Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile. II.
Title
Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile. II.
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. COMHAIRLE DO OIDÍBH SGOILE. - II. ÚNA NÍ CHUALÁIN do scríobh. Ní hionann tréartha do 'chuile pháisde; tá páisdí ann atá chomh híogmhar agus le go bhfuighidh tú uatha agus go dtiubhra siad uatha an mhaith is feárr atá ionnta, caithfidh tú 'chuile saghas lághacht agus cineáltais a chaitheamh leo; tá páisdí eile ann agus le go bhfuighidh tú a ndicheall uatha caithfidh tú beagán den tslait a roinnt leo i dteannta an lághacht agus an chineáltais. Annsin aríst tá páisdí ann atá níos clisde agus níos éasgaidhe a thógáil ruda ná páisdí eile. Ná milltear na páisdí clisde seo le meas ná le fearrasbárr moladh. Cuirtear i n-umhail dóibh gur ó Dhia a fuaireadar na tréartha sin agus gur air is cóir buidheachas a bheith aca agus nach ortha féin. Ná milltear na páisdí malla acht a oiread le dímheas, ná le cáineadh, ná le fonomhóid. Cuirtear i n-umhail dóibh nach locht ortha a bheith mall má tá siad ag déanadh a ndichill ar an rud; gur ionduail agus gur minic gurab é an té is moille ag déanamh an rud is feárr cuimhne. Tá an deifridheacht seo i dtréartha páisdí le tabhairt fá deara, ag Áireamh agus ag ceachta dá gheineamhaint, níos mó ná ag aon chraobh eolais eile a bheas tú a mhúnadh. Má déantar magadh nó fnomhóid fá na páisdíbh malla, nó má leigtear do na páisdí clisde magadh nó fonomhóid a déanamh fútha, is geárr, i n-ionad iad féin a réidhteach na ceiste dhóibh féin go mall, righin, gurab amhlaidh a bhéas siad ag faire ar na páisdíbh eile agus ag tógáil síos uatha an rud do-chíd aca gan pioc de dhuadh na ceiste fhagháil iad fhéin. Tá ar an oide aireachas agus áirdeall a dhéanamh ar na páisdíbh seo, agus a chuir 'na luighe ortha go mion agus go minic (níl aon mhaith dhó é dhéanamh aon lá amháin agus cead a gcinn a thabhairt dóibh aríst ar feadh seacht- mhaine, b'fhéidir; caithfear a bheith leo go síorraidhe) gur feárr dóibh a bheith mall féin agus iad féin a dhéanamh an rud dóibh féin
'ná bheith ag faire ar aon duine eile lena dhéanamh dhóibh. Le é seo a chur i n-umhail agus a dtuigsint níos feárr dóibh, tugtar ceist ar leith dhóibh féin le réidhteach; chífe siad annsin agus tiubhra siad fá deara nach bhfuil siad i n-ann tada a dhéanamh nuair cuirtear ar a n-aghaidh féin iad. Má leantar de seo go síorraidhe ar feadh tamaill agus má cuirtear i n-umhail do na páisdíbh go bhfuil an deis céadna aca-san atá ag na páisdíbh eile agus na cláir áireamh a fhoghluim go maith, ní gádh dhon oide níos mó trioblóide fhagháil uatha. Is cuma céard a cuirfear a dhéanamh iad, agus is cuma an t-oide a bheith ag breathnughadh ortha nó gan a bheith, racha siad i gcionn an rud go dícheallach agus déanfa 'chaon duine aca a dhícheall dó féin má's luath nó mall a bheas an dícheall sin. Is mar seo a cuirfear spioraid an neamhspleádhchais ionnta agus sbáinfear dhóibh gur feárr dóibh i gcomhnuidhe agus gur feárr a rachas siad chun cinn seasamh ar a mbonnaibh féin 'ná bheith i dtilliomaighe aonduine. Gur fánach an nídh dhóibh a bheith ag faire ar an bhfear thall mar go mb'fhéidir gurab é an uair is mó a theastóchadh a chongnamh uatha a chaillfeadh sé ortha. Tá páisdí eile ann agus ní chuirfidh siad pioc suime i mbréag a innseacht duit. Is furusda an dream seo a thabhairt fá deara, mar is ionduail gurab iad na páisdí is leisgeamhla ar an sgoil iad; nó gurab iad na páisdí iad a thiocfas chun na sgoile lá agus a fhanas ins an mbaile seachtmhain agus a shíleas annsin gur cheart dóibh a bheith chomh maith leis na páisdíbh a thagas chun na sgoile 'chuile lán. Ní bheidh fhios aca seo le pioc a dhéanamh iad féin acht beidh an rud déanta aca 'na dhiaidh sin má fhaghann siad an deis is do chúl-sa leo. Fiafruigh dhíobh cé rinne é sin dóibh, agus gheobhaidh tú an freagra is ionduala - "mé féin". Cuir iachall ortha an obair chéadna sin a dhéanamh os do chomhair. Feicfir nach bhfuil siad i n-ann. Fiafruigh dhíobh aríst cé rinne dhóibh é, agus is dóichighe go bhfuighidh tú an fhírinne an babhta seo. Má leanann an dream seo don ghnás sin tar éis comhairle nó dhó fhagháil níl aon leigheas ina gcionn acht an tslait. Acht seachain a bhfuil an t-oide féin cionntach ar aon bhealach leis an ngnás seo a mhúnadh dhóibh. Seachain nuair bíonn sgrú- dughadh nó rud ar bith den tsórt sin ar siubhal an n-abrann sé le aonduine aca an rud a dhéanamh don duine eile. Má deir nach
bhfuil sé ag cothughadh agus ag oileamhaint an ghnáis ghránna seo a bhfuil mé ag trácht air. Tá fhios agam nuair bhíomar-ne ag dul ar sgoil, nuair thigeadh lá an sgrúdughadh go dtugtaoi píosa fuadhála dhúinn a ghníodh na cailíní móra agus go ndeirtí linn: nuair thiocfadh an sgrúduigh- theóir thart ag breathnughadh ar an bhfuadháil, dá bhfiafróghadh sé dhínn an sinn féin a d'fhuaidh é sin, a rádh leis gur sinn. Bhíodh sinn i gcaitheamh na haimsire ag sáth na snáthaide isteach 's amach 'sa bpíosa mar 'dheadh, ag leigean orainn féin go rabhamar ag fuadháil ar ar ndícheall. Nuair thigeadh an sgrúduightheóir tart agus chuireadh sé an cheist orainn (is dóichighe go mbíodh aimhreas aige nuair do chíodh sé a dheise is bhíodh an fhuadháil) d'fhreagradh sinn é mar deirtí linn agus d'innseadh sinn bréag dhó gan cás gan náire. Ní raibh fios ar a mhalairt againn an uair sin, agus shíleamar ó dubhairt an t-oide linn é dhéanamh go raibh sé ceart. Acht ba rud é nár cheart don oide a dhéanamh! Ní raibh sé ceart obair dhuine eile a thabhairt dúinne le sbáint i n-ionad ar gcuid oibre féin! Tá súil agam nach bhfuil aon oide sgoile ann anois a dhéanfadh a léithéid agus go bhfuil an gnás imthighthe gan teacht ar ais go deo. Tá rud eile is ceart a sheachaint .i., páisdí a bhualadh sa n-éag- cóir - cé go bhfuil páisdí ann is mó ngoilleann sé seo ortha 'ná a chéile. B'fhéidir gurab iomdha bualadh eile fuaireadar acht thuigeadar gur thuilleadar é, agus mar sin de níor chuireadar aon tsuim ann ón móiméad sin ná níor chuimhnigheadar níos mó air. Acht an bualadh fuaireadar sa n-éagcóir agus an chaoi ar buaileadh iad, cuimhneochaidh siad air sin an lá is faide dá saoghal agus beidh sí os comhair a n-aigne chomh soiléir leis an lá a bhfuaireadar é. Má ghníonn páisdí casaoid ar a chéile leat fagh fios fáth an sgéil ó 'chaon duine aca. Lean an seanfhocal: "Ná tabhair do bhreith ar thaobh go gcloisfidh tú an taobh eile." Mara dtagaidh an dá thaobh le chéile, fagh fiadhnuise eile; acht ar chaoi ar bith bí sásta go bhfuil an té atá tú le smachtughadh cionntach. Mara bhfuil tú sásta sgaoil leo an babhta sin, acht déan aireachas ortha agus is gearr go bhfuighidh tú amach cé bhí cionntach. Mar nuair chífeas an té bhí cionntach nach bhfuair an duine eile sásamh is gearr go dtosóchaidh sé ar spochadh as aríst, agus annsin is féidir leat cuntas a shocrughadh leis. Is
ar na páisdíbh óga is mó a chaitheas an t-áirdeall seo a bheith. Má bhíonn an cion agus an meas ag na páisdíbh is sine ar an oide, agus an urraim aca dhó is ceart dóibh a bheith, agus a bhéas má thuilleann sé uatha é, ní dhéanfaidh siad aon nídh a chuirfeas fearg air, mar a bhfuil páisde ilbhéasach uilig ann. Badh cheart a chur n-a luighe ar na páisdíbh go minic nach cóir dhóibh a bheith ag troid ná spochadh le chéile; gur ceart dóibh a bheith chomh grádhach agus chomh carthannach le chéile 's dá mbadh dearbhráithreacha 's deirbhshiúracha uilig iad - rud is eadh ar mhodh. Níl aon uair a gheobhair páisde cionntach i n-aon nídh nach féidir cúpla fhocal a rádh leis an iomlán n-a thaobh seo; agus i leabaidh a chéile beidh na páisdí féin dhá thuigsint. Le go dtuigfidh siad an teagasg seo níos feárr bíodh an t-oide féin cómh ghrádhach agus cómh cheannsa le 'chuile duine aca. Ní foláir don oide a bheith sa n-aireachas air féin go maith 'na thaobh seo: mar tá páisdí ann thar a chéile a dtiocfadh do chroidhe ortha, agus is deacair dhuit gan é seo a 'sbáint os comhair na coda eile. Acht ná déan é. Bí chomh lághach agus chomh ceannsa leis an bpáisde is ilbhéasaighe agus is daille ar an sgoil agat leis an bpáisde is múinte agus is clisde. Rud eile is ceart a dhéanamh: baramhail na bpáisdí féin a iarraidh corr-uair ar an gceacht atá tú le tabhairt dóibh; an chuid is óige chomh maith leis an gcuid is sine. Cuir i gcás go bhfuil ceacht an tarraiceóireacht ann le haghaidh na bpáisdí is óige: fiafruigh dhíobh céard badh mhaith leobhtha a tharraingt dóibh ar an gclár dubh? Is ionduail nach é an rud céadna a iarrfas an t-iomlán, mór-mhór má bhíonn cailíní beaga 's buachaillí beaga i n-éinfheacht. Iarrfaidh na buachaillí rud agus na cailíní rud eile. Is minic gur bád nó soitheach a iarrfas na buachaillí ort a tharraingt dóibh (buachaillí a chomhnuigheas a bhfad ón fhairge is dóichidhe gur rud eicínt eile iarrfas siad), agus gur teach nó bord nó b'fhéidir cat a d'iarrfaidh na cailíní beaga ort a dhéanamh dhóibh. Is minic freisin nach dtagann na buachaillí féin le chéile ná na cailíní acht an oiread. Tarraing dóibh an rud is oireamhnaighe a hiarradh, is cuma má sé an mórchuid nó an bheagchuid aca a d'iarr é. (Tabhair lá dho iarratas na mbuachaíllí agus lá eile dho iarratas na gcailíní). Mara n-iarrfaidh aon chuid aca an rud oireamhnach
tarraing féin rud eicínt eile dóibh, agus abair leobhtha gurab é an fáth nár tharraing tú an rud a d'iarradar ort mar ná raibh sé oireamhnach dhóibh. Cuirfidh sin iad ag smaoineamh ortha féin níos feárr an chéad uair eile iarrfas tú a mbaramhail; agus nuair chífidh siad go bhfuil meas agat ar an rud a dubharadar, agus go ndeárnaidh tú an rud a d'iarradar ort; gabhfa siad níos cíocaraighe a dhéanamh an rud agus féachfaidh siad le n-a lán- dicheall a dhéanamh. Is iomdha caoi agus ceist ar a bhféadfaidh tú baramhail na bpáisdí is sine a iarraidh, agus iarr í anois agus aríst. Is ar an gcaoi seo a gheobhas tú amach cé'n bealach a bhfuil a gclaontacht ag luighe. Ní hionann intleacht aon dá pháisde. Tá páisdí ann nach bhfuighidh aon stróbh ar domhan ceisteanna áithrid a thuigsint agus a réidhteach agus tá páisdí eile ann nach féidir leo meabhair ar bith fhághail ar na ceiseannaibh sin, ná bun ná bárr a dhéanamh dhíobh, cé nach bhfuighidh siad stróbh ar bith ag réidhteach ceisteanna eile. Má iarrtar baramhail na bpáisdí mar seo ar nidhthibh, mar déarfá, a bhaineas leó féin, cuirfidh siad níos mó suime i n-obair na sgoile agus i gceisteannaibh a bhaineas leis an obair sin. Cuirfidh sé ag smuaineadh ortha féin iad, agus nuair fhágfas siad an sgoil agus an múinteóir n-a ndiaidh ní dhéanfaidh siad dear- mad ar an gceacht sin a d'fhoghluimeadar. Cuirfidh siad suim i gceisteannaibh a bhaineas le na dtír agus le obair a dtíre, agus tiubhraidh siad a mbaramhail féin ar na ceisteannaibh sin gan sgáth gan eagla. Acht cébí rud eile a mhúinfeas tú dhóibh ná nach múinfidh treóruigh iad ar an mbóthar Gaedhealach agus tiubhra sé sin, iad féin agus thú féin, le congnamh Dé, ar Bhothar na Saorsachta leis an aimsir. Sin í mo chomhairle-se dho oidíbh sgoile na hÉireann agus tá dóchas agam mara ndéanfaidh sí aon leas nach ndéanfaidh sí aon dochar dho aonduine. (A chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services