Lá Nodlag Mór.
RÁITHCHÉ NA BLIADHNHA.
"Ráithche ó Nodlag go Féil Pádhraig, 
Ráithche ó Fhéil Pádhraig go Féil tSan Seagháin, 
Ráithche ó Fhéil tSan Seagháin go Féil Michíl, 
Ráithche ó Fhéil Michíl go Nodlaig aríst." 
"Níor tháinig aon lá sneachta le cuimhne dhubh mo chinn is 
milltighe 'ná an lá indiu," arsa Máirtín Breathnach le Tadhg 
Mháire, agus an beirt ag dul go dtí an chéad Aifreann an 
mhaidin bheannuighthe seo is cionntsiocair le mo sgéal. 
Fear meádhonaosta mar sin a bhí in Máirtín, agus staic do 
mhaide droighin ina láimh aige, agus carbhata bán faoi na mhuin-
eál.  Bhí sé cromshlinneánach; acht, má bhí féin, ag an aoirde 
bhreagh a bhí ann in' óige, is beag fear - óg ná sean - a bhí chómh 
hárd leis ins an áit.  Ní hé nach raibh cliobairí breaghtha fear ar 
aon bhaile leis; acht, mar deireadh sé féin: "Níl i bhfir na 
huaire seo acht grabadáin le hais a gcuid aithreacha."  Bhí leith-
ead leath-phláta do phlait ina chloigeann.  Ní mar 'chuile dhuine 
eile a bhearradh sé é fhéin.  Bhíodh sé glanbhearrtha timcheall a 
bhéil agus ar fhad a leicne, agus féasóg fhada faoi na smig.  Ba 
fear fadleicneach a bhí ann.  Bhí sé tugtha suas dhó lena chuid 
láidireacht nuair a bhí sé in' fhear óg.  Is minic a chuala mé féin 
seandaoine - comh-aoiseacha Mhairtín - dhá rádh nach bhfághadh sé 
Bhí sé chomh sanntach ag an saoghal i n-aois a cheithre fichid 
is bhí sé an chéad lá ariamh ar buaileadh cúram tighe faoi n-a 
mhullach. 
Ní raibh Tadhg Mháire, baoghal ar bith air, chómh haosta le 
Máirtín, agus cé nach raibh fhéin ba luthmhaire ar a chois an fear 
é Máirtín ná eisean. 
Tharéis éisteacht an Aifrinn don bheirt aca, shiubhladar leó go 
dtí geata an tséipéil, agus maidir leis an seanchus agus an rí-
rá bhí aca, ní féidir cur síos ar.  Is beag duine a bhí ag an 
gcéad Aifreann acht iad fhéin.  D'fhanadar taobh amuigh don 
gheata ina suidhe ar an sgonnsa nó go raibh na daoine go 
léir cruinnighthe i gcóir an dara Aifreann d'éisteacht.  D'éist 
siad-san an dara Aifreann chómh maith, cé go ndeir Pádraig 
Bhríghin "nach le grádh dhon Aifreann sin a d'éisteadar é, acht le 
náire dhul a-bhaile."  Ní chreidfeadh na daoine go raibh an bheirt 
chéadna ag aon Aifreann an lá sin mara bhfeicfidís ann iad, 
mar b'annamh dhóbhtha ann roimhe sin ó thainic an aois orrab. 
Nuair a bhí an tAifreann thart, socruigheadh an "buirdín 
beag" taobh amuigh dhe dhoras an tséipéil, agus seo 'chuile dhuine 
ag íoc.  Níor íoc Máirtín ná Tadhg aon rud. 
"Muise nach mór an náire dhíbh-se, beirt shaidhbhir mar sibh, 
gan pighinn ruadh thabhairt don tsagart lá Nodlag beannuighthe," 
arsa Pádhruig Bhríghin. 
"Níor mhinic leat sinn a leigean thart gan caidéis a 
dhéanamh dhúinn," arsa siad-san, "d'íoc sinne é agus tú 'do 
chodladh! agus ós rud é go bhfuil an méid sin ag baint chainte 
asat an mhaidin bheannuighthe seo, an n-éistfe tú leis an méid tá 
mé le rádh leat?" arsa Máirtín go maoidhteach.  "D'íoc sinne 
an sagart indiu agus 'chuile lá ó tháinic rath orainn rud nach 
ndeárna muinntir -" 
Nuair a bhí an méid sin curtha dhe ag Máirtín, ba mhait le 
Tadhg a chuid fhéin don sgéal a innseacht, acht, ar dhul dhá 
dheunamh dhó beireann Máirtín i ngreim guailne air, - "Seo," 
ar seisean "amach leat romham is na bí ag cur feirge ort fhéin 
"Bhí mise lá dho mo shaoghal, agus níl aon fhear agaibh a 
gheobhadh ann fhéin slám sneachta chaitheamh liom, acht, b'áil liom 
dhá rádh, bhí mé féin óg tamall, agus níl pioc ádhmhaillighe i 
gceachtar agaibhse nach raibh ionam fhéin, agus tá fhios agam chomh 
maith 's tá mé annso gurab é Pádhraig Bhríghin a chaith liom é, 
acht, bíodh aige an bobhta seo." 
"Téanam uait a-bhaile, a Mháirtín, agus go dtugadh Dia 
ciall dhuit - seanóir dho do shórt ag cur feirge ort fhéin leis na 
gearr-bhodaigh óga sin," arsa Micil Mór. 
"Rachad, a Mhicil, acht níor tháinic sé abhaile leo a bheith ag 
magadh fúm-sa." 
Soir leo an bóthar a dtriúr, agus bhíodar chómh giodramach 
sin, agus go gceapfadh duine ar bith go rabhadar ag brath ar an 
áit a chur faoi n-a gcosaibh.  Níor chuir aon nduine chuca ná 
uatha, mar bhí cuma mhíllteach orrab. 
"An mbeidh sibh ag an gcoirnéal tharéis bhur mbreicfasta?" 
arsa Micil Mór ag léimeacht isteach dhó thar sgonnsa beag 
i mbéal a dhorais. 
"Beidh mise ann go háirithe," arsa Tadhg.
"Beidh agus mise, mar níor loic é as aon áit ariamh," arsa 
Máirtín. 
Chuaidh 'chaon duine 'na bhealach fhéin, acht dhearmad Máirtín a 
ghealltamas, mar tharéis breicfasta dhó síneann sé siar ar 
stóilín beag sa chlúid i leathtaobh an teallaigh, agus níor airigh 
sé tada go raibh sé ina shámhchodladh. 
"Is bocht an rud éirighe go moch," arsa Máire, a bhean, ag 
cur peliúirín faoi n-a cheann, "níl rud ar bith is measa ghoill-
eann ar sheandaoine 'ná neamhchleachtadh." 
Níor thúisge le Micil ag an gcoirnéal ná le Tadhg.  Ní raibh 
Máirtín ag teacht, cé gur fhanadar tamall maith leis. 
"Clisfidh sé orainn go cinnte, agus sílim ó tá sé chómh 
domhain sin sa lá gur ceart duit-se, a Thaidhg, bualadh suas 
féachaint céard tá dhá choinneál?" arsa Micil. 
"Dheamhan locht agam air sin, a Mhicil," arsa Tadhg, "acht má 
tá sé tuirseach, agus nach bhfuil aon fhonn air corruighe amach ón 
splainc indiu, cé'n chaoi a n-innseochaidh mé sin dhuit-se?" 
"Buaileadh sinn le chéile suas go dtí é," ar siad-san.
Suas leo chomh fada leis an teach, agus ar shroicheamhaint 
bhinne an tighe dhóbhtha sheasadar.  Ba é doras ó dheas an tighe a 
bhí fosgailte. 
"Gabh thusa isteach i dtosach, a Mhicil," arsa Tadhg, "mar is 
fada an lá nach raibh mise istigh ann, agus an uair dheireannach 
bhí mé ann, ní go ró-mhaith tháinic mé féin agus Máire le chéile." 
Ní raibh gádh é a rádh an dara bobhta le Micil, agus seo 
timcheall coirnéal an tighe é agus isteach an doras leis agus 
Tadhg 'na dhiaidh, cé go raibh sé cúthal. 
"Dia annso," arsa Micil, "agus mó chuid dhen lá indiu 
ort, a Mháire." 
"An coimirce ceudna ort," arsa Máire.
Bheannuigh Tadhg agus é ar an tearsaigh; agus sin a ndearna 
sé, acht siubhal isteach agus suidhe ar stóilín beag i n-aice na 
teineadh ag cosa Mháirtín.  Bhí Máirtín ag srannadh. 
"Is bocht an rud an mhochéirghe," arsa Tadhg, agus ní túisge 
bhí an chainnt as a bhéal 'ná dúisigheann Máirtín. 
"Ní tú an chéad duine ariamh a bhfuair an codladh an ceann 
is fearr air," arsa Micil, "agus tháinic sé i mo chroidhe go 
sínfeá tharéis do bhéile." 
"Fuair an codladh an ceann is fearr orm indiu go cinnte, 
agus ní le a raibh de thuirse orm, acht chuaidh cainnt Phádhraig 
Bhríghin thríom." 
Dheart Máirtín a phíopa, mar ba mhór é an dhúil san tobac, 
agus maidir le glaigéad de phíopa 's bhí aige, ní raibh a leithéid 
ag aon fhear ar aon bhaile leis, agus ba é an Lá Nodlag seo an 
tríomhadh Lá Nodlag Mór ag an píopa céadna ina stríos aige. 
Ba ó cholceathar dhó i Meiricá fuair sé é, agus bí sé chomh 
práinneach ann 's nach dtabhairfeadh sé gal do aonduine as. 
Bhíodh an dúidín san bhfuinneóigín bhig aige le haghaidh lucht 
cuarta agus len' aghaidh féin 'chuile lá eile; acht, mar deireadh 
sé féin, "caithfear onóir a thabhairt don lá tá ann." 
"Seo! bain tarraint as seo nuair tá tú chomh cunach sin i 
n-easbadh gal," ar seisean le Tadhg a' síneadh an dúidín chuige 
amach as an bhfuinneóig, "agus go deimhin is go dearbhtha dhuit, 
is fada an lá go mbheidh an méid tobac tá caithte agad orm 
ón gcéad lá thosuigh tú ghá chaitheamh (agus m'anam gur fadó é 
sin) cúitighthe agat liom." 
"Ó! muise, ná bain asam é sul mar tá sé caithte 'chor ar bith 
agam.  Nach fíor dham é, a Mháire," arsa Tadhg, ag brúghadh 
cloigeann an dúid thrí splanc mhóna.  Sin an chéad uair a labhair 
sé féin agus Máire le chéile ó tháinic sé isteach. 
"Eadraibh bíodh, is giorra sibh fhéin dhá chéile 'ná mise," arsa 
Máire, dhá thabhairt le teasbáint do Mháirtín go raibh beagán 
feirge fós aici leis. 
Níor thaithnigh sin le Micil 'chor ar bith, agus cé gur breágh an 
sgartghaíl gháire chuir sé as ag éisteacht leó, 'na dhiaidh sin is 
eile, b'fhearr leis bheith ag imirt cártaí.  Caochann sé an tsúil 
ar Mháire, agus mo chreach níor b'uirri-se an mhoill, mar is 
goirid go raibh an "stól mór fada" i bhfiadhnaise na beirte i 
gceartlár an teallaigh. 
"Ara, muise, nar laga Dia do lámh, agus i gcionn bhliadhna 
go ndéana tú é," arsa Micil, ag tarraint a stóil féin anall 
ón mballa i n-aice clár na himeartha.  Ní raibh gádh fiafruighthe 
cá raibh na cártaí, mar ón gcéad lá ar aithnigh Micil an cíonán 
thar an gcuileata, bbíodh paca cartaí i bpóca a ascaille aige Dia 
Luain chómh maith le Dia Domhnaigh.  Nuair a chuir sé na cártaí 
ar an stól, seo sean Mháirtín dhá dheasughadh féin. 
"Tá dúil agad deatach a bhaint as airgead Mheiricá, a 
Mháirtín," arsa Tadhg. 
"Má bhainim fhéin," arsa Máirtín, "is beag dho do chuid-sa 
é." 
Ní facthas Máirtín ariamh chómh crosta is bhí sé an mhaidin sin, 
cé gur beag ar leig sé aige é, acht mar sin fhéin bhí sgéan 
'na shúilibh. 
"Nach mairg gan cearrbhach eile againn," arsa Micil, 
"agus d'imreochadh sinn dólaímh" (.i. beirt is beirt i n-aghaidh 
a chéile). 
Ní túisge bhí an focal as a bhéal ná cé buailfeadh isteach acht 
Seumas Mhíchil, mar, acht an oiread le Micil bhí sé chomh tugtha 
d'imirt chártaí le fear bán ar bith. 
"Bail Dé oraibh," arsa Seumas, "agus, dar fiadh, is breágh 
an áit a bheith faoi chaolach an tighe seo lá sneachta is comhuidhe, 
mo chuid dhon lá indiu ort, a Mháire." 
"Seo, ná bac liom-sa," deir Máire, "acht suidh annsin agus 
déan obair, agus má tá aon ráth ort cuid d'airgead Mheiricá 
bhaint de fhéin." 
"Nach mór is feicear dhíbh thrí n-a chéile an sprus beag sin. 
M'anam, muise, go mb'fhéidir go bhfuigheadh sibh bhur ndóthain le 
déanamh is é bhaint dhíom.  Leag annsin í, a Thaidhg.  Imreócha 
mé fhéin agus Tadhg aon leath-ghallún amháin le aon bheirt." 
"Támuidne sásta," ars' an bheirt eile. 
Rug Máirtín ar na cártaí agus shuaith sé iad.  Cuir sé 
amach cé leis déanamh agus thuit an chéad déanamh air fhéin. 
Shuaith sé aríst iad, agus thug sé aon bhreathnughadh amháin amach ó 
n-a mhallaí ar a pháirtidhe chómh mór le rádh is go bhfuigheadh 
an bheirt eile bualadh "Micil na Sróine" nuair a d'imir sé 
capall is bó a bhí aige is buadhadh air iad.  Dheasuigh sé a hata 
ar a cheann, agus nuair a bhí falach ar na cuideanna aige, agus 
é le linn an mhádh-chinn iompughadh - stop sé. 
"Cé mhéad cluithchí a chuirfeas sinn air?" ar seisean.
"Trí cinn," arsa siad-san.
Ní raibh ann níos mó (a thuilleadh).  D'iompuigh sé agus 
céard a bheadh aige acht an "bainbhín" (.i. an t-aon a hart). 
"Díol astab go beó," arsa Micil leis.
"Thug sé a dhíol a-bhaile leis," ar seisean.
"Má thug fhéin," arsa Séamus Micil, "is beag an mhaith dhuit 
an bobhta seo é mar tá sé chárta agam-sa." 
"Níl an mearbhall a chuir Pádhraig Bhríghin ort ar maidin im-
thighthe fós díot," arsa Tadhg. 
Níor dubhairt Máirtín seadh ná ní sheadh, acht, chuir sé a dhá 
lámh faoi n'ascaill agus bhí 'chaon breathnughadh aige ar Sheumas 
Mhíchil.  Bhí sé san aimhreas ar Sheumas gur amhlaidh phioc sé 
cárta don stól nuair a fuair sé an deis, mar ní cáil mhaith bhí 
ar an bhfear céadna ag imirt chártaí.  Bhí sé ceilteach agus 
maidir le séitéiracht, bhí sé ar an séitéir ba mhó san áit. 
Pé sgéal é bhíodar ag imirt ar feadh tamaill deas, agus gan 
smid aca an fhaid 's bhíodh cártaí i n-imirt, mar aon nduine 
labhairfheadh bhí a lámh i bpaca.  Bhuaidh Seumas agus Micil an 
"Beir oraib sin," arsa Micil le Seumas, "agus ná leig ón 
méir é; Agus níor leig, mar d'iompuigh sé haon spéireat, 
agus rinne ceithre áis eile as a láimh féin.  Bhí an leath-ghallún 
ar shean Mháirtín. 
Fritheadh leath-ghallún dhe "shúgh an ghráinne-eorna," agus 
d'óladar é.  Is gearr go raibh sean Mháirtín briotach, agus ní 
le n-a raibh ólta aige é, acht ghoill sé air.  Thug an braoinín 
caint dhó freisin. 
"Cheap Pádhraig Bhríghin mise a chur faoi n-a chosaibh indiu, 
acht beireadh sé greim gearr ar fhéin," air seisean. 
"Réidhteach anois, a Mháirtín, fan agat fhéin, ní raibh sé acht 
ag fonomhóid," arsa Micil Mór. 
Do ghrádh deire a chur le cainnt Mháirtín, beireann Séamus 
Mhicil ar dhá láimh air, agus seo ag gabháil fhuinn é. 
"Croidhe dhuit, agus ná raibh tú tinn, agus i gcionn bliadhna 
go raibh sinn i dteannta a chéile," arsa sean Mháirtín.  "Nach 
fíor dham é, a Thaidhg?" 
"Ó! go deimhin, is fíor, acht ná bí ag gleó," arsa Tadhg, 
mar ba fear céillidhe, greannmhar a bhí ann. 
Bhí lá an-chuideachtamhail aca, agus níor thaise leis an oidhche 
é, mar nuair a fuair Micil Mór Séamus Mhíchil agus Tadhg 
Mháire bogtha rinne sé cleamhnas (agus ba mhaith uaidh) idir an 
bheirt aca.  Sgorach d'fhear óg láidir bhí i Séamus, agus bhí sé i 
ndiaidh inghean Taidhg, agus bhí fhios sin ag Micil Mór go maith. 
Ní raibh ó Thadhg fhéin acht an lide fhághail. 
Chuaidh 'chaon nduine dho na cuairteóirí a-bhaile age n-a 
shuipéar féin, agus ní facas fear ariamh bhí chomh bródamhail le 
Tadhg ag innseacht an sgéil dhá inghin.  Bhí sise sásta agus bhí an 
mháthair sásta freisin.  Ní gádh a rádh nach ndearnadar dearmad 
ar a dhul go tigh Thaidhg tar éis suipéir, agus bhí Máirtín ar an 
gcéad duine.  Bhí fáilte, agus flaitheamhlacht agus carthanas 
roimh Sheumas Mhíchil is a dhream.  Níor caitheadh ó shoin oidhche 
níos chuideachtamhla ná mar a bhí i dtigh Thaidhg an oidhche úd. 
Bhí sé tugtha suas do shean Mháirtín len' fheabhas ag gabháil 
fhuinn, agus ní dheachaidh forus ná comhnuidhe air, acht, ag amhrán-
aidheacht agus ag caint, sgaithtí ag deunamh gaisge, ag cur 
síos ar a óige fhéin, nó go raibh an ghrian go hárd ar an aer lá 'r 
n-a mhárach. 
Fuair mise mo chuid fhéin do bhainis inghine Thaidhg Máire 
agus Mhicil Sheumais. 
BINN TIGHE.
TAGRA
1 = Leath-pláta do phlait = cuid dhá cloigeann gan aon ghruaig.  2 = bhí dúil
mór i n-a chuid oibre aige.  3 = ceist a chuir orainn.  4 = go feargach.  5 = nuair
bhí sé ag dul dhá dheunamh.  6 = ba mhaith mar rinne sí é.  7 = níl aon duine agaibh
a mbeudh sé do mhisneach ann.  8 = cia an mhaith dham ag caint.  9 = saghas grinn
tharnuigheans troid go minic.  10 = leigfidh mé leis an bobhta seo.  11 = buachaillí
óga.  12 = níor bhain sí leo.  13 = comh deirneach.  14 = píopa mór millteach.
15 = chomh dúlmhar.  16 = íoctha agat liom.  17 = dar ndóigh.  18 = ós comhair.  19 = ar
innis.  20 = imirtheóir.  21 = léir.  22 = thrí chéile.  23 = .i. go raibh an droch-chárta
aige le díol astab.  24 = ceilfeadh sé na cártaí.  25 = seitéaracht i n-éadan a
chéile - caitheamh ar a chéile.  26 = bhí a lámh curtha síos.  27 = taréis gach aon
rud.  28 = an cluiche deirneach.  29 = iompuigh rí nú haon .i cúig.  30 = ceithre
chúig.  31 = poitín.  32 = cainteach, agus nach féidir tuigsint acht go dona.
33 = tada.  34 = beagán ar meisge.  35 = seans.  36 = stopadh.  37 = amannta
(anois 's aríst).
A shrotháin tsléibhe, go gléigeal guagach
Chun an gleanna 'ot luascadh féin,
Tríd an luachair seinnir sodhán;
Uch! gan mise im shrothán sléibhe!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11