Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litriughadh na Gaedhilge. Cuid a dhá.
Title
Litriughadh na Gaedhilge. Cuid a dhá.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litriughadh na Gaedhilge. CUID A DHÁ. I ndiaidh na bhfíor gconsain féacham air na leith-ghuthanna l, n, r, is iad air an dúbailt ll, nn, rr, is ionann agus l, n, r leathan. Ní sheachnar leó sin "anáileachd" ag tús an fhocail agus tilleann a bhfuamanna nádúrtha chuca 'sin. Deir cuid éigin go mbudh chóir nód a chur ortha; ach carson gcur- faí an nód, ma bhíos an fuaim nádúrtha? Nach mbéadh sé ní b'iom- chuidhe litir a neartoghadh air a bhfuaim láidir .i. le bogha dheanamh air l, agus earr air an-dara chos aig n, agus lúb air r mar atha air an R (mór); agus nuair nithear a bhfuaman' nádúrtha, cuir- fimid na litre coitcheana. Tá fuaim anáilighthe ann dá mbárr do n, mar atá aig iorr an fhocail Fraingise .i. matin; do r mar é seo aig iorr father sa Bheurla: má bhéadh dith ortha, ghabhfaimis don n sin a' chéad chos aici i v a bhíos na litir Gréigise dhí, don r an dara chos aici féin .i. n atá na litir sgríbhne Béarla 'nois. I dtaoibh litrighthe na Gaedhilge ghní lucht Béarla cáineadh go bhfuil an iomarca gutha le cheile 'cí; ach ní cháinid é sin air ear- ball aíov sa Ghreigis, air an bhfocal ouie sa bhFraingis no air wooi- ng na dteangaidh féin! Gíodh, mar is fíor é go bhfuil ro-mhórán ghutha gan fuaim, féadaimid leasughadh. Ma d'fhéachas sinn air a i gclógh a' Bhéarla, gheibh sinn litir annósach, d'fhéadfadh déanamh air son ea .i. a. Agus ma sgríobhair oi le chéile bhéidh litir againn mar a sgríbhne Béarla 's Fraingise. Lúbthar i leis an gclé, is ní h-éiginnear sinn guth leathan gan fhuaim a cur isteach roimhe, .i. curs(a)igh, tionntógh(a)idh, cur- s(u)igh: lúbthar é don deas air son guth gan fhuaim 'na dhiaidh .i. as ionann agus i(o) .i. ci(o)n. Fá dheóidh tionntógh'mid do na consainibh fo dorchughadh .i. = nd agus nn, no n leathan = nb agus m(b) no m leathan; agus má chuir sinn earr do chois n leathan chuirfimis e don tríomhadh chois aig m leathan, am, cam, = agus ambo, cambo sa
tsean-Ghaedhilg, = nan bárd agus na m(b)árd - agus = nh agus v [Gr.] agus = bh agus v = mh agus w (oir = mh agus nhbh) .i. lámh, lábh + … , … sa Ghréigis. Mar sin = nhgh agus vj, 'sé sin aon fhuaimnioghadh atá air ng .i. air ceangal: tá an fuaim eile neamh-anáilighthe 'sé 'na fhuaim dá-chonsaineach: air a shon sgríobhar ng le chéile mar atáid le chéile 'na bhfuaim, agus béidh n leathan is bogha 'na iorr; agus 'sé sin atá 'gainn air nhgh agus tá malairt fuamann eatortha .i. ceangal, ceavjal. Tig nt go d .i. = cinto n- sa Laidin centum .i. céad, ciad ach neartaigh- eadh an guth leis an n .i. cinodh, civ'd, ce'd. Air son sin ce sgríobhas céadt? Gíodh sgríobhaimid "a dtig tu?" Thig np go b (bp) agus nc go g (gc). A n-ann aon litir fa leith dóibh sin leis a' bhfuaim meadhonach b, g, d, agus iad a' teachd ó na "tanaibh" p, c, t? Ma ghabhfaimid … (i. s meadhonach Gréigise) do "t" dorchaighthe cha bhéadh léir gan sompla: sgríobh na hAithnigh … i n-áit … a bhí ag na hAiolaigh … atá ceithre leinn: agus 'na dhealbh is cosmhuil … le d,t. Do bp sgríobhfaimis p mar litir sgríbhne sa Bhéarla agus sa bhFraingis: oir atá sin as ionann le b, p; Do gc k (as comsmhuil le k Gréigise) .i. thig gc ó nch agus = ic agus vc. Agus cha dean sinn a measgadh air ch, dh, th: Oir gabh ch, dh, th le nódaibh b - - b agus puinge 'gan-earraibh a - a, c. Déan lúbanna eadar ab, ab, abc, fá leith, agus táid glan soiléir ó d, k : ní mó táid nuadh, oir is ch, dh, th, fós, is iad 'ghá sgríobhadh siubhlach, mar is r, p (rhó) siubhlach. Maireann bhf a' teacht ó nf cuirthear dhó earr air v mar atá air f.
Cuirfead an chríoch air seo le rádh nach bhfuil aon litir nuadh eatortha, muna mbí do bhf, (a)i, i(o). Budh chóir dealoghadh beag san fhuaim a thaisbeaint le deifir bhig sgríobhaidh. Sa chiad chuid dubhairt me go raibh litreacha Béarla ní b'fhaide don Ghaedhilg le h-aon is gach cúig; deirim mar an gceudna go ndeanadh na litreacha báirr seo a sgríobhadh ní budh ghiorra le méad co' mhór: agus tá súil agam nach bhfuilild i n-aghaidh sbiorad na Gaedhilge. CLUAD A CHEABHASA. (Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services