Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. VI - Aonach an Oireachtais.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Aonach an Oireachtais.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



VI. - AONACH AN OIREACHTAIS.



I dTigh Ósta na Coróineach i bpríomh-chathair na hAlban dom
ag a scríobhadh so tráthnóna Domhnaigh, go maithtear dom é.
Seadh, má's eadh! No go bhfaca Aonach Dúna Eadain lem' shúilibh
cinn aréir is beag suim a chuireas 'san Aonach bheag a bhí fé n-ár
gcúram féin ag an Oireachtas i dtosach Lughnasadh. Tá a mhalairt
de thuairim agam anois, ámhthach. Dá mbainfidhe earraidhe na
Seapánach is earraidhé na nIodálach as an Aonach so annso níor
mhiste Aonach an Oireachtais do chur suas is anuas leis. Tá
faithche mhór fe'n Aonach so, agus tugthar Aonach Mór na hAlban
mar theideal air. Má's breagh le muinntir na hAlban "Aonach
Náisiúnta" do bhaisteadh ar shamhail aonaigh agus an chuid is fearr
de sin féin do fhágaint fé riaradh na Seapánach is na nIodálach
agus lucht molta Canada sin é a gcúram féin, is dócha. Ní
cuimhin liom-sa go bhfaca mórán ann go mb'fhiú a n-áireamh
seochas a bhfuil luaidhte agam acht amháin both do bhí fé threoradh
an Ghiúdaidhe óig badh ghlice is badh dheas-bhéalaighe dár casadh
riamh orm. Meallfadh an t-ógánach so airgead ón Aidhbhirseoir,
agus mise im' bhannaidhe gur dhíol sé le mnáibh óga lán mála de
"real curiosity" ó Palestine … "it vill never die!".
Shaoileas go raibh Caoimhghin Ua Coinnigh go maith chum daltaidhe
do mhealladh isteach 'san D.I.D.A.: bhuaidh an Giúdaidhe air caoch.



Caitheamh aimsire an rud is mó theastuigheann ó lucht teasbuigh
annso fé láthair, cé go bhfuil a mhalairt de chúram ar dhaoinibh
bochta i mbailtibh móra eile 'san tír seo agus 'san tír is neasa
dhi. Ní measa tá an scéal i nAimeirce ná mar tá sé i mbéal
an dorais ag Seán Buidhe anois; nó má's measa ní fada bheidh
amhlaidh. Acht bíodh san mar atá. Dá aindeoin, tagann na
sluaighte fé dhéin an ghrinn annso gach tráthnóna. Agus a leithéid
de ghreann is mar bhíonn aca! Tá ineall ar Aonach so Dhúna
Éadain agus cuireann sé daoine baotha ag damhsadh an "cake-
walk", ar a ndícheall, pé olc maith leo é. Ní mhaoidhim-se ortha a
saobh-nósa; acht fútha féin bíodh.


L. 450


Mar adubhart seo é an méid is cuimhin liom de n-a bhfaca i
bhfaithche an Aonaigh aréir. Ní mar soin dom i dtaoibh ár nAonaigh
féin. Caitheas seachtmhain ar an Aonach soin agus b'fhéidir gurab
é sin an fáth go bhfuil samhail an Aonaigh ós cómhair mo shúl fós.
Is beag nach cuimhin liom gach nídh dá raibh le feicsint ann.
Bhí rothair fóghanta ann le Seán Ua Néill ó Bhaile Átha
Cliath; agus dhearbhuigh Domhnall Ua Buachalla ó Mhaigh Nuadhat
dom go ndeintear na rothair seo ó mhullach talamh i nÉirinn,
agus go bhfuilid chomh maith, saor, buan, saoráideach, is mar
gheobhthá i n-aon áit ar domhan iad. B'fhearr liom go ndéanfadh
Mac Uí Néill ainm éigin Gaedhealach do bhaisteadh ar a rothar
seochas Lucania ámhthach. Acht fillimís ar Aonach an Oireachtais.
Bí blátha gleoidhte ann ó'n gClochar i Sráid Uilliam i mBaile
Átha Cliath, agus ní'l a sárughadh de bhláthaibh le feicsint annso.
Bhí stocaidhe is lásaidhe is éide eaglaise ann ó'n gClochar i
gCathair Saidhbhín, agus d'admhuigh gach éinne nár bh'fhuraiste
buadhachtaint ortha. Bhí a leithéid eile de earraíbh ann ó Chlochar
na Trócaire i gCill Bheagáin; agus bhí bréagáin go hiomadamhail
ann a dheineadh i Monarchain Bhrighde fé threoradh na mBan
Riaghalta i bPlás Bheilbheidéir. Sul a scaram le sna clocharaibh
is cóir a rádh go raibh fuinneóg daithte ar an Aonach ag muinntir
an Túir Ghloine agus gur deineadh í do sna mnáibh Riaghalta i
Sráid na hEaglaise i mBaile Átha Cliath.



Bhí both ann fé chúram Mháire Mhánla Ní Sheaghdha an óig-bhean
atá ag taisteal is ag timthireacht do Chumann Sinn Féin. Bail
ó Dhia ar a saothar: is é atá gan locht. Bhí leabhair taithneamhacha
ann, leis, ag muinntir Sinn Féin, amhail is mar bhí ag muinntir
Ghuill, ag muinntir Fhollomhain, ag muinntir Blackie, ag Cumann
na gCaitliceach, ag Sealy, Bryers and Walker, ag Maunsell & Co.
agus ag muinntir na Leabhar Gaedhilge. D'innseadh dom gur
fearadh fáilte i mboith an Chumainn seo roimh Fhinn-scéalta na
hÁraibe ó láimh Fheargusa Finnbhéil, agus ní hiongnadh liom san.
Agus má's ag tagairt do leabhraibh é, ní náir liom a luadh go
mbhíonn áireamh maith deagh-leabhar ar chumhdach tosaigh an Iris-
leabhair agat-sa gach mí le tréimhse.



Ba dhóbair dom dearmhad do dhéanamh ar an "Father
Mathew Record", Irisleabhar a chraobhscaoiltear uair san mhí ar
mhaithe leis an mheasardhacht, nó mar olc ar an ól, is cuma ciaca.


L. 451


Cuireann so i gcuimhne dhom bheirt spéar-bhan do tháinig fém'
dhéin ar Aonach Dhúna Eadain aréir, agus Athchuinge nó "Petition"
fada aca i bhfabhar an "Licensing Bill". "Cuir d'ainm leis
seo," arsa béith aca liom féin go dána. Mheasas diúltadh; acht
do rith orm láithreach gur Suffragettes a bhí ionnta, agus ar eagla
na heagla, seo go mórdhálach me ag seoladh cleite treasna an
leathnaigh. Is deallramhthach gurab é m'ainm-se an t-aon líne
amháin Gaedhilge 'san áireamh.



Seadh, muna raibh Suffragettes ar Aonach an Oireachtais
againn bhí Searbhaistidhe Mhic Aodhgáin againn saghas dighe ná
cuirfeadh ar meisce éinne acht duine éigin a bheadh ar na stáraibh
cheana féin. Ní raibh urlaisidhe ceoil de dhith ar an Aonach so
againne acht chomh beag, óir bí innil cheoil ann go flúirseach ag
an mBuitléarach. An té ná cneasóchadh an ceol é bhí tobac de'n
phrímh-phréimh Ghaedhealaigh ann i n-a chómhair; agus, má's féidir
géilleadh do lucht eolais, ní'l ar domhan a chomh-mhaith de thobac i
gcomhair seacha. Agus an té ná cneasóchadh ceol is tobac é,
dar ndóigh bhí "Maydew Ointment" ann le cuimilt dá ungaibh
is do bhonnaibh a chos. Dá gcuirinn Gaedhealg ar "Maydew
Ointment" is amhla d'fhágfainn do-aitheanta é agus ar dhith a
bhuadha, b'fhéidir; agus b'olc liom san, óir innistear dom gurab
é an leaghas is fearr ar an saoghal indiu é. "The best thing in
the Universe", a mhic óigh! Slán leat, Zambuk!! tá do ghnó
déanta.



Dála an scéil bíonn Iodálach is gach aon bhall. Samhluightear
dom gur Iodálach Gaedhealach é "an saoi" Ceppi, ceannuidhe go
raibh gléas eaglaise ar Aonach an Oireachtais aige. Bhí cliabháin
is cathaoireacha agus nidhthe deasa dá saghas ann ag muinntir
Uallacháin - nár bh'é an truagh gan "Caitlín" féin i gceannas an
aonaigh! Agus bhí troscáin úsáideacha ann ag ár nduine muinn-
teardha Tomás Ua Ceallaigh fear inid Chumainn Tionnscuil na
bhFear Oibre. Acht an bhoth ba bhreaghtha is ba mhó thuill moladh
ann b'é an bhoth bhí ann ó Chill Choinnigh é. Aon lánamha tá ag
brath ar phósadh is ag cuimhneamh ar chúram tighe do chur ortha féin
feasta ní bheidh leath-scéal aca gan troscáin tighe de'n déantús
dúthchais do bheith aca an fhaid agus is buan do chéarduidhthibh
chliste Chille Choinnigh.



Is ar éigin is gábhadh a rádh go raibh Diarmuid Ua Laoghaire


L. 452


go cúramach ar an Aonach do againne agus inill ama go lonnrach
le hais leis ó thigh Hopkins and Hopkins; agus go raibh
Pádraig páirteach Ua Glaisín ann ó Chumann na gCéard agus
togha earraidhe na hÉireann ar díol aige; sluagh ban timcheall
a bhoithe ó thosach deireadh, agus é beagnach chomh deas-bhéalach
le Giúdaidhe Dhúna Éadain. Ataidhe tuighe de'n déantús
Gaedhealach a bhí i mboith "Yeomans and Co. Ltd."; agus ba náir
linn a chlos gur beag éileamh ar na bairéadaibh so deinid i
gcómhair ár n-ógbhan. Cad tá oraibh, a mhná óga? Lín-éadach is
damasc le Cuideachtain Lín éadaigh Bhéil Fearsaide a bhí 'san
bhoith ba chomhngaraighe dhom féin i gcaitheamh na seachtmhaine, agus
ní'l a bhac orm a dhearbhughadh go raibh gach nídh ar an mbórd san
go fóghanta. Níor bh'fhearr iad, ámh, ná a raibh ar an dtaoibh thall
díobh de'n aicme céadna ag Mac Uí Lochlainn an Gaedheal
dúthrachtach úd atá ag cabhrughadh go raidhseamhail le Ciste an
Chonnartha le fada. Ná deinimís dearmhad ar an éadach áluinn
urláir a bhí ar bhoith Dhúna Émir, ar an bplúr bhreagh mhaiseach do
bhí ann ag muinntir Bheoláin, ar an gcáise ro-bhlasta do
bhí ann ó Chill Mhocheallóg. Ná dearmhadaimís, i ndeireadh na
dála, an ghallamhnach Ghaedhealach a bhí ann ag muinntir "Dixon"
ná na scáilínidhe áiseamhla do bhí ann, leis, ag muinntir Mhic
Ghabhann. Cuireann na scáilínídhe i n-athchuimhne dhom gur ró-
thruagh gan áit mhór amuigh fé'n spéir feasta i gcómhair Aonaigh
an Oireachtais agus a leanann é. Níor mhór é bheith ar siubhal
go cheann coithcighis is é bheith go maith leathan-ghéagach. Chífimís
annsoin an mian le lucht an Ghaedhealachais a gcion do dhéanamh
go fearamhail chum a dteanga is a ngreann is a n-earraidhe
d'athchur fé réim. Ní'l pioc eagla orm féin ná go ndéanfaidís,
agus i n-a theannta san go mbeadh ógánaigh agus ógha na dúthaighe
ag tnúth feasta le n-a shamhail de ócáid.



Ní'l annso acht áireamh agus cnámha; acht, ó's éigin a chion do
thabhairt do Shaesear, is dócha gurab é a luadh is lugha ag dul
do chách. Mór-mhór is deocar scríobhadh tráthnóna Domhnaigh
agus sgata Gall ag cur isteach ort is ag briseadh a gcroidhe
ag gáiridhe ar gach taoibh díot. Gaibh mo leath-scéal, a Thórna,
dá bhrigh seo!



Ó scríobhas an beagán so shuas thárla dhom cuaird do thabhairt


L. 453


ar Aonach Mór Lunndan. Ní miste Aonach maiseamhail do
thabhairt air sin. Ní móide go raibh a shárughadh le feicsint ar
dhruim an domhain le n-ár linn-na, agus is ró-bhaoghlach liom ná
feicfear le n-ár ré a shamhail i nÉirinn. B'fhiú do dhuine dul a
bhfad ó bhaile chum an tAonach san do fheicsint gan aon amhras.
I n-aindeoin an tsaoghail ní'l an Sasanach chomh dall leamh mío-
thuigseanach is mar leigeam orainn uaireanta. Na daoine do
cheap is do leag amach is do dhealbhuigh inead an Aonaigh sin i
Lunndain ní miste ríméad ortha féin agus bród ar an sluagh
mar gheall ar a saothar. Iad so go bhfuil baint aca leis an
obair ní fuláir dúinn uile meas do bheith againn ar a n-urmhór
mór. Tá roinnt bheag de'n Aonach, ámh, agus ní áthas croidhe
acht náire chroidhe a bheidh ar Ghaedhealaibh dá dheascaibh. "Bally-
maclinton" an cúinne tá im' aigne. Níl crot ná deallramh ar
an gcúinne seo acht crot aindeise agus aimléise cé gur samhail
Éireann atá ann, mar dheadh. Slán mo chómhartha! Fothrach cille
tá ag seasamh puirt' le míle go leith bliadhan nach mór a oidhre
san, sean-cheárdcha, cúpla bothán, siopa agus iarsma de chrois
céasta ár Slánuightheora ar crochadh ann, sin iad cómharthaidhe
Ballymaclinton, acht amháin go bhfuil cloigtheach oireamhnach go
leor ann. Nach deas na nidhthe iad le cur le hais na n-árus is
gile agus is maiseamhla ar domhan indiu. An dream do cheap
is do chrothuigh Ballymaclinton ní thuigid stair ná seanchus ná
croidhe na Fódla; ní chuirid fíor-shuim i n-a cáil; agus ní measa
dearbh-náimhde ná iad. Tá gasradh óg-bhan ó Éirinn ann agus
an Ghaedhealg go blasta ag cuid aca. Fóiríor! Chuala iad so
ag scréachaigh i láthair an tsluaigh oidhche amhail is dá mba alltaigh
iad. "Welcome to Ballymaclinton, Misthur, sur! Welcome,
Hurroo! Hurroo - oo - oo!". Céad míle fáilte, sur! Hurroo!
ar siubhal d'aon iarracht ag leath-chéad éigin duine aca. Cia
chómhairligh dóibh adhbhar magaidh agus tarcuisne do dhéanamh díobh
féin is dá dtalamh dúthchais mar seo? Mo scrupall iad! Dia
dá seoladh slán abhaile.



sceilg.




FILE ÉIGIN cct.



Cuid de dhonus fhir an óil -
Ní fhaghann urraim ná onóir,
Ní bhíonn dóigh ag daoinibh as,
Is gann a chóir 's a chumas.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services