Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pails Ní Néill.
Title
Pails Ní Néill.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pails Ní Néill (An Gabha cecinit). Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann Chuala scéal óm mhnaoi indé - Ding dang di-der-éró! - Dubhairt sí liom go ndubhairt bean léi Go rugadh mac do Phails Ní Néill, Ding dang di-der-éró!
Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann! Thug sí an naoidhean go dtí an séipéal, Ding dang di-der-éró! Thug sí an naoidhean go dtí an séipéal, Is d'iarr ar an sagart é a bhaiste, mo léan! Gaedhluinn níor thuig - rud is minic don chléir, Ding dang di-der-éró! Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann! "Raghad chun an mhinistir," ar sise léi féin, Ding dang di-der-éró! "Raghad chun an mhinistir," ar sise léi féin, Cheap seisean gur bochtán í bhí a d'iarraidh déirc', D'oscail sé a sparán is do shín chúichi réal, Ding dang di-der-éró! Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann! "Is follus," ar Pails, "ná fuil maitheas sa chléir," Ding dang di-der-éró! "Is follus," ar Pails, "ná fuil maitheas sa chléir," Ní'l an dochtúir chomh dall leó nó tá an deamhan sa scéal," D'fhéach seisean ar a teangain is do mheasc di boidéal, Ding dang di-der-éró! Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann! "Triailfad atúrnae," is do chuaidh fé n-a dhéin, Ding dang di-der-éró! "Triailfad atúrnae," is do chuaidh fé n-a dhéin, A sé agus ocht bpingne do bhain sé dhi - "Mo léan! Is measa an fear dlighe dhom 'ná iad go léir," Ding dang di-der-éró! Ding dang, ding dang, ding dang dé! Buail an t-iarann! - buail an t-iarann! "Raghad liom a-bhaile," ar Pails Ní Néill - Ding dang di-der-éró! Do chuaidh sí a-bhaile is níor stad sa dréim, Acht an leanbh do bhaiste 's nára maith ag an gcléir, Seo séidtear an teine, tá deire lem scéal. Ding dang di-der-éró! OISÍN NA FÉINNE. Gaedheal ón Oileán Úr - Bean uasal is eadh í, a chara, agus oide múinte freisin. Ní'l t'aiste-se oireamhnach don IRISLEABHAR ar chor ar bith. Gabhmíd-ne de chead don uile dhuine a thuairim féin a bheith aige, acht ná loitimís Éire ag cur dream i gcoinnibh dreama. Súd a mhill sinn riamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services