaig. 2 = bhí dúil mór i n-a chuid oibre aige. 3 = ceist a chuir orainn. 4 = go feargach. 5 = nuair bhí sé ag dul dhá dheunamh. 6 = ba mhaith mar rinne sí é. 7 = níl aon duine agaibh a mbeudh sé do mhisneach ann. 8 = cia an mhaith dham ag caint. 9 = saghas grinn tharnuigheans troid go minic. 10 = leigfidh mé leis an bobhta seo. 11 = buachaillí óga. 12 = níor bhain sí leo. 13 = comh deirneach. 14 = píopa mór millteach. 15 = chomh dúlmhar. 16 = íoctha agat liom. 17 = dar ndóigh. 18 = ós comhair. 19 = ar innis. 20 = imirtheóir. 21 = léir. 22 = thrí chéile. 23 = .i. go raibh an droch-chárta aige le díol astab. 24 = ceilfeadh sé na cártaí. 25 = seitéaracht i n-éadan a chéile - caitheamh ar a chéile. 26 = bhí a lámh curtha síos. 27 = taréis gach aon rud. 28 = an cluiche deirneach. 29 = iompuigh rí nú haon .i cúig. 30 = ceithre chúig. 31 = poitín. 32 = cainteach, agus nach féidir tuigsint acht go dona. 33 = tada. 34 = beagán ar meisge. 35 = seans. 36 = stopadh. 37 = amannta (anois 's aríst). A shrotháin tsléibhe, go gléigeal guagach Chun an gleanna 'ot luascadh féin, Tríd an luachair seinnir sodhán; Uch! gan mise im shrothán sléibhe!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services