Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhad ar Éirinn.
Title
Comhad ar Éirinn.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Tórna
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHAD AR ÉIRINN. (Ar n-a aistriughadh ón mBreathnais). Áluinn ataoi, a Éire oll, Néamhonn lóghmhar na lántonn; Bárr annsachta an tighis tais Inis tseanndachta an tseanchais. Aoibhneas síor ag cách it chuan, Fuighle dámh ag sníomh sodhuan; Tráth bhí an saoghal áluinn óg, Saoradh sárfhuinn do ghealfhód. Sul táinig ort tar ollmhuir Toisc i longaibh Lochlonnuigh, Nach ard bhíodh do chlú 's do cháil Fá chrú ríogh thard do thógbháil. Airm i mbíodh go mór fá mheas Gairm chirt eólach is éigeas; Inis scol ó'r fhás oireacht Gnás do chor san chríostoigheacht. Soléir do chonnaic do chlann T'órré gur fhágbhaidh t'fhearann, Is san adhaigh dhorcha dhuibh Dochra tharaibh gur tharluidh. Dot chreachadh táinig tar tuinn Dot éigniughadh na heachtruinn, Foirne creimthe is ísle áil, Meithle is dísle do dhíoghbháil. Sluagh teimhil ar thóir gada, Deasca fine formada; Ní theipidh amhlaidh gan iocht, Marbhaidh reicidh a roshliocht. Acht níor imthigh t'éigse dhil, Dá mhéid cuireadh n-a coinnibh; Do dhóchas domharbhach dian, Sotharbhach chlódhas claoinmhian. Do mharbh ní fheicfe an chlann chlis Mairfir sonn d'éis ar fhuilngis; B'eól dot dháimh san am fad ó Ceól an dáin nach fann fírchló. Ní raibh maise i ndán na ndruadh Ná meadar slán le sírluadh, Nach fillfe fá mhaidhm meirge, Le spairnn ghlinnthe Gaedheilge. Athghríosfar i gcogadh cean Fuil is anam gríobh Gaedheal Nead ní réidhfe gairbhfhear guill, A Éire, it aitreabh áluinn. TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services