Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
"Agus beir-se féin, a Oisín," arsa Diarmaid, "id
challaire d'éis na Féinne."
Bhuail Comhairle Conndae Chiarraidhe isteach lá breágh
san Abrán go dtí an oifig mar a mbíodh an Coisde
mór i dTráigh-lí. Fuaradar aon fhear amháin annsain
rómpa, agus an fán fada ar an gcuid eile. Shaoil
lucht na Chomhairle gur leanán-sighe bhí ann é, agus níor
bhacadar leis. Do bhris an bfoidhne acu sa deireadh.
Chuireadar aighneas air Dia 'Ardaoin seo ghabh tharainn,
agus d'fhiafruigheadar de an réidhteochadh sé leo i
n-aimsir. "Arú," ar sé, "táim reidhtighthe cheana libh.
Bhíos i n-aimsir ag an dhream laoch a bhí annso rómhaibh,
mo chéad slán leo, agus d'fhágadar annso mé mar
bhuachaill agaibh-se." Mholadar go léir an bheart sain,
no gur fhiafruigh duine acu dhe an éileochadh sé aon
tuarasdal. "Míle púnt sa mbliadhain mo thuarasdal,"
ar seisean. D'fhéachadar ins na leabharthaibh annsain
agus fuaradar a ainm agus a shloinne ionnta - fear
des na Gearaltaigh a bhíodh na chléireach ag an gCoisde
mór. Thairgeadar ocht gcéad sa mbliadhain do. Ní
ghlacfadh seisean é, acht dubhairt sé go ngearánfadh sé
iad le Bórd an Riaghaltais Áiteamhla i mBaile Ath'
Cliath mar geall ar eas-onóir a thabhairt do.
Bhí báille amuigh go moch ar maidin "Fá choilltibh
ag spealadh drúchta," i ngearracht míle d'Inis, Dia
Céadaoin an séamhadh lá déag de Lughnasa. Táinig sé
ar bhothóg istigh i gcluthar sgeach, "I lár na coille
cumhartha" agus teinnteán agus ionad leaptha innte.
Ba ghearr do gur bhuail Seamus Ua Cathasaigh, sean
duine bocht, cuige isteach, agus a chuid úrlais aige,
sliogaidhe agus adhbhar go flúirseach chum airgid bháin a
dhéanamh. Bhain an báille dhe cuid de na sliogaidhibh,
agus do rug leis Mac Uí Chathasaigh go bearaic na
gConstabhla i nInis. Ní bhfuaramar aon sgeula uaidh
ó shoin, acht is baoghlach go bhfuighe sé lóisdín go fóill.
Léirigh lucht stiúruighthe an Léighinn Mheádhonaigh i
nEirinn dúinn an lá cheana toradh an sgrúduighthe
rinneadar san Earrach so ghabh tharainn. Bhí súil againn
go gcuirfidís meisneach éigin ar lucht na Gaedhilge do
mhúineadh agus d'fhoghluim, acht ba dhóigh leat gur fait-
chíos atá ortha trácht thar an gceist sin, dá mhéid fiadh-
nuise thug muinntir Chonnartha na Gaedhilge fá na
gcomhair.
B'fhéidir ná tuigeann cuid d'ár léightheoiribh cad is
brígh le Léigheann Meádhonach. Nuair cuirthear na
páisdi ar sgoil ar dtúis múintear mion-léigheann
dóibh agus an chuid acu bhíonn le cur ag foghluim árd-
léighinn ní mór dóibh léigheann meadhonach a bheith acu,
no mar déarfá na seacht dteangthacha agus neithe mar sin,
roimh dul i gcoláisde dhóib. Seadh, rinneadh dlighe fiche
bliadhain ó shoin le h-aghaidh an Léighinn Mheádhonaigh
seo, agus isé tá againn dá bhárr go mbíonn 'na seacht
dteangthacha ghá muineadh do pháisdibh na ndaoine mbocht
ins na bailtibh móra, agus díoluigheacht dá réir ag lucht a
múinte. Chloisfeá Laidean agus Gréigeas dá stealladh
ag páisdibh sglábhuighe bhoicht, acht dá n-iarrfá ar na
páisdibh ceudna rael a roinnt idir triúr agus trí leath-
phinginní a tabhairt do dhuine acu seachas an bheirt eile
bheidis chomh dall le cloich air. B'fhearr do dhá dtrian
na bpáisdí ceárd a mbeatha bheith á múineadh dhóibh na
na seacht dteangthacha. Bhí an dúthaigh ag gearán ar an
saghas so leighinn, agus is na thaobh sain a cuireadh an
Comhaltas ar bun i mbliadhna.
Ní bhfuigheann an teanga Gaedhilge aon cheart sa
leigheann Meadhonach, acht amháin go léigtear isteach í
mar leath-sgeul i n-iarball an chláir-imtheachta. Tá
aon ath amháin fós ag dream na Gaedhilge, agus b'fhéidir
gur gearr go bhfuighdís an lá ar na Bórdaibh. Tá lucht
an Léighinn Mheadhónaigh ghá iarraidh anois go bh'fuighdís
breis airgid, agus go ndéanfaidhe dlighthe nuadha le na
n-aghaidh sa Phárlamuid. Is cóir do lucht gach aon
chraoibhe de Chonnradh na Gaedhilge iad féin do bhear-
tughadh suas feasda, agus a chur i dtuigsint d'ár bhFéisiribh
go gcaithfidh siad bheith ollamh i gcomhair an chatha. Tá
cabhair geallta dhúinn cheana féin ó Fhéisiribh an
Bhreathnais, agus má léigimíd do bhodachaibh Choláisde na
Tríonóide ár dteanga dhúthchais a bhualadh fá chois bíodh
orainn féin.
Cúig míle fichead de spailpínibh a chuaidh i dtraen
ó Chonnachtaibh an Samhradh so ag tabhairt fá Shasana
agus fá Albain anonn ag déanamh an fhoghmhair. Ba mhór
a b'fhiú a saothar sa mbaile da mbeadh an dúthaigh seo
roinnte mar ba cheart.
Thug an Árd-sgoil Ríoghamhail naoi n-onóir agus dá
fhichead le déidheanaighe do sgoláiribh Choláisde na
Bainrioghna i mBeul Feirsde agus 34 do sgoláiribh an
choláisde Chatoilicigh i mBaile Áth' Cliath. Is greann-
mhar é nár bhuaidh Coláisde na Bainríoghna i gCorcaigh
oiread agus aon onóir amháin.
Rith asal buile i ndiaidh ghársúin comhgharach do
Cheann Tuirc an lá fá dheireadh agus ní hé locht an asail
é go bhfuil an leanbh bocht na bheathaidh. Rug sé le na
fhiaclaibh ar bhathas cinn air, agus do bhain lán a bhéil de'n
chroiceann de. Bhí sé fá na chosaibh ag an asal agus é dhá
stracadh nuair fóireadh air, acht tá sé ag teacht chuige
féin anois san osboidéal i gCeann Tuirc.
Feargus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11