Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire "Agus beir-se féin, a Oisín," arsa Diarmaid, "id challaire d'éis na Féinne." Bhuail Comhairle Conndae Chiarraidhe isteach lá breágh san Abrán go dtí an oifig mar a mbíodh an Coisde mór i dTráigh-lí. Fuaradar aon fhear amháin annsain rómpa, agus an fán fada ar an gcuid eile. Shaoil lucht na Chomhairle gur leanán-sighe bhí ann é, agus níor bhacadar leis. Do bhris an bfoidhne acu sa deireadh. Chuireadar aighneas air Dia 'Ardaoin seo ghabh tharainn, agus d'fhiafruigheadar de an réidhteochadh sé leo i n-aimsir. "Arú," ar sé, "táim reidhtighthe cheana libh. Bhíos i n-aimsir ag an dhream laoch a bhí annso rómhaibh, mo chéad slán leo, agus d'fhágadar annso mé mar bhuachaill agaibh-se." Mholadar go léir an bheart sain, no gur fhiafruigh duine acu dhe an éileochadh sé aon tuarasdal. "Míle púnt sa mbliadhain mo thuarasdal," ar seisean. D'fhéachadar ins na leabharthaibh annsain agus fuaradar a ainm agus a shloinne ionnta - fear des na Gearaltaigh a bhíodh na chléireach ag an gCoisde mór. Thairgeadar ocht gcéad sa mbliadhain do. Ní ghlacfadh seisean é, acht dubhairt sé go ngearánfadh sé iad le Bórd an Riaghaltais Áiteamhla i mBaile Ath' Cliath mar geall ar eas-onóir a thabhairt do. Bhí báille amuigh go moch ar maidin "Fá choilltibh ag spealadh drúchta," i ngearracht míle d'Inis, Dia Céadaoin an séamhadh lá déag de Lughnasa. Táinig sé ar bhothóg istigh i gcluthar sgeach, "I lár na coille cumhartha" agus teinnteán agus ionad leaptha innte. Ba ghearr do gur bhuail Seamus Ua Cathasaigh, sean duine bocht, cuige isteach, agus a chuid úrlais aige, sliogaidhe agus adhbhar go flúirseach chum airgid bháin a dhéanamh. Bhain an báille dhe cuid de na sliogaidhibh, agus do rug leis Mac Uí Chathasaigh go bearaic na gConstabhla i nInis. Ní bhfuaramar aon sgeula uaidh ó shoin, acht is baoghlach go bhfuighe sé lóisdín go fóill. Léirigh lucht stiúruighthe an Léighinn Mheádhonaigh i nEirinn dúinn an lá cheana toradh an sgrúduighthe rinneadar san Earrach so ghabh tharainn. Bhí súil againn go gcuirfidís meisneach éigin ar lucht na Gaedhilge do mhúineadh agus d'fhoghluim, acht ba dhóigh leat gur fait- chíos atá ortha trácht thar an gceist sin, dá mhéid fiadh- nuise thug muinntir Chonnartha na Gaedhilge fá na gcomhair. B'fhéidir ná tuigeann cuid d'ár léightheoiribh cad is brígh le Léigheann Meádhonach. Nuair cuirthear na páisdi ar sgoil ar dtúis múintear mion-léigheann dóibh agus an chuid acu bhíonn le cur ag foghluim árd- léighinn ní mór dóibh léigheann meadhonach a bheith acu, no mar déarfá na seacht dteangthacha agus neithe mar sin, roimh dul i gcoláisde dhóib. Seadh, rinneadh dlighe fiche bliadhain ó shoin le h-aghaidh an Léighinn Mheádhonaigh seo, agus isé tá againn dá bhárr go mbíonn 'na seacht dteangthacha ghá muineadh do pháisdibh na ndaoine mbocht ins na bailtibh móra, agus díoluigheacht dá réir ag lucht a múinte. Chloisfeá Laidean agus Gréigeas dá stealladh ag páisdibh sglábhuighe bhoicht, acht dá n-iarrfá ar na páisdibh ceudna rael a roinnt idir triúr agus trí leath- phinginní a tabhairt do dhuine acu seachas an bheirt eile bheidis chomh dall le cloich air. B'fhearr do dhá dtrian na bpáisdí ceárd a mbeatha bheith á múineadh dhóibh na na seacht dteangthacha. Bhí an dúthaigh ag gearán ar an saghas so leighinn, agus is na thaobh sain a cuireadh an Comhaltas ar bun i mbliadhna. Ní bhfuigheann an teanga Gaedhilge aon cheart sa leigheann Meadhonach, acht amháin go léigtear isteach í mar leath-sgeul i n-iarball an chláir-imtheachta. Tá aon ath amháin fós ag dream na Gaedhilge, agus b'fhéidir gur gearr go bhfuighdís an lá ar na Bórdaibh. Tá lucht an Léighinn Mheadhónaigh ghá iarraidh anois go bh'fuighdís breis airgid, agus go ndéanfaidhe dlighthe nuadha le na n-aghaidh sa Phárlamuid. Is cóir do lucht gach aon chraoibhe de Chonnradh na Gaedhilge iad féin do bhear- tughadh suas feasda, agus a chur i dtuigsint d'ár bhFéisiribh go gcaithfidh siad bheith ollamh i gcomhair an chatha. Tá cabhair geallta dhúinn cheana féin ó Fhéisiribh an Bhreathnais, agus má léigimíd do bhodachaibh Choláisde na Tríonóide ár dteanga dhúthchais a bhualadh fá chois bíodh orainn féin. Cúig míle fichead de spailpínibh a chuaidh i dtraen
ó Chonnachtaibh an Samhradh so ag tabhairt fá Shasana agus fá Albain anonn ag déanamh an fhoghmhair. Ba mhór a b'fhiú a saothar sa mbaile da mbeadh an dúthaigh seo roinnte mar ba cheart. Thug an Árd-sgoil Ríoghamhail naoi n-onóir agus dá fhichead le déidheanaighe do sgoláiribh Choláisde na Bainrioghna i mBeul Feirsde agus 34 do sgoláiribh an choláisde Chatoilicigh i mBaile Áth' Cliath. Is greann- mhar é nár bhuaidh Coláisde na Bainríoghna i gCorcaigh oiread agus aon onóir amháin. Rith asal buile i ndiaidh ghársúin comhgharach do Cheann Tuirc an lá fá dheireadh agus ní hé locht an asail é go bhfuil an leanbh bocht na bheathaidh. Rug sé le na fhiaclaibh ar bhathas cinn air, agus do bhain lán a bhéil de'n chroiceann de. Bhí sé fá na chosaibh ag an asal agus é dhá stracadh nuair fóireadh air, acht tá sé ag teacht chuige féin anois san osboidéal i gCeann Tuirc. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services