Seanchus Grinn na Tuaithe.
MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR 
do scríobh.
VIII. - AN BHEAN FEASA.
Bhí aimsear na Nodlag chughainn, aimsear naomhtha an chinn 
bhliadhna, aimsear an tsuaircis agus na lúthgháire.  Ba léir nách 
fada ó bhaile bhí sí.  Bhí a cómharthaidhe le feicsint ar gach taoibh 
ar a shon ná raibh na craobhcha cuilinn ná na fleasca eidhneáin dá 
gcur i n-eagar fós.  Dhéanfaidhe san leis i dtráth.  Níor bh'fhuláir 
na tighthe do ghealadh agus do chur i gclódh ar dtúis le haghaidh 
na féile beannuighthe. 
Agus ní raibh tigh comhnuidhthe i bParóiste an Fhearainn ná 
raibh an mhuinntear go gnóthach is go dícheallach ann, ag scuabadh 
is ag glanadh istigh is amuigh.  Ní feacathas chomh fuadrach le 
bliadhain roimhe sin iad.  Agus na buachaillidhe agus na cailínidhe 
a bhí ag obair go dian ar an gcuma so, bhíodar chomh éadtrom-
chroidheach chomh gealgháireatach is dá mba ag caitheamh lae saoire 
bheidís. 
Bhí óigfhear áirithe, ámhthach, a bhí chomh gnóthach le cách eile, acht 
i n-inead lúthgháire na coda eile bheith air bhí ualach bróin agus 
buaidheartha ar a chroidhe.  Ní doicheall a bhí aige roimis an aimsir 
bheannuighthe bhí ag druidim leis, agus ní leisge bhí air slacht a 
chur ar a thigh ina cómhair.  Acht i ndiaidh na Nodlag tagann an 
Inid, agus bheadh an t-aon chailín gur thug sé riamh gean agus 
grádh dhi dá pósadh le fear eile i dtosach na hInide bhí chuige. 
Mac baintreabhaighe do b'eadh Seán Ó Muidhneacháin, an 
t-óigfhear so a luaidhim.  Do cailleadh a athair sara raibh sé 
tagtha chum aoise fir, acht bhí sé de rath ar a mháthair gur bhronn 
Dia mac ciallmhar grástamhail deaghiomchuir uirthi.  Do thuit 
riaradh na feirmeach ar Sheán tar éis bháis a athar, agus fé cheann 
trí mbliadhan bhí de theist air ná raibh feirmeoir eile chomh slacht-
mhar chomh críochnamhail leis le fagháil ar an bpobul. 
Acht dá ghnóthaighe is bhíodh sé de ghnáth, agus dá mhéid é a 
chúram agus dá fheabhas aire is thugadh sé d'obair na feirmeach, 
Thárla go raibh gasradh de bhuachaillibh na háite bailighthe i dtigh 
Mhichíl Uí Dhaeghda oidhche áirithe coigthigheas roimh an Nodlaig seo 
gur tráchtadh cheana uirthi.  B'annamh leo bheith chomh déadhnach 
ag gabháil d'imirt na gcártaidhe is bhíodar an oidhche seo, acht 
thárla leis go raibh na cearrbhaigh a b'fhearr 'san gcomhursanacht ]
ag iomaidh le chéile, agus mar is gnáth do righnigh sain an obair. 
Níor scuireadar nó go raibh sé ar bhuille an t-aon uair dhéag. 
Ní túisce bhíodar amuigh fé spéir na hoidhche, ná ghlaéidh 
Labhrás Ó Súilleabháin i leath-taoibh ar a sheancharaid Tomás 
Ó Milleóin. 
"A leithéid seo, a Thomáis," arsa Labhrás.  "Bhíos ag cuimh-
neamh aréir tar éis dul a bhaile dhom gur mór an truagh é má 
bhíonn Eibhlín Ní Néill snadhmtha i gcleamhnas leis an suarachán 
buidhe úd, an Ríseach.  Féach! da mba mise a máthair, b'fhearr 
liom í árdughadh liom síos agus í bháthadh i bPoll an Úcaire 'ná i  
thabhairt dó." 
"Seachain, a Labhráis, a bhuidheanaigh," arsa Tomás, "agus ná 
dein éinnídh chuirfeadh i ngathaibh na dlighe thu.  An uair bhí athair 
an chailín sin ag toghadh cleamhna dhó féin agus fir dá inghin, níor 
tháinig sé ag éileamh chomhairle ar cheachtar againne.  Agus má 
toiligheann sí féin an Ríseach do phósadh nách cuma dhuit-se ná 
dhomhsa san." 
"Cé dubhairt leat gur le n-a lántoil féin a tá sí dhá 
phósadh?" arsa Labhrás.  "Táimse tar éis a mhalairt de scéal 
do chlos.  Deir Máire Ní Ghearailt go mbrisfidh croidhe Eibhlín 
má chuireann a hathair d'fhiachaibh uirthi an Ríseach do ghlacadh mar 
chéile.  Má nocht Eibhlín a haigne d'éinne, is í Máire an duine 
sin, óir táid araon chomh ceanamhail ar a chéile is bheadh aon bheirt 
dheirbhshéar.  Cogar - ar chualaís go raibh Eibhlín agus Seán 
Ó Muidhneacháin geallta dá chéile le fada?" 
"An ndeireann tú liom é?" arsa Tomás, agus iongnadh an 
domhain air.  "Bhí amhras agam go raibh súil ina diaidh ag Seán, 
mar is minic a chastaí orm é agus é ag dul ar chuairdibh chum 
tighe an Niallaigh.  Níor mheasas, ámhthach, go raibh ionnta acht 
cuarda muinnteardhais amhail is mar thugadh buachailllidhe an bhaile 
go léir ann.  Cad n-a thaobh go bhfuil Seán dá scaoileadh uaidh 
ar an gcuma sain, má's fíor a ndeirtear; nách fearr d'fhear é 
'ná triúr mar an Ríseach?" 
"Cadé an leaghas air, a dhuine?  Ba mhór ag Peadar Ó 
Néill Seán choidhche gur tháinig an saidhbhreas anall thar calaidh 
chum an Rísigh, fé bhrígh udhachta a dhearbhráthar.  Ní fhéachfadh sé 
siar ó shoin air.  Acht dá mbeinnse i n-inead Sheáin, is túisce 
d'fhuadóghainn liom í 'ná léigfinn leis an spreasán úd í.  Is 
baoghlach go bhfuilim id mhoilliughadh-sa ró-fhada lem ráiméis 
chainnte, agus go mbeidh Tadhg Neil ag feitheamh leat.  Gluaisimís 
orainn anois ó tá an chuid eile imthighthe romhainn, agus inneósaidh 
mé dhuit cad air go rabhas ag cuimhneamh ó mhaidin.  Tá sé 
greamuighthe go daingean istigh im aigne go bhféadfaidhe cleas 
éigin neimhdhíoghbhálach d'imirt a chuirfeadh an cleamhnas úd ar 
gcúlaibh.  Admhuighim ná tiocfadh a bhriseadh glan amach ró-
shaoráideach dhúinn, mar tá dúil thar meadhón ag an Niallach i 
n-airgead an Rísigh.  Is follus do chách nách fear a theastuigheann 
uaidh dá inghin acht inead maith agus maoin.  Dá mba fear a 
theastóghadh uaidh ní crúnca aindeiseóra mar an Ríseach a thoghfadh 
sé dhi." 
"Seadh, agus an bhfuil aon chleas áirithe ceaptha amach agat, 
nó cé air go measann tú é imirt?" arsa Tomás. 
"Tá, acht go bhfuil eagla orm go mbeidh sé ró-dheacair a chur 
i bhfeidhm.  Is fearra dhuit gabháil siar chugham ist oidhche 
imbáireach, agus cuirfeam ar gcómhairle i gceann a chéile. 
Seachain is ná habair le héinne go bhfuil éinnídh den tsaghas idir 
lámhaibh againn.  Má scéitheann focal de ó cheachtar againn 
teipfidh orainn, agus beidh an saoghal ag magadh fúinn." 
Pé gnó bhí aca dá chéile níor tháinig aon oidhche ar feadh seacht 
h-oidhche i n-a dhiaidh sin ná feictí Labhrás agus Tomás ag 
cogarnaigh i gcúinne éigin.  Im briathar go rabhadar chomh 
discréideach i dtaobh an rúin a bí ar iomchur aca is dá mba ag 
ceapad "éirighe amach" eile bheidís. 
"Dhe mhaise, is tógtha táimíd léi féin agus le n-a cuid 
feasa," ars' an Ríseach.  "Dá mba bean leighis í go deimhin ba 
rud éigin é.  Cad é an mhaith dhomhsa a cuid feasa?  B'fhearr 
liom seacht n-uaire scéala d'fhagháil ar mhnaoi dhéanfadh orth a 
leaghasfadh mo láirín.  Tá leath scéal dochtúra annso thíos ar an 
tsráid againn, agus tá airgead agam dá thaoscadh chuige i na 
charnánaibh le mí, acht an deamhan pioc maitheasa dhein sé ó thúis 
di." 
"Mo thruagh gan chiall tu, a Rísigh.  Airighim-se ná fuil ortha 
dár deineadh riamh ar dhruim an domhain ná fuil eólas ag an 
mnaoi seo uirthi." 
"Cé chualaís dhá rádh sain?"
"Ughdar maith, mhaise, a Sheóirse.  An bhfeacaís an láir dhubh 
úd a cheannuigh an Cithearnach ar an gClár lá aonaigh na Beal-
taine?  Chonnaicís.  Seadh, tháinig taom millteach uirthi an lá 
fá dheireadh.  Bhí sí i ndeireadh na feide agus gan súil ag éinne 
da bhfeaca í go n-éirgheóghadh sí go bráthach.  Thárla go raibh an 
bhean uasal so ag aeridheacht di féin thíos le hais na trágha.  Ar 
bhfilleadh dhi chuala sí scéala na lárach duibhe.  "Ar cuireadh 
fios ar liaigh na mbeithidheach?" ar sise.  Dubharthas léi gur 
cuireadh, acht go mb'éigean dó éirighe dí toisc ná féadfadh sé a 
dhéanamh amach cad a bhí uirti.  D'imthigh sí fé dhéin an stábla. 
Ghlaeidh sí i leathtaoibh ar an gCeithearnach. 
"Ní bheidh seoid ar do chapall," ar sise.  "Abair leis na 
daoinibh sin bailiughadh leó a bhaile; téidhir-se isteach agus ith do 
chuid bídh, fairfead-sa í seo go bhfillfir.  Níl a fhios ag éinne 
beó acht í féin cad a dhein sí an fhaid a bí sé imthighthe, acht 
thabharfadh an Ceithearnach an leabhar go raibh feabhas ar an láir 
"Is maith mar oirfeadh dhomhsa dá leaghasfadh sí mo chapall 
dom," ars' an Ríseach.  "Agus geallaimse dhuit ná bead gan a 
iarraidh uirthi." 
"Má ghlacann tú comhairle amadáin fanfair sa' bhaile agus ní 
raghair ina goire, nó má théigheann tú tá eagla orm go mbeidh 
do chuaird in' aistear agat." 
"Ní dócha go mbainfidh sí aon ghreim asam agus is é a 
dícheall an t-eiteach a thabhairt dom," ars' an Ríseach. 
"Cá bhfios duit nách draoidheacht éigin d'imreóghadh sí ort. 
Is maith thiocfadh sé dhuit gabhar nó geirrfhiadh a dhéanamh dhíot, 
nách dóigh leat sain?" 
"Ní baoghal dom, a Pháid," ars' an Ríseach.
Oidhche lae ar na bháireach bhí mion-ghasra cruinnighthe timcheall 
na teine i gcistin an Cheithearnaigh.  Bhí triúr óigfhear agus 
beirt bhan ann.  B'shin a raibh.  Bhí an bhean feasa agus Máire 
Ní Cheithearnaigh i n-a suidhe ar aghaidh na teine amach, Labhrás 
Ó Súilleabháin agus a dhrom le hiarta, Tomás Ó Milleóin ar 
a aghaidh anonn, agus Páid Breathnach le n-a ais.  Má bhí draoidh-
eacht nó diablaidheacht ag baint leis an mnaoi feasa úd is beag 
a shaoilfeadh éinne é le féachaint uirthi.  Agus ní raibh duine ar 
an gcuideachtain ba gealgháireataighe 'ná í. 
"An rabhais ag cainnt leis an Ríseach, a Pháid?" arsa Labhrás.
"Im briathar go rabhas," arsa Páid, "agus táim i n-amhras 
láidir nách mór an codladh thuitfidh air go mbeidh annso ar 
thuairisc na mná óige seo annso againn.  An n-airigheann tú 
leat mé?  Beidh sé chughat ist oidhche i mbáireach chomh cinnte is 
tá bianna ar mhaide bacaigh.  Thugas leathuair a' chloig ag 
stealladh éithigh chuige.  Cad a dhéanfad i n-aon chor uair raghad 
chun faoistine?  Cuirfidh an tAthair Micheál ag triall ar an 
Easbog mé." 
"Airiú, ní doimhne sa' phraisigh thusa 'ná éinne againne," arsa 
Labhrás. 
"Seadh, agus ná fuilim-se i mbun is i mbárr na hoibre," 
ars' an bhean feasa, "agus sibhse dhom tharrac isteach innte dem 
indeóin." 
"Eagla tá ort go raghaidh díot púicín a chur ar an Ríseach,
is dócha," arsa Tomás, "má chailleann tú orainn beidh an donas 
déanta agus an Ríseach ag magadh fúinn." 
"Ó, déanfad-sa mo dhícheall díbh, pé olc maith é," ar sise.
Deineadh a lán socruighthe sarar scuireadar dá gcomhrádh, 
agus dar leó féin ní raibh lúb ar lár ins an gcleas a ceapadh 
ar an láthair sin, acht go n-éirgheóghadh leó é cur i gcrích. 
Tháinig an Ríseach an oidhche go raibh súil leis.  Chuaidh cailín 
freastail suas san seomra chum a rádh leis na mnaoi feasa go 
raibh fear éigin ag cur a tuairisc.  "Deir sé gur mhaith leis 
ádhbhar cainnte dhéanamh leat, dá mb'é do thoil é," ars' an cailín. 
"Abair leis go bhfuilim ró-ghnóthach anois, acht go mbeidh mé 
ullamh ina chómhair ar ball, má's mian leis fuireach go dtí 
sain." 
Chomh luath i nÉirinn is bhí an cailín imthighthe phreab sí i n-a 
suidhe as an gcathaoir.  Bhí Máire san tseomra ina teannta. 
"A Mháire," ar sise, "is fearra dhuit fanamhaint annso i 
n-éinfheacht liom.  Tabharfaidh sé breis mhisnigh dhom, má fhanann 
tú.  Foluigh tú féin i gcúinne dorcha agus múchfad an lampa 
annsan.  Ní beag domhsa solus na teine." 
Chuaidh Máire i bhfolach, agus bhuail an bhean eile cluigín a bhí 
ar an mbórd. 
"Abair leis siúd teacht aníos chugham."
Tháinig an Ríseach, agus go dearbhtha bhí a iosacada ar lúbadh 
faoi, amhail is mar bheadh faitcheas nó cúlmhántacht ag gabháil dó. 
Stad sé ar tháirsigh an dorais agus níor labhair focal. 
"Tair isteach agus dún an doras id dhiaidh, ma's é do thoil 
é," ars' an bhean istigh. 
Dhein sé anonn uirthi go mallthriallach.
"Airighim," ar seisean, agus creathán ina chainnt, "gur bean 
feasa thusa, agus go bhfuil sé i gcumas agat capaill is ain-
mhidhthe eile do leaghas.  D'éirigh iomard éigin do láir luachmhair 
liomsa mí ó shoin, agus téigheann díom luibh ná purgóid d'fhagh-
áil a dhéanfadh maitheas di.  Ní fear saidhbhir mé, acht díolfad 
go maith thú má éirigheann leat í leaghas." 
"Cad tá uirthi, id thuairm?" ar sise.
"Táim dall air," ar seisean, "acht ní fheaca oidhre riamh ar 
fhear meisge acht í.  Tá sí fé mar bheadh meidhreán ina ceann." 
"Ní éileoghad-sa pinginn airgid ort," ars' an bhean feasa. 
"Ar mh'anam go leathfar mé, má bhíonn sioc no fearthainn aige 
dá chur," ars' an Ríseach. 
Le n-a linn sin chualadar araon únfairt éigin i gcúinne an 
tseomra.  Chuir an Ríseach cluas air féin.  D'airigh sé amhail is 
mar bheadh duine dá mhúchadh ann. 
"I n-ainm Dé, cad é sin?" ars' eisean.
"Tagann peata gadhair Mháire annso isteach go minic, agus 
is dócha go bhfuil sé ina chodladh san gcúinne sin," ars' an bhean 
ghlic.
Do las sí an choineall, agus, ar ádhbharaíbh an tsaoghail, bhí an 
gadhar ann agus Máire imthighthe.  Ráinig léi a bróga bhaint di 
agus sleamhnughadh amach tré dhoras eile ná raibh radharc ag an 
Ríseach air. 
"An uair bheidh an ghealach dá sáthadh féin aníos de dhruim an 
chnuic, téidhir ar mhuin do lárach.  Caithfir turas na páirce thabh-
airt trí huaire léi, agus bíodh sí ar chosaibh i n-áirde agat.  Beir 
timcheall na teine annsan í.  Athchuinghim ort gan an méid seo 
do dhearmhad: beir timcheall na teine í, seacht n-uaire déag ar 
deiseal ag leanamhaint imtheachta na gréine, agus seacht n-uaire 
déag ar tuathal.  Ná leig di fuaradh.  Cuir isteach sa stábla 
gan mhoill í, agus clúduigh do maidin í.  Tabhair deoch the dhi 
sara dtéighir a chodladh, agus croith é seo ar an ndigh chúichi." 
Do shín sí chuige páipéar go raibh rud éigin beag fillte istigh 
ann. 
"Cuirim fé gheasaibh thu," ar sise, "gan é sin d'oscailt nó 
D'imthigh an Ríseach.  Ní fheadar éinne ó shoin cia aca bréan 
nó buidheach dá thuras a bhí sé. 
Chaithfeadh fuireann imeartha an chleasa foidhne bheith aca go 
hoidhche Lae Fhéile Stiopháin.  Ní raibh aon deimhin aca go lean-
fadh an Ríseach cómhairle na mná óige.  Ar a shon go mbídís 
meidhreach go leór aon uair a thagaidís le chéile, níor fhág sain 
go rabhadar istigh leó féin.  Dá ndéanfadh an Ríseach rud ar an 
mnaoi uasail agus go n-éireóghadh aon bhárthain do féin ná don 
láir, bheidís cionntach san díoghbháil.  B'shin é a dtuairim féin. 
Tháinig Lá Fhéile Stiophán fé dheireadh.  Bheadh toradh saothair 
na fóirne le feicsint an oidhche sin.  Ní raibh éinne go raibh lámh
aige san obair ná raibh chomh guairneánach le circ feadh an lae, 
acht an óigbhean dheórata.  Múinteóir scoile a bh'eadh í seo, 
agus bhí uirthi cur di fé dhein a gnótha maidin an lae chéadna. 
Ní miste a rádh go raibh uaigneas ar an gcuid eile ina 
diaidh, agus gur mhaith leó go bhfanfadh sí tamall eile ina measg. 
Acht bhí a laetheanta saoire caithte, agus b'éigean di filleadh 
a bhaile go Corcaigh. 
Ba dheachair don Ríseach aon chor a chur de féin an lá soin 
aganfhios.  Níor thúisce spigheadóir tuirseach ná fear eile ina 
inead.  Bhí triúr aca ann chum uanaidheachta ar a chéile.  I 
gcaitheamh an lae amach do chonncathas ag teacht ón bportach é 
agus ráil bhreagh mhóna aige.  B'shin deaghchomhartha dar leis 
an triúr.  Ní raibh tuilleadh scéala le hinnsint as soin go 
dtáinig tuiteam na hoidhche. 
Chomh luath is bhí an doircheacht tagtha thosnuigh an Ríseach ar an 
mhóin a tharrac.  Dhein sé stualán cruinn di i lár Machaire na 
Minnseach.  Bhí an buachaill aimsire as baile; bhí máthair an 
Rísigh ina mairtíneach agus í sínte ar a leabaidh, agus an cailín 
a bhí ar aimsir san dtigh ní chuirfeadh sí srón thar doras ist 
oidhche gan duine bheith i n-éinfheacht léi.  Dá bhrígh sin ní raibh 
baoghal go bhfeicfeadh éinne é. 
Bhí sé ag druidim amach leis an deich a chlog san oidhche an 
uair bhuail duine éigin ag doras tighe an Niallaigh.  D'oscail 
ceann de sna leanbhaíbh é.  Tháinig Tomás Ó Milleóin isteach. 
D'fháiltigh fear an tighe roimis, agus do thug cuire dhó suidhe 
chum na teine. 
"Tá imshníomh anois orm," arsa Tomás.  "A leithéid seo, a 
Pheadair, ar seisean.  "Is eól duit gur goideadh prátaidhe as 
an bpoll uainn seachtmhain is an oidhche aréir.  Ní chomhursa ná 
cara tá cionntach, agus tá amhras láidir agamsa nár dhein éinne 
riamh é acht na tuinncéiridhe bhí ag gabháil an treó.  Cloisim go 
bhfuil sluagh aca i dtigh Sheáin na Croise anocht, agus má's fíor 
go bhfuilid ann beidh easnamh ar pholl éigin timcheall na háite 
ar maidin.  Béad anabhuidheach dhíot má thugann tú iasacht an 
ghunna dhom go fóill.  Raghaidh mé soir chomh fada le Páirc an 
Stráice.  Fanfad thoir ann nó go mbeidh an ghealach ina suidhe." 
"Seadh, agus tá fonn ort duine aca pholladh le piléar, má 
thagann sé," arsa Peadar. 
"Ó! masladh chuige, ní dhéanfainn ar a bhfuil de phrátaibh as 
so go Cill Seannaigh.  Bainfidh mé preab as, ámhthach, má theas-
báineann sé é féin." 
"An bhfuil aon chuideachta agat?" ars' an Niallach.
"Ní'l," arsa Tomás.
"Raghad-sa i n-éinfheacht leat," ars' an Niallach.
Ghluaiseadar ortha nó go rángadar páirc prátaidhe Thomáis. 
Níor ghábhadh an fhaire.  Níor tháinig aon tuinncéar i ngoire na 
páirce.  D'fhanadar cois an chlaidhe ann nó go raibh an ghealach 
ag bogadh aníos chucha, agus annsan thugadar a n-aighthe ar 
an mbaile. 
"Dar fiadh," arsa Tomás, "tá tóiteán éigin ar an dTobar. 
Féach thiar é." 
"Samhluighthear domhsa gur i dtigh an Rísigh atá an teine," 
arsa Peadar. 
"Ní headh, a dhuine; tá san ró-fhada síos do thigh an Rísigh. 
Corruigh ort." 
Chuireadar ins na cosaibh é, acht ní fada chuadar gur stad-
adar araon go hobann.  Chonncadar uatha an teine bhreagh i lár 
na páirce, cúpla céad slat ó bhinn tighe an Rísigh. 
"Cadé an diabhal aduigh teine annsan an taca so dh'oidhche, 
nó cad chuige é?" arsa Peadar. 
"Ná bí dhá fhiafraighe dhíomsa, a mhic óigh," ars' an fear eile,
"táimse chomh dall leat féin air.  A Mhuire, cadé seo chughainn 
anois?" 
Bhí rud a chuirfeadh scannradh báis ar dhuine dá mbeadh sé in 
a aonar i n-áit uaigneach.  Capall ceannfhionn agus duine ar a 
mhuin go raibh éide geal air ó chluasaibh go troigh!  Bhí an capall 
ag imtheacht ar lántsiubhal agus timcheall na páirce aige dhá 
thabhairt. 
"Sin é capall an Rísigh, pé duine tá ag marcaidheacht air," 
arsa Tomás. 
Níor thug Peadar aon fhreagra air go ceann tamaill.
"Tá sé glan as a mheabhair," ar seisean fé dheireadh.
"Cé tá as a mheabhair, a Pheadair?"
"Ná haithnigheann tú é. An Ríseach féin, adeirim leat."
"Im briathar," arsa Tomás, ina aigne féin, "na fuil 
mearbhall ná easbha meabhrach ar an mbioránach; agus bainfead-
sa preab as." 
D'árduigh sé an gunna a bhí fén' ascal aige agus chaith piléar 
as.  Léim Peadar ós cionn talmhan.  Chuir an marcach liúgh 
uathbhásach as agus phreab sé anuas den chapall.  D'imthigh an 
láir ar fuid na páirce agus scéan innti.  Sceinn an Ríseach 
suas thar an mbeirt agus scéan ba mho 'ná san ann. 
"Is maith a scarais leis, a Eibhlín," arsa Peadar.
"Ní hí do mheabhair a bheadh agat-sa leis dhá cailleamhaint?" 
arsa Tomás. 
"B'fhéidir gur chailleas tamall ó shoin í, acht d'fhill sí orm, 
moladh le Dia!" 
D'airgheadh pléasc an ghunna insna tighthibh mórdtimcheall. 
Bhailigh na comhursain go léir.  Rug Labhrás Ó Súilleabháin ar an 
láir, agus chuir sé i gcoimeád í. 
Tugadh iarracht fé dhoras an Rísigh a bhriseadh isteach, acht níor 
éirigh leó so thug faoi.  D'fhógair an Ríseach ón dtaoibh istigh go 
lámhachfadh sé éinne eile bhuailfeadh méar ar a dhoras.  Thuig-
eadar go léir nár bh'iontaoibh é, agus ghlanadar leo a-bhaile. 
Tháinig briseadh cleamhnuis agus slánughadh cleamhnuis eile 
d'imtheachtaibh na hoidhche úd.  Pósadh Seán Ó Muidhneacháin agus 
Eibhlín Ní Néill fé Mhairt Inide.  Muna bhfuil saoghal sóghach dá 
chaitheamh aca gus indiu, ní ar an scéaluidhe atá an locht. 
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11