Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oileáinín na Féile.
Title
Oileáinín na Féile.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oileáinín na Féile. A chalm-shliocht na laoch úd den Ghréagfhuil tar fairrge, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó - Tré anabhroid, dá ghéire, nár ghéill riamh don Ghalldhaire - Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Cér luimde an Ghaedheal-chrann a géaga bheith leagaithe, Ní timde bhur dtréanfhuil tré aosaibh bheith tagaithe; Acht is glainde an ghléshruth tar éis di bheith scagaithe - Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! Cé fíor go bhfuil ár námhaid go tíoránta 'nár measg againn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní claoidhte sinn dá bhárr, cé nach feároide i n-achmhuinn sinn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Ní líonmhaire i gcáirdibh, i máighthibh ní fairsinge, Níl flít againn ar sáile, 's is scáinte ar macha sinn; Acht is fírinnighe an grán d'éis a cháithte ó's mar sin dúinn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Tá dúthaí is mó le rádh 'ná an Fháil, acht a dteastas soin, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní clú thig dóibh, acht táire, ar phár é bheith breacaithe, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó Níor dhiúltha dhúinn-na ár ndála ar bhánbhrat bheith tairicthe, Is lúgha fé chúig a gcáil, 's cé gurb árd iad a gceanna-san, Níor thabhartha dhúinn-na ár n-áit dóibh i dtrácht ná i seanachas, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Ná tuigtear as an scéal gur gan bhéim dóibh ár gclanna-na, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Mar tuillid 'na leith féin cuid de phréimh cúis a n-anacra, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Buirbe is easaonta na tréithibh is measa ionnainn; Acht cuirimís le chéile, is ní baoghal dúinn, is feasach san - I gcineadhthaibh an tsaoghail níl an té bhainfidh stad asainn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
A clanna, má's i ndán dóibh go bhfágaid siad Banba, - Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó - De chasadh uirrthi, má's gábha é, ná deárnaidís dearmad: Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Pé fada nó pé geárr dóibh ar fán tar an leathanmhuir, 'Riú! leanaidís 'na bhfál di ó smálaibh lucht tarcuisne - Is féach, airiú! a ngrádh dhi ná báithtear sa tabhairne, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! I dtíortha beaga is eól dúinn níl fórsa níl neart ionnta, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Acht coinghíd óna mbórd imil nósa na n-eachtrannach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Is aoibhinne gach nós linn, is seóid í n-a bhfarradh san Ná cuirfinn i gcomórtas go deó leó bhur dteanga-sa - Is díbirthear a' Fódla uainn cómhachta na Sasanach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Dá dtigeadh chughainn-na Pádraig, mar tháinig nuair fhaduigh sé - Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó - Ar mhaoilinn chnuic Sláinghe an Cháisgtheine cheana dhúinn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó: Is teine na síothchána do lánlasadh eadarainn Go bhfeicfinn-se ár rás idirtháithte i gcaradas, Is mise raghadh go sásta im lámhacán go Parathas - A cháidhinis Éilge, do thréigean ní cóir! "DHÁ CHÍCH DHANANN". Líne . 9. Tíoránta, tyrannical. 51. Maoilinn Chnuic Sláinghe, the summit of the hill of Slane. 34. Idirtháithte, interwoven.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services