COMHAD AR ÉIRINN.
(Ar n-a aistriughadh ón mBreathnais).
Áluinn ataoi, a Éire oll,
Néamhonn lóghmhar na lántonn;
Bárr annsachta an tighis tais
Inis tseanndachta an tseanchais.
Aoibhneas síor ag cách it chuan,
Fuighle dámh ag sníomh sodhuan;
Tráth bhí an saoghal áluinn óg,
Saoradh sárfhuinn do ghealfhód.
Sul táinig ort tar ollmhuir
Toisc i longaibh Lochlonnuigh,
Nach ard bhíodh do chlú 's do cháil
Fá chrú ríogh thard do thógbháil.
Airm i mbíodh go mór fá mheas
Gairm chirt eólach is éigeas;
Inis scol ó'r fhás oireacht
Gnás do chor san chríostoigheacht.
Soléir do chonnaic do chlann
T'órré gur fhágbhaidh t'fhearann,
Is san adhaigh dhorcha dhuibh
Dochra tharaibh gur tharluidh.
Dot chreachadh táinig tar tuinn
Dot éigniughadh na heachtruinn,
Foirne creimthe is ísle áil,
Meithle is dísle do dhíoghbháil.
Sluagh teimhil ar thóir gada,
Deasca fine formada;
Ní theipidh amhlaidh gan iocht,
Marbhaidh reicidh a roshliocht.
Acht níor imthigh t'éigse dhil,
Dá mhéid cuireadh n-a coinnibh;
Do dhóchas domharbhach dian,
Sotharbhach chlódhas claoinmhian.
Do mharbh ní fheicfe an chlann chlis
Mairfir sonn d'éis ar fhuilngis;
B'eól dot dháimh san am fad ó
Ceól an dáin nach fann fírchló.
Ní raibh maise i ndán na ndruadh
Ná meadar slán le sírluadh,
Nach fillfe fá mhaidhm meirge,
Le spairnn ghlinnthe Gaedheilge.
Athghríosfar i gcogadh cean
Fuil is anam gríobh Gaedheal
Nead ní réidhfe gairbhfhear guill,
A Éire, it aitreabh áluinn.
TÓRNA.