Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litriughadh na Gaedhilge. Cuid a dhá.

Title
Litriughadh na Gaedhilge. Cuid a dhá.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 548


Litriughadh na Gaedhilge.



CUID A DHÁ.



I ndiaidh na bhfíor gconsain féacham air na leith-ghuthanna l,
n, r, is iad air an dúbailt ll, nn, rr, is ionann agus l, n, r
leathan. Ní sheachnar leó sin "anáileachd" ag tús an fhocail
agus tilleann a bhfuamanna nádúrtha chuca 'sin.



Deir cuid éigin go mbudh chóir nód a chur ortha; ach carson gcur-
faí an nód, ma bhíos an fuaim nádúrtha? Nach mbéadh sé ní b'iom-
chuidhe litir a neartoghadh air a bhfuaim láidir .i. le bogha dheanamh
air l, agus earr air an-dara chos aig n, agus lúb air r mar atha
air an R (mór); agus nuair nithear a bhfuaman' nádúrtha, cuir-
fimid na litre coitcheana. Tá fuaim anáilighthe ann dá mbárr
do n, mar atá aig iorr an fhocail Fraingise .i. matin; do r
mar é seo aig iorr father sa Bheurla: má bhéadh dith ortha,
ghabhfaimis don n sin a' chéad chos aici i v a bhíos na litir Gréigise
dhí, don r an dara chos aici féin .i. n atá na litir sgríbhne
Béarla 'nois.



I dtaoibh litrighthe na Gaedhilge ghní lucht Béarla cáineadh go
bhfuil an iomarca gutha le cheile 'cí; ach ní cháinid é sin air ear-
ball aíov sa Ghreigis, air an bhfocal ouie sa bhFraingis no air wooi-
ng na dteangaidh féin! Gíodh, mar is fíor é go bhfuil ro-mhórán
ghutha gan fuaim, féadaimid leasughadh. Ma d'fhéachas sinn
air a i gclógh a' Bhéarla, gheibh sinn litir annósach, d'fhéadfadh
déanamh air son ea .i. a. Agus ma sgríobhair oi le chéile bhéidh
litir againn mar a sgríbhne Béarla 's Fraingise.



Lúbthar i leis an gclé, is ní h-éiginnear sinn guth leathan
gan fhuaim a cur isteach roimhe, .i. curs(a)igh, tionntógh(a)idh, cur-
s(u)igh: lúbthar é don deas air son guth gan fhuaim 'na dhiaidh .i.
as ionann agus i(o) .i. ci(o)n.



Fá dheóidh tionntógh'mid do na consainibh fo dorchughadh .i.



= nd agus nn, no n leathan
= nb agus m(b) no m leathan;



agus má chuir sinn earr do chois n leathan chuirfimis e don
tríomhadh chois aig m leathan, am, cam, = agus ambo, cambo sa


L. 549


tsean-Ghaedhilg, = nan bárd agus na m(b)árd -



agus = nh agus v [Gr.]
agus = bh agus v
= mh agus w (oir = mh agus nhbh)

.i. lámh, lábh + … , … sa Ghréigis.



Mar sin = nhgh agus vj, 'sé sin aon fhuaimnioghadh atá air ng
.i. air ceangal: tá an fuaim eile neamh-anáilighthe 'sé 'na fhuaim
dá-chonsaineach: air a shon sgríobhar ng le chéile mar atáid
le chéile 'na bhfuaim, agus béidh n leathan is bogha 'na iorr; agus
'sé sin atá 'gainn air nhgh agus tá malairt fuamann eatortha
.i. ceangal, ceavjal.



Tig nt go d



.i. = cinto n- sa Laidin centum .i. céad, ciad ach neartaigh-
eadh an guth leis an n .i. cinodh, civ'd, ce'd. Air son sin ce
sgríobhas céadt? Gíodh sgríobhaimid "a dtig tu?"



Thig np go b (bp)
agus nc go g (gc).



A n-ann aon litir fa leith dóibh sin leis a' bhfuaim meadhonach
b, g, d, agus iad a' teachd ó na "tanaibh" p, c, t?



Ma ghabhfaimid … (i. s meadhonach Gréigise) do "t" dorchaighthe
cha bhéadh léir gan sompla: sgríobh na hAithnigh … i n-áit
… a bhí ag na hAiolaigh … atá ceithre leinn: agus
'na dhealbh is cosmhuil … le d,t.



Do bp sgríobhfaimis p mar litir sgríbhne sa Bhéarla agus sa
bhFraingis: oir atá sin as ionann le b, p;



Do gc k (as comsmhuil le k Gréigise) .i. thig gc ó nch agus = ic
agus vc.



Agus cha dean sinn a measgadh air ch, dh, th:



Oir gabh ch, dh, th le nódaibh b - - b agus puinge 'gan-earraibh
a - a, c.



Déan lúbanna eadar ab, ab, abc, fá leith, agus táid glan
soiléir ó d, k : ní mó táid nuadh, oir is ch, dh, th, fós, is iad 'ghá
sgríobhadh siubhlach, mar is r, p (rhó) siubhlach.



Maireann bhf a' teacht ó nf cuirthear dhó earr air v mar
atá air f.


L. 550


Cuirfead an chríoch air seo le rádh nach bhfuil aon litir nuadh
eatortha, muna mbí do bhf, (a)i, i(o). Budh chóir dealoghadh beag
san fhuaim a thaisbeaint le deifir bhig sgríobhaidh. Sa chiad chuid
dubhairt me go raibh litreacha Béarla ní b'fhaide don Ghaedhilg le
h-aon is gach cúig; deirim mar an gceudna go ndeanadh na
litreacha báirr seo a sgríobhadh ní budh ghiorra le méad co' mhór:
agus tá súil agam nach bhfuilild i n-aghaidh sbiorad na Gaedhilge.



CLUAD A CHEABHASA.



(Críoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services