Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile. II.

Title
Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile. II.
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann.



COMHAIRLE DO OIDÍBH SGOILE. - II.



ÚNA NÍ CHUALÁIN
do scríobh.



Ní hionann tréartha do 'chuile pháisde; tá páisdí ann atá
chomh híogmhar agus le go bhfuighidh tú uatha agus go dtiubhra
siad uatha an mhaith is feárr atá ionnta, caithfidh tú 'chuile saghas
lághacht agus cineáltais a chaitheamh leo; tá páisdí eile ann
agus le go bhfuighidh tú a ndicheall uatha caithfidh tú beagán den
tslait a roinnt leo i dteannta an lághacht agus an chineáltais.
Annsin aríst tá páisdí ann atá níos clisde agus níos éasgaidhe
a thógáil ruda ná páisdí eile. Ná milltear na páisdí clisde
seo le meas ná le fearrasbárr moladh. Cuirtear i n-umhail
dóibh gur ó Dhia a fuaireadar na tréartha sin agus gur air is
cóir buidheachas a bheith aca agus nach ortha féin. Ná milltear na
páisdí malla acht a oiread le dímheas, ná le cáineadh, ná le
fonomhóid. Cuirtear i n-umhail dóibh nach locht ortha a bheith mall
má tá siad ag déanadh a ndichill ar an rud; gur ionduail agus
gur minic gurab é an té is moille ag déanamh an rud is feárr
cuimhne.



Tá an deifridheacht seo i dtréartha páisdí le tabhairt fá
deara, ag Áireamh agus ag ceachta dá gheineamhaint, níos mó ná
ag aon chraobh eolais eile a bheas tú a mhúnadh. Má déantar
magadh nó fnomhóid fá na páisdíbh malla, nó má leigtear do
na páisdí clisde magadh nó fonomhóid a déanamh fútha, is geárr,
i n-ionad iad féin a réidhteach na ceiste dhóibh féin go mall,
righin, gurab amhlaidh a bhéas siad ag faire ar na páisdíbh eile
agus ag tógáil síos uatha an rud do-chíd aca gan pioc de dhuadh
na ceiste fhagháil iad fhéin. Tá ar an oide aireachas agus
áirdeall a dhéanamh ar na páisdíbh seo, agus a chuir 'na luighe
ortha go mion agus go minic (níl aon mhaith dhó é dhéanamh aon lá
amháin agus cead a gcinn a thabhairt dóibh aríst ar feadh seacht-
mhaine, b'fhéidir; caithfear a bheith leo go síorraidhe) gur feárr
dóibh a bheith mall féin agus iad féin a dhéanamh an rud dóibh féin


L. 489


'ná bheith ag faire ar aon duine eile lena dhéanamh dhóibh. Le é
seo a chur i n-umhail agus a dtuigsint níos feárr dóibh, tugtar
ceist ar leith dhóibh féin le réidhteach; chífe siad annsin agus
tiubhra siad fá deara nach bhfuil siad i n-ann tada a dhéanamh
nuair cuirtear ar a n-aghaidh féin iad. Má leantar de seo go
síorraidhe ar feadh tamaill agus má cuirtear i n-umhail do
na páisdíbh go bhfuil an deis céadna aca-san atá ag na páisdíbh
eile agus na cláir áireamh a fhoghluim go maith, ní gádh dhon oide
níos mó trioblóide fhagháil uatha. Is cuma céard a cuirfear a
dhéanamh iad, agus is cuma an t-oide a bheith ag breathnughadh
ortha nó gan a bheith, racha siad i gcionn an rud go dícheallach
agus déanfa 'chaon duine aca a dhícheall dó féin má's luath
nó mall a bheas an dícheall sin. Is mar seo a cuirfear spioraid
an neamhspleádhchais ionnta agus sbáinfear dhóibh gur feárr
dóibh i gcomhnuidhe agus gur feárr a rachas siad chun cinn seasamh
ar a mbonnaibh féin 'ná bheith i dtilliomaighe aonduine. Gur
fánach an nídh dhóibh a bheith ag faire ar an bhfear thall mar go
mb'fhéidir gurab é an uair is mó a theastóchadh a chongnamh uatha
a chaillfeadh sé ortha.



Tá páisdí eile ann agus ní chuirfidh siad pioc suime i
mbréag a innseacht duit. Is furusda an dream seo a thabhairt
fá deara, mar is ionduail gurab iad na páisdí is leisgeamhla ar
an sgoil iad; nó gurab iad na páisdí iad a thiocfas chun na
sgoile lá agus a fhanas ins an mbaile seachtmhain agus a shíleas
annsin gur cheart dóibh a bheith chomh maith leis na páisdíbh a thagas
chun na sgoile 'chuile lán. Ní bheidh fhios aca seo le pioc a dhéanamh
iad féin acht beidh an rud déanta aca 'na dhiaidh sin má fhaghann
siad an deis is do chúl-sa leo. Fiafruigh dhíobh cé rinne é sin
dóibh, agus gheobhaidh tú an freagra is ionduala - "mé féin".
Cuir iachall ortha an obair chéadna sin a dhéanamh os do chomhair.
Feicfir nach bhfuil siad i n-ann. Fiafruigh dhíobh aríst cé rinne
dhóibh é, agus is dóichighe go bhfuighidh tú an fhírinne an babhta seo.
Má leanann an dream seo don ghnás sin tar éis comhairle nó
dhó fhagháil níl aon leigheas ina gcionn acht an tslait.



Acht seachain a bhfuil an t-oide féin cionntach ar aon bhealach
leis an ngnás seo a mhúnadh dhóibh. Seachain nuair bíonn sgrú-
dughadh nó rud ar bith den tsórt sin ar siubhal an n-abrann sé le
aonduine aca an rud a dhéanamh don duine eile. Má deir nach


L. 490


bhfuil sé ag cothughadh agus ag oileamhaint an ghnáis ghránna seo a
bhfuil mé ag trácht air.



Tá fhios agam nuair bhíomar-ne ag dul ar sgoil, nuair thigeadh
lá an sgrúdughadh go dtugtaoi píosa fuadhála dhúinn a ghníodh na
cailíní móra agus go ndeirtí linn: nuair thiocfadh an sgrúduigh-
theóir thart ag breathnughadh ar an bhfuadháil, dá bhfiafróghadh
sé dhínn an sinn féin a d'fhuaidh é sin, a rádh leis gur sinn. Bhíodh
sinn i gcaitheamh na haimsire ag sáth na snáthaide isteach 's amach
'sa bpíosa mar 'dheadh, ag leigean orainn féin go rabhamar ag
fuadháil ar ar ndícheall. Nuair thigeadh an sgrúduightheóir tart
agus chuireadh sé an cheist orainn (is dóichighe go mbíodh aimhreas
aige nuair do chíodh sé a dheise is bhíodh an fhuadháil) d'fhreagradh
sinn é mar deirtí linn agus d'innseadh sinn bréag dhó gan cás
gan náire. Ní raibh fios ar a mhalairt againn an uair sin, agus
shíleamar ó dubhairt an t-oide linn é dhéanamh go raibh sé ceart.



Acht ba rud é nár cheart don oide a dhéanamh! Ní raibh
sé ceart obair dhuine eile a thabhairt dúinne le sbáint i n-ionad
ar gcuid oibre féin! Tá súil agam nach bhfuil aon oide sgoile
ann anois a dhéanfadh a léithéid agus go bhfuil an gnás imthighthe
gan teacht ar ais go deo.



Tá rud eile is ceart a sheachaint .i., páisdí a bhualadh sa n-éag-
cóir - cé go bhfuil páisdí ann is mó ngoilleann sé seo ortha 'ná
a chéile. B'fhéidir gurab iomdha bualadh eile fuaireadar acht
thuigeadar gur thuilleadar é, agus mar sin de níor chuireadar
aon tsuim ann ón móiméad sin ná níor chuimhnigheadar níos
mó air. Acht an bualadh fuaireadar sa n-éagcóir agus an chaoi
ar buaileadh iad, cuimhneochaidh siad air sin an lá is faide dá
saoghal agus beidh sí os comhair a n-aigne chomh soiléir leis an lá
a bhfuaireadar é. Má ghníonn páisdí casaoid ar a chéile leat
fagh fios fáth an sgéil ó 'chaon duine aca. Lean an seanfhocal:
"Ná tabhair do bhreith ar thaobh go gcloisfidh tú an taobh eile."
Mara dtagaidh an dá thaobh le chéile, fagh fiadhnuise eile; acht ar
chaoi ar bith bí sásta go bhfuil an té atá tú le smachtughadh
cionntach. Mara bhfuil tú sásta sgaoil leo an babhta sin, acht
déan aireachas ortha agus is gearr go bhfuighidh tú amach cé
bhí cionntach. Mar nuair chífeas an té bhí cionntach nach bhfuair
an duine eile sásamh is gearr go dtosóchaidh sé ar spochadh as
aríst, agus annsin is féidir leat cuntas a shocrughadh leis. Is


L. 491


ar na páisdíbh óga is mó a chaitheas an t-áirdeall seo a bheith.
Má bhíonn an cion agus an meas ag na páisdíbh is sine ar an
oide, agus an urraim aca dhó is ceart dóibh a bheith, agus a bhéas
má thuilleann sé uatha é, ní dhéanfaidh siad aon nídh a chuirfeas
fearg air, mar a bhfuil páisde ilbhéasach uilig ann.



Badh cheart a chur n-a luighe ar na páisdíbh go minic nach cóir
dhóibh a bheith ag troid ná spochadh le chéile; gur ceart dóibh a
bheith chomh grádhach agus chomh carthannach le chéile 's dá mbadh
dearbhráithreacha 's deirbhshiúracha uilig iad - rud is eadh ar mhodh.
Níl aon uair a gheobhair páisde cionntach i n-aon nídh nach féidir
cúpla fhocal a rádh leis an iomlán n-a thaobh seo; agus i leabaidh
a chéile beidh na páisdí féin dhá thuigsint. Le go dtuigfidh siad
an teagasg seo níos feárr bíodh an t-oide féin cómh ghrádhach
agus cómh cheannsa le 'chuile duine aca. Ní foláir don oide a
bheith sa n-aireachas air féin go maith 'na thaobh seo: mar tá
páisdí ann thar a chéile a dtiocfadh do chroidhe ortha, agus is
deacair dhuit gan é seo a 'sbáint os comhair na coda eile. Acht
ná déan é. Bí chomh lághach agus chomh ceannsa leis an bpáisde
is ilbhéasaighe agus is daille ar an sgoil agat leis an bpáisde is
múinte agus is clisde.



Rud eile is ceart a dhéanamh: baramhail na bpáisdí féin a
iarraidh corr-uair ar an gceacht atá tú le tabhairt dóibh; an
chuid is óige chomh maith leis an gcuid is sine. Cuir i gcás go
bhfuil ceacht an tarraiceóireacht ann le haghaidh na bpáisdí is
óige: fiafruigh dhíobh céard badh mhaith leobhtha a tharraingt dóibh
ar an gclár dubh? Is ionduail nach é an rud céadna a iarrfas
an t-iomlán, mór-mhór má bhíonn cailíní beaga 's buachaillí beaga
i n-éinfheacht. Iarrfaidh na buachaillí rud agus na cailíní rud
eile. Is minic gur bád nó soitheach a iarrfas na buachaillí ort a
tharraingt dóibh (buachaillí a chomhnuigheas a bhfad ón fhairge is
dóichidhe gur rud eicínt eile iarrfas siad), agus gur teach nó
bord nó b'fhéidir cat a d'iarrfaidh na cailíní beaga ort a
dhéanamh dhóibh. Is minic freisin nach dtagann na buachaillí féin
le chéile ná na cailíní acht an oiread.



Tarraing dóibh an rud is oireamhnaighe a hiarradh, is cuma
má sé an mórchuid nó an bheagchuid aca a d'iarr é. (Tabhair lá
dho iarratas na mbuachaíllí agus lá eile dho iarratas na
gcailíní). Mara n-iarrfaidh aon chuid aca an rud oireamhnach


L. 492


tarraing féin rud eicínt eile dóibh, agus abair leobhtha gurab é
an fáth nár tharraing tú an rud a d'iarradar ort mar ná raibh sé
oireamhnach dhóibh. Cuirfidh sin iad ag smaoineamh ortha féin níos
feárr an chéad uair eile iarrfas tú a mbaramhail; agus nuair
chífidh siad go bhfuil meas agat ar an rud a dubharadar, agus go
ndeárnaidh tú an rud a d'iarradar ort; gabhfa siad níos
cíocaraighe a dhéanamh an rud agus féachfaidh siad le n-a lán-
dicheall a dhéanamh.



Is iomdha caoi agus ceist ar a bhféadfaidh tú baramhail
na bpáisdí is sine a iarraidh, agus iarr í anois agus aríst. Is
ar an gcaoi seo a gheobhas tú amach cé'n bealach a bhfuil a
gclaontacht ag luighe. Ní hionann intleacht aon dá pháisde.
Tá páisdí ann nach bhfuighidh aon stróbh ar domhan ceisteanna
áithrid a thuigsint agus a réidhteach agus tá páisdí eile ann nach
féidir leo meabhair ar bith fhághail ar na ceiseannaibh sin, ná bun
ná bárr a dhéanamh dhíobh, cé nach bhfuighidh siad stróbh ar bith
ag réidhteach ceisteanna eile.



Má iarrtar baramhail na bpáisdí mar seo ar nidhthibh, mar
déarfá, a bhaineas leó féin, cuirfidh siad níos mó suime i n-obair
na sgoile agus i gceisteannaibh a bhaineas leis an obair sin.
Cuirfidh sé ag smuaineadh ortha féin iad, agus nuair fhágfas siad
an sgoil agus an múinteóir n-a ndiaidh ní dhéanfaidh siad dear-
mad ar an gceacht sin a d'fhoghluimeadar. Cuirfidh siad suim i
gceisteannaibh a bhaineas le na dtír agus le obair a dtíre, agus
tiubhraidh siad a mbaramhail féin ar na ceisteannaibh sin gan
sgáth gan eagla.



Acht cébí rud eile a mhúinfeas tú dhóibh ná nach múinfidh
treóruigh iad ar an mbóthar Gaedhealach agus tiubhra sé sin, iad
féin agus thú féin, le congnamh Dé, ar Bhothar na Saorsachta leis
an aimsir.



Sin í mo chomhairle-se dho oidíbh sgoile na hÉireann agus tá
dóchas agam mara ndéanfaidh sí aon leas nach ndéanfaidh sí aon
dochar dho aonduine.



(A chríoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services