Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. VIII - An Bhean Feasa.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. VIII - An Bhean Feasa.
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. VIII. - AN BHEAN FEASA. Bhí aimsear na Nodlag chughainn, aimsear naomhtha an chinn bhliadhna, aimsear an tsuaircis agus na lúthgháire. Ba léir nách fada ó bhaile bhí sí. Bhí a cómharthaidhe le feicsint ar gach taoibh ar a shon ná raibh na craobhcha cuilinn ná na fleasca eidhneáin dá gcur i n-eagar fós. Dhéanfaidhe san leis i dtráth. Níor bh'fhuláir na tighthe do ghealadh agus do chur i gclódh ar dtúis le haghaidh na féile beannuighthe. Agus ní raibh tigh comhnuidhthe i bParóiste an Fhearainn ná raibh an mhuinntear go gnóthach is go dícheallach ann, ag scuabadh is ag glanadh istigh is amuigh. Ní feacathas chomh fuadrach le bliadhain roimhe sin iad. Agus na buachaillidhe agus na cailínidhe a bhí ag obair go dian ar an gcuma so, bhíodar chomh éadtrom- chroidheach chomh gealgháireatach is dá mba ag caitheamh lae saoire bheidís. Bhí óigfhear áirithe, ámhthach, a bhí chomh gnóthach le cách eile, acht i n-inead lúthgháire na coda eile bheith air bhí ualach bróin agus buaidheartha ar a chroidhe. Ní doicheall a bhí aige roimis an aimsir bheannuighthe bhí ag druidim leis, agus ní leisge bhí air slacht a chur ar a thigh ina cómhair. Acht i ndiaidh na Nodlag tagann an Inid, agus bheadh an t-aon chailín gur thug sé riamh gean agus grádh dhi dá pósadh le fear eile i dtosach na hInide bhí chuige. Mac baintreabhaighe do b'eadh Seán Ó Muidhneacháin, an t-óigfhear so a luaidhim. Do cailleadh a athair sara raibh sé tagtha chum aoise fir, acht bhí sé de rath ar a mháthair gur bhronn Dia mac ciallmhar grástamhail deaghiomchuir uirthi. Do thuit riaradh na feirmeach ar Sheán tar éis bháis a athar, agus fé cheann trí mbliadhan bhí de theist air ná raibh feirmeoir eile chomh slacht- mhar chomh críochnamhail leis le fagháil ar an bpobul. Acht dá ghnóthaighe is bhíodh sé de ghnáth, agus dá mhéid é a chúram agus dá fheabhas aire is thugadh sé d'obair na feirmeach,
fuair sé uain éigin ar thuitim i ngrádh. B'í Eibhlín Ní Néill a rogha de chailíníbh a aitheantais. Maidir le cailín do tógadh 'san dtuaith, bhí tabhairt suas ar Eibhlín nách gnáthach d'fhagháil ar a leithéid. Cailín breagh dathamhail a b'eadh í, agus bhí sí ciúin ciallmhar dá réir. Bhí sé tugtha suas di ná raibh a samhail eile de choimeáduidhe tighe i rith na paróiste. An t-im a gheibheadh tré n-a lámhaibh bheireadh bárr an mhargaidh i gcomhnuidhe. Bhí tréithe maithe nach iad so ag baint le hEibhlín, acht an té thabhar- fadh fé iad a luadh níor mhór dó féith na filidheachta bheith ann. Thárla go raibh gasradh de bhuachaillibh na háite bailighthe i dtigh Mhichíl Uí Dhaeghda oidhche áirithe coigthigheas roimh an Nodlaig seo gur tráchtadh cheana uirthi. B'annamh leo bheith chomh déadhnach ag gabháil d'imirt na gcártaidhe is bhíodar an oidhche seo, acht thárla leis go raibh na cearrbhaigh a b'fhearr 'san gcomhursanacht ] ag iomaidh le chéile, agus mar is gnáth do righnigh sain an obair. Níor scuireadar nó go raibh sé ar bhuille an t-aon uair dhéag. Ní túisce bhíodar amuigh fé spéir na hoidhche, ná ghlaéidh Labhrás Ó Súilleabháin i leath-taoibh ar a sheancharaid Tomás Ó Milleóin. "A leithéid seo, a Thomáis," arsa Labhrás. "Bhíos ag cuimh- neamh aréir tar éis dul a bhaile dhom gur mór an truagh é má bhíonn Eibhlín Ní Néill snadhmtha i gcleamhnas leis an suarachán buidhe úd, an Ríseach. Féach! da mba mise a máthair, b'fhearr liom í árdughadh liom síos agus í bháthadh i bPoll an Úcaire 'ná i thabhairt dó." "Seachain, a Labhráis, a bhuidheanaigh," arsa Tomás, "agus ná dein éinnídh chuirfeadh i ngathaibh na dlighe thu. An uair bhí athair an chailín sin ag toghadh cleamhna dhó féin agus fir dá inghin, níor tháinig sé ag éileamh chomhairle ar cheachtar againne. Agus má toiligheann sí féin an Ríseach do phósadh nách cuma dhuit-se ná dhomhsa san." "Cé dubhairt leat gur le n-a lántoil féin a tá sí dhá phósadh?" arsa Labhrás. "Táimse tar éis a mhalairt de scéal do chlos. Deir Máire Ní Ghearailt go mbrisfidh croidhe Eibhlín má chuireann a hathair d'fhiachaibh uirthi an Ríseach do ghlacadh mar chéile. Má nocht Eibhlín a haigne d'éinne, is í Máire an duine sin, óir táid araon chomh ceanamhail ar a chéile is bheadh aon bheirt dheirbhshéar. Cogar - ar chualaís go raibh Eibhlín agus Seán Ó Muidhneacháin geallta dá chéile le fada?"
"An ndeireann tú liom é?" arsa Tomás, agus iongnadh an domhain air. "Bhí amhras agam go raibh súil ina diaidh ag Seán, mar is minic a chastaí orm é agus é ag dul ar chuairdibh chum tighe an Niallaigh. Níor mheasas, ámhthach, go raibh ionnta acht cuarda muinnteardhais amhail is mar thugadh buachailllidhe an bhaile go léir ann. Cad n-a thaobh go bhfuil Seán dá scaoileadh uaidh ar an gcuma sain, má's fíor a ndeirtear; nách fearr d'fhear é 'ná triúr mar an Ríseach?" "Cadé an leaghas air, a dhuine? Ba mhór ag Peadar Ó Néill Seán choidhche gur tháinig an saidhbhreas anall thar calaidh chum an Rísigh, fé bhrígh udhachta a dhearbhráthar. Ní fhéachfadh sé siar ó shoin air. Acht dá mbeinnse i n-inead Sheáin, is túisce d'fhuadóghainn liom í 'ná léigfinn leis an spreasán úd í. Is baoghlach go bhfuilim id mhoilliughadh-sa ró-fhada lem ráiméis chainnte, agus go mbeidh Tadhg Neil ag feitheamh leat. Gluaisimís orainn anois ó tá an chuid eile imthighthe romhainn, agus inneósaidh mé dhuit cad air go rabhas ag cuimhneamh ó mhaidin. Tá sé greamuighthe go daingean istigh im aigne go bhféadfaidhe cleas éigin neimhdhíoghbhálach d'imirt a chuirfeadh an cleamhnas úd ar gcúlaibh. Admhuighim ná tiocfadh a bhriseadh glan amach ró- shaoráideach dhúinn, mar tá dúil thar meadhón ag an Niallach i n-airgead an Rísigh. Is follus do chách nách fear a theastuigheann uaidh dá inghin acht inead maith agus maoin. Dá mba fear a theastóghadh uaidh ní crúnca aindeiseóra mar an Ríseach a thoghfadh sé dhi." "Seadh, agus an bhfuil aon chleas áirithe ceaptha amach agat, nó cé air go measann tú é imirt?" arsa Tomás. "Tá, acht go bhfuil eagla orm go mbeidh sé ró-dheacair a chur i bhfeidhm. Is fearra dhuit gabháil siar chugham ist oidhche imbáireach, agus cuirfeam ar gcómhairle i gceann a chéile. Seachain is ná habair le héinne go bhfuil éinnídh den tsaghas idir lámhaibh againn. Má scéitheann focal de ó cheachtar againn teipfidh orainn, agus beidh an saoghal ag magadh fúinn." Pé gnó bhí aca dá chéile níor tháinig aon oidhche ar feadh seacht h-oidhche i n-a dhiaidh sin ná feictí Labhrás agus Tomás ag cogarnaigh i gcúinne éigin. Im briathar go rabhadar chomh discréideach i dtaobh an rúin a bí ar iomchur aca is dá mba ag ceapad "éirighe amach" eile bheidís.
Bhí sé i ngiorracht seachtmhaine d'oidhche Nodlag an uair tugadh cogar don Ríseach go raibh bean feasa a bí d'éis taisteal na Frainnce ar lóistín i dtigh an Cheithearnaigh sa nImilleach. Comhursa dhó féin a dh'innis dó é. "Ar do bhás bheathadh, a Sheóirse," ars' an chomhursa so leis, "ná habair le daonaidhe beó gur bean feasa í. Inghean an Cheithearnaigh a dubhairt liomsa é, agus gheallas di ná tráchtfainn air le aéinne. Dá bhfaghadh na daoine amach a leithéid a bheith ann bheadh gramraisc na dúthaighe ag rith chúichi. Tháinig sí annso d'fhonn suaimhneas a bheith aici ar feadh tamaill." "Dhe mhaise, is tógtha táimíd léi féin agus le n-a cuid feasa," ars' an Ríseach. "Dá mba bean leighis í go deimhin ba rud éigin é. Cad é an mhaith dhomhsa a cuid feasa? B'fhearr liom seacht n-uaire scéala d'fhagháil ar mhnaoi dhéanfadh orth a leaghasfadh mo láirín. Tá leath scéal dochtúra annso thíos ar an tsráid againn, agus tá airgead agam dá thaoscadh chuige i na charnánaibh le mí, acht an deamhan pioc maitheasa dhein sé ó thúis di." "Mo thruagh gan chiall tu, a Rísigh. Airighim-se ná fuil ortha dár deineadh riamh ar dhruim an domhain ná fuil eólas ag an mnaoi seo uirthi." "Cé chualaís dhá rádh sain?" "Ughdar maith, mhaise, a Sheóirse. An bhfeacaís an láir dhubh úd a cheannuigh an Cithearnach ar an gClár lá aonaigh na Beal- taine? Chonnaicís. Seadh, tháinig taom millteach uirthi an lá fá dheireadh. Bhí sí i ndeireadh na feide agus gan súil ag éinne da bhfeaca í go n-éirgheóghadh sí go bráthach. Thárla go raibh an bhean uasal so ag aeridheacht di féin thíos le hais na trágha. Ar bhfilleadh dhi chuala sí scéala na lárach duibhe. "Ar cuireadh fios ar liaigh na mbeithidheach?" ar sise. Dubharthas léi gur cuireadh, acht go mb'éigean dó éirighe dí toisc ná féadfadh sé a dhéanamh amach cad a bhí uirti. D'imthigh sí fé dhéin an stábla. Ghlaeidh sí i leathtaoibh ar an gCeithearnach. "Ní bheidh seoid ar do chapall," ar sise. "Abair leis na daoinibh sin bailiughadh leó a bhaile; téidhir-se isteach agus ith do chuid bídh, fairfead-sa í seo go bhfillfir. Níl a fhios ag éinne beó acht í féin cad a dhein sí an fhaid a bí sé imthighthe, acht thabharfadh an Ceithearnach an leabhar go raibh feabhas ar an láir
ar a theacht thar n-ais dó. Ní scarfadh sé leis an láir sin ar thrí fichid púnt indiu." "Is maith mar oirfeadh dhomhsa dá leaghasfadh sí mo chapall dom," ars' an Ríseach. "Agus geallaimse dhuit ná bead gan a iarraidh uirthi." "Má ghlacann tú comhairle amadáin fanfair sa' bhaile agus ní raghair ina goire, nó má théigheann tú tá eagla orm go mbeidh do chuaird in' aistear agat." "Ní dócha go mbainfidh sí aon ghreim asam agus is é a dícheall an t-eiteach a thabhairt dom," ars' an Ríseach. "Cá bhfios duit nách draoidheacht éigin d'imreóghadh sí ort. Is maith thiocfadh sé dhuit gabhar nó geirrfhiadh a dhéanamh dhíot, nách dóigh leat sain?" "Ní baoghal dom, a Pháid," ars' an Ríseach. Oidhche lae ar na bháireach bhí mion-ghasra cruinnighthe timcheall na teine i gcistin an Cheithearnaigh. Bhí triúr óigfhear agus beirt bhan ann. B'shin a raibh. Bhí an bhean feasa agus Máire Ní Cheithearnaigh i n-a suidhe ar aghaidh na teine amach, Labhrás Ó Súilleabháin agus a dhrom le hiarta, Tomás Ó Milleóin ar a aghaidh anonn, agus Páid Breathnach le n-a ais. Má bhí draoidh- eacht nó diablaidheacht ag baint leis an mnaoi feasa úd is beag a shaoilfeadh éinne é le féachaint uirthi. Agus ní raibh duine ar an gcuideachtain ba gealgháireataighe 'ná í. "An rabhais ag cainnt leis an Ríseach, a Pháid?" arsa Labhrás. "Im briathar go rabhas," arsa Páid, "agus táim i n-amhras láidir nách mór an codladh thuitfidh air go mbeidh annso ar thuairisc na mná óige seo annso againn. An n-airigheann tú leat mé? Beidh sé chughat ist oidhche i mbáireach chomh cinnte is tá bianna ar mhaide bacaigh. Thugas leathuair a' chloig ag stealladh éithigh chuige. Cad a dhéanfad i n-aon chor uair raghad chun faoistine? Cuirfidh an tAthair Micheál ag triall ar an Easbog mé." "Airiú, ní doimhne sa' phraisigh thusa 'ná éinne againne," arsa Labhrás. "Seadh, agus ná fuilim-se i mbun is i mbárr na hoibre," ars' an bhean feasa, "agus sibhse dhom tharrac isteach innte dem indeóin." "Eagla tá ort go raghaidh díot púicín a chur ar an Ríseach,
is dócha," arsa Tomás, "má chailleann tú orainn beidh an donas déanta agus an Ríseach ag magadh fúinn." "Ó, déanfad-sa mo dhícheall díbh, pé olc maith é," ar sise. Deineadh a lán socruighthe sarar scuireadar dá gcomhrádh, agus dar leó féin ní raibh lúb ar lár ins an gcleas a ceapadh ar an láthair sin, acht go n-éirgheóghadh leó é cur i gcrích. Tháinig an Ríseach an oidhche go raibh súil leis. Chuaidh cailín freastail suas san seomra chum a rádh leis na mnaoi feasa go raibh fear éigin ag cur a tuairisc. "Deir sé gur mhaith leis ádhbhar cainnte dhéanamh leat, dá mb'é do thoil é," ars' an cailín. "Abair leis go bhfuilim ró-ghnóthach anois, acht go mbeidh mé ullamh ina chómhair ar ball, má's mian leis fuireach go dtí sain." Chomh luath i nÉirinn is bhí an cailín imthighthe phreab sí i n-a suidhe as an gcathaoir. Bhí Máire san tseomra ina teannta. "A Mháire," ar sise, "is fearra dhuit fanamhaint annso i n-éinfheacht liom. Tabharfaidh sé breis mhisnigh dhom, má fhanann tú. Foluigh tú féin i gcúinne dorcha agus múchfad an lampa annsan. Ní beag domhsa solus na teine." Chuaidh Máire i bhfolach, agus bhuail an bhean eile cluigín a bhí ar an mbórd. "Abair leis siúd teacht aníos chugham." Tháinig an Ríseach, agus go dearbhtha bhí a iosacada ar lúbadh faoi, amhail is mar bheadh faitcheas nó cúlmhántacht ag gabháil dó. Stad sé ar tháirsigh an dorais agus níor labhair focal. "Tair isteach agus dún an doras id dhiaidh, ma's é do thoil é," ars' an bhean istigh. Dhein sé anonn uirthi go mallthriallach. "Airighim," ar seisean, agus creathán ina chainnt, "gur bean feasa thusa, agus go bhfuil sé i gcumas agat capaill is ain- mhidhthe eile do leaghas. D'éirigh iomard éigin do láir luachmhair liomsa mí ó shoin, agus téigheann díom luibh ná purgóid d'fhagh- áil a dhéanfadh maitheas di. Ní fear saidhbhir mé, acht díolfad go maith thú má éirigheann leat í leaghas." "Cad tá uirthi, id thuairm?" ar sise. "Táim dall air," ar seisean, "acht ní fheaca oidhre riamh ar fhear meisge acht í. Tá sí fé mar bheadh meidhreán ina ceann." "Ní éileoghad-sa pinginn airgid ort," ars' an bhean feasa.
"Ní chum airgead a thuilleamh a thánga annso. Inneósaidh mé dhuit anois cad a bheidh ort a dhéanamh. Ná bíodh aon anonn is anall agat leis, máiseadh. Dein gach a ndeirim leat nó fág id dhiaidh é; ar mhaithe leat atáim. Ní féidir m'ortha-sa do chur i bhfeidhm anois nó go mbeidh an Nodlaig imthighthe tharainn, óir do chuirfeadh naomhthacht na haimsire brígh agus cumhacht na hortha ar neimhnídh. Mara mbeadh san ní bheadh bac ort do chapall a leaghas ist oidhche i mbáireach. Bíodh oidhche lae Fhéile Stiophán agat chuige. Aduigh béiltheach bhreagh theine i lár páirce i gcomh- gar do thighe. Cur srian led láir annsan, agus chomh luath is eireóghaidh an rae téidhir ar a muin. Ná bíodh d'éadach umat acht bríste is do léine agus braitlín do leabthan féina chlúdóghaidh thú ó smig go sálaibh." "Ar mh'anam go leathfar mé, má bhíonn sioc no fearthainn aige dá chur," ars' an Ríseach. Le n-a linn sin chualadar araon únfairt éigin i gcúinne an tseomra. Chuir an Ríseach cluas air féin. D'airigh sé amhail is mar bheadh duine dá mhúchadh ann. "I n-ainm Dé, cad é sin?" ars' eisean. "Tagann peata gadhair Mháire annso isteach go minic, agus is dócha go bhfuil sé ina chodladh san gcúinne sin," ars' an bhean ghlic. Do las sí an choineall, agus, ar ádhbharaíbh an tsaoghail, bhí an gadhar ann agus Máire imthighthe. Ráinig léi a bróga bhaint di agus sleamhnughadh amach tré dhoras eile ná raibh radharc ag an Ríseach air. "An uair bheidh an ghealach dá sáthadh féin aníos de dhruim an chnuic, téidhir ar mhuin do lárach. Caithfir turas na páirce thabh- airt trí huaire léi, agus bíodh sí ar chosaibh i n-áirde agat. Beir timcheall na teine annsan í. Athchuinghim ort gan an méid seo do dhearmhad: beir timcheall na teine í, seacht n-uaire déag ar deiseal ag leanamhaint imtheachta na gréine, agus seacht n-uaire déag ar tuathal. Ná leig di fuaradh. Cuir isteach sa stábla gan mhoill í, agus clúduigh do maidin í. Tabhair deoch the dhi sara dtéighir a chodladh, agus croith é seo ar an ndigh chúichi." Do shín sí chuige páipéar go raibh rud éigin beag fillte istigh ann. "Cuirim fé gheasaibh thu," ar sise, "gan é sin d'oscailt nó
go mbeidh gábhadh leis. Ná blais an rud atá ann, agus ná léig do sholas na gealaighe taithneamh air. Má dheineann tú aon tuaiplis, bíodh ort féin. Imthigh ort anois, agus go n-éirighidh leat." D'imthigh an Ríseach. Ní fheadar éinne ó shoin cia aca bréan nó buidheach dá thuras a bhí sé. Chaithfeadh fuireann imeartha an chleasa foidhne bheith aca go hoidhche Lae Fhéile Stiopháin. Ní raibh aon deimhin aca go lean- fadh an Ríseach cómhairle na mná óige. Ar a shon go mbídís meidhreach go leór aon uair a thagaidís le chéile, níor fhág sain go rabhadar istigh leó féin. Dá ndéanfadh an Ríseach rud ar an mnaoi uasail agus go n-éireóghadh aon bhárthain do féin ná don láir, bheidís cionntach san díoghbháil. B'shin é a dtuairim féin. Tháinig Lá Fhéile Stiophán fé dheireadh. Bheadh toradh saothair na fóirne le feicsint an oidhche sin. Ní raibh éinne go raibh lámh aige san obair ná raibh chomh guairneánach le circ feadh an lae, acht an óigbhean dheórata. Múinteóir scoile a bh'eadh í seo, agus bhí uirthi cur di fé dhein a gnótha maidin an lae chéadna. Ní miste a rádh go raibh uaigneas ar an gcuid eile ina diaidh, agus gur mhaith leó go bhfanfadh sí tamall eile ina measg. Acht bhí a laetheanta saoire caithte, agus b'éigean di filleadh a bhaile go Corcaigh. Ba dheachair don Ríseach aon chor a chur de féin an lá soin aganfhios. Níor thúisce spigheadóir tuirseach ná fear eile ina inead. Bhí triúr aca ann chum uanaidheachta ar a chéile. I gcaitheamh an lae amach do chonncathas ag teacht ón bportach é agus ráil bhreagh mhóna aige. B'shin deaghchomhartha dar leis an triúr. Ní raibh tuilleadh scéala le hinnsint as soin go dtáinig tuiteam na hoidhche. Chomh luath is bhí an doircheacht tagtha thosnuigh an Ríseach ar an mhóin a tharrac. Dhein sé stualán cruinn di i lár Machaire na Minnseach. Bhí an buachaill aimsire as baile; bhí máthair an Rísigh ina mairtíneach agus í sínte ar a leabaidh, agus an cailín a bhí ar aimsir san dtigh ní chuirfeadh sí srón thar doras ist oidhche gan duine bheith i n-éinfheacht léi. Dá bhrígh sin ní raibh baoghal go bhfeicfeadh éinne é. Bhí sé ag druidim amach leis an deich a chlog san oidhche an uair bhuail duine éigin ag doras tighe an Niallaigh. D'oscail
ceann de sna leanbhaíbh é. Tháinig Tomás Ó Milleóin isteach. D'fháiltigh fear an tighe roimis, agus do thug cuire dhó suidhe chum na teine. "Tá imshníomh anois orm," arsa Tomás. "A leithéid seo, a Pheadair, ar seisean. "Is eól duit gur goideadh prátaidhe as an bpoll uainn seachtmhain is an oidhche aréir. Ní chomhursa ná cara tá cionntach, agus tá amhras láidir agamsa nár dhein éinne riamh é acht na tuinncéiridhe bhí ag gabháil an treó. Cloisim go bhfuil sluagh aca i dtigh Sheáin na Croise anocht, agus má's fíor go bhfuilid ann beidh easnamh ar pholl éigin timcheall na háite ar maidin. Béad anabhuidheach dhíot má thugann tú iasacht an ghunna dhom go fóill. Raghaidh mé soir chomh fada le Páirc an Stráice. Fanfad thoir ann nó go mbeidh an ghealach ina suidhe." "Seadh, agus tá fonn ort duine aca pholladh le piléar, má thagann sé," arsa Peadar. "Ó! masladh chuige, ní dhéanfainn ar a bhfuil de phrátaibh as so go Cill Seannaigh. Bainfidh mé preab as, ámhthach, má theas- báineann sé é féin." "An bhfuil aon chuideachta agat?" ars' an Niallach. "Ní'l," arsa Tomás. "Raghad-sa i n-éinfheacht leat," ars' an Niallach. Ghluaiseadar ortha nó go rángadar páirc prátaidhe Thomáis. Níor ghábhadh an fhaire. Níor tháinig aon tuinncéar i ngoire na páirce. D'fhanadar cois an chlaidhe ann nó go raibh an ghealach ag bogadh aníos chucha, agus annsan thugadar a n-aighthe ar an mbaile. "Dar fiadh," arsa Tomás, "tá tóiteán éigin ar an dTobar. Féach thiar é." "Samhluighthear domhsa gur i dtigh an Rísigh atá an teine," arsa Peadar. "Ní headh, a dhuine; tá san ró-fhada síos do thigh an Rísigh. Corruigh ort." Chuireadar ins na cosaibh é, acht ní fada chuadar gur stad- adar araon go hobann. Chonncadar uatha an teine bhreagh i lár na páirce, cúpla céad slat ó bhinn tighe an Rísigh. "Cadé an diabhal aduigh teine annsan an taca so dh'oidhche, nó cad chuige é?" arsa Peadar. "Ná bí dhá fhiafraighe dhíomsa, a mhic óigh," ars' an fear eile,
"táimse chomh dall leat féin air. A Mhuire, cadé seo chughainn anois?" Bhí rud a chuirfeadh scannradh báis ar dhuine dá mbeadh sé in a aonar i n-áit uaigneach. Capall ceannfhionn agus duine ar a mhuin go raibh éide geal air ó chluasaibh go troigh! Bhí an capall ag imtheacht ar lántsiubhal agus timcheall na páirce aige dhá thabhairt. "Sin é capall an Rísigh, pé duine tá ag marcaidheacht air," arsa Tomás. Níor thug Peadar aon fhreagra air go ceann tamaill. "Tá sé glan as a mheabhair," ar seisean fé dheireadh. "Cé tá as a mheabhair, a Pheadair?" "Ná haithnigheann tú é. An Ríseach féin, adeirim leat." "Im briathar," arsa Tomás, ina aigne féin, "na fuil mearbhall ná easbha meabhrach ar an mbioránach; agus bainfead- sa preab as." D'árduigh sé an gunna a bhí fén' ascal aige agus chaith piléar as. Léim Peadar ós cionn talmhan. Chuir an marcach liúgh uathbhásach as agus phreab sé anuas den chapall. D'imthigh an láir ar fuid na páirce agus scéan innti. Sceinn an Ríseach suas thar an mbeirt agus scéan ba mho 'ná san ann. "Is maith a scarais leis, a Eibhlín," arsa Peadar. "Ní hí do mheabhair a bheadh agat-sa leis dhá cailleamhaint?" arsa Tomás. "B'fhéidir gur chailleas tamall ó shoin í, acht d'fhill sí orm, moladh le Dia!" D'airgheadh pléasc an ghunna insna tighthibh mórdtimcheall. Bhailigh na comhursain go léir. Rug Labhrás Ó Súilleabháin ar an láir, agus chuir sé i gcoimeád í. Tugadh iarracht fé dhoras an Rísigh a bhriseadh isteach, acht níor éirigh leó so thug faoi. D'fhógair an Ríseach ón dtaoibh istigh go lámhachfadh sé éinne eile bhuailfeadh méar ar a dhoras. Thuig- eadar go léir nár bh'iontaoibh é, agus ghlanadar leo a-bhaile. Tháinig briseadh cleamhnuis agus slánughadh cleamhnuis eile d'imtheachtaibh na hoidhche úd. Pósadh Seán Ó Muidhneacháin agus Eibhlín Ní Néill fé Mhairt Inide. Muna bhfuil saoghal sóghach dá chaitheamh aca gus indiu, ní ar an scéaluidhe atá an locht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services