Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oileáinín na Féile.

Title
Oileáinín na Féile.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Oileáinín na Féile.



A chalm-shliocht na laoch úd den Ghréagfhuil tar fairrge,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó -
Tré anabhroid, dá ghéire, nár ghéill riamh don Ghalldhaire -
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Cér luimde an Ghaedheal-chrann a géaga bheith leagaithe,
Ní timde bhur dtréanfhuil tré aosaibh bheith tagaithe;
Acht is glainde an ghléshruth tar éis di bheith scagaithe -
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó!



Cé fíor go bhfuil ár námhaid go tíoránta 'nár measg againn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Ní claoidhte sinn dá bhárr, cé nach feároide i n-achmhuinn sinn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Ní líonmhaire i gcáirdibh, i máighthibh ní fairsinge,
Níl flít againn ar sáile, 's is scáinte ar macha sinn;
Acht is fírinnighe an grán d'éis a cháithte ó's mar sin dúinn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.



Tá dúthaí is mó le rádh 'ná an Fháil, acht a dteastas soin,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Ní clú thig dóibh, acht táire, ar phár é bheith breacaithe,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó
Níor dhiúltha dhúinn-na ár ndála ar bhánbhrat bheith tairicthe,
Is lúgha fé chúig a gcáil, 's cé gurb árd iad a gceanna-san,
Níor thabhartha dhúinn-na ár n-áit dóibh i dtrácht ná i seanachas,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.



Ná tuigtear as an scéal gur gan bhéim dóibh ár gclanna-na,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Mar tuillid 'na leith féin cuid de phréimh cúis a n-anacra,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Buirbe is easaonta na tréithibh is measa ionnainn;
Acht cuirimís le chéile, is ní baoghal dúinn, is feasach san -
I gcineadhthaibh an tsaoghail níl an té bhainfidh stad asainn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.


L. 536


A clanna, má's i ndán dóibh go bhfágaid siad Banba, -
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó -
De chasadh uirrthi, má's gábha é, ná deárnaidís dearmad:
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Pé fada nó pé geárr dóibh ar fán tar an leathanmhuir,
'Riú! leanaidís 'na bhfál di ó smálaibh lucht tarcuisne -
Is féach, airiú! a ngrádh dhi ná báithtear sa tabhairne,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó!



I dtíortha beaga is eól dúinn níl fórsa níl neart ionnta,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó;
Acht coinghíd óna mbórd imil nósa na n-eachtrannach,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.
Is aoibhinne gach nós linn, is seóid í n-a bhfarradh san
Ná cuirfinn i gcomórtas go deó leó bhur dteanga-sa -
Is díbirthear a' Fódla uainn cómhachta na Sasanach,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó.



Dá dtigeadh chughainn-na Pádraig, mar tháinig nuair fhaduigh sé -
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó -
Ar mhaoilinn chnuic Sláinghe an Cháisgtheine cheana dhúinn,
Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó:
Is teine na síothchána do lánlasadh eadarainn
Go bhfeicfinn-se ár rás idirtháithte i gcaradas,
Is mise raghadh go sásta im lámhacán go Parathas -
A cháidhinis Éilge, do thréigean ní cóir!



"DHÁ CHÍCH DHANANN".



Líne .
9. Tíoránta, tyrannical.
51. Maoilinn Chnuic Sláinghe, the summit of the hill of Slane.
34. Idirtháithte, interwoven.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services