Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pails Ní Néill.

Title
Pails Ní Néill.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Pails Ní Néill
(An Gabha cecinit).



Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann
Chuala scéal óm mhnaoi indé -
Ding dang di-der-éró! -
Dubhairt sí liom go ndubhairt bean léi
Go rugadh mac do Phails Ní Néill,
Ding dang di-der-éró!


L. 537


Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann!
Thug sí an naoidhean go dtí an séipéal,
Ding dang di-der-éró!
Thug sí an naoidhean go dtí an séipéal,
Is d'iarr ar an sagart é a bhaiste, mo léan!
Gaedhluinn níor thuig - rud is minic don chléir,
Ding dang di-der-éró!



Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann!
"Raghad chun an mhinistir," ar sise léi féin,
Ding dang di-der-éró!
"Raghad chun an mhinistir," ar sise léi féin,
Cheap seisean gur bochtán í bhí a d'iarraidh déirc',
D'oscail sé a sparán is do shín chúichi réal,
Ding dang di-der-éró!



Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann!
"Is follus," ar Pails, "ná fuil maitheas sa chléir,"
Ding dang di-der-éró!
"Is follus," ar Pails, "ná fuil maitheas sa chléir,"
Ní'l an dochtúir chomh dall leó nó tá an deamhan sa scéal,"
D'fhéach seisean ar a teangain is do mheasc di boidéal,
Ding dang di-der-éró!



Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann!
"Triailfad atúrnae," is do chuaidh fé n-a dhéin,
Ding dang di-der-éró!
"Triailfad atúrnae," is do chuaidh fé n-a dhéin,
A sé agus ocht bpingne do bhain sé dhi - "Mo léan!
Is measa an fear dlighe dhom 'ná iad go léir,"
Ding dang di-der-éró!



Ding dang, ding dang, ding dang dé!
Buail an t-iarann! - buail an t-iarann!
"Raghad liom a-bhaile," ar Pails Ní Néill -
Ding dang di-der-éró!
Do chuaidh sí a-bhaile is níor stad sa dréim,
Acht an leanbh do bhaiste 's nára maith ag an gcléir,
Seo séidtear an teine, tá deire lem scéal.
Ding dang di-der-éró!



OISÍN NA FÉINNE.




Gaedheal ón Oileán Úr - Bean uasal is eadh í, a chara, agus oide múinte
freisin. Ní'l t'aiste-se oireamhnach don IRISLEABHAR ar chor ar bith.
Gabhmíd-ne de chead don uile dhuine a thuairim féin a bheith aige, acht ná
loitimís Éire ag cur dream i gcoinnibh dreama. Súd a mhill sinn riamh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services