Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Aonach an Oireachtais.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Aonach an Oireachtais.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Déantúisí Gaedhlacha. VI. - AONACH AN OIREACHTAIS. I dTigh Ósta na Coróineach i bpríomh-chathair na hAlban dom ag a scríobhadh so tráthnóna Domhnaigh, go maithtear dom é. Seadh, má's eadh! No go bhfaca Aonach Dúna Eadain lem' shúilibh cinn aréir is beag suim a chuireas 'san Aonach bheag a bhí fé n-ár gcúram féin ag an Oireachtas i dtosach Lughnasadh. Tá a mhalairt de thuairim agam anois, ámhthach. Dá mbainfidhe earraidhe na Seapánach is earraidhé na nIodálach as an Aonach so annso níor mhiste Aonach an Oireachtais do chur suas is anuas leis. Tá faithche mhór fe'n Aonach so, agus tugthar Aonach Mór na hAlban mar theideal air. Má's breagh le muinntir na hAlban "Aonach Náisiúnta" do bhaisteadh ar shamhail aonaigh agus an chuid is fearr de sin féin do fhágaint fé riaradh na Seapánach is na nIodálach agus lucht molta Canada sin é a gcúram féin, is dócha. Ní cuimhin liom-sa go bhfaca mórán ann go mb'fhiú a n-áireamh seochas a bhfuil luaidhte agam acht amháin both do bhí fé threoradh an Ghiúdaidhe óig badh ghlice is badh dheas-bhéalaighe dár casadh riamh orm. Meallfadh an t-ógánach so airgead ón Aidhbhirseoir, agus mise im' bhannaidhe gur dhíol sé le mnáibh óga lán mála de "real curiosity" ó Palestine … "it vill never die!". Shaoileas go raibh Caoimhghin Ua Coinnigh go maith chum daltaidhe do mhealladh isteach 'san D.I.D.A.: bhuaidh an Giúdaidhe air caoch. Caitheamh aimsire an rud is mó theastuigheann ó lucht teasbuigh annso fé láthair, cé go bhfuil a mhalairt de chúram ar dhaoinibh bochta i mbailtibh móra eile 'san tír seo agus 'san tír is neasa dhi. Ní measa tá an scéal i nAimeirce ná mar tá sé i mbéal an dorais ag Seán Buidhe anois; nó má's measa ní fada bheidh amhlaidh. Acht bíodh san mar atá. Dá aindeoin, tagann na sluaighte fé dhéin an ghrinn annso gach tráthnóna. Agus a leithéid de ghreann is mar bhíonn aca! Tá ineall ar Aonach so Dhúna Éadain agus cuireann sé daoine baotha ag damhsadh an "cake- walk", ar a ndícheall, pé olc maith leo é. Ní mhaoidhim-se ortha a saobh-nósa; acht fútha féin bíodh.
Mar adubhart seo é an méid is cuimhin liom de n-a bhfaca i bhfaithche an Aonaigh aréir. Ní mar soin dom i dtaoibh ár nAonaigh féin. Caitheas seachtmhain ar an Aonach soin agus b'fhéidir gurab é sin an fáth go bhfuil samhail an Aonaigh ós cómhair mo shúl fós. Is beag nach cuimhin liom gach nídh dá raibh le feicsint ann. Bhí rothair fóghanta ann le Seán Ua Néill ó Bhaile Átha Cliath; agus dhearbhuigh Domhnall Ua Buachalla ó Mhaigh Nuadhat dom go ndeintear na rothair seo ó mhullach talamh i nÉirinn, agus go bhfuilid chomh maith, saor, buan, saoráideach, is mar gheobhthá i n-aon áit ar domhan iad. B'fhearr liom go ndéanfadh Mac Uí Néill ainm éigin Gaedhealach do bhaisteadh ar a rothar seochas Lucania ámhthach. Acht fillimís ar Aonach an Oireachtais. Bí blátha gleoidhte ann ó'n gClochar i Sráid Uilliam i mBaile Átha Cliath, agus ní'l a sárughadh de bhláthaibh le feicsint annso. Bhí stocaidhe is lásaidhe is éide eaglaise ann ó'n gClochar i gCathair Saidhbhín, agus d'admhuigh gach éinne nár bh'fhuraiste buadhachtaint ortha. Bhí a leithéid eile de earraíbh ann ó Chlochar na Trócaire i gCill Bheagáin; agus bhí bréagáin go hiomadamhail ann a dheineadh i Monarchain Bhrighde fé threoradh na mBan Riaghalta i bPlás Bheilbheidéir. Sul a scaram le sna clocharaibh is cóir a rádh go raibh fuinneóg daithte ar an Aonach ag muinntir an Túir Ghloine agus gur deineadh í do sna mnáibh Riaghalta i Sráid na hEaglaise i mBaile Átha Cliath. Bhí both ann fé chúram Mháire Mhánla Ní Sheaghdha an óig-bhean atá ag taisteal is ag timthireacht do Chumann Sinn Féin. Bail ó Dhia ar a saothar: is é atá gan locht. Bhí leabhair taithneamhacha ann, leis, ag muinntir Sinn Féin, amhail is mar bhí ag muinntir Ghuill, ag muinntir Fhollomhain, ag muinntir Blackie, ag Cumann na gCaitliceach, ag Sealy, Bryers and Walker, ag Maunsell & Co. agus ag muinntir na Leabhar Gaedhilge. D'innseadh dom gur fearadh fáilte i mboith an Chumainn seo roimh Fhinn-scéalta na hÁraibe ó láimh Fheargusa Finnbhéil, agus ní hiongnadh liom san. Agus má's ag tagairt do leabhraibh é, ní náir liom a luadh go mbhíonn áireamh maith deagh-leabhar ar chumhdach tosaigh an Iris- leabhair agat-sa gach mí le tréimhse. Ba dhóbair dom dearmhad do dhéanamh ar an "Father Mathew Record", Irisleabhar a chraobhscaoiltear uair san mhí ar mhaithe leis an mheasardhacht, nó mar olc ar an ól, is cuma ciaca.
Cuireann so i gcuimhne dhom bheirt spéar-bhan do tháinig fém' dhéin ar Aonach Dhúna Eadain aréir, agus Athchuinge nó "Petition" fada aca i bhfabhar an "Licensing Bill". "Cuir d'ainm leis seo," arsa béith aca liom féin go dána. Mheasas diúltadh; acht do rith orm láithreach gur Suffragettes a bhí ionnta, agus ar eagla na heagla, seo go mórdhálach me ag seoladh cleite treasna an leathnaigh. Is deallramhthach gurab é m'ainm-se an t-aon líne amháin Gaedhilge 'san áireamh. Seadh, muna raibh Suffragettes ar Aonach an Oireachtais againn bhí Searbhaistidhe Mhic Aodhgáin againn saghas dighe ná cuirfeadh ar meisce éinne acht duine éigin a bheadh ar na stáraibh cheana féin. Ní raibh urlaisidhe ceoil de dhith ar an Aonach so againne acht chomh beag, óir bí innil cheoil ann go flúirseach ag an mBuitléarach. An té ná cneasóchadh an ceol é bhí tobac de'n phrímh-phréimh Ghaedhealaigh ann i n-a chómhair; agus, má's féidir géilleadh do lucht eolais, ní'l ar domhan a chomh-mhaith de thobac i gcomhair seacha. Agus an té ná cneasóchadh ceol is tobac é, dar ndóigh bhí "Maydew Ointment" ann le cuimilt dá ungaibh is do bhonnaibh a chos. Dá gcuirinn Gaedhealg ar "Maydew Ointment" is amhla d'fhágfainn do-aitheanta é agus ar dhith a bhuadha, b'fhéidir; agus b'olc liom san, óir innistear dom gurab é an leaghas is fearr ar an saoghal indiu é. "The best thing in the Universe", a mhic óigh! Slán leat, Zambuk!! tá do ghnó déanta. Dála an scéil bíonn Iodálach is gach aon bhall. Samhluightear dom gur Iodálach Gaedhealach é "an saoi" Ceppi, ceannuidhe go raibh gléas eaglaise ar Aonach an Oireachtais aige. Bhí cliabháin is cathaoireacha agus nidhthe deasa dá saghas ann ag muinntir Uallacháin - nár bh'é an truagh gan "Caitlín" féin i gceannas an aonaigh! Agus bhí troscáin úsáideacha ann ag ár nduine muinn- teardha Tomás Ua Ceallaigh fear inid Chumainn Tionnscuil na bhFear Oibre. Acht an bhoth ba bhreaghtha is ba mhó thuill moladh ann b'é an bhoth bhí ann ó Chill Choinnigh é. Aon lánamha tá ag brath ar phósadh is ag cuimhneamh ar chúram tighe do chur ortha féin feasta ní bheidh leath-scéal aca gan troscáin tighe de'n déantús dúthchais do bheith aca an fhaid agus is buan do chéarduidhthibh chliste Chille Choinnigh. Is ar éigin is gábhadh a rádh go raibh Diarmuid Ua Laoghaire
go cúramach ar an Aonach do againne agus inill ama go lonnrach le hais leis ó thigh Hopkins and Hopkins; agus go raibh Pádraig páirteach Ua Glaisín ann ó Chumann na gCéard agus togha earraidhe na hÉireann ar díol aige; sluagh ban timcheall a bhoithe ó thosach deireadh, agus é beagnach chomh deas-bhéalach le Giúdaidhe Dhúna Éadain. Ataidhe tuighe de'n déantús Gaedhealach a bhí i mboith "Yeomans and Co. Ltd."; agus ba náir linn a chlos gur beag éileamh ar na bairéadaibh so deinid i gcómhair ár n-ógbhan. Cad tá oraibh, a mhná óga? Lín-éadach is damasc le Cuideachtain Lín éadaigh Bhéil Fearsaide a bhí 'san bhoith ba chomhngaraighe dhom féin i gcaitheamh na seachtmhaine, agus ní'l a bhac orm a dhearbhughadh go raibh gach nídh ar an mbórd san go fóghanta. Níor bh'fhearr iad, ámh, ná a raibh ar an dtaoibh thall díobh de'n aicme céadna ag Mac Uí Lochlainn an Gaedheal dúthrachtach úd atá ag cabhrughadh go raidhseamhail le Ciste an Chonnartha le fada. Ná deinimís dearmhad ar an éadach áluinn urláir a bhí ar bhoith Dhúna Émir, ar an bplúr bhreagh mhaiseach do bhí ann ag muinntir Bheoláin, ar an gcáise ro-bhlasta do bhí ann ó Chill Mhocheallóg. Ná dearmhadaimís, i ndeireadh na dála, an ghallamhnach Ghaedhealach a bhí ann ag muinntir "Dixon" ná na scáilínidhe áiseamhla do bhí ann, leis, ag muinntir Mhic Ghabhann. Cuireann na scáilínídhe i n-athchuimhne dhom gur ró- thruagh gan áit mhór amuigh fé'n spéir feasta i gcómhair Aonaigh an Oireachtais agus a leanann é. Níor mhór é bheith ar siubhal go cheann coithcighis is é bheith go maith leathan-ghéagach. Chífimís annsoin an mian le lucht an Ghaedhealachais a gcion do dhéanamh go fearamhail chum a dteanga is a ngreann is a n-earraidhe d'athchur fé réim. Ní'l pioc eagla orm féin ná go ndéanfaidís, agus i n-a theannta san go mbeadh ógánaigh agus ógha na dúthaighe ag tnúth feasta le n-a shamhail de ócáid. Ní'l annso acht áireamh agus cnámha; acht, ó's éigin a chion do thabhairt do Shaesear, is dócha gurab é a luadh is lugha ag dul do chách. Mór-mhór is deocar scríobhadh tráthnóna Domhnaigh agus sgata Gall ag cur isteach ort is ag briseadh a gcroidhe ag gáiridhe ar gach taoibh díot. Gaibh mo leath-scéal, a Thórna, dá bhrigh seo! Ó scríobhas an beagán so shuas thárla dhom cuaird do thabhairt
ar Aonach Mór Lunndan. Ní miste Aonach maiseamhail do thabhairt air sin. Ní móide go raibh a shárughadh le feicsint ar dhruim an domhain le n-ár linn-na, agus is ró-bhaoghlach liom ná feicfear le n-ár ré a shamhail i nÉirinn. B'fhiú do dhuine dul a bhfad ó bhaile chum an tAonach san do fheicsint gan aon amhras. I n-aindeoin an tsaoghail ní'l an Sasanach chomh dall leamh mío- thuigseanach is mar leigeam orainn uaireanta. Na daoine do cheap is do leag amach is do dhealbhuigh inead an Aonaigh sin i Lunndain ní miste ríméad ortha féin agus bród ar an sluagh mar gheall ar a saothar. Iad so go bhfuil baint aca leis an obair ní fuláir dúinn uile meas do bheith againn ar a n-urmhór mór. Tá roinnt bheag de'n Aonach, ámh, agus ní áthas croidhe acht náire chroidhe a bheidh ar Ghaedhealaibh dá dheascaibh. "Bally- maclinton" an cúinne tá im' aigne. Níl crot ná deallramh ar an gcúinne seo acht crot aindeise agus aimléise cé gur samhail Éireann atá ann, mar dheadh. Slán mo chómhartha! Fothrach cille tá ag seasamh puirt' le míle go leith bliadhan nach mór a oidhre san, sean-cheárdcha, cúpla bothán, siopa agus iarsma de chrois céasta ár Slánuightheora ar crochadh ann, sin iad cómharthaidhe Ballymaclinton, acht amháin go bhfuil cloigtheach oireamhnach go leor ann. Nach deas na nidhthe iad le cur le hais na n-árus is gile agus is maiseamhla ar domhan indiu. An dream do cheap is do chrothuigh Ballymaclinton ní thuigid stair ná seanchus ná croidhe na Fódla; ní chuirid fíor-shuim i n-a cáil; agus ní measa dearbh-náimhde ná iad. Tá gasradh óg-bhan ó Éirinn ann agus an Ghaedhealg go blasta ag cuid aca. Fóiríor! Chuala iad so ag scréachaigh i láthair an tsluaigh oidhche amhail is dá mba alltaigh iad. "Welcome to Ballymaclinton, Misthur, sur! Welcome, Hurroo! Hurroo - oo - oo!". Céad míle fáilte, sur! Hurroo! ar siubhal d'aon iarracht ag leath-chéad éigin duine aca. Cia chómhairligh dóibh adhbhar magaidh agus tarcuisne do dhéanamh díobh féin is dá dtalamh dúthchais mar seo? Mo scrupall iad! Dia dá seoladh slán abhaile. sceilg. FILE ÉIGIN cct. Cuid de dhonus fhir an óil - Ní fhaghann urraim ná onóir, Ní bhíonn dóigh ag daoinibh as, Is gann a chóir 's a chumas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services